Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aire
1.
airdeall, faire; iongabháil; cumhdach.
a.
+
Ní mór dhuit a bheith ar t'aire fhéin ar fhaitíos go dtiocfadh sé i ngan fhios ort — caithfidh tú a bheith ar an airdeall srl.
Ní foláir dom a bheith ar m'aire fhéin, faitíos a mbuailfeadh an capall mé — ní mór dhom a bheith ar m'airdeall nó ar m'aireachas fhéin, faitíos a dtabharfadh an capall cic dom
TUILLEADH (1) ▼
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'aire fhéin faitíos na hanachain (sna samplaí réamhráite airdeallaireachas a bhíos ann go hiondúil)
+
Ní mór dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin ar na clocha — caithfidh tú a bheith san airdeall ar na clocha, gan bualadh fúthu, gan siúl orthu srl.
Is beag an aire a thuganns sé dhó fhéin ar na driseachaí — ní fhéachann sé le iad a sheachaint, ná fanacht uathu
TUILLEADH (11) ▼
Tabhair aire mhaith dhuit féin ar an gcapall — fainic a mbuailfeadh an capall thú.
Seachain nach dtabharfá aire mhaith dhuit féin ar an gcora (cora = rédhroichead) má tá tuile mhór san abhainn.
Fainic Dia aithnítear, nach dtabharfá aire mhaith dhuit fhéin ar an bhfarraige, mar is fánach an chaoi a dtitfeá amach le fána de charraig.
Tabhair aire mhaith dhuit fhéin ar mhada Mháirtín Bhig mar tá sé an-drochmhúinte (olc)
Tá agat (air) aire mhaith a thabhairt duit fhéin ar ghearrán Ned mar tá sí an-oilbhéasach.
Is fhearr dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin ar mhuintir íochtar an bhaile ná bheith in aiféala arís.
Ní foláir dhíbh aire mhaith a thabhairt dhíbh fhéin ar Pheaide, mar 'sé úll na haithne é.
Is fearr dhaoibh aire a thabhairt daoibh fhéin ar an mbromaire sin thiar nó dheamhan deoir a d'fhágadh sé ionaibh — mharódh sé sibh srl.
Tabhair aire dhuit féin ar an sagart — tá sé geallta aige dhuit, agus fan as a bhealach agus ná cuir chuige ná uaidh.
Tabhair aire dhuit fhéin ar an bpóilí.
Tabhair aire dhuit fhéin (ar Dhia) adéarfaí le duine a bheadh ag eascainí d'aon cheird nó ag frithmhagadh faoi naofacht, faoin eaglais srl. Is ionann é agus nár agraí Dia ort é)
+
Mura dtuga sibh aire dhaoibh fhéin, beidh scéal agaibh air — fainicidh an anachain nó an chontúirt, nó beidh sibh in aiféala.
Níor déanadh leath an cheart leis: breá nach dtug sé aire dhó fhéin — tuige nár sheachain sé an chontúirt; nár fhan sé as an tromásc; nár choinnigh sé a bhéal ar a chéile agus gan údar achrainn a thabhairt d'aon duine srl.
TUILLEADH (26) ▼
Níl a dhath trua agam dó agus a fhusacht agus a bhí sé dhó aire a thabhairt dó fhéin.
Ní díol trua ar bith é nach dtug aire dhó fhéin, agus gan a dhul ag tosaí ag cocaireacht leis an amhas sin.
Tuilleadh ghéar choscartha den diabhal aige. Breá nár thug sé aire dhó fhéin; muran fada isteach a thug a chosa é! (déarfaí le duine é, a thiocfadh i dtromásc, i dteach bruíne, nó áit a mbeadh achrann ar siúl.)
An té nach dtabharfaidh aire dhó fhéin, ní trua ar bith é má íocann sé an tséiléireacht — má buailtear é srl. (fc. séiléireacht)
Ba bheag an mhaith aithne a chur air aire a thabhairt dó fhéin, ach tá sé múinte ag an saol anois.
Múinfidh an saol tú aire a thabhairt duit féin — nuair a bhuailfear sách minic i dtroid nó i mbruíon tú, ní bheidh tú chomh tugtha dhóibh agus atá tú anois.
Tá mo theanga caite agam ag rá leis aire a thabhairt dó fhéin agus 'sé an mhaith amháin dom é — níl a dhath airde aige orm.
Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige anois, thabharfadh sé aire dhó fhéin ó thús — d'fhanfadh sé amach as an anachain nó as an gcontúirt srl.
Ní thabharfaidh sé aon aire dhó fhéin go bhfágtar éalang lena ló air.
Níor thug sé aon aire dhó fhéin ariamh, ach i gceartlár chuile throid.
Tabhair aire dhuit fhéin agus éirigh as na heascainí. Is iomaí fear maith ar baineadh leagan as.
Tabhair aire dhuit fhéin, agus ná bac leis an sagart.
Tugadh sé aire dhó fhéin agus b'fhéidir nach mór dhó sin. Mura n-agraí Dia air é, bíodh sé buíoch.
Tugadh sé aire dhó fhéin. Tá Dia thuas, míle moladh leis.
Tugadh sí aire dhi fhéin, agus ná bíodh sí ag gearradh Dé.
"A dhuine gan chéill, tabhair aire dhuit fhéin (.i. seachain Dia ort fhéin); níl tuile dhá mhéad nach dtránn" (sliocht as dán)
Má tá sé ina bhó mhór anois, síleann sé go bhféadfaidh sé a rogha rud a dhéanamh. Ach tugadh sé aire dhó fhéin, mar is beag ar Dhia leagan a bhaint as.
Is maith an rud do chuile dhuine aire a thabhairt dó féin agus gan ualach an fhir thall (an té údan eile) a bheith air — is maith an rud do chuile dhuine a pheacaí fhéin iompar agus gan a bheith ciontach i bppeaca duine eile.
'Sé díol duine ar bith aire a thabhairt dó fhéin agus gan bacadh le aon duine eile — iompraíodh chuile dhuine é féin agus ná bíodh call dó a bheith freagrach ar dhuine eile.
Ba mhaith an dícheall dom aire a thabhairt dom fhéin agus gan bacadh le aon duine eile — chuaigh sé rite liom mo chuid aobha féin a thabhairt liom as an anachain, nó as an gcontúirt, agus ní raibh aon ghair agam tarrtháil a dhéanamh ar aon duine eile.
'Sé clochneart duine ar bith aire a thabhairt dó fhéin anois lena gcaitear de chlocha ar bhóithrí — is deacair a theacht slán ó na clocha.
'Sé díol an diabhail (díol an chlampair srl.) aire a thabhairt duit fhéin ar an saol seo agus gan fhios agat cé hé do charaid thar do namhaid.
Má shíleann tú aire a thabhairt duit fhéin nó gan a thabhairt, 'sé an cás céanna é, mar dá mba naomh tú, cuirfidh duine eicínt ort (.i. cuirfidh duine eicínt achrann ort)
Ní mó ná dhá mbeadh an tseamair Mhuire agat go bhféadfá aire a thabhairt duit fhéin anois ar bhóithrí Chois Fharraige aon oíche Dhomhnaigh le a mbíonn de mhionachrann ann.
Is fear maith a thabharfas aire dhó fhéin
Ní hé an uair a bheas tú buailte atá agat a bheith ag tabhairt aire dhuit fhéin.
+
Mura dtuga sé aire dhó fhéin, is gearr gur fear briste a bheas ann (is gearr gur fear briste é)
Mura dtuga sé aire dhó féin, tromfaidh an Government air — má mhaireann dó ag déanamh faillí ina chuid oibre, beidh an rialtas sa mullach air.
TUILLEADH (4) ▼
Mura dtuga sé aire dhó féin, is gearr gur ag imeacht ag gabháil 'Aidhlín (Eibhlín) ón a Ruan' a bheas sé — mura mbí airde aige ar a ghnaithe, is gearr gur briste a bheas sé.
