Aire
1.
áirdeall, faire; iongabháil; cumhdach.
a.
+–
Ní mór dhuit a bheith ar t'aire fhéin, ar fhaitchíos, go dtiocfadh sé ingan-fhios ort = caithfe tú a bheith ar an áirdeall etc.
Ní f'lár dom a bheith ar m'aire fhéin, faitchíos a mbuailfeadh a' capall mé = ní mór dhom a bheith ar m'áirdeall nó ar m'aireachas fhéin, faitchíos a dtiubhradh a' capall cic dom.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'aire fhéin, faitchíos na h-anachain ('Sna somplaí réamhráidhte "áirdeall" nó "aireachas" a bhíos ann go h-iondamhail)
+–
Ní mór dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin ar na clocha = caithfe tú a bheith 'san áirdeall ar na clocha, gan bualadh fútha, gan siubhal orra etc.
Is beag an aire a thuga(nn)s sé dhó fhéin ar na driseachaí = ní fhéachann sé le iad a sheachaint, ná fanacht uatha.
TUILLEADH (11) ▼
Tabhair aire mhaith dhuit féin ar a' gcapall = fainic a' mbuailfeadh an capall thú.
Seachain nach dtiubhrá aire mhaith dhuit féin ar a' gcara (cora = réidh-dhroichead) má tá tuile mhór san abhainn.
Fainic Dia aithnighthear, nach dtiubhrá aire mhaith dhuit fhéin ar a' bhfairrge, mar is fánach a' chaoi a dtuitfeá amach le fána de charraig.
Tabhair aire mhaith dhuit fhéin ar mhada Mháirtín Bhig mar tá sé an-droch-(mh)úinte (olc).
Tá agad (air), aire mhaith a thabhairt duit fhéin ar ghiorrán Ned, mar tá sí an-oilbhéasach.
Is fhearr dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin, ar mhuínntir íochtar a' bhaile ná bheith in aithmhéala arís.
Ní f'lár dhíb aire mhaith a thabhairt dhíb fhéin ar Pheaide, mar 'sé ubhall na h-aithne é.
Is fearr dhaoib aire a thabhairt daoibh fhéin ar a' mbromaire sin thiar, nó dheamhan deoir a d'fhágadh sé ionnaibh = mharbhóchadh sé sibh etc.
Tabhair aire dhuit féin ar a' sagart = tá sé geallta aige dhuit, agus fan as a bhealach agus ná cuir chuige ná uaidh.
Tabhair aire dhuit fhéin ar a' bpóilidhe.
Tabhair aire dhuit fhéin (ar Dhia) (adéarfaí le duine a bheadh ag eascainidhe d'aon-cheird, nó a' frioth-mhaga faoi naomhthacht, faoi'n eaglais etc. Is ionann é agus "nar agruighidh Dia ort é).
+–
Mara dtuga sibh aire dhaoib fhéin, beidh scéal agaibh air = fainicighidh an anachain nó an chontabhairt, nó beidh sibh in aithmhéala.
Níor deanadh leath an cheart leis: breagh nach dtug sé aire dhó fhéin = tuige nar sheachain sé an chontabhairt; nar fhan sé as an tromfhásc; nar choinnigh sé a bhéal ar a chéile, agus gan ughdar achrainn a thabhairt d'aonduine etc.
TUILLEADH (26) ▼
Níl a dhath truaighe agam dó agus a fhusacht a's bhí sé dhó aire a thabhairt dó fhéin.
Ní díol truaighe a' bith é, nach dtug aire dhó fhéin, agus gan a dhul a' tosuighe 'cocaireacht leis an amhus sin.
Tuille ghéar chascartha de'n diabhal aige. Breagh nar thug sé aire dhó fhéin; maran fada isteach a thug a' chosa é! (déarfaidhe le duine é, a thiocfadh idtromfhásc, i dteach bruighne, nó áit a mbeadh achrann ar siubhal.)
An té nach dtiúbhra aire dhó fhéin, ní truaighe 'bith é, má íocann sé an tséiléaracht = má buailtear é etc. (féach séiléaracht)
Ba bheag an mhaith aithne a chuir air, aire a thabhairt dó fhéin, ach tá sé múinte ag a' saoghal anois.
Múinfe an saoghal tú, aire a thabhairt duit féin = nuair a bhuailfear sáthach minic idtroid nó imbruighin tú, ní bheidh tú chomh tugtha dhóib agus atá tú anois.
Tá mo theanga caithte agam, a' rádh leis aire a thabhairt dó fhéin agus 'sé'n mhaith amháin dom é — níl a dhath áird 'aige orm.
Dhá mbeadh breith ar aithmhéala aige anois, thiubhradh sé aire dhó fhéin ó thús = d'fhanfadh sé amach as an anachain nó as a' gcontabhairt etc.
Ní thiubhra sé aon-aire dhó fhéin, go bhfágtar éalang le na ló air.
Níor thug sé aon-aire dhó fhéin ariamh, ach i gceartlár 'chuile throid.
Tabhair aire dhuit fhéin, agus eirigh as na h-eascainí. Is iomdha fear maith ar baineadh leagan as.
Tabhair aire dhuit fhéin, agus ná bac leis a' sagart.
Tugadh sé aire dhó fhéin, agus b'fhéidir nach mór (dh)ó sin. Mara n-ágruighe Dia air é, bíodh sé buidheach.
Tugadh sé aire dhó fhéin. Tá Dia thuas, míle moladh leis.
Tugadh sí aire dhi fhéin, agus ná bíodh sí a' gearradh dé.
'A dhuine gan chéill, tabhair aire dhuit fhéin (i.e. seachain Dia ort fhéin); Níl tuile dhá mhéad nach dtrághann' (sliocht as dán)
Má tá sé in a bhó mhór anois, síleann sé go bhféadfa sé a rogha rud a dheanamh. Ach tugadh sé aire dhó fhéin, mar is beag ar dhia leagan a bhaint as.
Is maith 'n rud do chuile dhuine, aire a thabhairt dó féin agus gan ualach an fhir thall (an té údan eile) a bheith air = is maith an rud de chuile dhuine a pheacaidhe fhéin iomchur agus gan a bheith cionntach ibpeacadh duine eile.
'Sé díol duine a' bith aire a thabhairt dó fhéin, agus gan bacadh le aon duine eile = iomchruigheadh chuile dhuine é féin, agus ná bíodh call dó a bheith freagarthach ar dhuine eile.
Ba mhaith an dícheall dom aire a thabhairt dom fhéin agus gan bacadh le aonduine eile = chuaidh sé righte liom mo chuid aobha féin a thabhairt liom as an anachain, nó as a' gcontabhairt, agus ní raibh aon-ghoir agam tárrthail a dhéanamh ar aon-duine eile.
'Sé cloch-neart duine ar bith, aire a thabhairt dó fhéin anois, lena gcaithtear de chlocha ar bhóithrí = is deacair a theacht slán ó na clocha.
'Sé díol a' diabhail (díol a' chlampair etc) aire a thabhairt duit fhéin ar a' saoghal seo, agus gan fhios agad cé hé do charaid thar do námhaid.
Má shíleann tú aire a thabhairt duit fhéin nó gan a thabhairt, 'sé an cás céadna é, mar dá mbadh naomh tú, cuirfe duine eicínt ort (i.e cuirfe duine eicínt achrann ort).
Ní mó ná dhá mbeadh a' tSeamair Mhuire agad, go bhféadfá aire a thabhairt duit fhéin anois ar bhóithrí Chois-Fhairrge, aon-oidhche Dhomhnaigh, le a mbíonn de mhion-achrann ann.
Is fear maith a thiubhras aire dhó fhéin
Ní hé an uair a bheidheas tú buailte atá agad a bheith tabhairt aire dhuit fhéin.
+–
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, is gearr gur fear briste a bheidheas ann (is gearr gur fear briste é)
Mara dtuga sé aire dhó féin, tromfa an 'Gobhairmint' air = má mhaireann dó, a' deanamh faillighe ina chuid oibre, beidh an Riaghaltas sa mullach air.
TUILLEADH (4) ▼
Mara dtuga sé aire dhó féin, is gearr gur ag imtheacht a' gábhail 'Aidhlín (Eibhlín) ón a ruan' a bheidheas sé = mara mbí áird' aige ar a ghnaithe, is gearr gur briste a bheidheas sé.
