Arsa
—briathar
—
dubhairt; do ráidh. Tá "arsa" seirgthe go mór i gCois-Fhairrge mar seo, cé's moite i sean-scéalta agus i leagan amháin "arsa tusa", a gcuirtear streille ar a gcéill ann. Tá sé an-choitchiannta fós ar Achréidh na Gaillimhe agus is minic nuair is ainm-fhocal atá in a dhiaidh go gcuirtear isteach in ath-uair é indiaidh an ainm-fhocail, agus réamh-fhocal sé nó seisean fastuighthe de i.e. "arsa Seán, arsa seisean". Baintear leas as igCois-Fhairrge leis a' gcainnt adubhairt tú le duine eile a aithris, ach is cúrsaí leath-mhagadh a bhíos i gceist go minic mar sin.
a.
·
'Níl fhios agam a' ndéanfadh sin na gnaithí' arsa mise (Cois-Fhairrge)
Árannach (an chéad uair a bhfaca sé mótor): 'Bhfeiceann tú anoir a' teach ar eitreoig' adeir a' t-Árannach; Cois-Fhairrgeach: 'Sin mótor' arsa mise.
+–
'Tear' isteach annseo, agus béarfa mise lóistín na h-oidhche dhuit' arsa an tsean-scológ, arsa seisean (Achréidh).
'Tá'n cómhar briste' arsa Seán, arsa seisean.
TUILLEADH (1) ▼
'Nach mór an breathas atá orraí(b)' arsa Riocard, arsa seisean 'go leigfe sibh a gcuid caorach isteach ormsa'.
b.
+–
'Is deas an chaoi é' arsa tusa (nuair a d'innseochthá rud eicínt do dhuine, agus thú cur na cainnte ba cheart dó a rádh faoi, dar leat, in a bhéal, nó a' toghaint na cainnte air, déarfá seo — Cois-Fhairrge)
'Is siléigeach an chaoi do dhuine' arsa tusa 'a bheith triomú a chuid móna ar anna na Féile Michil thall', ach cé'n neart a bhí agam air.
TUILLEADH (2) ▼
'Nach béalráideach an mhaise dhom é' arsa tusa 'agus an méid sin a innseacht dó', ach le na chuir ar an áirdeall a rinne mé é
'Is mairg nach mbíonn foighid aige', arsa tusa, ach sáthach fada atá muid a' cur stuaim ar a' bhfoighid chéadna (féach stuaim)
Arsa in iontrálacha eile (50+)
→
fara
"Och, och," arsa an chearc, agus í ag dul ar an bhfara, "Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chloinne Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag" (As "Cearc agus Coileach")
→
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir annsin ar feadh an lae, agus ní raibh mé san mbaile ag dinnéar ná ceó. Caithfidh an dícéille féin a bheith ann, arsa tusa
→
fóir
"B'fhearr dhuit fóirínt a dhéanamh orm" adeir sí. "Níl airgead an chíos agam". "Ba diachta dhuit dhá mbeadh", arsa mise, "agus é ólta agad. Cé a dhéanfadh fóirínt orm fhéin, dhá mbeadh easbaidh ná uireasa orm?"
Ní chloisfeá méir i gcluais sa teach s'againne ag cantaireacht putaigh. Is minic a fuaidh sé thríom toisighe dá léasadh, ach má dhéanaim sin leobhth' beidh na h-ollghártha ann chomh maith céadna. 'Mara chéile an ballséire a's a ghiolla' arsa tusa.
→
ceal 1
Tá chuile shórt ar fheabhas aige — díol rí má thogruigheann sé. Níl de cheal air, ach ceal goile le caitheamh a chuir ann, a's cé measa beirthe é, arsa tusa.
Ara, ní féidir dhó a bheith chomh coilgneach sin! InDomhnach shíl mise gur duine an-mhín é, ach 'sé m'eolas air é, arsa tusa.
→
cora
Chuirfeadh sé siúd carra chainnte ar thaisí, ní áirmhighim a mhalrait. 'Sé atá príbhléiseach, ach cá bhfágfadh sé é arsa tusa, cineál Ch. L.
→
cuideáin
Níl ar ar gcuid cearc ach éanachaí coideáin 'chuile lá 'san aer. Tá na trí theach eile imbéal a' doruis againn, a's tá na cearca a' déanamh imirce 'chuile ré soluis. Sé'n chaoi mbíonn sé amanntaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
Dar mo choinsias is do-chreidthe an scéal é, scurach chomh cúilialta leis sin, a bheith ag gabhail thart ar a' gceird sin. Ach d'íosfadh na muca ciúine fhéin a' triosc arsa tusa.