Is maith an aire nach mór dhó a thabhairt dó fhéin, mar tá an Government ar a thí — tá an rialtas ar an airdeall air go bhfaighe siad údar ar é a bhriseadh
Ní foláir dhuit aire a thabhairt duit fhéin mar tá na comhairleachaí móra sa mullach ort — caithfidh tú an-aire a thabhairt do do chuid oibre mar tá na daoine atá i gcéimíocht anuas ort agus san airdeall le deis a fháil ort.
Ní mór dhuit aire a thabhairt duit fhéin thar mar a dhéananns tú, mar ní bheadh a fhios agat cén nóiméad a gcuirfidís éileamh ort (a dtiocfaidís in do mhullach; a mbeadh an tóir ort srl.)
+
B'éigean dó fanacht ón aifreann ag tabhairt aire don teach — ag cumhdach an tí
Caithfidh duine eicínt fanacht istigh ag tabhairt aire don teach — ag cumhdach
TUILLEADH (16) ▼
Scuabadar leob uilig ar an aonach, cé is moite dhom fhéin a fágadh ag tabhairt aire don teach.
Ní mórán a thaitnigh leis fanacht istigh ag tabhairt aire don teach,nuair a bhailigh an mhuintir eile ar fad leob.
B'éigean dó fuireacht ón scoil inniu ag tabhairt aire don teach.
Caithfidh sé fanacht ag tabhairt aire don teach go mbí an chruóg dhínn dhaoinn adeirtear — Chois Farraige, ach dhínn Iarthar Chonamara
Fágadh an piodarlán ag tabhairt aire don teach mar bhí cúnamh ag teastáil sa trá — fágadh an gasúirín beag ag cumhdach an tí mar bhí an dream eile ar fad ag teastáil ag baint fheamainne.
Má bhíonn ormsa a bheith amuigh ag scaradh aoiligh, cé thabharfas aire don teach?
Níl duine ná deoraí (níl duine ó Dhia anuas, mac an éin bheo, Críostaí an éin bheo, Críostaí an bhéil beo, ginealach an bhéil beo, mac an pheata, mac mioscais srl.) aige anois le aire a thabhairt don teach, agus ní fhéadfaidh sé fhéin freastal don áit istigh agus don áit amuigh (ní fhéadfaidh sé a bheith istigh is amuigh)
Nuair a tháinig mé abhaile bhí an teach béal in airde agus gan duine ná deoraí ag tabhairt aire dhó — bhí sé oscailte agus cead ag an tír a theacht isteach agus gan mac an pheata ina chionn.
Tá a clann ar fad ar aon chéill agus níl an girseachín is sine acub in ann aire a thabhairt don teach fós di.
Bhí stuaic uirthi faoi go mb'éigean di fuireacht ag tabhairt aire don teach.
Níor thug mé an oiread agus cuairt amháin amach faoin mbaile ó tháinig an bhliain, ach mé cuibhrithe istigh i gcónaí ag tabhairt aire don teach.
Is olc an ceart é gur mise a chaithfeas aire a thabhairt don teach i gcónaí agus chuile dhuine eile ag imeacht le aer an tsaoil.
Níor thaobhaigh mé aifreann Dé ó tháinig an samhradh ach ag tabhairt aire don teach chuile Dhomhnach.
Tugaidh aire dhá dteach anois nó fágaidh béal in airde é má thograíonn sibh. Dheamhan mo chos ná mo chnáimhse fhanós ina chionn níos faide dhaoibh.
D'fhan mé ag tabhairt aire don teach dhaoibh ó tháinig an bhliain, agus sin é mo bhuíochas (is beag é mo bhuíochas ina dhiaidh sin)
Ba díon déirce léithe aon duine fháil a thabharfadh aire don teach di, feadh is í fhéin a bheith imithe, agus 'sé mo bhuíochas anois go bhfuil sí ag samhailt liom gur ghoid mé airgead uaithi.
+
Tabhair aire don pháiste go dtaga mé isteach — fan i gcionn an pháiste, agus cumhdaigh é, go dtaga mé ar ais.
Caithfidh mé duine eicínt a fháil a thabharfas aire don naíonáinín dhom lá an aonaigh.
TUILLEADH (11) ▼
Tugaidh aire do na gamhna agus ná ligidh sa gcur iad — déarfaí é le gasúir a chuirfí ag fosaíocht.
Tugaidh aire do na bainbh agus ná ligidh dhóibh imeacht go mbí sé in am iad a chur isteach tráthnóna.
Ní chuirfidh sé mórán stró oraibh aire a thabhairt don chapall go dtaga mé fhéin abhaile ón siopa — a bheith san airdeall ar an gcapall agus gan cead imeachta a thabhairt di.
Tugaidh aire do na hasail nó imeoidh siad ar strae — bígí san airdeall ar na hasail nó imeoidh siad ar seachrán
Ní fhaca mé aon duine aitheantais i nGaillimh inniu a n-abróinn leis aire a thabhairt don chapall ar an tsráid an fhad is bheinn ag fáil na maingíní a d'fhága mé tigh Pheadair — gan cead corraí a thabhairt don chapall
'Sé is lú soilíos de dhaoine an domhain. Ní thabharfadh sé aire don chapall dom an fhad is bheinn ag ceannacht máilín plúir — ní duine garúil é mar ní fhanódh sé san airdeall ar an gcapall dom an fhad is bheinn ag ceannacht máilín plúir.
Dhá mbeadh aon duine agam a thabharfadh aire don chairt dom ar an bhFaiche Mhóir inniu, b'ait an lá óil a bheadh agam mar bhí Máirtín Rúnú ag strócántacht liom go dtugadh sé isteach mé (fc. strócántacht)
Ní mór dhom duine eicínt abuil mé a thabharfas aire do na gamhna dhom le faitíos a n-iarrfaí ag ól béiréiste mé (fc. béiréiste: deoch a óltar ar margadh a dhéanamh)
Bhí mé in mo ghamal ar an aonach inniu gan duine ná deoraí agam ach mé fhéin le aire a thabhairt do na bulláin.
Tá mé i dteannta anseo. Ní féidir liom corraí as ball na háite go dtaga duine eicínt le aire a thabhairt do na caoirigh (don chapall srl.) seo dhom (adéarfadh duine a mbeadh eallaigh nó a mhacasamhail air ar aonach, nuair a chuirfí bleid béiréiste, nó bleid siúlóide air)
Tabhair aire don chapall sin go gceannaí mé cupla unsa tobac.
+
Tá na gardaí ag tabhairt aire dhó mar caitheadh isteach sa teach aige gairid ó shin — tá na gardaí dhá chumhdach srl.
Tugann na póilíos aire don talamh sin, mar is gearr ó tiomáileadh (tiomáineadh) beithígh dhe.
TUILLEADH (19) ▼
Ní mór dhuit aire a thabhairt do do bicycle i nGaillimh le faitíos a ngoidfí é — cumhdaigh é; bí san airdeall air.
Tabhair aire do do chaipín nó ní leat fhéin í, agus an seala cneámhairí atá anseo.
Is maith nach mór do dhuine aire a thabhairt dá bhicycle ag na rástaí mar tá daoine ag dhul thart ag forcamhás ar bhicycles ar bith a fheiceanns siad fágtha ar sliobarna — caithfidh tú cumhdach maith a bheith agat ar do rothar ar na rástaí, arae tá daoine ag dul thart d'aon cheird le rothar ar bith a fheiceas siad fágtha go siléigeach a ghoid.
Má bhíonn aon phínneachaí airgid ar iompar agat, tabhair aire mhaith dhóibh mar tá cneámhairí ansiúd a ghoidfeadh an chrois den asal.
Tabhair aire mhaith do do chóta mór mar níl aon lá ariamh nach raibh sé i gceist go raibh muintir na M. luathlámhach.
Tabhair aire anois do do chaipín agus ná fág faoina lámha í (.i. nó goidfidh siad í)
