→
de
dhó (50+)
+
→
faitíos
Tá sé ag teacht in a fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
TUILLEADH (1) ▼
Bhain an t-ól an faitíos dhó (dhe)
+
→
fearacht
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
TUILLEADH (4) ▼
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deóir a fheicfeas aonduine go deó dhó (dhe) sin
Níor chuibhe (chuí) dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag tiacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann 'fhearacht sin (a fhearacht siúd) = ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
→
feasach
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
+
→
feimín
Níl ar an ngamhain siúd ach fimín beag driobaill. Thuit sé dhó (dhe) hébrí cén fáth é. Le truailleachas is dóigh
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag an drioball atá air. Fimín beag. Tá sé bearrha ag an gcuid eile dhó
→
fiar
Má tá tú le portach nua a oscailt annsiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó, i gcruth agus go mbeidh ceann le fánaidh ag an uisce
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
+
→
fios
Dhá mbeadh fios mo labharha aghamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thiúrfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mara sonnda é!
TUILLEADH (2) ▼
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nachar innis tú bolg bréaga dhó?
Ná tabhair fios faoi thada dhó sin. An iomarca fios atá aige cheana
→
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air, agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air in a dheidh sin. Sin í an mháthair agad: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (2) ▼
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin is chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bhéas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
+
→
focal
Níor chuala mé focal ná smid dhó (dhe) go dtí sin
TUILLEADH (2) ▼
Thug sí corr-fhocal dhó; bhí sí ag coinneál corr-fhocal leis = í ag glaschaint nó ag sciolladh air; mar a bheadh seisean ag tabhairt milleáin di agus ise ag tabhairt corr-ghob dó
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thiúrfadh sé aon-lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aonduine. Is mór an t-íonadh nar mharuigh duine eicínt ariamh é, agus cho coiligneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
→
foilsigh
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
+
→
fothair
Tá féar agus fóthar aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta dhó féar agus fóthair a bheith aige, agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige, dhá mbeadh sé cho gann linne
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
→
framsóg
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneóidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
→
frasaíl
Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch is chuile theach ósta san tír
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon-chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Eiríodh sé as agus iarradh sé an "dole". Ba é ba samhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
→
frídeoir
Sharaí dhó, an frídeóirín! 'Ar ndó, ní foghail fir atá sé sin indon a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é in a dhiaidh sin
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a phiorfhiachaí dhó (dhe)
Dhein sé fudarnéis den áit len a shean-mhótar. D'iagóir Dé dhó nar fhága é san áit a raibh sé! Tá íosbairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
→
fág ar
Ní fhágfadh sé fuinín gruaige ar mo cheann gan strachailt dhó (dhe) marach gur baineadh as greim é
+
→
fág
Sin ní fhágfadh sé go deó ná go brách nó go mbaininnse mo shásamh dhó (dhe), marach amháin
TUILLEADH (3) ▼
Ara a dhearthair ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam, nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a fríodh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur in a theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Nuair a d'fhiafraigh mise dhó (dhe) cé mar thainig conndae na Midhe leis, "Is glas iad na cnoic i bhfad uainn", adeir sé. Fágann sin nach bhfuil aon-tsástaíocht air ann
→
fágtha
Tá an gamhain an-fhágha ón aonach cheana. Bhí an-ordú air nuair a cheannaigh sé ó Ch. T. U. é, ach d'imigh sé as thar cionn ó shoin. Is cosúil nach dtugann sé aon-cheo dhó
+
→
fáinne
Dhá mbeadh teine Dhia (aodh) ar dhuine cuimlíthear fáinne óir dhó len a leigheas
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ollmhachan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
Feicim an-mháinneáil ag an gcut sin soir ag an gcró. Diabhal easna dhó, nó airíonn sé luch ann
+
→
fálróid
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneál daoine in a gcomhnaí
TUILLEADH (2) ▼
Ní miste dhuit faoi chaora ná faoi ghamhna. Tá siad indon ag aistreán ar bith. Ach an áit a mbeidh capall a fhálróid (a shiúl, leigthe amach ann) ní mhór dhó a bheith réidh go maith. Is furasta capall a threascairt. Ní dhéanfaidh dhi a bheith i gclochair, ná ar strapaí
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise, mar nach mórán talúna atá aige th'éis a dhichill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scuir ag na caoirigh annsin san ngeimhreadh, mar bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
→
fána
Tharraing sé an iomarca rudaí air féin. Is maith an rud do dhuine freastal do rud nó dhó. Tá sé gan Murcha gan Mánas anois. Is minic 'ar ndú' a thug tuile fear buile le fánaidh
→
fánach
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leabaidh dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur in a bholg amach annseo ach a dteanna an t-ocras leis