Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
arsa

stuaim (50+)

 
fios
Cheal fios: cheal stuaim. Sin é atá air — tá sé aineolach ainbhiosach
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
Ní bhíonn freigisí ar stocaí anois chomh coitianta agus a bhíodh fadó. An déanamh sleamhain a thugtar orthu ar fad ar an saol seo. Dheamhan a bhfuil sé de stuaim sna mná atá ann anois freigisí a chur iontu
+
ceal 1
Cheal fios, cheal stuaim — an t-údar nach ndearna duine rud eicínt nó gur dhúirt sé rud eicínt srl.
TUILLEADH (6) ▼
Seo é aríst é — cheal fios, cheal stuaim.
Deile céard adéarfadh an bobarún — cheal fios, cheal stuaim.
Ní bheadh súil lena mhalrait agat ón amhas bradach — cheal fios, cheal stuaim.
Is suarach an t-ionadh é sin a bheith in éadan an tsagairt — cheal fios, cheal stuaim.
Cheal fios, cheal stuaim — sin é an fáth a ndearna sé é.
B'iontas é mura dtugadh sé sin aisfhreagra ar dhuine — cheal fios, cheal stuaim.
 
Dhá mbeadh aon stuaim sa gcinnire, ní imeodh sí d'aon iarraidh mar a rinne sí, ach ní raibh.
 
Furasta a aithinte gur beag an stuaim ná an gus thú a chloigis!
 
Ní fheadfaidh tú a rá chor ar bith go dtáinig an bhochtanas abhaile liomsa, ní hé sin duitse, nach raibh ariamh ach ag iarraidh a bheith ag cur stuaim ar an nganntan. Ach is leitheadaí a labhrófá anois a fhlaisceach, ná an té a chleacht fuílleach.
 
breá
Breá nach mbeadh stuaim eicínt ionat thar mar atá agus gan a bhfuil faoi chaolachaí an tí a chaitheamh anuas?
 
Ní le stuaim ach le briotais a níonns sé tada.
 
anó
Ag scríobadh leis an anó is ag cur stuaim ar an nganntan atá sé ariamh — bhí sé i mbéal na gortan ariamh agus b'éigean dó tíobhas agus barainn a dhéanamh, agus an méid a bhíodh le n-ithe aige a chur chomh fada in Éirinn agus a d'fhéadfadh sé
 
arsa
Is mairg nach mbíonn foighid aige, arsa tusa, ach sách fada atá muid ag cur stuaim ar an bhfoighid chéanna (fc. stuaim)
 
Dheamhan dochar ann ach a bhfuil de fhloscaí mar sin aige. Níl fear ar bith beo is túisce a dhéanfadh soilíos duit ná é. Ach is deacair do dhuine stuaim a choinneáil ar an bhfoighid scaití ag éisteacht leis ag floscaíocht
+
Ná lig don fhoighid a dhul ó stuaim ort — ná teagadh fearg nó olc ort; coinnigh ag tuineadh leis an rud
TUILLEADH (8) ▼
Tá mé ag ceapadh nach mór do mháistir scoile an-fhoighid a bheith aige. Agus má ligeann sé an fhoighid ó stuaim chor ar bith; ní dóigh cleas dó ná duine eicínt a mharú
Lig mé an fhoighid ó stuaim faoi dheireadh agus thug mé iarraidh dhó
Is maith a chruthaíos sé gan an fhoighid a ligean ó stuaim agus í siúd ag siocadh leis ar feadh an lae agus na hoíche
Cén neart a bhí aige air. Chuaigh an fhoighid ó stuaim air agus bhuail sé snaidhm ar an seanfhear. Ní raibh rún ar bith aige é a mharú, ach mharaigh ina dhiaidh sin
Ná téadh an fhoighid ó stuaim ort ar aon chor. Coinnigh guaim ort fhéin. Ach ná bíodh cás ar bith agat faoina n-abróidh tú leis
Má théim ina éadan chor ar bith, gabhfaidh an fhoighid ó stuaim orm agus buailfidh mé é
Coinnigh stuaim ar an bhfoighid — coinnigh guaim ort fhéin; bí foighdeach
Choinnigh mé stuaim ar an bhfoighid chomh maith agus a d'fhéad mé ach bhí sé ag dul thríom é a mharú chuile phointe ina dhiaidh sin
+
Fuinneamh gan stuaim atá inti sin — bean, capall srl. a mbeadh scráibneart inti, agus í dea-dhéanta agus fonnmhar chun oibre, ach nach mbeadh stuaim ar bith inti
TUILLEADH (3) ▼
Fuinneamh gan stuaim atá ann. D'iompródh sé Cloch an Fhia idir a dhá láimh, ach níor dhóigh cleas dhá ndéanfadh sé ná a ligint anuas ar speireach Mháire Choilm!
Fan amach uaidh sin nuair a bheas sé ag plé le oird. Is mór an chontúirt é: fuinneamh gan stuaim. Bhí mé ag coinneáil jumper dó ar an mbóthar sin thíos. Go deimhin is orlaí dalba é, ach ní raibh a fhios agam cén pointe a bhfaigheadh mo chloigeann féin an iarraidh i leaba an jumper
"An streachaille mná lán den fhuinneamh gan stuaim; Stoca ina láimh, slaímín olla agus í ar cuairt" (as amhrán: ní feasach mé cén t-amhrán)
+
feire
Nuair a bhí an bairille tite thóg sé feire air. Ní raibh a fhios agam go dtí sin go raibh stuaim ar bith ann
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú le céard a bhí sé a iarraidh? Deil. Theastaigh uaidh feire a thógáil ar thobán. Is fada ón stuaim an stocaireacht, adeirim féin: a theacht ag iarraidh deil anseo. ’Ar ndóigh ní deil a thógfas duit é ar aon chor
 