Is cuma cén aire a thabharfas tú do do bicycle ann, goidfear ball eicín dhe.
Níl ríochan ar bith leob. Ghoidfidís an léine anuas de do chraiceann mura dtugtá aire mhaith dhi.
'Siad na cneámhairí is corónta faoi rothaí na gréine iad. Murach go dtug Dia dhom aire mhaith a thabhairt do mo chuid féasóige, ghoidfidís í sin fhéin, nuair nach bhfacadar tada eile de bhrabach orm.
Is cuma cén aire a thabharfá do do chuid móna, ghoidfidís os comhair do dhá shúl í agus thabharfaidís mionna an leabhair ina dhiaidh sin nár bhaineadar léithe.
Mura dtuga tú aire do do chuid feamainne, is gearr nach leat fhéin í.
Tabhair aire do do chuid carraigín ar an dream atá ag síneadh leat. Tá a fhios agat nach mórán carghais a chuirfeadh sé orthub corrdhosán a bhaint thar teorainn.
Ní mór dhuit a bheith san airdeall ar do roinn carraigín mar an dream (nó an teaghlach) atá ar aon teorainn leat, is beag acu do chuidse a bhaint i dteannta a gcuid fhéin.
Ní mór dhuit aire mhaith a thabhairt don ghlaicín fhéir sin thiar. Tá daoine ar an mbaile seo a bhfuil láimh i ndiaidh na cleachta acub — bí san airdeall ar do ghlaicín fhéir, mar tá daoine ar an mbaile, gur dual dhóibh an ghoid.
Tá nead easóige ina gcruaich fhéin, ach dhá mbeadh an chomharsa ag tabhairt aire dhá chuid móna de ló agus d'oíche, thiocfaidís inti dhá mhíle buíochas — ní thabharfaidís móin ar bith as a gcruaich féin (mar dhóigh dhe go bhfuil nead easóige inti), ach dhá mhéad airdill dá mbeadh ag an gcomharsain ar a chruaich féin, ghoidfidís móin aisti i ngan fhios dó.
Bhí mé d'acht is go háirid ag tabhairt aire di, agus níor fágadh fód agam ina dhiaidh sin.
Dá mbeadh a bhfuil de shaighdiúir sa Rinn Mhóir in arm is in éadaigh ag tabhairt aire dhi (cruach mhóna), tá daoine ar an mbaile seo a tharlódh leob í dá mbuíochas.
Ghoidfeadh cuid de na daoine í agus bíodh seacht gcatha na Féinne ina cionn ag tabhairt aire dhi.
Dhá mbeadh conairteacha nimhe i chaon cheann di ag tabhairt aire dhi, tá cuid de na daoine chomh himeartha agus go ngoidfidís í ina dhiaidh sin
+
Tabhair aire do do chuid airgid anois agus ná caith go fánach é — ná bí rabairneach ná frasach ná drabhlásach leis, ach bí crua coinneálach air.
Dá dtugadh sé aire dhá chuid airgid nuair a bhí sé aige, ní bheadh sé ag imeacht agus a chraiceann leis anois.
TUILLEADH (21) ▼
Is beag an trua é faoi anó a bheith air anois, nuair nár thug sé aire dhá chuid agus é aige.
Níor thug sé aon aire don airgead; shíl sé nach bhfeicfeadh sé a dheireadh caite go deo.
Níor thug muid aon aire don rud (don airgead, don mhaoin srl.) nuair a bhí sé againn agus fágann sin muid fhéin ar deireadh anois.
Níor thug sé aon aire don uachta a fuair sé agus tá sé ag imeacht gan tointe den éadach air anois (gan snáth éadaigh, gan snáth de na seacht n-éadaigh, gan snáth ar a chraiceann, gan folach ar a dhroim srl.)
Dhá dtugadh na daoine aire don airgead aimsir an chogaidh, ní fheicfidís aon lá bochtaineachta go deo, ach cén chuimhne a bhí againn nach seasfadh sé choíchin.
Ar an dá luath is ar thit an oidhreacht air, d'imigh sé as a chrann cumhachta ar fad agus níor thug sé aire ar bith don airgead.
Má tá i ndán is go dtabharfaidh sí aire don uachta anois, ní fheicfidh sí aon lá bochtaineachta lena saol.
Tabhair aire dhá bhfuil agat (.i. d'airgead) agus beidh tú in ann cur ina cheann (cuir ina theannta, cur leis srl.)
'Sé atá in ann aire a thabhairt dhá chuid airgid. Ní sheasfadh sé deoch do Dhia shúlach — níl sé caifeach mar ní thabharfadh sé deoch d'aon duine, is cuma cé hé féin.
'Sé atá deas ar aire a thabhairt dhá mbeidh aige. Ní fheicfeadh Mac Dé deoch ina dhiaidh.
Creagairín caillte é a thabharfadh aire don chianóig agus bíodh sé taobh léithe.
'Sé an aire chéanna a thabharfas sé don bheagán agus don mhórán, don leithphínn agus don phunt — tá sé tíobhasach barainneach
Is mór an smál a bhíos ar dhuine nach dtugann aire don rud nuair a bhíos sé aige.
Ní thugann sé sórt aire ar bith d'aon phínn bheag a bhíonns aige ach gaoth a thabhairt dóibh (.i. iad a chaitheamh go héasca) chomh luath agus a gheobhas sé ina láimh iad.
Níor cheart cianóg rua a fhágáil aige mar 'sé sin an fáth, níl a fhios aige le aon aire a thabhairt don airgead.
Ní chuirfinn amach taobh leis an méid sin é (.i. thabharfainn tuilleadh airgid dó) ach nach bhfuil a fhios aige le aon aire a thabhairt d'aon phínn dhá mbeidh ar iompar aige.
Is mór an carghas airgead a chur amú leis mar thar aon duine, níl a fhios aige le sórt aire ar bith dá bhfaca tú ariamh a thabhairt dó.
B'fhéidir go mbeadh a fhios aige le aire a thabhairt dhá chuid airgid aríst: ní múinte go meallta, mar adeir an fear fadó
Múinfidh sin é aire a thabhairt dá chuid airgid aríst agus gan a bheith ag imeacht dhá ól le grifisc na tíre — tabharfaidh sin ciall cheannaithe dó gan a chuid airgid a ól aríst le díogha na tíre.
Ní chomhairleodh an saol é aire a thabhairt dá chuid airgid.
Chuir mé aithne air, ar a dhul amach 'na aonaigh dhó, aire a thabhairt dhá chuid airgid, ach thug sé airde orm go deimhin!
b.
+
Is fear é a thuganns aire mhaith dhá ghnaithe agus tá shliocht air (tá brá gill air) — ní ligeann sé aon lúb ar lár ina chuid oibre; déanann sé í go ceart cneasta.
Dhá dtugtá aire do do ghnaithe féin, is mó an bhuíochas a bheadh ort.
TUILLEADH (18) ▼
Tabhair aire do do ghnaithe féin agus ná bac liomsa.
Ní beag duit aire a thabhairt do do ghnaithe féin agus gan aire a thabhairt do ghnaithe duine eile — is maith an rud do dhuine aire a thabhairt dhá ghnaithe fhéin, agus gan bacadh le gnaithe duine eile. {{(Déarfaí é le duine a bheadh ag cur chomhairle ort faoi do ghnaithe nó freisin lena chur i dtuiscint gurb é díol duine ar bith freastal dá cheann posta féin)
Tá mo cheart ar m'aire agus aire a thabhairt do mo ghnaithe féin — 'sé mo cheart (.i. mó dhíol oibre), freastal do mo ghnaithe fhéin.
Tá a sháith le déanamh aige agus aire a thabhairt dhá ghnaithe
Ní thugann sé aon aire dhá ghnaithe — ní dhéanann sé a chuid oibre mar is ceart.
Is furasta a aithne air gur beag an aire a thuganns sé dhá ghnaithe.
Níor thug sé aon aire dhá ghnaithe agus tá a shliocht air anois.
