Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

doimhniú (2)

+
Shílfeá go bhfuil an scáine sin ag doimhniú 'sa mballa. Tá an balla sin scartha uiliog. Is gearr an seasamh a dheanfas sé, mara leagtar go talamh é agus a dhéanamh as an nuadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní imbéal an tóchair atá agad a doimhniú chor ar bith, ach doimhnigh thíos ar an taobh eile í. Níl an tóchar tachttha chor ar bith