Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ndeara (37)

 
daor 1
Má bhíonn sé ag iarraidh thú a leanacht daor cuir faoi ndeara dhó coróin "luchpine" (luckpenny) a thabhairt duit, agus fág an béiréiste faoi fhéin
 
Ní chuirfeadh do chumhachta faoi ndeara dhó deabhadh a dhéanamh, ach ag snámhuidheacht leis mar siúd agus ag comhaireamh na gcoisméigeachaí. Go bhfóiridh Dia air, ach a mbeidh sé mór
 
déan 1
Má sé a rinne an chlann, breagh nachar chuir siad faoi ndeara dó a pósadh. Ní raibh siad indon th'éis a raibh de ghlaodhmaireacht aca
 
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inghin faoi fhanacht amuigh ins an oiche Dé Domhnaigh. Bhí sé roímpe ag giall an doruis chuala mé, le "beilt", agus bhí 'chaon iarraidh aige uirre aniar ins an gcadairne léithe, ar feadh uaire in a dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "Do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit". (Do — aithris ar fhear nach raibh indan a chuid g a rádh; do = go)
+
deara
Dar príosta bhí mise scathamh fada ag caint leis, ach níor thug mé na cnaipí faoi ndeara. Ach níl rath ná righeacht liom mar sin. Ní duine meabhrach mé.
TUILLEADH (15) ▼
Tabhair faoi ndeara anois aríst é. Tá an colm annsin air — slán an tsamhail! — ar chasadh an ghéill. Mara mbreathnuightheá go maith air, ní fheicfeá é
Is beag an baoghal nach bhfuil sé tugtha faoi ndeara aige. D'fheicfeadh cuid de na daoine an fhríghid
Is beag marach ar aon-duine nach dtiubharfaidh an mhagarlach siúd faoi ndeara. Agus 'ar ndú mo léan mara bhfuil sí indon a ngléas!
Níl cúis ar bith io[...] tabhairt rudaí mar sin faoi ndeara. Bheadh an ealadhain sin ar srúbhal (siubhal) as comhair mo dhá shúl, agus ní bheadh a fhios agam faice
Chuir sé faoi ndeara dhom eirghe leis an scairt-mhaidin agus a dhul amach ag bleaghan. Níor chuir sé faoi ndeara dhom an dárna h-uair é mar níor fhan mise féin aige a chur 'un caitheachtála dhom
Mara gcuiridh tú faoi ndeara dhó rud a dhéanamh anois, agus fír na maitheasa a chur ann in am, déanfaidh sé leaduidhe
Chuir sí faoi ndeara dhom mo bhróga a ghlanadh ag an dorus. Diabhal mé go sílfeá gur teach mór atá aice, tá sí cho h-áirdeallach sin faoi
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin féin é muis, cuirfear faoi ndeara dhó a dhéanamh. Meastú a bhfuighidh sé cead a chomhairle fhéin mar sin. Gheobhaidh muis
Cuirfidh mise faoi ndeara dhó go nglacfaidh sé stuaim leis féin, agus nach mbeidh sé ag rith air mar sin. 'Ar ndú' níorbh fhiú do dhuine an chabhail sin a thabhairt abhaile
'Siúd é a chuirfeas faoi ndeara dhi áird a thabhairt ar a gnatha. Má bhí saoghal na bhfuigheall aice ins an am a caitheadh, dar brigh an leabhair, caithfidh sí obair a dhéanamh feasta. Tiubharfaidh an sean-chonablach siúd ruaigeadh na Muice Báine amach di 'chuile mhaidin
Ná bac le rud ar bith a chur faoi ndeara dhó siúd. Nach bhfuil mo chroidhe dubh aige ag tuineamh leis, ach is aon-mhaith amháin dom é. Tá an tsiléig go smior ins an leiciméara sin
Má thugann sí faoi ndeara dhi féin tosuighe ag "beaiceáil" chor ar bith, do cheann-finne ní chuirfidh faoi ndeara di tarraint choidhchin. An bhfuil a fhios agad "an-phleain" ag capall a bhíos ag "beaiceáil". Cuir ionga tobac in do bhéal agus cangail go maith é, agus scaoil isteach smugairle an tobac in a cluais. Cuirfidh mise mo rogha geall leat gur beag an "bheaiceáil" a bhéas uirre annsin. Féach léithe é, go bhfeicidh tú
Madadh ar bith a dtiubharfar faoi deara dhó fanacht ag forcabhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bhéas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luighe ins an gclúid agus a smut in a chrúib, cho uain agus a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go bráth
Tabhair faoi ndeara nach n-itheann anois = fainic nach n-itheann; sílim go n-itheann ("take care that" agus rl., Béarla na h-Éireann: "take care he doesn't drink" = I think he drinks)
Tabhair faoi ndeara an raibh aon-duine cloinne aige chor ar bith leis an gcéad-bhean? 'Sé mo bharamhail-sa nach raibh. Nach n-aithneóchthá an tsrón atá ar an mac is sine sin as srón chúbach Mh. Sh. Sróinín bheag gheanncach a bhí ar athair an chéad-bhean
 