Dhá dtugadh sé an oiread aire dhá ghnaithe agus a thug sé do cheol agus do dhamhsa, bhí rud eicínt dhá shlacht air inniu tharas mar atá sé ag cur lá thairis.
Ní iontas ar bith nach mbeireann an teas ar an bhfuacht aige agus a laghad aire agus a thuganns sé dhá ghnaithe (fc. teas)
Ní trua ar bith é agus a fhusacht dó aire a thabhairt dá ghnaithe tharas a bheith ag tabhairt airde ar scabhaitéaraí a chuir i mbealach a bhasctha é.
Tugann sé aire mhaith go leor dhá ghnaithe anois ó phós sé.
'Sé cuid an bheagáin d'aire a thug sé ariamh dhá ghnaithe — is beag airde a bhí aige ariamh ar a ghnaithe.
Tugadh sé aire dhá ghnaithe féin agus ná bacadh sé liomsa, má tá a leas ar Dhia (fc. leas)
Is mór is fiú fear a thabharfas aire dhá ghnaithe tharas réic a bhíonns i gcónaí ag déanamh aosa díobhaill (fc. aois) ag imeacht ag ól agus ag caitheamh.
Bainfear as a chleachtadh anois é má chaitheann sé aire a thabhairt dhá ghnaithe.
Is maith an oidhe air é a bhriseadh ó tharla nár thug sé aon aire dhá ghnaithe.
'Sé a bhí sé a thuaradh dhó fhéin (.i. é a bhriseadh) agus a laghad aire agus a thug sé dhá ghnaithe (fc. tuaradh) — ní hé a mhalrait a thuill sé ós rud é nár thug sé aon aire dhá ghnaithe.
Tuilleadh glugair chuige anois nár thug aire dhá ghnaithe!"
+
Tabhair aire do do cheann phosta agus a liachtaí duine ag forcamhás ar é a fháil — déan freastal ar dhualgaisí do phosta mar tá go leor daoine ag faire air.
Mura dtuga sé aire dhá cheann posta, beidh sé dhá uireasa — brisfear as a phosta é mura dtuga sé airde ar a ghnaithe
TUILLEADH (10) ▼
Tá sé gan Murchadh gan Mánas anois an áit nach dtug sé aon aire dhá cheann posta — tá sé ar an trá thirim anois faoi nach ndearna sé a chuid oibre mar ba cheart dó; níl posta ná tada aige anois de bharr a chuid siléige
Ó tharla nach bhfuil sé de thuiscint ann fhéin aire a thabhairt dhá chuid oibre, bheadh sé mór againne a dhul ag cur chomhairle air.
Is maith an scaitheamh ó chuir mé aithne air aire a thabhairt dhá cheann posta agus éirí as an ól, ach níl aon mhaith a bheith leis: 'sé an ceann céanna i gcónaí é.
Tabhair aire mhaith anois do do cheann posta, ní ag cur aithne ort é!
Mura dtuga tusa aire do do phosta, tabharfaidh duine eicínt eile aire dhó — má ligeann tusa uait do phosta le siléig, tiocfaidh duine in t'áit nach ligfidh uaidh é le siléig
Ní díol trua ar bith é nár thug aire dhá phosta chomhuain is a bhí sé aige.
Nach é an deargleibide é nach dtugann aire dhá phosta, scáth a bhfuil le déanamh aige.
Ní mórán aire a thug sé dhá chuid oibre ariamh, pé ar bith cén chaoi ar thug sé a eang (a cheann) leis — is iontach nach rugthas ariamh air agus a liachtaí faillí agus a lig sé ina ghnaithe.
Tá an tseamair Mhuire aige nó brisfear é agus a laghad aire agus a thuganns sé dhá phosta.
Is beag a bhí ar t'aire, agus ní raibh tú in ann aon aire a thabhairt don méid sin féin — ní raibh mórán le déanamh agat agus rinne tú faillí sa méidín sin fhéin
+
Tabhair aire do do chuid scoile agus b'fhéidir go n-éireodh posta maith leat aisti amach anseo — fan ag dul chuig an scoil go síoraí, agus freastail don fhoghlaim, agus b'fhéidir go bhfaightheá posta maith dhá barr fós.
Is córa dhuit aire a thabhairt do do theach agus do chlainn ná bheith ag imeacht le drabhlás mar atá tú.
TUILLEADH (1) ▼
Ní thugann sé aon aire dhá chuid leabhar — níl aon spéis aige sa bhfoghlaim, agus ní chaitheann sé léithe
+
Mura dtuga sé aire mhaith dhá theach, is gearr a bheas aon teach aige — mura mbreathnaí sé amach do chúrsaí a thí, is gairid go gcuirtear de dhroim tí é.
Is beag beag an aire atá sé a tabhairt dhá teach ná dá chuid talún.
TUILLEADH (3) ▼
Is fearr leis a bheith ag imeacht le aer an tsaoil ná aire a thabhairt dhá theach ná dhá ghnaithe.
Mura dtuga sé fhéin aire dhá theach feasta, ní bhfaighidh sé a chuid beatha ó neamh — caithfidh sé freastal do chúrsaí a thí uaidh seo amach, arae ní bhfaighidh sé a chuid beatha ina chónaí.
Tá air (aige) anois aire a thabhairt dá theach, ní hionann is ariamh (déarfaí seo dhá bhfaigheadh cúntóir leis, nó a chéile, bás, nó dhá dtagadh cor sa saol nó a leithide)
+
Is beag atá ar a aire fhéin ach a dhul ag an siopa — níl mórán le déanamh aige féin ach a dhul chuig ag siopa.
Lig dhom anois, mar tá rud ar m'aire tharas a bheith ag tabhairt airde ortsa — ná cuir araoid ar bith anois orm mar tá an iomarca le déanamh agam agus ní fhéadfaidh mé freastal duit (b'fhéidir go minic gur imní a bheadh i gceist le rud ar m'aire mar seo)
TUILLEADH (29) ▼
Tá rud ar m'aire anois tharas a bheith ag éisteacht leatsa ag diúgaireacht agus ag abhlóireacht (fc. diúgaireacht agus abhlóir) — tá fuílleach le déanamh agam nó tá mo sháith imní orm, tharas aird a thabhairt ar do chuid cantailse.
Tá rud eicínt ar m'aire anois tharas scéalta a inseacht duitse.
Ba chóra dhuit rud eicínt eile a bheith ar t'aire ná bheith ag baint ghoil as an abhlóir de pháiste sin — ba cheart go mbeadh rud eicínt eile le déanamh agat (nó dhá dhéanamh agat), tharas a bheith ag spochadh agus ag saibhseoireacht leis an gcantalóir de pháiste sin.
Dhá mbeadh rud ar t'aire, ní in do shuí ar do ghogaide a bheifeá an tráth seo de ló
Dhá mbeadh rud ar t'aire, ní i dteas na pluide a bheifeá a leithide de lá breá.
Furasta a aithinte gur beag atá ar t'aire, ag léamh páipéir nuaíochta agus an ghrian go hard ar an spéir fós.
Níl mórán ar t'aire mura bhfuil le déanamh agat lá earraigh ach ag scríobh litreachaí.
Tá rud eicínt eile ar ár n-aire anois agus beidh breith ar na litreachaí — tá rud thar litreachaí a scríobh le déanamh againn anois agus ar aon chor, gheobhaidh muid neart ionú le haghaidh na litreachaí.
An gceapann tú go bhfuil tada eile ar m'aire ach a dhul ag déanamh cuinneogaí dhuitse (cuinneogaí = sórt cluiche a bhíos ag páistí)
Dheamhan mórán ar a aire fhéin ach freastal ar a chuid beithíoch
Shílfeá go mbeadh rud eicínt ar t'aire agus gan a bheith in do spreas istigh ansin.
An bhfuil rud ar bith ar t'aire anois ach ag déanamh soipíní luíche le gasúir (soipíní luiche = soipíní tuí a cuirtear idir gasúir le iad a splancadh chun troda)
Tá neart ar m'aire fhéin ar an aimsir seo tharas a dhul a chúnamh don chomharsa.
