bog amach
1.
imthigh, nó tabhair an áit amach ort féin; nó teirigh ag giorrú an bhóthair.
+–
Tá sé in am againn a bheith 'bogadh amach = ag imtheacht.
Tuige nar bhog tú amach fós = tuige nar imthigh tú.
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé thar am a(gh)ainn a bheith bogadh amach, maran leis an áit seo go maidin muid.
Cheal (ceadh, cé) nach bhfuil sé in am a bheith a' bogadh amach feasta.
Ní f'lár (fuláir) dhúinn a bheith bogadh amach noiméad a' bith anois, má's linn a bheith sa mbaile ó ló.
2.
+–
Tá sé bogtha amach (ch)un báistighe = é teacht 'na bháisti(gh).
Bogfa sé amach 'na bháisti(gh).
TUILLEADH (1) ▼
'Sé 'chosamhlacht go séidfe sé amach anois í = báisteach.
·
Má bhogann sé amach 'un cainnte, gheobha sib píosa (i.e. grinn) air = má bhaineann sé amach (ch)un cainnte, beidh siamsa le fághail air (ní móide go mbeadh a' t-ól i gceist annseo chor a' bith)
Is deacair é 'bhogadh amach = é 'chur a' cainnt go spleodrach.
3.
·
Tá sé bogtha amach (nó bogtha) = súgach, buille óltach.
Sé'n t-ól a bhog amach é agus a bhain a' chainnt as.
bog amach in iontrálacha eile (25)
→
cíble
'Bhfaca tú aon-chíbleadh báistighe ariamh mar tá air le cupla lá. Dheamhan goir ag duine a dhul amach ag iarraidh aistir uisce, nach mbíonn sé in a líbín bhog bháithte.
→
bruach
Tá mianach bog eicínt is chuile dhuine de'n dream sin. Maran bruachannaí ar a' mbéal é, is briseadh amach a's nioscóideachaí a's guiríní é.
+
→
buille
Fuair tú amach é, muis, an té a mbeadh aon-bhuille bog ann!
TUILLEADH (1) ▼
Duine a' bith a' n-aireocha siad siúd aon-bhuille bog ann a' glaodhach óil, suidhfe siad in a bhun. Dheamhan sileadh a thiubhrainn dóib, dá dtuiteadh a' teanga amach asta(b) le dúil ann.
+
→
amach
Ar a dhul soir ar Árd-Dhoire Locháin dúinn, bhog muid amach = ghéaruigh muid sa siubhal.
TUILLEADH (4) ▼
Bog amach anois, nó beidh muid deireannach.
Is deacair leis bogadh amach, ach ar an imtheacht céadna i gcomhnuidhe.
Mara mboga tú amach, ní bheidh duine ná deoruidhe romhainn.
B'éigin dom bogadh amach go maith, ó na forbacha soir, nó bheadh sé thar am orm
→
ascar
Ba ghearr nuair a bhog a' capall amach, gur cuireadh as ascar na diallaide é = gur chaith sí é, gur tugadh talamh dhó.
→
fás 2
Éist anois. Ní chuirfidh tú dallach dubh orm cho héascaidh sin. Níor fhás an craiceann cho bog sin orm! Ní pleidhce nó amadán amach agus amach mé
Cas amach é (súgán). Cuir fuinneamh ann a fhleascaigh! Nach bhfuil sé cho bog le gruth agad.
→
feire
Níl a fhios agam beo cén sórt feithideach a d'eirigh amach chugam as íochtar bog thíos inGarraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist í agus feiríochaí uirre. Tháinig sí aníos ón ngaineamh ruadh. Ní fhaca mé a macsamhail ariamh cheana = eangaí timpeall a droma
Dar príosta níl daor-bhasctha dhó ag gabhail fhuinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na "Gaedhilgeoirí" sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rádh ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an t-Oireachtas ag tigh Bh. agus luach cupla pionnta a bheith ag C. go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
→
dlaoinín
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
→
dligh
Níor dligheadh an t-airgead sin dó chor ar bith ach cá'il an chneamhaireacht. Tá an cneamhaire igcomhnuí indon níos mó ná a cheart a bhaint amach. M'anam anois go ndeirimse leatsa go bhfuil a cheart go maith bainte amach aige sin. Ach ní mór liomsa dó 'thárla go bhfuair sé amadáin sáthach bog len a thabhairt dó
→
dodaire
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mara mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agad dó, agus a shíneadh chuige ar an bpuínte boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana, in áit a raibh sé ag cinneamhaint dubh agus dubh air a láimh a chur in a phóca ag an mbrughadh. Thug S. Sh. Sh. a dhubhshlán. "Is córa dhuit go mór a gcoinneál dó" adeir sé, "agus gan muid a bheith annseo mar a bheadh 'matcheannaí' i mboiscín"
Chuaidh sé go bog agus go cruadh orm ag iarraidh a innseacht dó. Níl tada dhá'r chuimhnigh sé air nar dhubhairt sé liom. Theigheadh sé amach, agus isteach aríst. Thosuigheadh sé ag dilleoireacht agus scaithtí eile ag bagairt orm. Tá sé sáthach dórainneach ó a chaithfeas sé rud in a cheann. Ach badh aon-mhaith amháin dó a bheith ag gabhail domsa. Ní ghéillfinn dó dá gcaitheadh sé liom ó shoin. Tuige a ngéillfinn. Is beag a bheadh le déanamh agam go deimhin
→
doirnín
Fagh máiléad agus tiomáil (tiomáin) an sdoirnín sin. Tá sé ar bogadh. Tiocfaidh sé amach ort i lár do chruadhóige, mara dtiomálaidh
Má theigheann tú isteach indomhainn na h-easca sin, tá an tseamair Mhuire agad, má fhéadann tú a theacht amach. Tá sí sin cho bog le gruth fút
→
doscúch
Deir siad gur fear doscúdhach a bhí annsin aimsir na mBlack Tans. Bhí sé ar a chaomhamhaint agus aithne mhaith aca air, agus oíche amháin in a dheidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth aca ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé ins an áirdeall orra, nó go raibh a dtrúmlach (tromlach) scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbog-mheisce. Shiubhail sé amach annsin de mhaol a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na druinne orra. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcomhnuí. Níl sé mórán le mí ó shoin — an bhfuil — ó leagadh na claidhtheachaí annseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte do'n tsáirsint an uair sin, agus dubhairt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nar chorruigh sé as go dtí an dó dhéag agus nar casadh aon-duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ar) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam annseo in a dteine bhruithte, agus chuaidh siad go bog agus go cruadh orm ag fiafruighe dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathuidheacht leo, agus níor leig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is annsin adubhairt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann cho maith liomsa atá pósta aice, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé in a dheidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ar) n-aghaidh siar, arae mara dteigheadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon-ghoir aige a rádh go rabh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphighne as do'n fhear chroidhe ariamh ach tá an aicís aige dhom in a dheidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhreám
→
díon 1
Cheannuigh mé cóta mór — ceann báistighe — thíos inG. cupla bliain ó shoin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg ruadh a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistighe ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báithte isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
→
dóigh 1
Meastú a Sheáin nar mhaith an dóigh do 'chaon duine againn bogadh amach ag tóraidheacht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfamuid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirbhshiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agadsa ach cuid de'n spré a thabhairt dom