Is maith an aire nach mór dhó a thabhairt dó fhéin, mar tá an 'Gobharmint' ar a thí = tá'n Riaghaltas ar an airdeall air, go bhfagha siad ughdar ar é 'bhriseadh.
Ní f'lár dhuit aire a thabhairt duit fhéin, mar tá na comhairleachaí móra sa mullach ort = caithfe tú an-aire a thabhairt do do chuid oibre, mar tá na daoine atá i gcéimidheacht anuas ort, agus 'san áirdeall le deis fhaghail ort.
Ní mór dhuit aire a thabhairt duit fhéin, thar mar dhéan(ann)s tú, mar ní bheadh fhios agad, cé'n nóiméad a gcuirfidís éiliughadh ort (a dtiocfaidís in do mhullach; a mbeadh an tóir ort etc)
+–
B'éigin dó fanacht ó'n aifreann a' tabhairt aire do'n teach = a' cumhdach a' tighe.
Caithfe duine eicínt fanacht istigh a' tabhairt aire do'n teach = a' cumhdach.
TUILLEADH (16) ▼
Scuabadar leo(b) uilig ar an aonach, cé's moite dhom fhéin a fágadh a' tabhairt aire do'n teach.
Ní mórán a thaithnigh leis fanacht istigh a' tabhairt aire do'n teach, nuair a bhailigh an mhuínntir eile ar fad leo(b).
B'éigin dó fuirtheacht ó'n scoil indiu a' tabhairt aire do'n teach.
Caithfe sé fanacht a' tabhairt aire do'n teach go mbí an chruadhóg dhínn (dhaoinn adeirtear — Chois Fairrge, ach dhínn Iarthar Chonamara)
Fágadh a' piodarlánn a' tabhairt aire do'n teach, mar bhí congnamh a' teastáil sa tráigh = fágadh a' gasúirín beag a' cumhdach a' tighe, mar bhí an dream eile ar fad a' teastáil a' baint fheamuinne.
Má bhíonn ormsa 'bheith amuigh a' scaradh aoiligh, cé thiubhras aire do'n teach?
Níl duine ná deoruidhe (níl duine ó Dhia anuas, mac an éin bheo, críostuidhe an éin bheo, críostuidhe an bhéil beo, geinealach a' bhéil beo, mac a' pheata, mac mioscais etc) aige anois, le aire a thabhairt do'n teach, agus ní fhéadfa sé fhéin freastal do'n áit istigh agus do'n áit amuigh (ní fhéadfa sé 'bheith istigh a's amuigh)
Nuair a tháinic mé abhaile bhí an teach béal in áirde, agus gan duine ná deoruidhe a' tabhairt aire dhó = bhí sé oscailte, agus cead ag an tír a theacht isteach, agus gan mac a' pheata ina chíonn.
Tá a clann ar fad ar aon-chéill, agus níl a' girrseaichín is sine aca(b) indon aire 'thabhairt do'n teach fós di.
Bhí stuaic uirre, faoi go mb'éigin di fuirtheacht a' tabhairt aire do'n teach.
Níor thug mé an oiread a's cuairt amháin amach faoi'n mbaile ó tháinic a' bhliadhain, ach mé cuibhrighthe istigh igcomhnuidhe 'tabhairt aire do'n teach.
Is olc a' ceart é, gur mise a chaithfeas aire a thabhairt do'n teach i gcomhnuidhe a's chuile dhuine eile ag imtheacht le aer a' tsaoghail.
Níor thaobhuigh mé Aifreann Dé ó tháinic a' samhradh, ach a' tabhairt aire do'n teach chuile Dhomhnach.
Tugaighidh aire dhá dteach anois, nó fágaighidh béal in áirde é, má thogruigheann sib. Dheamhan mo chos ná mo chnáimh-se, fhanóchas in a chíonn níos fuide dhaoib.
D'fhan mé a' tabhairt aire do'n teach dhaoib ó tháinic an bhliadhain, agus sin é mo bhuidheachas (is beag é mo bhuidheachas 'na dhiaidh sin).
Ba díon déirce léithe aonduine fhaghail a thiubhradh aire do'n teach di, feadhs í fhéin a bheith imthighthe, agus 'sé mo bhuidheachas anois go bhfuil sí a' samhailt liom gur ghoid mé airgead uaithe.
+–
Tabhair aire do'n pháiste go dtaga mé isteach = fan i gcíonn an pháiste, agus cumhdaigh é, go dtaga mé ar ais.
Caithfe mé duine eicínt a fhaghail a thiubhras aire do'n Naoidheáinín dhom, lá an aonaigh.
TUILLEADH (11) ▼
Tugaighidh aire do na gamhna agus ná leigighidh sa gcur iad = déarfaí é le gasúir a chuirfí a' fosuidheacht.
Tugaighidh aire do na bainbh agus ná leigighidh dhóib imtheacht go mbí sé in am iad a chuir isteach trathnóna.
Ní chuirfe sé mórán stróbh orraibh aire a thabhairt do'n chapall, go dtaga mé fhéin abhaile ó'n siopa = a bheith san áirdeall ar a' gcapall agus gan cead imtheachta 'thabhairt di.
Tugaighidh aire do na h-asail, nó imtheocha siad ar strae = bígidh san áirdeall ar na h-asail, nó imtheocha siad ar seachrán.
Ní fhaca mé aon-duine aitheantais inGaillimh indiu a n-abróchainn leis aire a thabhairt do'n chapall ar a' tsráid, an fhad's bheinn a' faghail na maingíní a d'fhága mé tigh Pheadair = gan cead corruighe a thabhairt do'n chapall.
'Sé is lugha soighleas de dhaoine an domhain. Ní thiubhradh sé aire do'n chapall dom, an fhad's bheidhinn a' ceannacht máilín plúir = ní duine garamhail é, mar ní fhanóchadh sé 'san áirdeall ar an gcapall dom, an fhad's bheinn a' ceannacht máilín plúir.
Dhá mbeadh aon-duine agam a thiubhradh aire do'n chairt dom ar a' bhFaithche Mhóir indiu, b'ait a' lá óil a bheadh agam, mar bhí Máirtín Rúnú a' strócántacht liom go dtugadh sé isteach mé (féach strócántacht)
Ní mór dhom duine eicínt ab uil mé a thiubhras aire do na gamhna dhom, le faitchios a n-iarrfaidhe ag ól béiréiste mé (féach "béiréiste" = deoch a óltar ar margadh a dhéanamh)
Bhí mé in mo ghamal ar an aonach indiu, gan duine ná deoruidhe agam, ach mé fhéin, le aire a thabhairt do na buláin.
Tá mé idteannta annseo. Ní féidir liom corruighe as ball na h-áite go dtaga duine eicínt le aire a thabhairt do na caoirigh (do'n chapall etc) seo dhom (adéarfadh duine a mbeadh eallaigh nó a mhacsamhail air, ar aonach, nuair a chuirfí bleid béiréiste, nó bleid siubhlóide air).
Tabhair aire do'n chapall sin, go gceannuighe mé cupla unsa tobac.
+–
Tá na gárdaí a' tabhairt aire dhó, mar caitheadh isteach sa teach aige, goirid ó shoin = tá na gárdaí dhá chumhdach etc.
Tugann na póilíos aire do'n talamh sin, mar is gearr ó' tiomáileadh (tiomáineadh) beithidhigh dhe.
TUILLEADH (19) ▼
Ní mór dhuit aire a thabhairt de do 'bicycle' inGaillimh, le faitchíos a ngoidfidhe é = cumhdaigh é; bí san áirdeall air.
Tabhair aire de do chaipín nó ní leat fhéin í, agus a' seala cneamhairí atá annseo.
Is maith nach mór do dhuine aire a thabhairt dá 'bhicycle' ag na rástaí, mar tá daoine ag (dh)ul thart a' forcabhás ar 'bhicycles' a' bith a fheicea(nn)s siad fágtha ar sliobarna = caithfe tú cumhdach maith a bheith agad ar do róthar, ar na rástaí, arae tá daoine a' dul thart d'aon-cheird le róthar ar bith a fheiceas siad fágtha go siléigeach, a ghoid.
Má bhíonn aon-phighneachaí airgid ar iomchur agad, tabhair aire mhaith dhóib, mar tá cneamhairí annsiúd a ghoidfeadh an chrois de'n asal.