Tá go leor ar a aire go deimhin! Ag imeacht ag déanamh bolg le gréin ar chnocáin!
Nach mór atá ar t'aire fhéin nach bhféadfá a dhul agus é a dhéanamh! (adéarfá le duine a bheadh ag iarraidh ort rud eicínt a dhéanamh dhó agus go gceapann tú nach mórán eile atá le déanamh aige fhéin ach é a dhéanamh)
Tá an leisce ar a aire! Sin é a bhfuil ar a aire — ní dhéanann sé tada le leisce.
Caithfidh sé gur diabhaltaí an lear atá ar a aire nuair nach dtéann sé agus an cupla 'meaingeal' atá aige a bhaint shula lobhfaidh siad sa talamh.
Tá rud ar a aire anois tharas aird a thabhairt oraibhse.
Murach a bhfuil ar m'aire fhéin faoi láthair, thabharfainn tamall de lá dhuit leis an bhféar.
Tá an oiread sin ar m'aire agus nach bhfuil mé in ann freastal dhá leath, ná dhá thríú cuid.
Tá an oiread ar m'aire anois agus go gcaithfidh an portach fanacht mar sin go ceann scaithimh eile — tá an oiread le déanamh agam faoi láthair agus nach bhfuil ionú agam freastal don mhóin go cheann scaithimh eile.
Bhí an iomarca ar m'aire an uair chéanna le aon ugach a thabhairt dó — duine a bheadh ag iarraidh fear ceirde nó fear oibre ag obair agus go mbeadh an oiread le déanamh aige agus nach bhféadfadh sé a rá cén uair a d'fhéadfadh sé a dhul leis.
Tá mo dhá dhíol ar m'aire fhéin anois gan a dhul le duine ar bith eile (.i. gan a dhul ag obair ag duine ar bith eile)
Tá an t-uafás ar m'aire faoi láthair — tá go leor le déanamh agam faoi láthair.
Caithfidh tú foighid thairis sin a bheith agat le fear a bhfuil cúrsaí na tíre uilig ar a aire
Is bocht nach mbeadh imní air agus gnaithe na tíre uilig ar a aire.
Ní hé an oiread sin atá ar t'aire fhéin istigh nach bhféadfá giotamáil bheag a dhéanamh amuigh.
Tá tuirsiú a láimhe ar a haire istigh agus gan a bheith ag iarraidh uirthi freastal don áit amuigh chomh maith — tá dalladh le déanamh faoin teach aici agus gan a bheith ag súil go ndéanfadh sí obair amuigh (.i. ar an talamh) freisin
Is ríbheag atá ar a haire fhéin agus gan a bheith ag iarraidh cailín.
c.
+
Tabhair aire dhuit fhéin (adéarfá le duine a bheadh ag cur oilc ort, nó a bheifeá ar tí ionsaí, lena chur i dtuiscint mura n-éiríodh sé as an gceird a bhí air, go dtabharfá faoi nó go mbuailfeá é)
Tabhair aire dhuit fhéin anois, ar chraiceann do chluas.
TUILLEADH (16) ▼
Mura dtuga tú aire dhuit fhéin, agus gan níos mó údair a thabhairt domsa, leonfaidh (liúnfa adeirtear — Conamara) mé do chnámha.
Tabhair aire mhaith dhuit fhéin anois agus tóg t'aghaidh dhíomsa (bain aghaidh do bhéil dhíomsa) nó beidh scéal agat air (beidh tú in aiféala, ní fearrde thú srl.)
Tabhair an-aire dhuit fhéin anois nach mbrisfinnse do phus (do smut)
Is mór an éisteacht atá agam leat. Mura dtuga tú aire dhuit féin anois agus éirí as, fágfaidh mé lorg mo láimhe ort.
Níl a sheasamh agam níos faide. Tabhair rí-aire dhuit féin anois nó ligfidh mise do chuid fola leat (fágfaidh mé in do chuid fola tú; fágfaidh mé séala ort nach scarfaidh leat go luath; atfaidh mé an smut agat; cuirfidh mé streille eile ort; beidh ceol thar phíobaireacht agat; ligfidh mé smaois leat; cuirfidh mé do chuid fiacla in do bholg; déanfaidh mé cón(t)ra dhíot; cuirfidh mé fuil do chroí ar do chac; cuirfidh mé ceirín ort; cuirfidh mé ag tóraíocht luibheannaí thú; cuirfidh mé cruóg dochtúra ort; cuirfidh mé i gcruth na hola tú; srl. srl.)
Is fearr dhuit aire a thabhairt duit féin nó má bhaineann tú asam é, brúfaidh mé do cheithre cnámha ar a chéile (má bhíonn tú ag cocaireacht agus ag baint achrainn asam, leonfaidh mé do chnámha)
Ní maith liom cruóg dochtúra a chur ort, ach mura dtuga tú aire dhuit fhéin tharas mar atá tú, caithfidh mé a dhéanamh as a dheireadh.
Tabhair aire dhuit fhéin anois agus bíodh smideannaí beaga agat.
Tabhair aire mhaith dhuit féin anois nó tabharfaidh mé breithiúnas báis ort lena mbuailfidh mé ort.
Coinnigh do bhéal ar a chéile agus tabhair aire dhuit fhéin nó cuirfidh mé luí fia ort.
Tá an t-ádh ort, mura dtuga tú aire dhuit fhéin, nó déanfaidh mé do lá (déanfaidh mé aon lá amháin dhíot; déanfaidh mé lá soir ort)
Tabhair fíor-aire dhuit fhéin anois nó cuirfidh mise dhá ghob ort i leaba gob amháin.
Mura dtuga sé aire dhó fhéin agus ligean domsa, dhó fhéin is measa.
Mura dtuga sé aire dhó fhéin agus gan aon araoid a chur ormsa, tabharfaidh mise faoi na fabhraí (foraí adeirtear — Cois Fharraige; fabhraí — Iarthar Chonamara) dhó é
Nuair a chuirim fainic air aire a thabhairt dó fhéin agus éirí as, 'sé an chaoi a neartaíonn sé ar a mhaidí — 'sé an chaoi a mbíonn sé ag borradh leis.
Tugadh sé aire mhaith dó fhéin nó fágfaidh mise meacan an chaointe (meacan an ghoil) ann.
d.
tugann cailín nó bean aire di fhéin nuair a choinníonns sí a clú tarrtha agus nach n-éiríonn mísc ar bith di.
+
Tá sé in am aici a bheith in ann aire a thabhairt di fhéin feasta choíchin agus í ar bhruach fiche bliain.
Ní raibh sí in ann aon aire a thabhairt di féin agus tá a chomharthaíocht lena chois anois.
TUILLEADH (6) ▼
Baothóigín (.i. óinseachín) bhocht í nach bhfuil a fhios aici cén chaoi le aire a thabhairt di fhéin.
Is deacair do chailíní boga óga aire a thabhairt dóibh féin ar an saol atá ann.
Níl call fainic ar bith orm; tá mé in ann aire a thabhairt dom féin (adéarfadh bean óg a mbeifí ag cur chomhairle uirthi)
Níor thug sí aon aire di fhéin agus d'fhága sin mar atá sí í.
'Sí an bhean aerach i gcónaí is fhearr a thuganns aire di féin. Ní fhaca tú súm sám ariamh nach ciúin ciontach a bheadh sí.
Ní bhfaighidh aon duine brabach uirthi siúd, mar 'sí atá deas ar aire a thabhairt di fhéin.
e.
+
Tá sé ag tabhairt aire mhaith don tine. Is deacair í a ghoid ná a fhuadach uaidh — cothaíonn sé an tine go maith; leadaí na luatha atá ann.
Tugann sé aire mhaith don bhean — fanann sé abuil sí i gcónaí
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé ag tabhairt aire mhaith don chladach ar an aimsir seo (don phortach, don splainc, don leaba, don teach ósta, don séipéal srl.) — bíonn sé ann i gcónaí.
Tabharfaidh sé sin aire mhaith dhúinn chomhuain is a aireos sé aon bhrabach orainn — beidh sé isteach is amach againn go minic an fhad is a bheidh fhios aige go mbeidh aon bhuntáiste dhó ann.