daol
Bhí daolanna ag teacht ann a dhul agus D. a bhualadh, ach chuir sé stuaim ar an bhfoighid ina dhiaidh sin
 
deara
Cuirfidh mise faoi ndeara dhó go nglacfaidh sé stuaim leis féin, agus nach mbeidh sé ag rith air mar sin. Ar ndóigh níorbh fhiú do dhuine an chabhail sin a thabhairt abhaile
 
de
Má tá sé de stuaim ionat scioból mar sin a dhéanamh breá nach mbuaileann tú faoi theach
 
deilbh 1
Níl aon cheo deilbhithe nach bhfuil déanta ansin thíos aige. Sin é an buachaill! Is mór an stuaim a gheall Dia dhó thar dhuine ar bith ar an mbaile
+
deil 1
Dhá bhfaigheadh sé deil, adeir sé, thógfadh sé an tobán dom. Shantaigh mé a rá leis gur fada ón stuaim an stocaireacht, ach choinnigh mé faoi mo chúlfhiacail é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ab é M. Sh.! Níl aon cheo ón deil amach agus an deil féin nach ndéanfadh sé. Is mór an stuaim a gheall Dia dhó
+
deis
Is deas an deis atá ar na cigarettes anois. Thug sí cead dóibh titim sa lathach agus tá siad bog báite. Sin í an stuaim i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Is maith uaidh deis a chur ar thobáin leis an gceart a dhéanamh. D'fheicfeá daoine eile, agus dhá mbeadh an stuaim féin iontu, ní bheadh an soilíos iontu
 
diaidh
Glac t'ionú a dhuine sin. Nach breá nach gcuirfeá stuaim ar an bhfoighid. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin
 
Caithigí amach as an mbealach na dlaoiníní sin mura bhfuil sé de stuaim i gceachtar agaibh rópa a dhéanamh dhíobh. Níl aon ghnaithe ansin acu
 
Dar príosta muise, bhí fear in aice liomsa agus dodaíl dhá bhualadh chomh maith le duine. Chuir mé féin aithne air uair nó dhó stuaim a choinneáil ar an bhfoighid, ach murach chomh héasca agus a stopadh an scliúchas, bheadh sé istigh ina cheartlár
 
An ndraoibeálann tú thú féin mar sin chuile uair dhá dtéann tú amach? Is cosúil go ndraoibeálann, mar feicim mar sin thú go hacht is go háirid. Breá nach mbeadh stuaim eicínt ionat ag siúl, agus gan thú a bheith sa riocht sin i gcónaí
 
D'ionsaigh mé go binn é, agus má d'ionsaigh féin, ba é a dhéanamh leis é. Tá a fhios ag mo chroí nach bhféadfainn stuaim a choinneáil ar an bhfoighid agus an sclaibéireacht a chonaic mé air fhéin. Chuirfeadh sé tonn taoscach ar mhadadh, chuirfeadh sin
 
déan 1
Ná déan gáire ar bith. Coinnigh stuaim ort féin go bhfeice tú céard adéarfas sé
 
Cinnfidh sé air théis a dhíchill. Níl a dhóthain stuaim ann, agus tá sé ró-uafásach le rud ar bith. Ní mór leis a dhéanamh de rith is de léim
 
díon 1
Níor chuir tú cuma dhéanta ar bith ar an gcruaich. Tá an gníomh scagach ar fad, agus níl píce ar bith uirthi, mar adeir an bádóir. Ólfaidh sí an bháisteach fré chéile. Is diabhlaí nach mbeadh stuaim ionat ag déanamh cruach mhóna feasta choíchin
 
Glac staidéar anois! Ní chuirfidh tú as choíchin as dúshlán í. Stuaim a dhéanfas é. Is fhearr stuaim ná neart adeir siad