Tabhair aire mhaith de do chóta mór, mar níl aon-lá ariamh nach raibh sé igceist go raibh muínntear na M- luath-lámhach.
Tabhair aire anois, de do chaipín agus ná fág faoi na lámha í (i.e. nó goidfe siad í)
Is cuma cé'n aire a thiubhras tú de do 'bicycle' ann, goidfidhear ball eicín dhe.
Níl righeachan a' bith leo(b). Ghoidfidís a' léine anuas de do chraiceann, mara dtugtá aire mhaith dhi.
'Siad na cneámhairí is corónta faoi róthaí na gréine iad. Marach go dtug Dia dhom, aire mhaith a thabhairt de mo chuid féasóige, ghoidfidís í sin fhéin, nuair nach bhfacadar tada eile de bhrabach orm.
Is cuma cé'n aire a thiubhrá do do chuid móna, ghoidfidís as comhair do dhá shúl í, agus thiubhraidís mionna an leabhair ina dheidh sin, nar bhaineadar léithe.
Mara dtuga tú aire do do chuid feamuinne, is gearr nach leat fhéin í.
Tabhair aire do do chuid carraigín ar a' dream atá síneadh leat. Tá fhios agad nach mórán carghaois a chuirfeadh sé orra(b) corr-dhosán a bhaint thar teorainn.
Ní mór dhuit a bheith san áirdeall ar do roinn carraigín, mar a' dream (nó'n teaghlach) atá ar aon teorainn leat, is beag aca do chuidse a bhaint idteannta a gcuid fhéin.
Ní mór dhuit aire mhaith a thabhairt do'n ghlaicín fhéir sin thiar. Tá daoine ar a' mbaile seo 'bhfuil láimh indiaidh na cleachta aca(b) = bí 'san áirdeall ar do ghlaicín fhéir, mar tá daoine ar a' mbaile, gur dual dhóib an ghoid.
Tá nead easóige in a gcruaich fhéin, ach dhá mbeadh an chomhursa a' tabhairt aire dhá chuid móna de ló agus d'oidhche, thiocfaidís ínnte dhá mhíle buidheachas = ní thiubhraidís móin ar bith as a gcruaich féin (mar dhóigh dhe go bhfuil nead easóige innte), ach dhá mhéad áirdill dá mbeadh ag a' gcomharsain ar a chruaich féin, ghoidfidís móin aiste ingan-fhios dó.
Bhí mé g'acht a's go h-áithrid (d'fheacht?) a' tabhairt aire di, agus níor fágadh fód agam ina dhiaidh sin.
Dá mbeadh a bhfuil de shaighdiúir sa Rínn Mhóir, in arm a's a n-éadaigh a' tabhairt aire dhi, (cruach mhóna), tá daoine ar a' mbaile seo, a thárlóchadh leo(b) í, dá mbuidheachas.
Ghoidfeadh cuid de na daoine í, a's bíodh seacht gcatha na Féinne in a cíonn, a' tabhairt aire dhi.
Dhá mbeadh confairteacha nimhe, is 'chaon cheann di, a' tabhairt aire dhi, tá cuid de na daoine chomh h-imeartha agus go ngoidfidís í, 'na dheidh sin
+–
Tabhair aire do do chuid airgid anois, agus ná caith go fánach é = ná bí rabairneach, ná frasach, ná dreabhlásach leis, ach bí cruadh, coinneálach air.
Dá dtugadh sé aire dhá chuid airgid, nuair a bhí sé aige, ní bheadh sé ag imtheacht agus a chraiceann leis anois.
TUILLEADH (21) ▼
Is beag a' truaighe é faoi anshógh 'bheith air anois, nuair nar thug sé aire dhá chuid; agus é aige.
Níor thug sé aon-aire do'n airgead; shíl sé nach bhfeicfeadh sé a dheire caithte go deo.
Níor thug muid aon-aire do'n rud (do'n airgead, do'n mhaoin etc) nuair a bhí sé againn, agus fágann sin muid fhéin ar deire anois.
Níor thug sé aon-aire do'n údhachta a fuair sé, agus tá sé ag imtheacht gan tuínnte de'n éadach air anois (gan snáth éadaigh, gan snáth de na seacht n-éadaigh, gan snáth ar a chraiceann, gan falach ar a dhruím etc)
Dhá dtugadh na daoine aire do'n airgead aimsir a' Choga(idh), ní fheicfidís aon lá bochtaineachta go deo, ach cé'n chuímne a bhí againn nach seasfadh sé choidhchinn.
Ar a' dá luath agus ar thuit an oighrigheacht air, d'imthigh sé as a chrann cumhachta ar fad, agus níor thug sé aire 'bith do'n airgead.
Má tá indán's go dtiubhra sí aire do'n udhachta anois, ní fheicfe sí aon-lá bochtaineachta le na saoghal.
Tabhair aire dhá bhfuil agad (i.e. d'airgead) agus beidh tú indon cur in a cheann (cuir ina theannta, cur leis etc)
'Sé atá indon aire a thabhairt dhá chuid airgid. Ní sheasfadh sé deoch do dhiashúlach(?) = níl sé caithmheach, mar ní thiubhradh sé deoch d'aonduine 's cuma cé hé féin.
'Sé atá deas ar aire a thabhairt dhá mbeidh aige. Ní fheicfeadh Mac Dé deoch in a dhiaidh.
Cneagairín caillte é, a thabharfadh aire do'n chianóig a's bíodh sé taobh léithe.
Sé'n aire chéadna a thiubhras sé do'n bheagán a's do'n mhórán, do'n leithphighinn a's do'n phunt = tá sé tíoghbhusach barainneach.
Is mór a' smál a bhíos ar dhuine nach dtugann aire do'n rud nuair a bhíos sé aige.
Ní thugann sé sórt aire 'bith d'aon phighinn bheag a bhío(nn)s aige, ach gaoth a thabhairt dóib (i.e. iad a chaitheamh go h-éasca) chomh luath agus 'gheobhfeas sé 'na láimh iad.
Níor cheart cianóg ruadh a fhágáil aige, mar sé sin a' fáth, níl fhios aige le aon-aire a thabhairt do'n airgead.
Ní chuirfinn amach taobh leis a' méid sin é, (i.e. thiubhrainn tuille airgid dó) ach nach bhfuil fhios aige le aon-aire a thabhairt d'aon phighinn dhá mbeidh ar iomchur aige.
Is mór a' carghaos airgead a chuir amudha leis, mar thar aonduine, níl fhios aige le sórt aire 'bith dá bhfaca tú 'riamh a thabhairt dó.
B'fhéidir go mbeadh fhios aige le aire a thabhairt dhá chuid airgid aríst, 'ní múinte go meallta' mar adeir a' fear fadó
Múinfe sin é, aire a thabhairt dá chuid airgid aríst, agus gan a bheith ag imtheacht dhá ól le grifisc na tíre = tiubharfa sin ciall cheannuighthe dó, gan a chuid airgid a ól aríst le díoghadh na tíre.
Ní chomhairleochadh a' saoghal é, aire a thabhairt dá chuid airgid.
Chuir mé aithne air, ar a dhul amach 'na n-aona(igh) dhó, aire a thabhairt dhá chuid airgid, ach thug sé áird' orm go deimhin!
b.
+–
Is fear é a thuga(nn)s aire mhaith dhá ghna(ithe) agus tá shliocht air (tá bráigíll air) = ní leigeann sé aon-lúb ar lár ina chuid oibre; déanann sé í go ceart cneasta.
Dhá dtugthá aire do do ghna(ithe) féin, is mó an bhuidheachas a bheadh ort.
TUILLEADH (18) ▼
Tabhair aire do do ghnaithe féin, agus ná bac liomsa.
Ní beag duit aire a thabhairt do do ghna(ithe) féin, agus gan aire a thabhairt do ghnaithe duine eile = is maith an rud do dhuine aire a thabhairt dhá ghnaithe fhéin, agus gan bacadh le gnaithe duine eile. (Déarfaidhe é le duine a bheadh a' cur chomhairle ort faoi do ghnaithe, nó freisin le chur i dtuiscint gurab é díol duine a' bith freastal dá cheann-posta féin).
Tá mo cheart ar m'aire, agus aire a thabhairt do mo ghnaithe féin = 'sé mo cheart (i.e mó dhíol oibre), freastal do mo ghnaithe fhéin.