Thug sé aire mhaith don teach seo an fhad is a caitheadh aon chomaoin leis ann ach tá a fhios aige gur ag brú ar an doicheall dó a theacht anois.
Siúd é an ceann céanna a thabharfas aire mhaith duit an fhad is aireos sé aon phínn agat — cothóidh sé an chois agat an fhad is a aireos sé aon phínn de bhrabach ort.
Thug sé aire don teach seo chomhuain is a d'airigh sé aon bhealaíocht againn (.i. feoil, iasc, nó nuaíocht den tsórt)
Thug sé aire dhúinn an fhad is a d'fhan aon cheo den mhuic, ach is beag an lua a bhí aige muid a thaobhachtáil ó shin.
Tabharfaidh sé siúd aire dhuit má airíonn sé (má fhaigheann sé) aon bhuille bog ionat — beidh sé in do chomhluadar má fheiceann sé go bhfuil tú frasach ná rabairneach ná gnaíúil.
Is maith uaidh aire a thabhairt don teach seo ar an saol seo, pé ar bith cén t-údar atá aige leis — tagann sé ar cuairt go minic anois, pé ar bith cén fáth dhó é.
Má fheiceann sé go mbeidh tada dhá bharr aige, tabharfaidh sé aire dhuit.
Thug sé aire mhaith do Ghaillimh le mí, pé ar bith cén solamar a d'airigh sé ann.
Caithfidh sé go n-airíonn sé solamar eicínt siar faoi na locháin agus an aire atá sé a thabhairt dóibh le píosa.
Tá sé ag tabhairt aire mhaith do na cártaí (don imirt) ar an aimsir seo — bíonn sé síoraí ag imirt chártaí
Tá sí ag tabhairt aire mhaith do na Ceallaigh ar an saol seo agus is bocht nach dtabharfadh, mar is iomaí sin solamar agus beadaíocht atá ag éirí léithe ann"
f.
iongabháil, freastal áirid, cumhdach; a bheith triollata ort fhéin.
+
Tá sé ag fáil aire mhaith — tá sé ag fáil iongabhála agus freastail; an bia a fheileas dó, cógaisí dochtúra agus eile.
Tá sé ag fáil aire na huibhe — an-aire ar fad; tá siad ag caitheamh go maith leis.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé ag fáil aire ar leith — an-aire; togha aire.
Ní mór dhó aire a fháil le theacht chuige féin.
A dhá dhíol aire atá sé a fháil. Maróidh an bheatha é nó tá goile capaill aige
'Dá bhfaigheadh sé a dhóthain (a sháith, a dhíol) aire,' adeir an dochtúr, 'thiocfadh sé as.'
Dhá bhfaigheadh sé aire ó thosaigh sé ag fuasaoid an chéad uair, dheamhan bás na bascadh a bheadh air inniu.
Mura bhfuil sé sin ag fáil aire, ní lá go maidin é.
Tá sé sin ag fáil an oiread aire agus a gheobhadh triúr — tá an oiread bídh le triúr dhá fháil aige.
Má tá sé ag fáil neart aire fhéin, níl sí ag déanamh a dhath maitheasa dhó
Dhá bhfaigheadh sé an oiread eile aire, ní bheadh slacht a chodach air, pé ar bith cá'il sé dhá chur — níl an bheatha, ná an oiread eile beatha agus faigheadh sé í, ag déanamh aon mhaith dhó, pé ar bith cá gcuireann sé í (.i. an bheatha)
Is ait an aire nach mór dó a fháil más leis a theacht as.
Tá díol rí d'aire dhá fháil aige — an oiread aire agus a gheobhadh rí
Faigheann sí díol mná uaisle d'aire nuair a bhíos sí i luí seoil.
Is mór an carghas an aire atá an suachmán (somachán de pháiste; páiste bog, beathaithe) sin a fháil, agus páistí bochta eile ag scríobadh leis an nganntan
Tá an lao sin ag fáil aire an duine uaithi — caitear chomh maith leis agus a caithfí le duine.
Dhá bhfaighinnse an aire atá mac an bhreithimh a fháil, chaochfainn é ar mo rogha caoi — dhá bhfaighinn an bheathú chéanna leis, ní bheadh aon ghair aige orm le obair ná gaisce ar bith.
+
Tugann sé an-aire dhó fhéin; ní fheicfidh tú amuigh é lá fliuch — tá sé triollata air fhéin; ní bhíonn sé amuigh faoi fhliuchán ná faoi fhuacht ná faoi dheartan.
Thug sé an-aire dhó fhéin ariamh, agus ní raibh pian ná tinneas air.
TUILLEADH (28) ▼
Ní thugann sé aire ar bith dhó fhéin. Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi fhliuchán i gcónaí.
Fuair sé saol maith d'fhear nár thug aon aire dhó fhéin ariamh — mhair sé i bhfad, ainneoin go mba fear é a fuair fuacht is fliuchán agus drochshíon.
Is maith an mhaise dhó é fós, do dhuine nár thug mórán aire dhó fhéin ariamh — is maith atá sé ag breathnú fós, cé gur fear é a bhíodh faoi fhliuchán agus faoi fhuacht, agus amuigh domhain san oíche agus nach gcaitheadh go maith leis fhéin srl.
A dhá ndíol aire a thuganns cuid de na daoine dhóibh féin. B'fhéidir go mbeidís chuile orlach chomh maith dhá mbeidís gan a leathoiread aire a thabhairt dóibh fhéin.
Bhí an slaghdán ina chrioslaigh agus níor thug sé aon aire dhó fhéin ach ag róithireacht thart (.i. ag greadadh thart, ag imeacht thart) ag céilíochaí, agus sin é a chuir sa talamh é.
Bhí fuíoll slaghdáin air agus níor thug sé aon aire dhó fhéin gur buaileadh síos in athuair é. Bhí sé mall aige ansin (aire a thabhairt dó fhéin)
'Sé an tsiocair bháis a bhí aige nár thug sé aon aire dhó fhéin ar an slaghdán a bhí air. Ní choinneodh fear is píce istigh é, ag déanamh amach nach raibh clóic ar bith air.
Ní hé an uair atá sé in ainseal ar dhuine atá aige a bheith ag tabhairt aire dhó fhéin — ní hé an uair atá sé go dona leis an tinneas nó leis an ngalra atá ag an duine aire a thabhairt dó fhéin, ach roimhe sin.
'Sé an uair a bhuail an slaghdán an chéad uair é a bhí aige aire a thabhairt dó fhéin.
Ní ligfeadh an t-uafás dó siúd aire a thabhairt dó féin (uafás = saint oibre)
Mura dtuga sé aire dhó fhéin thar mar atá sé a dhéanamh, is gearr an bás uaidh.
Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, thabharfadh sé aire dhó fhéin in am.
Is mairg do dhuine nach dtugann aire dhó fhéin an fhad is fháganns Dia an tsláinte aige.
Dhá dtugadh sé aire dhó fhéin, agus fanacht ó na cladaí, bheadh sé beo beithíoch inniu.
Ní raibh aon chomhairleachan ina chionn. Is cuma céard adéarfá leis, ní thabharfadh sé aon aire dhó féin.
Mura dtuga tú aire dhuit féin anois an fhad is tá agat (.i. an fhad is atá tú go maith), tiocfaidh do chois romhat aríst
Is mairg duit nár thug aire dhuit fhéin chomhuain is a bhí do shláinte agat.
Níl sé ag tabhairt aon aire dhó fhéin agus tá faitíos orm go dtiocfaidh sé in aiféala dó, mura bhfuil ag Dia.
Ní díol trua ar bith é nár thug aire dó fhéin nuair a bhí biseach aige.
Ba deacair dhó aire a thabhairt dhó fhéin agus a raibh gan (le) déanamh aige.
'Sé an bhuíochas amháin atá air anois agus dhá dtugadh sé aire dhó féin.
