Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aerach
siamsúil; tórtha d'éirí amach nó dhá bheith ag déanamh aeir; ceann ar bior.
+
Is aerach an cailín í; cailín aerach í.
Mac aerach é sin.
TUILLEADH (8) ▼
Is aerach an cailín báire í.
Tá an iníon sin thiar ag S. Bh. chomh haerach leis an gcaislín cloch.
Is aeraí í ná an caislín cloch.
Bhí sí aerach ach sin é a raibh de dhochar inti
Ta sí chomh haerach leis an éinín ar craoibh
Ní fhaca tú cailín aerach ariamh ag imeacht le fán an tsaoil.
"Bhí mé seal chomh haerach leis an éinín atá ina long ar chraoibh" (Líne as seanamhrán)
"Mo chreach agus mo dhíth, nach bhfuil éadach orm ná bláth; Ná gearráinín aerach a bhéarfadh mise in aon áit" (sliocht as Péarla Deas an tSléibhe Bháin)

aerach in iontrálacha eile (23)

 
fleet
"Ó bhí mé chomh haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí; Dhá n-imíodh sé an méid sin sa spéir leis an ngaoith; Ní phósfainn anois thú dhá dtéinn ar an bhfleet; Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" As Na Ba Ciara agus Bána
 
baile
Baile aerach, plúchtaithe, gleannach, achrannach, cúng, deisiúil srl. é.
 
beann
Dhá mbeifeá ar an mbinn sléibhe sin thall ba haerach an áit a bheifeá.
 
breá
Is breá an rud a bheith aerach, ach is gránna an rud a bheith míchaoithiúil.
 
ailín
Chaith mé seal chomh haerach leis an éinín atá ina long ar chraoibh; Agus shíl mé ariamh nárbh fhéidir aon tréas a chur ar fhear faoi mhnaoi; Mar bhí mé óg díthcéillí, bhí na céadta a raibh m'ailín(?) faoi; Is ar mhaiteanas atá m'éileamh ón té úd nár ghlac aon bhríb" (fc. lch 108, Ceol na nOileán: "Má bhí mé óg gan chéill seal, bhí céad ar m'ealaín faoi" atá ansin, ach ní mheasaim gur ealaín é ach oiread. Ba é míniú an fhonnadóra gur chuir sé an chluain ar na céadta ban, "gur imir sé orthu", gur chuir sé ó chrích iad, fc. ealaí ban)
 
aire
'Sí an bhean aerach i gcónaí is fhearr a thuganns aire di féin. Ní fhaca tú súm sám ariamh nach ciúin ciontach a bheadh sí.
+
"Is aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe, ag breathnú síos ort a Bhaile Uí Liagh" (Máire Ní Eidhin, Raiftearaí)
TUILLEADH (2) ▼
"B'aoibhinn aerach na ba ag géimneach; ar thamhnóig réidh úd, Thoraidh (Dhoraidh?) Bhriain" (Thoraidh Bhriain — seanamhrán)
"B'aoibhinn aerach ár dtriall le chéile, ar ghleanntáin sléibhe agus ar thulaigh fraoigh."
 
ard 1
Tá a theach in áit aerach ar mhullach an aird.
 
fionn 2
Níor tháinig fómhar na mban fionn fós. 'Sé an seachtú fómhar den chogadh é. Beidh an diabhal aerach an uair sin os cionn na hÉireann. Beidh muilleoir thart síos. Peadar Risteard a bheas air, agus dhá sháil ar leathchois leis. Beidh an t-éan dubh ar an mbóthar. 'Sí an séú bliain déag a bheas sé ann. "An séú bliain déag beidh Éire dearg le fuil; Sa seachtú bliain déag séard déarfas na mná: 'mo léan cá ndeachaigh na fir'" (giotaí den targaireacht) — is mór i gceist Fómhar na mBan Fionn sa targaireacht chéanna. 'Sé an fómhar é a mbeidh na fir imithe sa gcogadh, agus 'siad na mná a chaithfeas an obair a dhéanamh
 
fuaigh
Níl meilsceánach ar bith sna fuaigheannaí beaga sin. Dhá dtugtá bord amach faoin Oileán Aerach nó faoi Dhuibhnis, sin é an áit a bhfeicfeá í
 
"Dhá mhar a chéile Féigin aerach agus a bhean" — is cosúil le chéile Féigin srl.; dhá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla; dhá mhar a chéile an cháiteog agus an súsa
 
Fleascach aerach go maith é sin. Ní tada eile é. Tá sé dealaithe leis chuile phointe a bhfaighidh sé an dóigh. Damhsaí! Deile!
 
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
 
deis
Tá sé aerach agus ar dheis na gréine. Is deas an áit tí é
 
'Má ghníonn tú do theach ansin,' arsa mise leis, 'beidh aghaidh gréine agus cúl gaoithe agat ann. Is áit aerach fholláin é. Tá cóngar siopa, bóthair, agus cladaigh ann, agus cloisfidh tú drantán ceoil ag na héanachaí sa gcoill chuile lá sa mbliain'
 
dán
Mura bhfuil sé i ndán dó críochnaithe a bheith ina bhráthair, níl a fhios agam céard adéarfainn leis. Tá sé ró-aerach ar fad
 
"Lá Nollag go haoibhinn aerach; Lá Fhéil Stiofáin gafa gléasta; Lá Fhéil Eoin ag iarraidh na déirce, le bacach an mhaide bhuí is measa a bhí in Éirinn" (bean uasal adúirt. Ghléas bacach suas é féin i gculaith duine uasail, agus mheall sé í féin agus a muintir go bhfuair sé í. Sin é adúirt sí, nuair a fuair sí amach an cleas a himríodh uirthi)
 
díth
Diabhal an fearr dóibh ceird dhá bhfuil orthu, ná a bheith ag baint scaitheamh siamsa amach fhad is atá an óige acu. Caithfidh an óige a cóir féin a fháil agus deir siad gur deacair óige agus díth céille a scaradh ó chéile. Diabhal mé go raibh muid féin sách aerach lá den tsaol
 
Breá nár fhan sí ina dóthain lá is gur chas Dia ina dóthain í. Ach ní fhanfadh. Bhí sí ró-aerach agus an iomarca fonn amach uirthi. Sin é a d'fhága a cosa nite
 
dún
Cén dúnadh na hoíche sin ort? Bhí sé anseo ó ló mhór agus má bhí féin, 'sé a bhí aerach agus éadálach. Tá sé chomh suimiúil le cat óg a bheadh ag oscailt na súile
 
Má d'éirigh an talamh agus an t-airgead chomh mídhlisteanach sin leo, tiocfaidh leá chúr na habhann air. An rud a faightear go dona imíonn sé go dona. Tá siad ag imeacht go haerach agus go héadálach anois, ach b'fhéidir gur maith maolscríobach a d'fheicfí fós iad — an té a mhairfeas