Tá a sháith le déanamh aige, agus aire a thabhairt dhá ghnaithe
Ní thugann sé aon-aire dhá ghnaithe = ní dhéanann sé a chuid oibre mar is ceart.
Is furast' aithne air, gur beag an aire a thug(ann)s sé dhá ghnaithe.
Níor thug sé aon-aire dhá ghnaithe, agus tá 'shliocht air, anois.
Dhá dtugadh sé an oiread aire dhá ghnaithe, agus thug sé do cheol a's do dhamhsa, bhí rud eicínt dhá shlacht air indiu, fharrus mar tá sé, a' cur lá thairis.
Ní iongantas a' bith nach mbeireann a' teas ar a' bhfuacht aige, agus a laghad aire agus thuga(nn)s sé dhá ghnaithe (féach teas).
Ní truaighe 'bith é, agus a fhusacht dó aire 'thabhairt dá ghnaithe, fharrus a bheith tabhairt áird' ar scaibhtéaraí, a chuir imbealach a bhasctha é.
Tugann sé aire mhaith go leor dhá ghnaithe anois, ó phós sé.
'Sé cuid a' bheagáin d'aire a thug sé ariamh dhá ghnaithe = is beag áird' a bhí aige ariamh ar a ghnaithe.
Tugadh sé aire dhá ghnaithe féin, a's ná bacadh sé liomsa, má tá a leas ar Dhia (féach "leas")
Is mór is fiú fear a thiubhras aire dhá ghnaithe fharrus réic a bhío(nn)s i gcomhnuidhe déanamh aois' díofaill (féach aois) ag imtheacht ag ól agus a' caitheamh.
Bainfear as a chleachta anois é, má chaitheann sé aire a thabhairt dhá ghnaithe.
Is maith an aghaidh air é 'bhriseadh, ó thárla nar thug sé aon aire dhá ghnaithe.
'Sé 'bhí sé 'thuaradh dhó fhéin (i.e. é a bhriseadh) agus a laghad aire agus a thug sé dhá ghnaithe (féach "tuaradh") = ní hé a mhaltraid a thuíll sé, ó's rud é, nar thug sé aon-aire dhá ghnaithe.
Tuille glugair (ch)uige anois, nar thug aire dhá ghnaithe!
+–
Tabhair aire do do cheann-phosta, a's a liachtaighe duine a' forcabhás ar é 'fhaghail = déan freastal ar dhualgaisí do phosta, mar tá go leor daoine, a' faire air.
Mara dtuga sé aire dhá cheann-posta, beidh sé dhá uireasbha = brisfidhear as a phosta é, mara dtuga sé áird' ar a ghnaithe.
TUILLEADH (10) ▼
Tá sé gan Murrchadha gan Maghnus anois, in áit nach dtug sé aon-aire dhá cheann-posta = tá sé ar a' tráigh thirm anois faoi nach ndearna sé a chuid oibre mar ba cheart dó; níl posta ná tada aige anois, de bharr a chuid siléige.
Ó thárla nach bhfuil sé de thuiscint ann fhéin, aire a thabhairt dhá chuid oibre, bheadh sé mór againne a dhul a' cur chomhairle air.
Is maith an scathamh ó chuir mé aithne air, aire a thabhairt dhá cheann-posta, agus eirghe as an ól, ach níl aon mhaith 'bheith leis: sé'n ceann céadna igcomhnuidhe é.
Tabhair aire mhaith anois do do cheann-posta, ní a' cur aithne ort é!
Mara dtuga tusa aire do do phosta, tiubhra duine eicínt eile aire dhó = má leigeann tusa uait do phosta le siléig, tiocfa duine in t'áit, nach leigfe uaidh é le siléig.
Ní díol truaighe 'bith é, nar thug aire dhá phosta chomh-uain's 'bhí sé aige.
Nach hé an dearg-leibide é; nach dtugann aire dhá phosta, sgáth a bhfuil le déanamh aige.
Ní mórán aire a thug sé dhá chuid oibre ariamh, pé'r bith cé'n chaoi ar thug sé a eang (a cheann) leis = is iongantach nach rugthas ariamh air, agus a liachtaighe faillighe agus a leig sé in a ghnaithe.
Tá'n tseamair Mhuire aige, nó brisfear é, agus a laghad aire a's 'thuga(nn)s sé dhá phosta.
Is beag a bhí ar t'aire, agus ní raibh tú indon aon aire a thabhairt do'n méid sin féin = ní raibh mórán le déanamh agad, agus rinne tú faillighe sa méidín sin fhéin.
+–
Tabhair aire do do chuid scoile, agus b'fhéidir go n-eireochadh posta maith leat aiste amach annseo = fan ag dul chuig an scoil go síorruidhe, agus freastail do'n fhoghluim, agus b'fhéidir go bhfuightheá posta maith dhá barr fós.
Is córa dhuit aire a thabhairt do do theach agus do chlainn ná bheith ag imtheacht le dreabhlás mar tá tú.
TUILLEADH (1) ▼
Ní thugann sé aon-aire dhá chuid leabhar = níl aon-spéis aige sa bhfoghluim, agus ní chaiththeann sé léithe.
+–
Mara dtuga sé aire mhaith dhá theach, is gearr a bheidheas aon-teach aige = mara mbreathnuighe sé amach do chúrsaí a thighe, is goirid go gcuirtear de dhruim tighe é.
Is beag, beag an aire atá sé 'tabhairt dhá teach ná dá chuid talmhan.
TUILLEADH (3) ▼
Is fearr leis a bheith ag imtheacht le aer a' tsaoghail ná aire a thabhairt dhá theach, ná dhá ghnaithe.
Mara dtuga sé fhéin aire dhá theach feasta, ní bhfuighe sé a chuid beatha ó Neamh = caithfe sé freastal do chúrsaí a thighe uaidh seo amach, arae ní bhfuighe sé a chuid beatha ina chomhnuidhe.
Tá air (aige) anois, aire a thabhairt dá theach, ní h-ionann's ariamh (déarfaidhe seo dhá bhfaghadh congantóir leis, nó a chéile bás, nó dhá dtagadh cor sa saoghal nó a leithide).
+–
Is beag atá ar' aire fhéin, ach a dhul ag a' siopa = níl mórán le deanamh aige féin, ach a dhul chuig a' siopa.
Leig dhom anois, mar tá rud ar m'aire, fharrus a bheith a' tabhairt áird' ortsa = ná cuir araoid a' bith anois orm, mar tá an iomarca le déanamh agam agus ní fhéadfa mé freastal duit (b'fhéidir go minic gur imnidhe a bheadh i gceist le rud ar m'aire mar seo).
TUILLEADH (29) ▼
Tá rud ar m'aire anois, fharrus a bheith ag éisteacht leatsa a' diúgaireacht agus ag amhlóireacht (féach "diúgaireacht", agus "amhlóir") = tá fuighleach le déanamh agam nó tá mo sháith imnidhe orm, fharrus áird a thabhairt ar do chuid cantail-sa.
Tá rud eicínt ar m'aire anois, fharrus scéalta a ínnseacht duitse.
Ba chóra dhuit rud eicínt eile a bheith ar t'aire, ná bheith baint ghuil as an amhlóir de pháiste sin = ba cheart go mbeadh rud eicínt eile le déanamh agad (nó dhá dheanamh agad), fharrus a bheith a' spochadh agus a' saimhseoireacht leis a' gcantalóir de pháiste sin.
Dhá mbeadh rud ar t'aire, ní in do shuidhe ar do ghogaide 'bheitheá an tráth seo 'ló
Dhá mbeadh rud ar t'aire, ní idteas na pluide bheitheá a leithide de lá breagh.
Furast' aithinte gur beag atá ar t'aire, a' léigheamh páipéir nuaidheachta, agus an ghrian go h-árd ar a' spéir fós.
Níl mórán ar t'aire, mara bhfuil le déanamh agad lá Earraigh, ach a scríobhadh leitreachaí.
Tá rud eicínt eile ar a(r) n-aire 'nois, agus beidh breith ar na leitreachaí = tá rud thar leitreachaí a scríobhadh le déanamh againn anois, agus ar aon-chor, gheobhamuid neart ionbhadha le h-aghaidh na leitreachaí.
