Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dubhairt sé (50+)

 
Fuair sé caidéis do mo chulaith nuaidh. Dubhairt sé go raibh sí a' teacht dhom go maith.
 
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin, in ainm's a bheith ar a gcaomhamhaint, bhánuigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dubhairt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó eirghe dhá leaba 'san oidhche, le duine aca(b) a leigean isteach innte. Deirimse leat gur beag é a bhuidheachas anois, aindeoin ar chaith sé orrab.
 
ciste
Tháinic neach go dtí é trí oidhche imbéal a chéile, a's dubhairt sé leis go raibh ciste faoi chac mada sa bPáirc Eirbh, ach fear de mhuinntir Droighneáin a thabhairt leis, dhá thóruigheacht. Dheamhan caidéis a chuir mo shean-athair air, ní ba mhó. Tá'n ciste 'san áit chéadna fós.
 
Bhí sé sa mbealach orm, a's dubhairt mé leis, go gcaithfeadh sé an bealach a fhágáil.
 
Chaith sé amach baintreabhach annsin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar a' gC. an t-am céadna, a's dubhairt sé go bhfeicfí na B. fós, a's gan in a gcuid tighthe móra ach na carógaí. Tháinic an tairngearacht annsin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh a' gabhail leo(b) nach bhfuil bánuighthe anois, a's tá leághadh chubhar na h-abhann orra(b) fhéin. Ba bheag a' scéal iad. Is iomdha créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí a's ar dhaoine bochta.
 
Dubhairt sé nach bpósfad sé aon-duine de mhná Chríghe Fódla, mara bpósadh sise é, a's nach breagh gur phós 'na dheidh sin.
 
Ar a' dá luath, a's ar samhluigheadh an pósadh, dubhairt sé liom fhéin de chogar 'nach mbadh áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine an áit seo'. Ní luatha (lughar) leis a' sioc, ná cúrsaí pósta a tharraingt anuas chuige beag ná mór.
 
beo 1
Dheamhan a bhfuil beo dhíot, nó's tú a chum do Mh. Bh., go raibh M. A. ag gabhail a' pósadh. Dubhairt sé liomsa gur cuireadh pearbhúl air, gan cainntiú air.
+
beo 2
Dubhairt sé gur chuma leis beo nó marbh, a's chreidfinn é freisin. Níl fhios ag aon-duine beo, cé'n chaoi 'bhfuil sé sin a' saothrú an tsaoghail.
TUILLEADH (1) ▼
Má dubhairt sé an méid sin, muis, chuir sé táirnge i mbeo ceart ann. Rud is lugha ná sin, chuirfeadh sé múisiam air.
 
blogam
Dubhairt sé blogam Béarla eicínt, a's ní rabh fhios agam ó Dhia anuas céard é fhéin, ach tháinig mé leis, mar dhóigh dhe gur thuig mé é.
 
bogán
Shiubhail a' bogán de phóilidhe, atá thíos annsin Tigh an Ch. anall chugainn, a's 'sé dubhairt go beo, droch-mhúinte, nach raibh aon-chead againn a bheith ag imirt ar a' mbóthar.
 
aer
Nuair a bhí Dia a' caitheamh Aingeal an Uabhair agus na h-aingle eile amach as na Flaithis, dubhairt Mícheál Árd-aingeal leis, dhá leanfadh Sé Dhá láimh, gur gearr go mbeadh na Flaithis bánuighthe Aige. 'Mar tá siad bíodh siad, mar sin' a deir Dia. Agus an chuid acab a bhí in Ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acab a bhí ar Neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acab a bhí idir a' t'aer 'sa' talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir a' t-aer a's a' talamh ó shoin (Sliocht as scéal faoi 'n gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na Flaithis).
 
'Tháinic Taimín Bán ar cuairt agam, a's mé in uaignisín liom péin; Séard dubhairt sé ná bíodh buaidhreadh ort, ná rud a' bith mar é; Do chúilín catach buadánach, ingeall air a chroch(f)ar mé; A's go mbadh mheasa liom naoi n-uaire thú ná'n mháithrín a d'oil mé' (As "Taimín Bán Mhac Aodhagáin" — leagan Chois-Fhairrge)
 
Dubhairt siad liom, ar a theacht abhaile dhom, go raibh sé ina dhórtadh annseo ó mhaidin, a's dheamhan deoir as aer a buaileadh ormsa.
 
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
 
Mara mbí duine buailteach annsiúd, ní eireocha ceart a' bith leis. Mar dubhairt an fear fadó, 'sé'n té is fhearr dorna is fhearr corna de'n fheoil' ann.
 
Nach rabh fhios ag do chroidhe istigh, nach mbeadh aon-bhuaineadas, sa gcineál sin éadaigh. Dubhairt mé an lá ar cheannuigh tú é, go raibh sé ro-scann(t)ruighthe, a's nach ndeanfadh sé aon-tseasamh.
+
ainm
Chuir sé ainm ar a leithide seo de dhuine ar na Criogáin, agus dubhairt sé gurb' é a bhí ann.
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé ainm ar a leithide seo de theach ar a' bPúirthín, agus dubhairt sé gurb ann a h-itheadh mo chuid caorach
Páidín: Dubhairt sé go mbadh bacach mé; Tom: Go deimhin má dubhairt fhéin, níor bhain sé tada as t'ainm thú (i.e. is bacach thú)
 