+
→
baile
Tá'n baile ina dhá mhuinntir ag a' diabhlánach sin siar. Marach eisean, b'fhurasta ceart a bhaint de'n chuid eile, ach cé beag a dhonacht' arsa tusa.
TUILLEADH (2) ▼
Chomhair mé a raibh agam — bonn a's leithpighinn. 'Is gearr orm an bonn a's leithphighinn seo' arsa mise liom péin, a's sin é an uair a chuimnigh mé ar an rud adeireadh M. Th. 'ndéana Dia maith air: 'fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
Dia dhár réidhteach, arsa tusa, i bhfad ó bhaile.
→
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh, le fuisce a's bladaireacht, a's dheamhan a chos nach ndeacha in éindigh leis. Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfad sé, ach caithfe an dithcéille féin a bheith ann, arsa tusa.
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill a' bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — a's ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nachar áit buaile ná sean-bhaile a' bith dhó, teach a bhfuil triúr inghean le cur i gcrích ann fós.
→
aire
Ghoin m'aire mé, nuair a chonnaic mé chomh glan sciúrtha agus bhí a léine le h-ais na gciomachaí eile a bhí air. 'Má's ceannuidhe thú' arsa mise liom fhéin 'is maith í do léine' (spiadóir a chuaidh thart, agus é leigint air fhéin go mbadh fear bocht é aimsir na nDubhchrónach. Brathadh ar a léine é)
→
áirgiúil
'Mara 'ndéana tú níos áirgeamhla ná sin é' arsa mise leis, 'is fearr dhuit fanacht sa teach a bhfuil tú'.
→
flasach
Tá siad flasach, bíodh an cur leis ionta nó ná bíodh. Ach is mór a mhealltar le dath, arsa tusa. Gheobha siad fir agus nach cuma dóibh!
→
fleasc
Tá túirne annsin thuas agus í slán cés móite de fhleasc an roth. Ach cé measa beirhe é, arsa tusa. Dhá mbeadh duine eicínt ann a bheadh indon fleasc a dhéanamh, d'fhéadfadh duine de na mná seo a dhul ag sníomhachán lom láithreach. Chreidim dheamhan ceo a rinneadh léithe le dhá bhliain déag cheana
→
flith 1
Níl mórán soip ionta, cés moite den fhlith sin, ach cé beag dóibh a dhonacht, arsa tusa. Sin í an cailín atá indon a bplúchadh
→
frapa
Bhí an scéal fuaruithe agus an troid thart nuair a thosaigh P. ag cur frapaí faoi aríst. Níor mhinic leis an réiteach a bheith san áit a mbeadh an ceann céanna, arsa tusa
→
frontach
Níl innte ach frontachín bheag. Ach 'ar ndú' mara bhfuil sé suas agus anuas inte, tá sé siar agus aniar agus anonn agus anall inte, arsa tusa. Bíonn gabhail na gaoithe san duine beag féin amanntaí
→
fuaim
Cho luath agus adúirt an sean-fhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtiúrfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. "B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa", arsa mise, ar an bpuinnte. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
Déarfadh na seandaoine fhéin nach bhfuil rud ar bith cho feálltach le focal duine uasail, ach fuair mise le léamh é inniu. Ach mo chreach an duine uasal, arsa tusa. Duine uasal anuas de lota na gcearc
→
foighid
"Tá dhá chéad acra talúna aige" arsa mise, "agus an teach mór sin a fheicfeas tú, agus gan neach an aoin bheó abuil sé ach buachaill". "Níor phós sé ariamh", adeir an spailpín. "Níor phós" arsa mise. "Ba diabhaltaí an fhoighid a bhí aige", adeir an spailpín = go raibh sé indon troisceadh ó phósadh nó ó mhná
→
fuis
Tá sé cinnt ormsa fuis ná fais a fháil ar an bpáipéar seo. 'Ar ndú' sé mo scil ann é arsa tusa. Tá siad ag fiafraí ann ar chuma ar bith a bhfuil aon-phínn san mbeainc agad!
→
fód
An bhfuil a fhios agad cé a tháinig ar an bhfód, an puinnte céanna ach J. Ceann an réitigh, arsa tusa! = i láthair, san áit a rabhamar
→
fidín
Dhá mbeadh an fidín seo fhéin déanta, bheadh comhshnáth faoi (gó-snáth?), arsa tusa. Ba mhór an mhaith sin fhéin. Is fada go mbeidh sé go cloch spideóige. Tá aon-bhliain amháin air (teach).
