Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
arsa
briathar
dúirt; do ráidh. Tá arsa seargtha go mór i gCois Fharraige mar seo, cé is moite i seanscéalta agus i leagan amháin arsa tusa, a gcuirtear streille ar an gcéill ann. Tá sé an-choitianta fós ar Achréidh na Gaillimhe agus is minic nuair is ainmfhocal atá ina dhiaidh go gcuirtear isteach in athuair é i ndiaidh an ainmfhocail, agus réamhfhocal sé nó seisean fostaithe de .i. arsa Seán, arsa seisean. Baintear leas as i gCois Fharraige leis an gcaint adúirt tú le duine eile a aithris, ach is cúrsaí leathmhagadh a bhíos i gceist go minic mar sin.
a.
·
'Níl a fhios agam an ndéanfadh sin na gnaithí,' arsa mise (Cois Fharraige)
Árannach (an chéad uair a bhfaca sé mótar): 'An bhfeiceann tú anoir an teach ar eitreoig,' adeir an t-tÁrannach; Cois Fharraigeach: 'Sin mótar,' arsa mise.
+
'Teara isteach anseo agus béarfaidh mise lóistín na hoíche dhuit,' arsa an tseanscológ, arsa seisean (Achréidh)
'Tá an comhar briste,' arsa Seán, arsa seisean.
TUILLEADH (1) ▼
'Nach mór an breathas atá oraibh,' arsa Riocard, arsa seisean, 'go ligfidh sibh a gcuid caorach isteach ormsa'
b.
+
Is deas an chaoi é, arsa tusa (nuair a d'inseofá rud eicínt do dhuine agus thú ag cur na cainte ba cheart dó a rá faoi, dar leat, ina bhéal, nó ag tóint na cainte air, déarfá seo — Cois Fharraige)
Is siléigeach an chaoi do dhuine, arsa tusa, a bheith ag triomú a chuid móna ar ana na Féile Michíl thall ach cén neart a bhí agam air.
TUILLEADH (2) ▼
Nach béalráiteach an mhaise dhom é, arsa tusa, agus an méid sin a inseacht dó ach lena chur ar an airdeall a rinne mé é
Is mairg nach mbíonn foighid aige, arsa tusa, ach sách fada atá muid ag cur stuaim ar an bhfoighid chéanna (fc. stuaim)

arsa in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí an faitíos mór orm agus ní gan ábhar, arsa tusa
 
fara
"'Och, och,' arsa an chearc agus í ag dul ar an bhfara, 'Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chlainne; Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag'" (As Cearc agus Coileach)
 
feiste
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
 
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
 
fóir
'B'fhearr dhuit fóirithint a dhéanamh orm,' adeir sí. 'Níl airgead an chíos agam.' 'Ba diachta dhuit dhá mbeadh,' arsa mise, 'agus é ólta agat. Cé a dhéanfadh fóirithint orm fhéin, dhá mbeadh easpa ná uireasa orm?'
 
Ní chloisfeá méir i gcluais sa teach s'againne ag cantaireacht putaí. Is minic a fuaidh sé thríom tosaí dá léasadh, ach má dhéanaim sin leofa beidh na hollghártha ann chomh maith céanna. 'Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla,' arsa tusa.
 
ceal 1
Tá chuile shórt ar fheabhas aige — díol rí má thograíonn sé. Níl de cheal air, ach ceal goile le caitheamh a chur ann, agus cé measa beirthe é, arsa tusa.
 
Ara, ní féidir dhó a bheith chomh coilgneach sin! I nDomhnach shíl mise gur duine an-mhín é, ach 'sé m'eolas air é, arsa tusa.
 
cora
Chuirfeadh sé siúd cara chainte ar thaisí, ní áirím a mhalrait. 'Sé atá pribhléiseach, ach cá bhfágfadh sé é arsa tusa, cineál Ch. L.
 