Dubhairt sé go gcuirfeadh sé amach an claidhe de mo dheoin nó de m'aindeoin.
+
amach
Dubhairt sé amach é, as comhair chuile dhuine = d'innis sé é; ní dhearna sé rún dhe; níor choinnigh sé istigh é.
TUILLEADH (3) ▼
Dubhairt sé amach é gan frapa gan taca = chaith sé an chainnt, gan coimhthigheas gan muisiam ar bith faoi.
Dubhairt sé amach é, agus níor miste leis cé 'chuala é.
Dubhairt sé amach ó na chroidhe é (ó na chroidhe amach) = dubhairt sé dháiríre píre é.
 
amuigh
Dubhairt sé nach 'dtrustfadh' sé mé faoi níos mó a thabhairt dom, go n-íocainn cuid dhá raibh amuigh orm 'n tosaigh.
+
anáil
Dubhairt sé rud eicínt faoi'n anáil, ach níor chuala mé é = go h-an íseal; go neámhaidhe; faoi'n fhiacail.
TUILLEADH (1) ▼
Rinne sé mugailt eicínt faoi'n anáil, ach níor chuala aon-duine céard dubhairt sé ceart.
 
Dubhairt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht, ach níor tháinic sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
 
ard 2
Dubhairt sé amach go h-ard é = sa gcaoi go gcloisfeadh 'chuile dhuine é. Ní raibh ceilt a' bith aige air.
+
Dubhairt sé liom mara n-athruighinn béasa go dtiubhradh sé bóthar na muice báine dhom
TUILLEADH (1) ▼
Dubhairt sé indé gurb é Pádraic se'aghainne ba 'scionntaighe, ach tá athrú scéil (nó puirt) indiu aige.
 
imigh
Dubhairt sé liom an chéad phosta eile a bheadh ag imtheacht go bhfaighinnse uain air = dubhairt sé chomh luath agus a bheadh duine ag teastáil le h-aghaidh posta aríst, gur mise a gheobhfadh tús.
 
ionadh
An té a chonnaic iongantaighe an tsaoghail, dubhairt sé nar chall do dhuine corruighe ó leic an teallaigh s'aige fhéin le iongantais a fheiceál.
+
abair
Dubhairt sé nach gcaithfeadh sé aon-triomach an samhradh seo. 'Sé adubhairt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bhéas sé sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dubhairt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
+
dairt
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dubhairt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orra anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Leigfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shoin.
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
+
Is daoitheamhail an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dubhairt sé nach raibh aon-cheap aige, aindeoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoi'n drisiúr le mo dhá shúil, an puínte céadna. Faitíos go leasóchadh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtiubharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é an uair nach dteastóchadh sé chor ar bith uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
daor 2
Daoradh é ach dubhairt siad go raibh saobhchan céille air, agus cuibhrigheadh é. Dheamhan steamar eile ad'eirigh dhó, th'éis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhréith(imh), bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rádh nach mórán scruball a bheadh orm faoin a dhaoradh. D'ordóchainn tuagh an bhéil mhóir a fháil — an tuagh a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion-mullóg dhó (dhe) a fhágáil indiaidh a chéile leis an tuaigh … Dar a shon go n-agróchadh Dia orm é ach an oiread agus a d'ágruigh Sé airsean é.
+
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
TUILLEADH (1) ▼
Is gangaidighe é an dealg múnlaigh ná dealg ar bith eile dá bhfuil amuigh agus tá sé mar sin le focal an amadáin. Chonnaic tú leath-leadhb go minic nach mbeadh éirim ar bith in a chuid cainte, ach 'chuile dhuine ag magadh faoi. Bhí sé annsin thiar ag P. M. Sin é a bhí indon an gob géar a thabhairt uaidh an uair a thogróchadh sé é. Ar chuala tú ariamh céard dubhairt sé le P. G. …
 
deara
Measann tusa go bhfuil an scrománach mór siúd ann amuigh in a mháistir scoile. Tabhair faoi deara. Cá raibh sé le cupla bliain. Dubhairt siad féin gur thuas i mBaile Átha Cliath é, ach an gcreidfeá céard a chuala mise fear eolasach ag rádh: go raibh sé ag obair in éinfheacht leis féin i "bhfactory Ford" i gCorcaigh, ag déanamh carrannaí. Breathnuigh ar an dá láimh atá air. Ní ag plé le peann a bhíos siad. Is beag an baoghal
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
deas 1
Is deas é mo mháistir scoile muis! Dubhairt sé go raibh sí le máistir scoile a dhéanamh de. M'anam gurb í an scoil atá anois aige, thuas ag réabadh móin uicht annsiúd thuas gach lá
+
Faoi dheireadh thiar thall tháinic sé i leith go dtí mé agus dubhairt sé i gcogar liom a dhul in éindigh leis …
TUILLEADH (1) ▼
An leitir faoi dheireadh a tháinic uaidh, dubhairt sé go raibh sé ag déanamh mar adéarfá leis é.
 
Thosuigh siad de mo chur ó dhuine go duine, leis an aisiléaracht sin, agus dubhairt M. faoi dheireadh, go gcaithfinn fanacht go dteagadh S. abhaile agus go dtiubhradh sé sin dom é. Chonnaic mé féin gurb é an chaoi a raibh sé go n-íocfadh an fear thoir an fear thiar agus go n-íocfadh Dia an fear deireadh. Shuidh mé féin síos. "Seo ní fhágfaidh mé" arsa mise "dhá gcaithinn bliain ann, nó go bhfaghaidh mé é"