'Sí an fheamainn a chuirfeas síos sa talamh (.i. san uaigh) é, mura dtuga sé aire dhó fhéin.
Mura dtuga sé aire dhó fhéin ar thuaradh na maidne, beidh sé in aiféala — is olc an rud dó mochóirí.
Dhá dtugadh sé aire dhó fhéin (dá mbeadh sé triollata air fhéin) ní amuigh le cladaí ag tóraíocht fheamainne ó oíche go maidin a bheadh sé.
Dhá mbeadh faoi aire a thabhairt dhó féin, ní hé an saobhnós a bhíodh faoi, a bheadh faoi.
Ba chóra dhó aire a thabhairt dhó fhéin, agus fanacht istigh, tharas a bheith amuigh ar an gcriathrach sin ar aghaidh na doininne agus na riteachta.
Shílfeá gurb é an rud is lú dhó aire a thabhairt dó fhéin agus an drochlá a ligean thairis.
Tabhair aire do do chois anois agus ná déan aon teanntás uirthi go snadhma na cnámha aríst — déarfaí caint den tsórt seo le fear a bhrisfeadh, a leonfadh, nó a chuirfeadh amach a chos; ná luigh rómhór ar do chois, nó ná lig do mheáchan mórán uirthi, go bhfása an dá chnámh ina chéile aríst.
+
Tá sé i gcónaí ag tromachan ar bhean a mhic nach bhfuil sí ag tabhairt a cheart aire dhó (a sháith aire)
'Sé an leathrann céanna atá aici ó phós an mac, nach bhfuil an bhean óg ag tabhairt aire ar bith dhi.
TUILLEADH (6) ▼
Ba chomaoin di aire mhaith fhéin a thabhairt don tseanfhear agus a liachtaí punt mór pinsean a thug sé isteach aici.
Ba chomaoin di aire a thabhairt don tseanbhean agus gurb í a thóg a clann di.
Is olc an oidhe aire é, mar ba dona an aire a thug sé fhéin dhá bhean bhoicht
Tá mé meata aige lena bhfuil mé a thabhairt d'aire dhó agus dheamhan mórán dhá shlacht air ina dhiaidh sin.
Shoraidh dhíot le caoi a bheith ort! Dhá mhéad aire dhá dtuga mé dhuit, chun donacht a thiocfas tú (déarfadh duine caint den tsórt seo le gamhain, goisín, sicín, banbh srl.)
Thug muid ar fhéad muid d'aire dhóibh agus chuaigh siad ina n-aghaidh ina dhiaidh sin (bainbh nó beithígh) — cailleadh orainn iad, théis ar thug muid d'aire dóibh.
+
Srianfaidh sé thríd (an tinneas) le aire — má fhaigheann sé an iongabháil agus an altramacht cheart, tiocfaidh sé chuige fhéin.
Mura dtaga sé as le aire, tá a chnaipe déanta.
TUILLEADH (9) ▼
Tiocfaidh sé as le aire (as tinneas)
Tiocfaidh sé as le aire, ach ní mó ná sin é — gan aire mhaith, ní thiocfaidh aon bhiseach air.
Beidh liostachas fada air (.i. beidh sé i bhfad buailte síos), ach srianfaidh sé thríd le aire.
Ní thiocfaidh aon bhiseach air gan aire.
Sílim féin nach uireasa aire a rinne dhó chor ar bith é ach go raibh sé tolgtha ó Dhia agus ón saol.
Deirimse aire leat! Tá sé ag fáil na haire chéataigh (aire chéatach = an-aire amach is amach)
Ní mórán call aire dhó; nach bhfuil sé ina sheanléim aríst.
Mura bhfuil sé ag neartú, ní hí an aire atá dhá dhéanamh dhó — tá sé ag fáil a sháith aire le neartú.
Má imíonn sé, ní cheal aire é — má fhaigheann sé bás, ní d'uireasa aire é
2.
a.
+
Aire dhuit! — bí ar t'airdeall fhéin; fainic; seachain chugat!
Aire dhuit! Chugat an madadh! — bí san airdeall ar fhaitíos go n-ionsódh an madadh thú.
TUILLEADH (9) ▼
Aire dhuit a Phádraig. Chugainn na póilíos!
Aire dhuit! Téirigh ar an mbrocach sin, tá an coinín ag déanamh orainn.
Aire dhuit! Nó tiocfaidh an sagart i ngan fhios orainn
Aire dhuit! Seo é Seán!
Aire dhuit! Ná bí ag titim i do chodladh ansin.
Aire dhuit! Go gcaithe mé an píce chugat.
Aire dhaoibh! Tá duine taobh amuigh.
Aire dhaoibh! Cloisim troimpléasc eicínt ag tóin an tí.
Aire dhuit! Is gearr uait anois (.i. is gearr uait daoine)
b.
+
Ghoin m'aire mé (ghoin 'aire é, srl.) — chuimhnigh mé; bhí mé san airdeall orm fhéin; dar liom fhéin; brath nó tabhairt faoi deara.
"Níor aithin sé mise — tuige a n-aithneódh? — ach d'aithin mise eisean ar an bpointe, agus ghoin m'aire mé gan labhairt ar thada" (Sliocht In Aimsir Emmet, Colm Ó Gaora a d'aistrigh, lch 14) — facthas dom go mb'fhearr dom gan labhairt ar thada
TUILLEADH (12) ▼
"Thosaíos ag smaoineadh agus ghoin m'aire mé. Diabhal a féidir gur tú Morell adeirim leis" (In Aimsir Emmet, lch 98)
"Bhí an rud dhá fheiceáil dom ar feadh tamaill ach níor thugas mórán airde air, mar ní raibh nóiméad den am nach ag smaoineadh ar Pheadar Ó Mathghamhna a bhí mé, agus ag súil leis agus mé ag dearcadh amach go neamhshuimiúil gan rud áirid ar bith dhá chronú agam gur ghoin an rud seo m'aire" (In Aimsir Emmet, lch 296) — gur bhraitheas an rud seo.
"Ag déanamh ar an áit a raibh mé faoi choisméig bheoga thapaidh dóibh, ghoin radharc eile m'aire a d'ídigh de thoirt an chéad radharc" (In Aimsir Emmet, lch 313) — chonaic mé nó thug mé radharc eile faoi deara.
Ghoin m'aire mé nuair nár chuala mé aon chneadaíl sa seomra. Ar a dhul siar dhom, bhí sé ar na preaba deireanacha — chuimhnigh mé go raibh rud eicínt ar an othar nuair nár chuala mé ag cneadaíl é; chuaigh mé siar sa seomra agus bhí sé ag séalú romham.
Ghoin m'aire mé gurb é an ceann seo (.i. a mhac fhéin) a bhí gortaithe agus lig mé liom fhéin go bóthar.
Ó ghoin m'aire mé an chéad uair, ní fhéadfainn foras ná suaimhneas a dhéanamh go dtéinn faoina dhéint (bean a raibh faitíos uirthi gur buaileadh a fear i dteach cuarta mar chuala sí gleo ina teach féin)
Ó ghoin m'aire mé; bhí mé priaclach go dtagadh sé abhaile
Ghoin a aire an fear a bhí taobh amuigh faoi nach raibh aon duine ag teacht amach as an gcaisleán — chuimhnigh sé go gcaithfeadh sé go raibh mísc eicínt ar siúl istigh nuair nach raibh aon duine ag teacht amach.
Ghoin m'aire mé nuair a chonaic mé chomh glan sciúrtha agus a bhí a léine le hais na gceamachaí eile a bhí air. 'Más ceannaí thú,' arsa mise liom fhéin, 'is maith í do léine' (spíodóir a chuaigh thart agus é ag ligint air fhéin go mba fear bocht é aimsir na nDubhchrónach. Braitheadh ar a léine é)
Níor ghoin m'aire mé ariamh ariamh gur dhúirt sé go bhfágfadh sé agam an t-éadach agus go bhféadfainn é a íoc an chéad lá eile a gcasfaí an bealach é. Bhí a fhios agam an uair sin nach raibh sé ach ag iarraidh é a chur orm.
Ghoin m'aire mé nuair a tháinig an madadh agus gan aon duine in éindí leis.
Ghoin a aire Seán agus chomh sleamchúiseach agus a bhí an strainséara dhá cheisniú faoin bpoitín — thuig sé ón gceisniú sleamchúiseach go mba spíodóire é an strainséara.
c.
·
Tabhair faoi deara (faoi t'aire? fc. deara)