Níl ar ár gcuid cearc ach éanachaí cuideáin chuile lá san aer. Tá na trí theach eile i mbéal an dorais againn, agus tá na cearca ag déanamh imirce chuile ré solais. 'Sé an chaoi mbíonn sé amantaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
 
Dar mo choinsias, is dochreidte an scéal é, scorach chomh cúirialta leis sin a bheith ag gabháil thart ar an gceird sin. Ach d'íosfadh na muca ciúine fhéin an triosc arsa tusa.
+
baile
Tá an baile ina dhá mhuintir ag an diabhlánach sin siar. Murach eisean, b'fhurasta ceart a bhaint den chuid eile, ach cé beag a dhonacht, arsa tusa.
TUILLEADH (2) ▼
Chomhair mé a raibh agam — bonn is leithphínn. 'Is gearr orm an bonn is leithphínn seo,' arsa mise liom péin, agus sin é an uair a chuimhnigh mé ar an rud adeireadh M. Th. go ndéana Dia maith air: fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar.
Dia dhár réiteach, arsa tusa, i bhfad ó bhaile.
 
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
 
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill ar bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — agus ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nár áit buaile ná seanbhaile ar bith dhó teach a bhfuil triúr iníon le cur i gcrích ann fós.
 
aire
Ghoin m'aire mé nuair a chonaic mé chomh glan sciúrtha agus a bhí a léine le hais na gceamachaí eile a bhí air. 'Más ceannaí thú,' arsa mise liom fhéin, 'is maith í do léine' (spíodóir a chuaigh thart agus é ag ligint air fhéin go mba fear bocht é aimsir na nDubhchrónach. Braitheadh ar a léine é)
 
'Mura ndéana tú níos áirgiúla ná sin é,' arsa mise leis, 'is fearr dhuit fanacht sa teach a bhfuil tú.'
 
Tá siad flasach, bíodh an cur leis iontu nó ná bíodh. Ach is mór a mhealltar le dath, arsa tusa. Gheobhaidh siad fir agus nach cuma dóibh!
 
fleasc
Tá tuirne ansin thuas agus í slán cé is moite de fhleasc an roth. Ach cé measa beirthe é, arsa tusa. Dhá mbeadh duine eicínt ann a bheadh in ann fleasc a dhéanamh, d'fhéadfadh duine de na mná seo a dhul ag sníomhachán lom láithreach. Chreidim dheamhan ceo a rinneadh léithe le dhá bhliain déag cheana
 
flith 1
Níl mórán soip iontu, cé is moite den fhlith sin, ach cé beag dóibh a dhonacht, arsa tusa. Sin í an cailín atá in ann a bplúchadh
 
frapa
Bhí an scéal fuaraithe agus an troid thart nuair a thosaigh P. ag cur frapaí faoi aríst. Níor mhinic leis an réiteach a bheith san áit a mbeadh an ceann céanna, arsa tusa
 
Níl inti ach frontachín bheag. Ach ar ndóigh, mura bhfuil sé suas agus anuas inti, tá sé siar agus aniar agus anonn is anall inti, arsa tusa. Bíonn gabháil na gaoithe sa duine beag féin amantaí
 
fuaim
Chomh luath agus adúirt an seanfhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtabharfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. 'B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa,' arsa mise ar an bpointe. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
 
Déarfadh na seandaoine fhéin nach bhfuil rud ar bith chomh fealltach le focal duine uasail, ach fuair mise le léamh é inniu. Ach mo chreach an duine uasal, arsa tusa. Duine uasal anuas de lota na gcearc
 
'Tá dhá chéad acra talúna aige,' arsa mise, 'agus an teach mór sin a fheicfeas tú agus gan neach an aoin bheo abuil sé ach buachaill.' 'Níor phós sé ariamh,' adeir an spailpín. 'Níor phós,' arsa mise. 'Ba diabhaltaí an fhoighid a bhí aige,' adeir an spailpín — go raibh sé in ann troscadh ó phósadh nó ó mhná
 
fuis
Tá sé ag cinnt ormsa fuis ná fais a fháil ar an bpáipéar seo. Ar ndóigh sé mo scil ann é arsa tusa. Tá siad ag fiafraí ann ar chuma ar bith an bhfuil aon phínn sa mbainc agat!
 
fód
An bhfuil a fhios agat cé a tháinig ar an bhfód an pointe céanna ach J. Ceann an réitigh, arsa tusa! — i láthair, san áit a rabhamar
 
fidín
Dhá mbeadh an fidín seo fhéin déanta, bheadh comhshnáth faoi (gó-snáth?), arsa tusa. Ba mhór an mhaith sin fhéin. Is fada go mbeidh sé go cloch spideoige. Tá aon bhliain amháin air (teach)
 
Is fuarchúiseach an áit é seo ag pócaí folamha, arsa tusa. Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile ghéar, adeir siad.
 