'gceapann tú go bhfuil tada eile ar m'aire, ach a dhul a' déanamh cuinneogaí dhuitse ("cuinneogaí" = sórt cluiche a bhíos ag páistí)
Dheamhan mórán ar 'aire fhéin, ach freastal ar a chuid beithidheach
Shílfeá go mbeadh rud eicínt ar t'aire, agus gan a bheith in do spreas istigh annsin.
'Bhfuil rud a' bith ar t'aire anois, ach a' déanamh suipíní luíche le gasúir ("suipíní luiche" = suipíní tuighe a cuirtear idir gasúir le iad a splanncadh (ch)un troda)
Tá neart ar m'aire fhéin ar an aimsir seo, fharrus a dhul a chongnamh do'n chomhursa.
Tá go leor ar 'aire go deimhin! Ag imtheacht a' deanamh bolg le gréin ar chnocáin!
Nach mór atá ar t'aire fhéin, nach bhféadfá a dhul a's é dhéanamh! (adéarfá le duine a bheadh ag iarraidh ort rud eicínt a dhéanamh dhó, agus go gceapann tú nach mórán eile atá le déanamh aige fhéin, ach é dhéanamh).
Tá'n leisce ar aire! Sin é a bhfuil ar aire = ní dhéanann sé tada le leisce.
Caithfe sé gur diabhaltaidhe an lear atá ar aire, nuair nach dteigheann sé a's a' cupla 'maingil' atá aige a bhaint, shul dhá lobhfa siad sa talamh.
Tá rud ar aire anois fharrus áird a thabhairt orraí(bh)se.
Marach a bhfuil ar m'aire fhéin faoi láthair, thiubhrainn tamall de lá dhuit leis a' bhféar.
Tá'n oiread sin ar m'aire, agus nach bhfuil mé indon freastal dhá leath, ná dhá thríomhadh cuid.
Tá'n oiread ar m'aire anois, agus go gcaithfe an portach fanacht mar sin go ceann scatha(imh) eile = tá'n oiread le deanamh agam faoi láthair, agus nach bhfuil ionbhadh agam freastal do'n mhóin go cheann scathaimh eile.
Bhí an iomarca ar m'aire an uair chéadna, le aon ugach a thabhairt dó — duine a bheadh ag iarraidh fear ceirde nó fear oibre ag obair, agus go mbeadh an oiread le deanamh aige, agus nach bhféadfadh sé a rádh cé'n uair a d'fhéadfadh sé a dhul leis.
Tá mo dhá dhíol ar m'aire fhéin anois, gan a dhul le duine 'bith eile (i.e. gan a dhul ag obair ag duine ar bith eile)
Tá'n t-uathbhás ar m'aire faoi láthair = tá go leor le déanamh agam, faoi láthair.
Caithfe tú foighid thairis sin a bheith agad le fear a bhfuil cúrsaí na tíre uilig ar 'aire
Is bocht nach mbeadh imnidhe air, agus gna(ithe) na tíre uilig ar 'aire.
Ní hé an oiread sin atá ar t'aire fhéin istigh, nach bhféadfá giotamáil bheag a dheanamh amuigh.
Tá tuirsiú a láimhe ar a h-aire istigh, agus gan a bheith ag iarraidh uirre freastal do'n áit amuigh chomh maith = tá dalladh le déanamh faoi'n teach aice, agus gan a bheith 'súil, go ndéanfadh sí obair amuigh (i.e. ar a' talamh) freisin
Is rí-bheag atá ar a h-aire fhéin, agus gan a bheith ag iarraidh cailín.
c.
+–
Tabhair aire dhuit fhéin (adéarfá le duine a bheadh a' cur uilc ort, nó a bheitheá ar tí ionnsuidhe, le chur i dtuiscint, mara n-eirigheadh sé as a' gceird a bhí air, go dtiubhrá faoi, nó go mbuailfeá é).
Tabhair aire dhuit fhéin anois, ar chraiceann do chluas.
TUILLEADH (16) ▼
Mara dtuga tú aire dhuit fhéin, agus gan níos mó ughdair a thabhairt domsa, leonfa (liúnfa adeirtear — Conamara) mé do chnámha.
Tabhair aire mhaith dhuit fhéin anois, agus tóig t'aghaidh dhíomsa (bain aghaidh do bhéil dhíomsa) nó beidh scéal agad air (beidh tú in aithmhéala, ní fearrde thú etc)
Tabhair an-aire dhuit fhéin, anois, nach mbrisfinnse do phus (do smut).
Is mór an éisteacht atá agam leat. Mara dtuga tú aire dhuit féin anois, agus eirghe as, fágfa mé lorg mo láimhe ort.
Níl a sheasamh a'm níos fuide. Tabhair rí-aire dhuit féin anois, nó leigfe mise do chuid fola leat (fágfa mé in do chuid fola tú; fágfa mé séala ort, nach scarfa leat go luath; atfa mé an smut agad; cuirfe mé streille eile ort; beidh ceol thar phíobaireacht agad; leigfe mé smaois leat; cuirfe mé do chuid fiacla in do bholg; déanfa mé con(t)ra dhíot; cuirfe mé fuil do chroidhe ar do chac; cuirfe mé ceirín ort; cuirfe mé a' tóruigheacht luibheannaí thú; cuirfe mé cruadhóg dochtúra ort; cuirfe mé igcruth na h-ola tú; etc. etc)
Is fearr dhuit aire a thabhairt duit féin, nó má bhaineann tú asam é, brughfa mé do cheithre cnámha ar a chéile (má bhíonn tú a' cocaireacht agus a' baint achrainn asam, leónfa mé do chnámha).
Ní maith liom cruadhóg dochtúra a chuir ort, ach mara dtuga tú aire dhuit fhéin, fharrus mar tá tú, caithfe mé 'dheanamh as a dheire.
Tabhair aire dhuit fhéin anois, agus bíodh smideannaí beaga agad.
Tabhair aire mhaith dhuit féin anois, nó tiubhra mé breitheamhnas báis ort le na mbuailfe mé ort.
Coinnigh do bhéal ar a chéile agus tabhair aire dhuit fhéin, nó cuirfe mé luighe fiadha ort.
Tá'n t-ádh ort, mara dtuga tú aire dhuit fhéin, nó déanfa mé do lá (déanfa mé aon-lá amháin dhíot; déanfa mé lá soir ort)
Tabhair fíor-aire dhuit fhéin anois, nó cuirfe mise dhá ghob ort i leaba gob amháin.
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, agus leigean domsa, dhó fhéin is measa.
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, agus gan aon-araoid a chuir ormsa, tiubhra mise faoi na fabhraí (forraí adeirtear — Cois Fhairrge fabhraí — Iarthar Chonamara) dhó é.
Nuair a chuirim fainic air aire a thabhairt dó fhéin agus eirghe as, sé'n chaoi neartuigheann sé ar a mhaidí = sé'n chaoi 'mbíonn [sé] a' borradh leis.
Tugadh sé aire mhaith dó fhéin nó fágfa mise meacan a' chaointe (meacan a' ghuil) ann.
d.
tugann cailín nó bean aire di fhéin, nuair a choinnighea(nn)s sí a cliú tárrtha, agus nach n-eirigheann mísc ar bith di.
+–
Tá sé in am aice a bheith indon aire a thabhairt di fhéin feasta choidhchinn, agus í ar bhruach fiche bliadhain.
Ní raibh sí indon aon-aire a thabhairt di féin, agus tá a chomhairthidheacht le na chois anois.
TUILLEADH (6) ▼
Baothóigín (i.e. oinseaichín) bhocht í, nach bhfuil fhios aice cé'n chaoi le aire a thabhairt di fhéin.
Is deacair do chailíní boga, óga, aire a thabhairt dóibh féin ar a' saoghal atá ann.
Níl call fainic ar bith orm; tá mé indon aire a thabhairt dom féin (adéarfadh bean óg a mbeithí a' cur chomhairle uirre).
Níor thug sí aon-aire di fhéin, agus d'fhága sin mar tá sí í.
Sí'n bhean aerach i gcomhnuidhe is fhearr a thuga(nn)s aire di féin. Ní fhaca tú 'súm-sám' ariamh, nach ciúin ciontach' a bheadh sí.
Ní bhfuighe aon-duine brabach uirre siúd, mar 'sí atá deas ar aire a thabhairt di fhéin.
e.