Ní dheasóchadh sé isteach ins an "sate" (seat) le áit a thabhairt d'aon-duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon-ghillín amháin annsiúd agus sean-mhná dhá dtreascairt faoi agus thairis, agus ní chorróchadh sé. Tháinic "conductor" an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
 
deoin
Ní ceart cur faoi ndeara do bhean ar bith fear a phósadh, marab é a deoin fhéin é. Ise a bhéas síos leis, agus ní h-iad an dream a chuirfeas 'un caitheachtála di é
 
diabhal 2
Ní chuirfeadh an diabhal faoi ndeara dhó eirithe
 
Bhí muid ag iarraidh cur faoi ndeara dó fanacht go mbeadh díogarnach lae féin ann, ach ní raibh aon-mhaith a bheith leis. Ghread sé leis i lár an mheán-oiche. Ní thiubharfainn an tabhairt sin orm féin an tráth sin d'oíche ar a dtug tonn ar thráigh: bóthar cho h-uaigneach agus a bhí le dhul aige-san. Dheamhan lá ariamh nach raibh cáil shidheamhail ar an mbóthar céadna. Ach ní bheadh seisean ach ag magadh faoi na rudaí sin
 
Mara bhfaghaidh mise mo chuid dlisteanach féin bainfidh mé caint amach. Leabharsa tiubharfaidh mé isteach agus imiainis (i bhfiadhnuis) an bhréitheamh é agus sin é an buachaill a chuirfeas faoi ndeara dhó cur dhó (dhe)
 
don
Don agus diabhail h-iaraí oraibh, an bhfuil a fhios agaibh anois é! Neart slaite a thastódh uaib. Sin í an cailín a chuirfeadh in a sost (in ur) sib, agus a chuirfeadh faoi ndeara dhaoib eirghe as cainteannaí de'n tsórt sin
 
driog
Deir sí go dteagann driogannaí in a croidhe scaithtí. Ní bhíonn thairis sin de phian uirre ach mar sháithfí biorán treasna thríd. Is olc é an croidhe. Chuir mise faoi ndeara di a dhul chuig dochtúr leis, ach dheamhan ceo a fuair an dochtúr uirre. Dubhairt sé nar dhochar ar bith na driogannaí sin: go mbuailfidís duine le slaghdán nó galra ar bith mar sin. "Tá croidhe agad" adeir sé "cho slán le breac."
 
Níl léamh ar bith ar an mbean atá aige. Tá na seacht ndiabhail uirre. Mara gcuire sí faoi ndeara dhó droch-chor a thabhairt dó féin as a dheireadh, tá an scéal ceart
 
Dhá gceapainnse go ndeárna sí drochshúil di, chuirfinn faoi ndeara dhi a theacht agus bail ó Dhia "fliuch" a chur uirre. Is measa dhuit do pháiste ná tada
 
droim
Ar chuala tú ariamh é an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leath-chóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoillsiú air, ar chaoi eicínt, agus a liachtaí pighinn cham a bhain sé amach ins an siopa sin ariamh. Ní raibh aon-chneamhaire gan chrochadh ach é sin. Nachar chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. annsin thiar fiacha a íoc faoi dhó
 
Chonnaic mise iad sin roimhe seo agus gan gráinne plúir in a dteach. Bhí "Committee" dhá leigean amach an t-am céadna. Le teann dúnáruis ní chuirfidís isteach air: gurb é N. Th. a mb'éigin dó a dhul suas, agus a dhul isteach ar an urlár aca idir chlár agus chuinneog, gur chuir sé faoi ndeara dóib a dhul siar agus a gcuid mine a fháil. Is túisce a chaillfí istigh ins an teach iad fhéin ná a chorróchaidís … Móiréis mo chreach! Ní móiréis ar bith a bhí orra, ach dúnárus agus coimhthigheas — an rud atá ionnta go fairsing anois agus an uair sin
+
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thoisigh sé dhár saghdadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin in ar bpleibeanna cho mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Annsin chuir sé faoi ndeara dhúinn dubhshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin
TUILLEADH (1) ▼
Dubhshlán an tsagairt cur faoi ndeara dó siúd a dhul chuig an Aifreann. Ó a chaith sé in a cheann fanacht as, tá sé fánach a bheith ag gabhail dó.
 
'Nuair a chinnfeas air le scaimhléaracht, rachaidh sé ar bhladar leat, agus féachfaidh sé le cur faoi ndeara dhuit a dhéanamh le spleádhchas. Ach na géill dó, ar a bhfaca tú ariamh
+
Tá sé an-tsáruigheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcomhnaí, nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'aindeoin. Ní maith le duine a bheith francuighthe, agus de ghrádh an réidhtigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le goirid, agus fhobair mé rud a bheith ar a shon agam
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé dhó cho déan (dian) agus gur chuir sé faoi ndeara dhó a pósadh
 
Ní raibh ag dul faoi ná thairis leis an fhad seo ach léasadh a thabhairt d'E. "Nuair a bhéarfas mise air cuirfidh mise faoi ndeara dhó, feicfidh sé féin air." In a leabaidh sin, 'sé E. a thug an léasadh dhó-san lá an aonaigh. Thug agus léasadh diabhalta