abair
Abair: "ceirtlín bhog bharraigh ar bhogbhallaí an tí: bog bog, arsa an t-ógbhodach ar bhogbhallaí an tí." Abair sciobtha é (má dheireann, tuigfidh tú an gaol atá ag an gconsan g leis an gconsan d)
 
'Sí an t-oibrí is fearr in Éirinn scaití í, ach amantaí eile, ní thabharfadh sí deoch uisce agat dá naomhtaí thú. Tá sí sách daidhciúil deirimse leat. Ach cá bhfágfadh sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
 
dairt
Ní raibh sa bpassáil(scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
 
dall 3
Cér dalladh mar siúd S. Sh.? Ar ndóigh arsa tusa, is dallta i gcónaí atá sé
 
damba
Chuir siad damba ar an abhainn sin thiar mar dhóigh dhe go gcuirfidís ag lasadh an S. le solas í. Níor chuala mé aon cheo faoin solas ó shin, ach cloisim gur mór an leas do shaighdeoirí an damba. Ach arsa tusa, ní theagann síon i dtír nach fearrde duine eicínt
+
danra
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon bhun muis. Thosaigh sé thar cionn, ach ar ndóigh, ní den abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ródhána. Níl neart agat focal a rá leis mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
TUILLEADH (1) ▼
Chaith muid an bhliain ag achainí air an garraí thíos a chur. Bhí sé cóngarach agus soleasaithe. Dúrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasaithe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhúinn. An garraí seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon chúl air, ná an chréafóig chloch bheag a dteastaíonn riar maith uaithi lena leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach screacháin (creacháin). Tabhair screacháin orthu. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
daoire
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaigh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon uaim amháin go gceannaínn báinín. Dheamhan báinín a ligfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. 'Chonaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn acu ag dul abhaile agam air,' arsa mise. 'Bailíodh leo anois. Imeoidh mé sna ceamachaí scaitheamh eile'
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
daol
Bhuel teagann daol oilc air scaití agus bíonn sé chomh corraithe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé lao as chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath is a dtéann sé chun míneadais aríst, dheamhan duine go hiomaí is fheiliúnaí ná é. Bhainfeadh naíonán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa, caitheadh sé cloch
 
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionam in imeacht cupla mí. Murach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé
 
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gabháil ar an bhfara; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chlainne; A dhul san áit nach bhfillfidh go héag." (as amhrán greannmhar Coileach agus Cearc
 
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaigh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag plé leis an bhfeamainn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla. Tá gor faoi ionga anois déanta aici ar chaoi ar bith
 
dearna
Ag imeacht ar mo dhearnachaí atá mé ó mhaidin ag baint féar ascaille. Is meata an cheird sin arsa tusa
 
de
Sin é a bhfaca mise de chontráil ariamh ann, ach níor bheag sin, arsa tusa
 
Cén sórt deidearún de mhac é siúd aige. Chonaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de mheaingeals aige ar an asal. Bhí leatromadh i gceann de na cléibh. 'Cuir cloch sa gcliabh sin,' arsa mise, 'nó iontóidh an t-ualach.' Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur iontaigh an t-ualach. 'Cuir suas anois é,' arsa mise, 'más breá leat'
 
deilbh 1
Tá muid deilbhithe amach anois le dhul ag réabadh portaigh, agus arsa tusa, tá sé in am sin againn
 
deil 1
Bheadh an teach seo ar deil meireach an simléar, ach ní measa beirthe é arsa tusa
 
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoina fhiacail, agus ag gearán go neamhaí, agus hob ann agus hob as aige. D'éirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Mura bhfuil rún agat a thabhairt uait,' arsa mise, 'coinnigh é,' agus amach liom an doras
 
Thosaigh siad do mo chur ó dhuine go duine, leis an aisiléireacht sin, agus dúirt M. faoi dheireadh, go gcaithfinn fanacht go dteagadh S. abhaile agus go dtabharfadh sé sin dom é. Chonaic mé féin gurb é an chaoi a raibh sé go n-íocfadh an fear thoir an fear thiar agus go n-íocfadh Dia an fear deiridh. Shuigh mé féin síos. 'Seo ní fhágfaidh mé,' arsa mise, 'dhá gcaithinn bliain ann, nó go bhfaighe mé é'