+–
Tá sé 'tabhairt aire mhaith do'n teine. Is deacair í 'ghoid ná 'fhuadach uaidh = cothuigheann sé an teine go maith; leaduidhe na luaithe atá ann.
Tugann sé aire mhaith do'n bhean = fanann sé abuil sí i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé 'tabhairt aire mhaith do'n chladach, (do'n phortach, do'n splainnc, do'n leaba, do'n teach ósta, do'n séipéal etc) ar an aimsir seo = bíonn sé ann i gcomhnuidhe.
Tiubhra sé sin aire mhaith dhúinn, chomh uain's aireochas sé aon-bhrabach orainn = beidh sé isteach a's amach againn go minic, an fhad's bheidh fhios aige, go mbeidh aon-bhantáiste dhó ann.
Thug sé aire mhaith do'n teach seo, an fhad's caitheadh aon chumaoin leis ann, ach tá fhios aige gur a' brughadh ar a doicheall dó a theacht anois.
'Siúd é an ceann céadna a thiubhras aire mhaith duit, 'fhads aireochas sé aon-phighinn a(ga)d = cothócha sé an chois agad, 'fhad's aireochas sé aon-phighinn de bhrabach ort.
Thug sé aire do'n teach seo, chomh-uain's d'airigh sé aon-bhealthuidheacht againn (i.e feoil, iasc nó nuaidheacht de'n tsórt)
Thug sé aire dhúinn, an fhad's d'fhan aon-cheo de'n mhuic, ach's beag a' luath a bhí aige, muid a thaobhachtáil ó shoin.
Tiubhra sé siúd aire dhuit, má airigheann sé (má fhaghann sé) aon-bhuille bog ionnad = beidh sé in do chomhluadar, má fheiceann sé go bhfuil tú frasach ná rabairneach ná gnaoidheamhail.
Is maith uaidh aire 'thabhairt do'n teach seo, ar a' saoghal seo, pé'r bith cé'n t-ughdar atá aige leis = tagann sé ar cuairt go minic, anois, pé'r bith cé'n fáth dhó é.
Má fheiceann sé go mbeidh tada dhá bharr aige, tiubhra sé aire dhuit.
Thug sé aire mhaith do Ghaillimh le mí, pé'r bith cé'n solamar a d'airigh sé ann.
Caithfe sé go n-airigheann sé solamar eicínt siar faoi na locháin, agus an aire atá sé 'thabhairt dóib le píosa.
Tá sé tabhairt aire mhaith do na cártaí (do'n imirt) ar an aimsir seo = bíonn sé síorruidhe ag imirt chártaí.
Tá sí 'tabhairt aire mhaith do na Cealla(igh) ar a' saoghal seo agus is bocht nach dtiubhradh, mar is iomdha sin solamar agus beaduidheacht atá ag eirghe léithe ann
f.
iongabháil, freastal áithrid, cumhdach; a bheith triollata ort fhéin.
+–
Tá sé 'faghail aire mhaith = tá sé 'faghail iongabhála agus freastail; an biadh a fheileas dó, comhguisí dochtúra agus eile.
Tá sé 'faghail aire na h-uibhe = an-aire ar fad; tá siad a' caitheamh go maith leis.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé 'faghail aire ar leith = an-aire; togha aire.
Ní mór dhó aire a fhaghail, le theacht chuige féin.
A dhá dhíol aire atá sé 'fhaghail. Marbhócha an bheatha é nó tá goile capaill aige
'Dá bhfaghadh sé a dhóthain (a sháith, a dhíol) aire', adeir a' dochtúr, 'thiocfadh sé as'.
Dhá bhfaghadh sé aire, ó thosuigh sé a' fuasaoid an chéad uair, dheamhan bás na bascadh a bheadh air indiu.
Mara bhfuil sé sin a' faghail aire, ní lá go maidin é.
Tá sé sin a' faghail an oiread aire, agus gheobhfadh triúr = tá'n oiread bidh le triúr dhá fhaghail aige.
Má tá sé 'faghail neart aire fhéin, níl sí 'déanamh a dhath maitheasa dhó
Dhá bhfaghadh sé an oiread eile aire, ní bheadh slacht a chodach air, pé'r bith cá'il sé dhá chur = níl an bheatha ná'n oiread eile beatha agus faghadh sé í, a' deanamh aon-mhaith, dhó, pé'r bith cá gcuireann sé í (i.e an bheatha)
Is ait an aire nach mór dó a fhaghail, má's leis a theacht as.
Tá díol ríogh d'aire dhá fhaghail aige = an oiread aire agus gheobhfadh rí.
Faghann sí díol mná uaisle d'aire, nuair a bhíos sí i luighe seoil.
Is mór a' carghaos an aire atá an suachmánn (somachán de pháiste; páiste bog, beathuighthe) sin a fhaghail, agus páistí bochta eile a' scríobadh leis a' ngánntan (suachmánn = súghachmán?)
Tá'n laogh sin a' faghail aire an duine uaithe = caithtear chomh maith leis, agus caith(f)í le duine.
Dhá bhfaghainnse an aire atá mac an bhreithimh a fhághail chaochfainn é, ar mo rogha caoi = dhá bhfaghainn an bheathú chéadna leis, ní bheadh aon-ghoir aige orm, le obair ná gaisce 'bith.
+–
Tugann sé an-aire dhó fhéin; ní fheicfe tú amuigh é lá fliuch = tá sé triollata air fhéin; ní bhíonn sé amuigh faoi fhliuchán ná faoi fhuacht, ná faoi dheártan.
Thug sé an-aire dhó fhéin ariamh, agus ní raibh pian ná tinneas air.
TUILLEADH (28) ▼
Ní thugann sé aire 'bith dhó fhéin. Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi fhliuchán i gcomhnuidhe.
Fuair sé saoghal maith d'fhear nar thug aon-aire dhó fhéin ariamh = mhair sé i bhfad, aindeoin go mbadh fear é, a fuair fuacht a's fliuchán agus droch-shíon.
Is maith an mhaise dhó é fós, de dhuine nar thug mórán aire dhó fhéin ariamh = is maith atá sé a' breathnú fós, cé gur fear é a bhíodh faoi fhliuchán agus faoi fhuacht, agus amuigh domhain 'san oidhche agus nach gcaitheadh go maith leis fhéin etc.
A dhá ndíol aire a thuga(nn)s cuid de na daoine dhóib féin. B'fhéidir go mbeidís 'chuile ordlach chomh maith, dhá mbeidís gan a leath-oiread aire a thabhairt dóibh fhéin.
Bhí an slaghdán in a chrioslaigh, agus níor thug sé aon-aire dhó fhéin, ach a' róithireacht thart (i.e. ag greadadh thart, ag imtheacht thart) ag céilídheachaí, agus sin é a chuir sa talamh é.
Bhí fuigheall slaghdáin air, agus níor thug sé aon-aire dhó fhéin, gur buaileadh síos in ath-uair é. Bhí sé mall aige annsin (aire a thabhairt dó fhéin).
Sé'n tsiocair bháis a bhí aige nar thug sé aon-aire dhó fhéin, ar a' slaghdán a bhí air. Ní choinneochadh fear a's píce istigh é, a' déanamh amach, nach raibh clóic a' bith air.
Ní hé an uair atá sé in ainsil ar dhuine, atá aige a bheith tabhairt aire dhó fhéin = ní hé an uair atá sé go dona leis an tinneas nó leis a' ngalra, atá ag an duine aire a thabhairt dó fhéin, ach roimhe sin.
Sé'n uair a bhuail an slaghdán an chéad-uair é, a bhí aige aire a thabhairt dó fhéin.
Ní leigfeadh an t-uathbhás dó siúd aire a thabhairt dó féin (uathbhás = sainnt oibre)
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, thar mar tá sé a dhéanamh, is gearr a' bás uaidh.
Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, thiubhradh sé aire dhó fhéin in am.
Is mairg do dhuine nach dtugann aire dhó fhéin, an fhad's fhága(nn)s Dia an tsláinte aige.
Dhá dtugadh sé aire dhó fhéin, agus fanacht ó na cladaigh, bheadh sé beo, beithidheach indiu.
Ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Is cuma céard déarfá leis, ní thiubhradh sé aon-aire dhó féin.
