Aerach
—
siamsamhail; tórtha d'eirghe amach nó dhá bheith a' déanamh aeir; ceann-ar-bior.
+–
Is aerach a' cailín í; cailín aerach í.
Mac aerach é sin.
TUILLEADH (8) ▼
Is aerach an cailín báire í.
Tá an inghean sin thiar ag S. Bh. chomh h-aerach leis an gcaislín cloch.
Is aeraighe í ná'n caislín cloch.
Bhí sí aerach ach sin é 'raibh de dhochar innte
Ta sí chomh h-aerach leis an éinín ar craoibh
Ní fhaca tú cailín aerach ariamh ag imtheacht le fán a' tsaoghail.
'Bhí mé seal chomh h-aerach leis an éinín atá in a long ar chraoibh' (Líne as sean-amhrán)
'Mo chreach a's mo dhíth, nach bhfuil éadach orm ná bláth; Ná gearráinín aerach a bhéarfadh mise in aon áit' (sliocht as "Péarla Deas an tSléibh' Bháin")
Aerach in iontrálacha eile (23)
→
fleet
"Ó bhí mé cho haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí Dhá n-imíodh sé an méid sin san spéir leis an ngaoith Ní phósfainn anois thú dhá dteighinn ar "an bhfleet" Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" (As "na Ba Cíara agus Bána")
→
ailín
Chaith mé seal chomh h-aerach leis an éinín atá 'na long ar chraoibh; Agus shíl mé ariamh narbh fhéidir aon tréas a chuir ar fhear faoi mhnaoi; Mar bhí mé óg díthcéillidhe, bhí na céadta raibh m'ailín(?) faoi; Is ar mhaithteanas atá m'éiliú ó'n té úd nar ghlac aon-bhríb (féach leath. 108 — Ceol na n-Oileán "Má bhí mé óg gan chéill seal, bhí céad ar m'ealadhain faoi" atá annsin, ach ní mheasaim gur ealadhain é ach oiread. Badh é míniú an fhonnadóra gur chuir sé an chluain ar na céadta ban, "gur imir sé orra", gur chuir sé ó chrích iad. Féach ealuidhe ban)
→
aire
Sí'n bhean aerach i gcomhnuidhe is fhearr a thuga(nn)s aire di féin. Ní fhaca tú 'súm-sám' ariamh, nach ciúin ciontach' a bheadh sí.
+
→
aoibhinn
Is aoibhinn aerach ar thaobh a' tsléibhe, a' breathnú síos ort a Bhaile Uí Liagh (Máire Ní Eidhin, Rafteri)
TUILLEADH (2) ▼
B'aoibhinn aerach na ba a' géimneach; ar thamhnóig réidh úd, Thoraidh (Dhoraidh?) Bhríain (Thoraidh Bhriain — sean-amhrán)
B'aoibhinn aerach ar dtriall le chéile, ar ghleanntáin sléibhe a's ar thulaigh fraoigh.
→
fionn 2
Níor tháinig fómhar na mban fionn fós. Sé an seachtú fómhar den chogadh é. Beidh an diabhal aerach an uair sin as cionn na hÉireann. Beidh muilleóir thart síos. Peadar Risteard a bhéas air, agus dhá sháil ar leathchois leis. Beidh an t-éan dubh ar an mbóthar. Sí an séamhadh bliain déag a bhéas sé ann. "An séamhadh bliain déag beidh Éire dearg le fuil; 'San seachtú bliain déag séard déarfas na mná: 'mo léan cá ndeachaidh na fir'" (giotaí den targaireacht) = is mór i gceist "Fómhar na mBan fionn" san targaireacht chéanna. Sé an fómhar é a mbeidh na fir imithe san gCogadh, agus siad na mná a chaithfeas an obair a dhéanamh
→
fuaigh
Níl meillsceánach ar bith sna fuaigheannaí beaga sin. Dhá dtugtá bord amach faoin Oileán Aerach nó faoi Dhuibhnis sin é an áit a bhfeicfeá í
→
Féigin
"Dhá mhar a chéile Féigin aerach agus a bhean" = is cosúil le chéile Féigin agus rl.; dhá mhar a chéile an ballséire agus a ghiolla; dhá mhar a chéile an cháiteog agus an súsa
Fleascach aerach go maith é sin. Ní tada eile é. Tá sé dealuithe leis chuile phuinnte a bhfuighidh sé an dóigh. Damhsaí! Deile!
→
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
→
drantán
"Má ghníonn tú do theach annsin" arsa mise leis, "beidh aghaidh gréine agus cúl gaoithe agad ann. Is áit aerach fholláin é. Tá comhgar siopa, bóthair, agus cladaigh ann, agus cloisfidh tú drántan ceoil ag na h-éanachaí 'sa gcoill 'chuile lá 'sa mbliain"
→
dán
Mara bhfuil sé indán dó críochnuighthe a bheith ina bhráthair, níl a fhios agam céard a déarfainn leis. Tá sé ro-aerach ar fad
→
déirce
"Lá Nodlag go h-aoibhinn aerach; Lá 'eil Stiopháin gabhtha gléasta; Lá 'eil Eoin ag iarraidh na déirce, le bacach an mhaide bhuidhe is measa a bhí in Éirinn" (bean uasal adubhairt. Ghléas bacach suas é féin i gculaith duine uasail, agus mheall sé í féin agus a muintir go bhfuair sé í. Sin é adubhairt sí, an uair a fuair sí amach an cleas a h-imrigheadh uirre)
→
díth
Diabhal an fearr dóibh ceird dhá bhfuil orra, ná a bheith ag baint scathamh siamsa amach 'fhad agus atá an óige aca. Caithfidh an óige a cóir féin a fháil agus deir siad gur deacair óige agus dícéille a scaradh ó chéile. Diabhal mé go raibh muid féin sáthach aerach lá de'n tsaoghal
→
dóthain
Breagh nar fhan sí in a dóthain lá agus gur chas Dia in a dóthain í. Ach ní fhanfadh. Bhí sí ro-aerach agus an iomarca fonn-amach uirre. Sin é a d'fhága a cosa nighte
→
dún
Cé'n dúnadh na h-oíche sin ort? Bhí sé annseo ó ló mhór agus má bhí féin 'sé a bhí aerach agus éadálach. Tá sé cho suimeamhail le cut óg a bheadh ag oscailt na súile
Má d'eirigh an talamh agus an t-airgead cho mí-dhlisteanach sin leo, tiocfaidh leaghadh chubhar na h-abhann air. An rud a faightear go dona imigheann sé go dona. Tá siad ag imeacht go h-aerach agus go h-éadálach anois, ach b'fhéidir gur maith maoilscríobach a d'fheicfí fós iad — an té a mhairfeas