bog amach
1.
imigh, nó tabhair an áit amach ort féin; nó téirigh ag giorrú an bhóthair.
+–
Tá sé in am againn a bheith ag bogadh amach — ag imeacht
Tuige nár bhog tú amach fós — tuige nár imigh tú
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé thar am againn a bheith ag bogadh amach, muran leis an áit seo go maidin muid.
Cheal (cé) nach bhfuil sé in am a bheith ag bogadh amach feasta.
Ní foláir dhúinn a bheith ag bogadh amach nóiméad ar bith anois más linn a bheith sa mbaile ó ló.
2.
+–
Tá sé bogtha amach chun báistí — é ag teacht ina bháistigh
Bogfaidh sé amach ina bháistigh.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé a chosúlacht go séidfidh sé amach anois í — báisteach
·
Má bhogann sé amach chun cainte, gheobhaidh sibh píosa (.i. grinn) air — má bhaineann sé amach chun cainte, beidh siamsa le fáil air. Ní móide go mbeadh an t-ól i gceist anseo chor ar bith
Is deacair é a bhogadh amach — é a chur ag caint go spleodrach
3.
·
Tá sé bogtha amach (nó bogtha) — súgach, buille óltach
'Sé an t-ól a bhog amach é agus a bhain an chaint as.
bog amach in iontrálacha eile (24)
→
cíble
An bhfaca tú aon chíble báistí ariamh mar atá air le cupla lá. Dheamhan gair ag duine a dhul amach ag iarraidh aistir uisce nach mbíonn sé ina líbín bhog bháite.
→
bruach
Tá mianach bog eicínt i chuile dhuine den dream sin. Muran bruachannaí ar an mbéal é, is briseadh amach agus neascóideachaí agus goiríní é.
+
→
buille
Fuair tú amach é muis, an té a mbeadh aon bhuille bog ann!
TUILLEADH (1) ▼
Duine ar bith a n-aireoidh siad siúd aon bhuille bog ann ag glaoch óil, suífidh siad ina bhun. Dheamhan sileadh a thabharfainn dóibh, dá dtiteadh an teanga amach astub le dúil ann.
+
→
amach
Ar a dhul soir ar Ard-Dhoire Locháin dúinn, bhog muid amach — ghéaraigh muid sa siúl
TUILLEADH (4) ▼
Bog amach anois nó beidh muid deireanach.
Is deacair leis bogadh amach, ach ar an imeacht céanna i gcónaí.
Mura mboga tú amach, ní bheidh duine ná deoraí romhainn.
B'éigean dom bogadh amach go maith, ó na Forbacha soir, nó bheadh sé thar am orm
→
ascar
Ba ghearr nuair a bhog an capall amach gur cuireadh as ascar na diallaite é — gur chaith sí é; gur tugadh talamh dhó
→
fás 2
Éist anois. Ní chuirfidh tú dallach dubh orm chomh héasca sin. Níor fhás an craiceann chomh bog sin orm! Ní pleidhce nó amadán amach is amach mé
Cas amach é (súgán). Cuir fuinneamh ann a fhleascaigh! Nach bhfuil sé chomh bog le gruth agat.
→
feire
Níl a fhios agam beo cén sórt feithideach a d’éirigh amach chugam as íochtar bog thíos i nGarraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist í agus feiríochaí uirthi. Tháinig sí aníos ón ngaineamh rua. Ní fhaca mé a macasamhail ariamh cheana — eangaí timpeall a droma
Dar príosta níl daorbhasctha dhó ag gabháil fhoinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na Gaeilgeoirí sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an tOireachtas ag tigh Bh., agus luach cupla pionta a bheith ag C., go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
→
dlaoinín
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mara anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
→
dligh
Níor dlíodh an t-airgead sin dó chor ar bith, ach cá'il an chneámhaireacht. Tá an cneámhaire i gcónaí in ann níos mó ná a cheart a bhaint amach. M'anam anois go ndeirimse leatsa go bhfuil a cheart go maith bainte amach aige sin. Ach ní mór liomsa dó tharla go bhfuair sé amadáin sách bog lena thabhairt dó
→
dodaire
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mura mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agat dó, agus a shíneadh chuige ar an bpointe boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana an áit a raibh sé ag cinniúint dubh is dubh air a láimh a chur ina phóca ag an mbrú. Thug S. Sh. Sh. a dhúshlán. 'Is córa dhuit go mór a gcoinneáil dó,' adeir sé, 'agus gan muid a bheith anseo mar a bheadh matcheannaí i mboiscín'
Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh a inseacht dó. Níl tada dhár chuimhnigh sé air nár dhúirt sé liom. Théadh sé amach, agus isteach aríst. Thosaíodh sé ag dilleoireacht agus scaití eile ag bagairt orm. Tá sé sách doghrainneach ó chaithfeas sé rud ina cheann. Ach ba aon mhaith amháin dó a bheith ag gabháil domsa. Ní ghéillfinn dó dá gcaitheadh sé liom ó shin. Tuige a ngéillfinn. Is beag a bheadh le déanamh agam go deimhin
→
doirnín
Faigh máilléad agus tiomáil (tiomáin) an stoirnín sin. Tá sé ar bogadh. Tiocfaidh sé amach ort i lár do chruóige mura dtiomála
Má théann tú isteach i ndomhain na heasca sin, tá an tseamair Mhuire agat má fhéadann tú a theacht amach. Tá sí sin chomh bog le gruth fút
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcónaí. Níl sé mórán le mí ó shin — an bhfuil — ó leagadh na claíochaí anseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte don tsáirsint an uair sin, agus dúirt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nár chorraigh sé as go dtí an dó dhéag agus nár casadh aon duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ár) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam anseo ina dtine bhruite, agus chuaigh siad go bog agus go crua orm ag fiafraí dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathaíocht leo, agus níor lig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is ansin adúirt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann chomh maith liomsa atá pósta aici, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé ina dhiaidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ár) n-aghaidh siar, arae mura dtéadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon ghair aige a rá go raibh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphínne as don fhear chroí ariamh ach tá an aicis aige dhom ina dhiaidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhream
→
díon 1
Cheannaigh mé cóta mór — ceann báistí — thíos i nG. cupla bliain ó shin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg rua a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistí ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báite isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
→
dóigh 1
Meas tú a Sheáin, nár mhaith an dóigh do chaon duine againn bogadh amach ag tóraíocht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfaidh muid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirfiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agatsa ach cuid den spré a thabhairt dom