Mara dtuga tú aire dhuit féin anois, an fhad's tá a(ga)d (i.e. an fhad's 'tá tú go maith), tiocfa do chois romhat aríst
Is mairg duit nar thug aire dhuit fhéin, chomh uain's bhí do shlainte agad.
Níl sé 'tabhairt aon-aire dhó fhéin, agus tá faitchíos orm go dtiocfa sé in aithmhéala dó, mara bhfuil ag Dia.
Ní díol truaighe 'bith é, nar thug aire dó fhéin, nuair a bhí biseach aige.
Ba deacair dhó aire thabhairt dhó fhéin agus a raibh gan (le) déanamh aige.
Sé'n bhuidheachas amháin atá air anois, agus dhá dtugadh sé aire dhó féin.
Sí an fheamuinn a chuirfeas síos sa talamh (i.e. san uaigh) é, mara dtuga sé aire dhó fhéin.
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, ar thuaradh na maidne, beidh sé in aithmhéala = is olc an rud dó, mochóirighe.
Dhá dtugadh sé aire dhó fhéin (dá mbeadh sé triollata air fhéin) ní amuigh le cladaigh a' tóruigheacht fheamuinne, ó oidhche go maidin a bheadh sé.
Dhá mbeadh faoi aire a thabhairt dhó féin, ní hé an saobhnós a bhíodh faoi, a bheadh faoi.
Ba chóra dhó aire a thabhairt dhó fhéin, agus fanacht istigh, fharrus a bheith amuigh ar a' gcriathrach sin, ar aghaidh na doininne agus na rithteachta.
Shílfeá gurab é an rud is lugha dhó aire a thabhairt dó fhéin, agus a' droch-lá 'leigean thairis.
Tabhair aire do do chois anois, agus ná déan aon-teanntás uirre, go snadhma na cnámha aríst = déarfaí cainnt de'n tsórt seo le fear a bhrisfeadh a leonfadh nó a chuirfeadh amach a chos; ná luigh ró-mhór ar do chois, nó ná leig do mheadhchan mórán uirre, go bhfása an dá chnámh ina chéile aríst.
+–
Tá sé igcomhnuidhe tromachan ar bhean a mhic, nach bhfuil sí 'tabhairt a cheart aire dhó (a sháith aire)
Sé'n leath-rann céadna atá aice ó phós an mac, nach bhfuil a' bhean óg a' tabhairt aire 'bith dhi.
TUILLEADH (6) ▼
Ba chumaoin di aire mhaith fhéin a thabhairt do'n tsean-fhear, agus a liachtaighe punt mór pinsean a thug sé isteach aice.
Ba chumaoin di, aire a thabhairt do'n tsean-bhean agus gurab í a thóig a clann di.
Is olc an aghaidh aire é, mar ba dona an aire a thug sé fhéin dhá bhean bhoicht
Tá mé meathta aige, le na bhfuil mé 'thabhairt d'aire dhó, agus dheamhan mórán dhá shlacht air, na dhiaidh sin.
Shoraidh dhíot, le caoi a' bheith ort! Dhá mhéad aire, dhá dtuga mé dhuit, 'un donacht a thiocfas tú (déarfadh duine cainnt de'n tsórt seo le gamhain, goisín, sicín, banbh etc.)
Thug muid ar fhéad muid d'aire dhóib, agus chuaidh siad in a' n-aghaidh 'na dheidh sin (bainbh nó beithidhigh) = cailleadh orainn iad, th'éis ar thug muid d'aire dóibh.
+–
Srianfa sé thríd (an tinneas) le aire = má fhaghann sé an iongabháil agus an altromacht cheart, tiocfa sé chuige fhéin.
Mara dtaga sé as le aire, tá a chnaipe déanta.
TUILLEADH (9) ▼
Tiocfa sé as (as tinneas) le aire.
Tiocfa sé as le aire, ach ní mó ná sin é = gan aire mhaith, ní thiocfa aon-bhiseach air.
Beidh liostachas fada air (i.e. beidh sé i bhfad buailte síos), ach srianfa sé thríd le aire.
Ní thiocfa aon-bhiseach air gan aire.
Sílim féin nach uireasbha aire a rinne dhó, chor a' bith é, ach go raibh sé tolgtha ó Dhia a's ó'n saoghal.
Deirimse aire leat! Tá sé fághail na h-aire chéadtaigh (aire chéadtach = an-aire amach a's amach)
Ní mórán call aire dhó; nach bhfuil sé ina shean-léim aríst.
Mara bhfuil sé a' neartú, ní hí an aire atá dhá dhéanamh dhó = tá sé 'faghail a sháith aire, le neartú.
Má imthigheann sé, ní cheal aire é = má fhaghann sé bás ní d'uireasbha aire é
2.
a.
+–
Aire dhuit! = bí ar t'áirdeall fhéin; fainic; seachain chugad!
Aire dhuit! Chugad a' madadh! = bí san áirdeall, ar fhaitchíos go n-ionnsóchadh a' madadh thú.
TUILLEADH (9) ▼
Aire dhuit a Phádraig. Chugainn na póilíos!
Aire dhuit! Teirigh ar a' mbrocach sin, tá'n coinín a' déanamh orainn.
Aire dhuit! Nó tiocfa an sagart i ngan fhios orainn
Aire dhuit! Seo é Seán!
Aire dhuit! Ná bí 'tuitim 'do chodladh annsin.
Aire dhuit! Go gcaithe mé an píce (ch)ugad.
Aire dhaoib! Tá duine taobh amuigh.
Aire dhaoib! Cloisim troimpléasc eicínt ag tóin a' tighe.
Aire dhuit! Is gearr uait anois (i.e. is gearr uait daoine)
b.
+–
Ghoin m'aire mé (ghoin 'aire é, etc) = chuimnigh mé; bhí mé san áirdeall orm fhéin; dar liom fhéin; brath nó tabhairt faoi deara.
'Níor aithin sé mise — tuige a n-aithneochadh? — ach d'aithin mise eisean ar a' bpointe, agus ghoin m'aire mé gan labhairt ar thada' (Sliocht "In Aimsir Emmet — Colm Ó Gaora d'aistrigh — l. 14) = facthas dom go mb'fhearr dom gan labhairt ar thada
TUILLEADH (12) ▼
'Thosuigheas a' smaoineadh agus ghoin m'aire mé. Diabhal a' féidir gur tú Morell adeirim leis' (In "Aimsir Emmet" l. 98)
'Bhí an rud dhá fheiceál dom ar feadh tamaill, ach níor thugas mórán áirde air, mar ní raibh nóiméad de'n am nach ag smaoineadh ar Pheadar Ó Mathghamhna a bhí mé, agus ag súil leis, agus mé a' dearcadh amach go neamh-shuimeamhail, gan rud áithrid ar bith dhá chronú agam, gur ghoin an rud seo m'aire' (In Aimsir Emmet l. 296) = gur bhrathas an rud seo.
A' deanamh ar an áit a raibh mé faoi choisméig bheodha thapaidh dóibh, ghoin radharc eile m'aire d'ídigh de thoirt a' chéad radharc (In Aimsir Emmet l. 313) = chonnaic mé nó thug mé radharc eile faoi deara.
Ghoin m'aire mé, nuair nar chuala mé aon chneadghail sa seomra. Ar a dhul siar dhom, bhí sé ar na preaba deireannacha = chuimhnigh mé go raibh rud eicínt ar an othar, nuair nar chuala mé ag cneadghail é; chuaidh mé siar sa seomra, agus bhí sé 'séalú romham.
Ghoin m'aire mé, gurb é an ceann seo (i.e. a mhac fhéin) a bhí gortuighthe, agus leig mé liom fhéin go bóthar.
Ó ghoin m'aire mé an chéad uair, ní fhéadfainn forus ná suaimhneas a dhéanamh, go dteighinn faoi na dhéint (bean a raibh faitchíos uirre gur buaileadh a fear i dteach cuarta, mar chuala sí gleo ina teach féin)
Ó ghoin m'aire mé; bhí mé priaclach go dtagadh sé abhaile
Ghoin 'aire an fear a bhí taobh amuigh, faoi nach raibh aon-duine a' teacht amach as a' gcaisleán = chuimhnigh sé go gcaithfeadh sé go raibh mísc eicínt ar siubhal istigh, nuair nach raibh aon-duine a' teacht amach.