Is fuarchúiseach an áit é seo ag pócaí falamha, arsa tusa. Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile ghéar, adeir siad.
→
abair
Abair: "ceirtlín bhog bharraigh ar bhogbhallaí an tighe: bog bog, arsa an t-óg-bhodach ar bhog-bhallaí an tighe." Abair sciobtha é (má dheireann, tuigfidh tú an gaol atá ag an gconson "g" leis an gconson "d")
'Sí an t-oibridhe is fearr in Éirinn scaithtí í, ach amanntaí eile, ní thiubharfadh sí deoch uisce agad dá naomhtaí thú. Tá sí sáthach daighceamhall deirimse leat. Ach cá bhfágfad sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
→
dairt
Ní raibh ins an "bpassáil" (scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí má's fíor dó fhéin, i gcomórtas an "phassáil" a chuaidh ar a mhac-seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfuigheadh sé faoi'n a foraí (fabhraí) é, hébrí (pé'r bith) céard a "phassáil" an mac
→
damba
Chuir siad damba ar an abhainn sin thiar mar dhóigh dhe go gcuirfidís ag lasadh an S. le solus í. Níor chuala mé aon-cheo faoi'n solus ó shoin ach cloisim gur mór an leas do shaigheadóirí an damba. Ach arsa tusa ní theagann síon idtír nach fearrde duine eicínt.
+
→
danra
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon-bhun muis. Thosuigh sé thar cionn, ach 'ar ndú, ní de'n abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ro-dhána. Níl neart agad focal a rádh leis, mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mh[ac] dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.
TUILLEADH (1) ▼
Chaith muid an bhliain ag athchuinghe air an garrdha thíos a chur. Bhí sé comhgarach agus so-leasuighthe. Dubhrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasuighthe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhuinn. An garrdha seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon-chúl air, ná an chreafóig chloch bheag a dteastuigheann riar maith uaithe len a leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach scriocháin (creacháin). Tabhair scriocháin orra. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
→
daoire
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaidh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon-uaim amháin go gceannuighinn báinín. Dheamhan báinín a leigfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. "Chonnaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn aca ag dul abhaile agam air" arsa mise. "Bailigheadh leo anois. Imeochaidh mé ins na ciomachaí scathamh eile"
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
→
daol
Bhuel teagann daol uilc air scaithtí agus bíonn sé cho corruighthe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé laogh as 'chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath agus a dteigheann sé 'un míneadais aríst dheamhan duine go h-iomaoi is fheilmheanaighe ná é. Bhainfeadh naoidhneán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa caithead sé cloch
→
deachma
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionnam in imeacht cupla mí. Marach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé.
→
deacrach
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gábhail ar an bhfarra; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chloinne; A dhul is an áit nach bhfillfidh go h-éag." (as amhrán greanmhar "Coileach agus Cearc")
→
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaidh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag pléidh leis an bhfeamuinn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ballséire agus a ghiolla. Tá cur-faoi-ionga anois deanta aice ar chaoi ar bith
→
dearna
Ag imeacht ar mo dhearnachaí atá mé ó mhaidin ag baint féar ascalla. Is meathta an cheird sin, arsa tusa
Cé'n sórt deidiorún de mhac é siúd aige. Chonnaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de "mhaingiols" aige ar an asal. Bhí leathtromadh i gceann de na cléibh. "Cuir cloch 'sa gcliabh sin" arsa mise "nó ionntóchaidh an t-ualach." Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur ionntaigh an t-ualach. "Cuir suas anois é" arsa mise "má's breagh leat"
→
deilbh 1
Tá muid deilbhighthe amach anois le dhul ag réabadh portaigh, agus arsa tusa tá sé in am sin againn
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoin a fhiacail, agus ag giorán (gearán) go neámhaí, agus thob ann agus thob as aige. D'eirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. "Mara bhfuil rún agad a thabhairt uait" arsa mise, "coinnigh é," agus amach liom an dorus
Thosuigh siad de mo chur ó dhuine go duine, leis an aisiléaracht sin, agus dubhairt M. faoi dheireadh, go gcaithfinn fanacht go dteagadh S. abhaile agus go dtiubhradh sé sin dom é. Chonnaic mé féin gurb é an chaoi a raibh sé go n-íocfadh an fear thoir an fear thiar agus go n-íocfadh Dia an fear deireadh. Shuidh mé féin síos. "Seo ní fhágfaidh mé" arsa mise "dhá gcaithinn bliain ann, nó go bhfaghaidh mé é"