aire in iontrálacha eile (50+)

 
Ná bac le na Gearmánaigh bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirgthe leis an ocras
 
M'anam go bhfuil framsáil ar aire an cheann s'againne ar an aimsir seo. Tá speireach ar a chois
 
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
 
fána
Aire dhuit ansin! Tá an púcán crinnte (linn). Ligfidh muid le fána í agus seolfaidh muid amach fúthu. 'Sé an beart is fhearr é sílim
 
fóir
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thiteann aon fhód astu é a chur faoina ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, ar ndóigh. Nuair a bhí rud aige ní thabharfadh sé aire dó
 
cab
Tabharfaidh mé isteach ar an gcab dhuit é mura dtuga tú aire dhuit fhéin! — buailfidh mé thú.
 
Tabhair aire do na bairnigh sin nó íosfaidh an camán luatha ort iad. Itheann sé bairnigh ar ghasúir bheaga.
 
Tá sé an-mheirbh (uan óg), ach le cinnireacht agus aire srianfaidh sé thríd.
 
Ní mhúinfeadh máistrí scoile na hairí aon fhocal foghlama dó nuair nach mian leis fhéin tada a thógáil. D'ordaigh cinnire cúnamh
 
Lig de do chuid cipiléireacht chainte anois. Tá rud eicínt eile ar m'aire.
 
Is deacair dom ciseadóireacht a dhéanamh nuair nach bhfaighim aon fhreastal. Nach bhféadfadh sibh na slata sin a bhruith agus a dhlaoithiú ó tharla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
 
colg
Mura dtuga tú rí-aire dhuit fhéin ar an mbreac sin, gearrfaidh na coilgní thú.
 
Is comaoin di aire mhaith a thabhairt don tseanchailligh agus a liachtaí punt mór pinsean ar rug sí air dá barr.
 
Mura dtuga sé aire dhó fhéin, de dhroim tí a bheas sé. Tá a fhios ag an saol Fódlach nach é a mhalrait de chosúlacht atá air.
 
Má dhéanann tú círéabachaí de na breacáin sin anois, beidh moill ort aríst shul ó gheobhas tú foireann nua. Mar sin, tabhair aire dóibh.
 
baile
Is gearr nach mbeidh aon bhaile agaibh mura dtuga sibh aire dhó thar mar atá sibh a thabhairt — is gearr nach mbeidh teach ná talamh ná tada eile agaibh mura dtuga sibh airde ar a ngnaithe agus ar a gceann oibre.
+
Sin é a bhfuil ar a aire — a bheith i mbéal an bhealaigh ansiúd — leis an mbean soir, agus leis an mbean siar, a thíolacan píosa den bhóthar!
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mé leath bealaigh isteach an doras nuair a ghoin m'aire mé, agus loic mé aríst.
Is suarach an t-ionadh go mbíonn an cuntas as bealach agus laghad an staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dhéanamh suas. Fhóbair gur bhain sé scilling is chúig phínn thar an gceart díom an lá faoi dheireadh murach gur ghoin m'aire mé agus gur iarr mé fhéin an leabhar.
Tá bealach deas glan aige má thugann sé aire dhó, ach is iomaí duine níos críonna ná é ar imir an t-ól air.
 
Ní dhéanfadh bealadh na hairí aon mhaith don bhall oirnise sin anois, arae tá sé caite ó Dhia agus ón saol.
 
Is contúirt é an bóthar sin siar anois ag fear bicycle. Tá sé chomh bealaithe sin ag an mbáistigh agus go sciorrfadh an bicycle fút, mura dtugtá an-aire go deo dhuit féin air.
 
coiric
Tabharfaidh mise iarraidh ar an gcoiric dhuit mura dtuga tú aire dhuit fhéin.
 
Tá chuile áit ina mhoirt ag an mbáistigh, ach chreidim gurb é nádúr na haire é. Deile cén chaoi a mbeadh sí ar choraice dhubh na bliana.
 
Ní thaitníonn na crochaillí sin chor ar bith liom. Tinneas gorálach é an slaghdán sin agus is furasta leis a dhul in ainseal mura dtuga duine aire mhaith dhó fhéin air.
+
beo 1
Leagha na bhFiann ní dhéanfadh beo aríst é; ní dhéanfadh dochtúirí na hairí beo aríst é.
TUILLEADH (1) ▼
Fág mo bhealach go beo. An síleann tú nach bhfuil tada ar m'aire ach an oiread leat féin?
 
'Sé mo chomhairle dhuit aire a thabhairt duit fhéin ar an gceann sin, nó tiocfaidh sé sa mbile buaic ort de do sheacht míle buíochas.
+
bior
Mura bhfuil bior eanga uirthi muis, ní cheal aire é, arae tá chuile shórt ar fheabhas aici sin dhá bhfuil sí in ann caitheamh a chur ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá aire an linbh le fáil aige sin — bior in aon tsúil.
 
blogam
Tabharfaidh sé aire don teach sin an fhad is aireos sé aon bhlogam fuisce ina dtimpeall.
 
bocht 1
Tá a dhóthain ar a aire thairis anois, an duine bocht.
 
Tabhair aire do na breacáin sin anois. Is fada aríst go mbeidh mise in ann aon fhoireann nua a cheannacht dhuit.
 
Aermáil agus éirí in airde a chuirfeas de dhroim tí é mura dtuga sé aire thar cionn dó féin.
 
Beidh tú in aiféala mura dtuga tú aire dhuit féin (adéarfaí le duine a bheadh ag déanamh ealaíne, ábhailltí, mioscais nó faillí eicínt, agus go mbeadh sé in áirid a bhuailte nó a bhriseadh as a phosta)
+
Deir siad nach bhfuil beithíoch is measa duit bualadh fút san oíche ná an broc, ní scarfaidh sé lena ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl sé mé a bhualadh faoi i ngan fhios, ach ghoin m'aire mé agus bhí mé deisithe faoina chomhair.
 
buail
Mura dtuga tú aire thairis sin do do ghnaithe, buailfidh tú bóthar deirim leat — máistir le spailpín
 
Is ar an mbóthar céanna atá bualadh na hairí — tá an-bhualadh air
+
buille
Dheamhan buille maitheasa ar bith a bhí air ansiúd, ach ina dhiaidh sin, níor lig an leisce dhó aire a thabhairt dhá cheann posta
TUILLEADH (1) ▼
Murach a chuid leisce agus leointíochta fhéin nár thug aire dhá ghnaithe, dheamhan buille ar bith a bhí air sin sa teach mór; ach bhuail uabhar é agus fágann sin é fhéin go dona anois.
 
ainm
Mura dtuga tú aire dhuit fhéin, beidh t'ainm i mbéal na ndaoine as a dheireadh.
 
aird 2
Níl aire ná aird agaibh ar luach leithpínne mura mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt — níl aon airde agaibh ó Dhia anuas ar thada srl
+
airde 1
Caithfidh tú an bhóithreoireacht a chaitheamh in airde más leat aire a thabhairt do do ghnaithe.
TUILLEADH (1) ▼
Caith do chuid aeraíola in airde agus tabhair aire do do ghnaithe.
+
D'fhága mé ag tabhairt aire don teach í ach is beag an aireachas a bhí aici air.
TUILLEADH (1) ▼
Tuige nach ndearna tú aireachas ar an asal tharla nach raibh tada eile ar t'aire.
+
airigh
Ach a n-airí tú teas an Mí Mheáin ag dul faoin gcraiceann agat, tiocfaidh an cóta mór anuas (caithfidh tú dhíot é.)
TUILLEADH (1) ▼
Murach go n-airíonn sé cóir iad, ní thabharfadh sé an oiread aire dhóibh agus a thugann sé — tá a fhios aige go bhfuil siad gnaíúil agus sin é an fáth go dtéann sé go dtí iad chomh minic.
 
amach
Beidh mo cheart go binn le déanamh agam agus aire a tabhairt do mo ghnaithe féin uaidh seo amach.