Ghoin m'aire mé, nuair a chonnaic mé chomh glan sciúrtha agus bhí a léine le h-ais na gciomachaí eile a bhí air. 'Má's ceannuidhe thú' arsa mise liom fhéin 'is maith í do léine' (spiadóir a chuaidh thart, agus é leigint air fhéin go mbadh fear bocht é aimsir na nDubhchrónach. Brathadh ar a léine é)
Níor ghoin m'aire mé 'riamh, ariamh, gur dhubhairt sé go bhfágfadh sé agam a' t-éadach, agus go bhféadfainn é 'íoc a' chéad lá eile a gcas(f)aidhe an bealach é. Bhí fhios agam an uair sin, nach raibh sé ach ag iarraidh é 'chuir orm.
Ghoin m'aire mé, nuair a tháinic an madadh agus gan aon-duine in éindigh leis.
Ghoin aire Seán, agus chomh sleamchúiseach agus a bhí an strainséara dhá cheisniú faoi'n bpoitín = thuig sé ó'n gceisniú sleamchúiseach go mbadh spiadóire é an strainséara.
c.
·
Tabhair faoi deara (faoi t'aire?) (féach "deara").
Aire in iontrálacha eile (50+)
→
foirgthe
Ná bac le na Gearmánaí bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirghe leis an ocras
Bhí mé thíos ar an móin i gCill Dara anuiridh. Chonnaic mé feilméara annsin agus go leor talúna aige. Bhí deich bhfeara fichead ag obair aige agus iad ag codladh i "dtentannaí". Déarfá go raibh cuid mhaith ag fortabháil air = in a thuilleamaí; go raibh go leor ar a aire; go raibh cuid mhaith aige le freastal dó; go raibh a sháith idir a lámha aige
→
framsáil
M'anam go bhfuil framsáil ar aire an cheann se'againne ar an aimsir seo. Tá speireach ar a chois
→
fálach
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
→
fána
Aire dhuit annsin! Tá an púcán crínnte (linn). Leigfeamuid le fánaidh í agus seolfamuid amach fútha. Sén beart is fhearr é sílim
→
fóir
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thuiteann aon-fhód asta é a chur faoin a ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, 'ar ndó'. Nuair a bhí rud aige ní thiúrfadh sé aire dó
Tabhair aire do na báirnigh sin, nó íosfa an camán luaithe ort iad. Itheann sé báirnigh ar ghasúir bheaga.
Is deacair dom ciseadóireacht a dheanamh, nuair nach bhfaghaim aon-fhreastal. Nach bhféadfadh sib na slata sin a bhruith a's a dhlaoithiú, 'thárla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
→
comaoin
Is cumaoin di, aire mhaith a thabhairt do'n tsean-chailligh, a's a liachtaighe punt mór pinsean ar rug sí air dá barr.
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, de dhruim tighe a bheidheas sé. Tá 'fhios ag an saoghal fódlach, nach hé a mhalrait de chosamhlacht atá air.
Má dhéanann tú cithréabachaí de na briocáin sin anois, beidh moill ort aríst, shul ó gheobhfas tú fuireann nuadh. Mar sin tabhair aire dóib.
→
baile
Is gearr nach mbeidh aon-bhaile agaibh, mara dtuga sib aire dhó, thar mar tá sib a thabhairt = is gearr nach mbeidh teach ná talamh ná tada eile agaibh, mara dtuga sib áirde ar a' ngnaithe a's ar a gceann-oibre.
+
→
bealach
Sin é a bhfuil ar aire — a bheith imbéal a' bhealaigh annsiúd — leis a' mbean soir, a's leis an mbean siar a thiodhlacan píosa de'n bhóthar!
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mé leath-bealaigh isteach a' dorus, nuair a ghoin m'aire mé, a's loic mé aríst.
Is suarach a' t-iongnadh go mbíonn a' cunntas as bealach, a's laghad a' staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dheanamh suas. Fhobair gur bhain sé scilling a's chúig phighinn thar a' gceart díom an lá faoi dheire, marach gur ghoin m'aire mé a's gur iarr mé fhéin a' leabhar.
Tá bealach deas glan aige, má thugann sé aire dhó, ach is iomdha duine níos críonna ná é, ar imir a' t-ól air.
→
bealadh
Ní dheanfadh bealadh na h-airí, aon-mhaith do'n bhall uirníse sin anois, arae tá sé caithte ó Dhia a's ó'n saoghal.
→
bealaigh
Is contabhairt é an bóthar sin siar anois, ag fear 'bicycle'. Tá sé chomh bealthuighthe sin ag a' mbáisti(gh) a's go sciorrfadh an bicycle fút, mara dtugtá an-aire go deo dhuit féin air.
Ní thaithnigheann na crochaillí sin chor a' bith liom. Tinneas gorálach é an slaghdán sin, agus is furasta leis a dhul in ainsil, mara dtuga duine aire mhaith dhó fhéin air.
'Sé mo chomhairle dhuit, aire a thabhairt duit fhéin, ar a' gceann sin, nó tiocfa sé sa mbile buaic ort, de do sheacht míle buidheachas.
+
→
bior
Mara bhfuil bior-eanga uirre, muis, ní cheal aire é; arae tá 'chuile shórt ar fheabhas aice sin, dhá bhfuil sí indon caitheamh a chuir ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá aire an leinbh le faghail aige sin — bior in aon-tsúil.
→
breacán
Tabhair aire do na briocáin sin anois. Is fada aríst go mbeidh mise indon aon-fhuireann nuadh a cheannacht dhuit.
→
aermáil
Aeramáil a's eirghe in áirde a chuirfeas de dhruim tighe é, mara dtuga sé aire thar cíonn dó féin.
→
aiféala
Beidh tú in aithmhéala mara dtuga tú aire dhuit féin (adéarfaí le duine a bheadh ag déanamh ealadhaine, ámhuilltighe, mioscais nó faillighe eicínt, agus go mbeadh sé in áithrid a bhuailte, nó a bhriseadh as a phosta)
Shíl sé mé a bhualadh faoi ingan-fhios, ach ghoin m'aire mé, a's bhí mé deisighthe faoi na chomhair.
→
buail
Mara dtuga tú aire thairis sin do do ghnaithe, buailfe tú bóthar deirim leat = máighistir le spailpín.
+
→
buille
Dheamhan buille maitheasa a' bith a bhí air annsiúd, ach in a dheidh sin, níor leig an leisce dhó aire a thabhairt dhá cheann-posta.
TUILLEADH (1) ▼
Marach a chuid leisce a's leontaidheachta fhéin, nar thug aire dhá ghna(ithe), dheamhan buille a' bith a bhí air sin sa teach mór; ach bhuail uabhar é, a's fágann sin é fhéin go dona anois.
→
aird 2
Níl aire ná áird agaibh ar luach leithpighne, mara mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt = níl aon áirde agaibh ó dhia anuas ar thada etc.
+
→
airde 1
Caithfe tú an bhóithreoireacht a chaith(eamh) in áirde, má's leat aire 'thabhairt do do ghna(ithe).
TUILLEADH (1) ▼
Caith do chuid aerighle in áirde, agus tabhair aire de do ghna(ithe).
+
D'fhága mé 'tabhairt aire do'n teach í, ach is beag an aireachas a bhí aice air.
TUILLEADH (1) ▼
'Tuige nach ndearna tú aireachas ar an asal, thárla nach raibh tada eile ar t'aire.
→
airigh
Marach go n-airigheann sé cóir iad, ní thiubhradh sé an oiread aire dhóib agus 'thugann sé = tá fhios aige go bhfuil siad gnaoidheamhail, agus sin é an fáth, go dteigheann sé go dtí iad chomh minic.
+
→
amach
Beidh mo cheart go bínn le deanamh agam agus aire 'tabhairt do mo ghna(ithe) féin, uaidh seo amach.
TUILLEADH (2) ▼
Caithfe sé aire 'thabhairt dá chuid scoile uaidh seo amach.
Tiubhra tú aire dhuit fhéin, uaidh seo amach.
Ní bhfaighe sé crathadh 'bith do laogh-sa a bhualadh amach, ma fhaghann sé aon-aire chóireamhail chor a' bith.
Tá sé de dhlighe amuigh anois, go gcaithfe chuile dhuine aire a thabhairt dhá chuid beithidheach ar phéarsálaí. Mara ndéana, cuir(f)eár dlighe orra(b)