Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buail roimh
1.
a' bualadh chuile dhuine is túisce agad, i gcruinniú, idtroid etc.
+
Má thosuighim, buailfe mé rómham = buailfe mé chuile dhuine is túisce agam.
Bhuail sé roimhe ar fud a' tighe, a's níl aon-iarraidh dhár thug sé uaidh, nar fhága sé fear ar lár.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé an-uathbhásach idtroid. Ní fhanann staidéar a' bith ann, a's séard a dhéana(nn)s sé tosuighe a' bualadh roimhe.
Má chuireann sin aon-olc orm anois, ionnsócha mé a' bualadh rómham, a's buailfe mé an fear abhfus faoi'n bhfear thall, a's ní chomhnócha mé go ndéana mé carnáin dá gcloigne, dá gcolainneachaí, a's dá gcosa.
2.
cleas nó ámhuilleacht a bhíonns ar siubhal amanntaí ag scurachaí. Buaileann duine acu fadhb ar a' duine len' ais a's deireann sé buail romhat. Buailfe an dara duine an tríomhadh duine annsin, a's dhá réir sin go deire. Ní dóigh cleas dóib as a dheire, ná achrann dáiríre a theacht eatorra, as.
3.
imtheacht nó rámhóireacht indiaidh do chinn rómhat.
+
Bhuail sé roimhe an bóthar, gur casadh chuig comh(n)gar na gceithre ród é.
Bhuail sé roimhe, nó go raibh neoin bheag, a's deire lae ann, an capall ag gabhail ar scáth na cupóige, a's an chupóg a' gabhail do'n Domhan Soir. Chonnaic sé i bhfad uaidh a's ní ingar dó; botháinín beag, nach raibh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach air, ach aon-chleite amháin a' déanamh fasca a's dídin dó (as sean-scéal — "An fear gearr glas")
TUILLEADH (4) ▼
Bhuail sé roimhe siar a' dúirling, gan 'thú' ná 'mé' a rádh le aon-duine.
Bhuail sé roimhe, a's gan fhios aige cá raibh sé a' gabhail.
Buailfe mé rómham, a's gheobha mé dídean na h-oidhche in áit éicint. Is fhearr dhom é, ná 'bheith reicthe ag paicle istigh annseo, nach dtiubhra aon-su(a)ímneas dom, maidin ná trathnóna.
Dhá mbeadh breith as dá roghain agam air, b'fhearr liom bualadh romham, a's shaothróchainn mo bheatha in áit eicínt, arae tá'n áit seo a' gabhail i m'aghaidh ar fad, ní ceasacht ar Dhia é. Ach níl aon-ghoir agham corruighe, ingeall ar a' tsean-bhean.

buail roimh in iontrálacha eile (34)

 
baile
Ba baile socair suaimneach é seo roimhe seo. Ach dheamhan iabh a' bith anois orrab (i.e. ar mhuinntir a' bhaile) ach in éadan a chéile, hébrí cé'n catmara a bhuail chor a' bith iad, le goirid.
 
Ní áit buaile ná sean-bhaile dhomsa an teallach seo, a's a bhfuil de chruadhóig amach romham.
+
Bíonn an-ghairm roimhe tigh N., ach níl néal a' bith orra sin. Is fear tighe a's arláir é, a's tá bean mhaith aráin a's snathaide le bualadh ag N. ar dhuine eicínt.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá n-eirigheadh Dia liom, an slaimín féir sin a bheith buailte, ar a chéile agam, roimh an mbáisteach, bheadh liom.
 
Is suarach a' t-iongnadh é 'bheith buailte suas, a's a bhfuair sé de fhliuchán, a's de chruadhtan ariamh. An té a gheobhfas a' fliuchán tiocfa sé roimhe uair eicínt, luath nó mall.
+
buail
'Breagh nach mbuailfeá ar cuairt chugainn corr-uair, nó leisce atá ort roimh an aistir?
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé an ghuth i bhfad roimhe sin, ach níor bhuail a' scannradh críochnuighthe mé, go bhfaca mé an toirt rómham i mbéal a' tseoil.
 
buille
Is dalbaidhe an buille ar a' tír seo, go bhfuil Meriocá buailte suas sa saothrú. Airigheann cuid mhaith é, a d'fhaghadh lán laidhre 'chuile Nodlaig roimhe seo.
 
amach
Mara mbí aon-rath ar an aonach seo amach romhat anois, beidh na daoine buailte ar fad.
 
Tá Pádraicín, buailte amach ag a' scoil aige, aindeoin é 'bheith tosuighthe i bhfad roimhe.
 
imigh
B'fhearr dhuit go fada ag bualadh cloch ar do cheirteachaí nó ag imtheacht indiaidh do chinn romhat, ná faoi mheirse ag leas-mháthair.
 
ith
D'ith sé roimhe riamh riamh, gur bhuail sé an cnámh.
 
Breá ar bhac tú leis duth ná dath, agus d'fhuaródh sé san gcraiceann céanna ar théigh sé ann roimhe sin. Bhuail tusa foracún air, agus beidh sé de shásamh aige ort go bhféadfaidh sé thú a thabhairt chun cúirte. Ara bheinnse dhá lá mo shaoil ag éisteacht len a chuid dodaireacht sin, agus ní leigfinn orm fhéin go gcloisfinn chor ar bith é. Air fhéin a bhíos an t-anró
 
D'fheicinnse deileadóirí ar na h-aontaí roimhe seo ag díol túirní agus rothaí túirní ach ní fhaca mé aonduine dhá ndíol anois leis an tsíorraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aice le breith ar thúirne agus próiste a shníomh. Tuinnte fada na h-óinsí a bheadh in a diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi
 
Bhí deireannas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóruigh muid go h-íseal agus go h-árd in a ndiaidh, ach chinn orainn aon-amharc a fháil orra. "Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo níos fuide a Ph." adeirim fhéin. "Cá bhfios nach romhainn 'san mbaile a bheidís sin." Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
 
Bhí diúltú aige roimh an Aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorrú claidheachaí a bhuailfeadh sé ar uair an Aifrinn, sé sin cho uain agus a bhí sé de rath air aon-bhuille mhaitheasa a dhéanamh.
 
Go ndéanaidh Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mbadh é an fear ab fhuide amach uaidh in Éirinn é, ní leigfeadh sé amach é gan an chumaoin chéadna a chur air, agus a chuirfeadh sé ar a dhearbhráthair. Níor fhéad aon-fhear ariamh a rádh gur fhága sé tighe M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
 
dris
An dris fhireann fhéin níl sí cho crosta leis, an uair a bhuaileas an óinseamhlacht é, agus buailfidh sí sin é 'chuile uair a gcuirfear triompán ar bith air féin … Nach bhfaca tú anuiridh an uair a chuaidh an baile ag baint na feamuinne duibhe ar an Oileán. Bhí sí faoin a mhullóig aige-san le ceathair nó cúig de bhlianta roimhe sin, ach ní raibh aon-bhaint aige di ach an oiread leis an té nar rugadh, ach nach raibh aonduine ag dul in a barr air. Ach ar an dá luath agus a ndeacha an baile fré chéile dhá baint, bhí sé i gcruth a cheangail a mhic ó.
 
droim
Sin é a chuir na "Blue-shirts" de dhruím seoil annseo. Mharbhuigh siad é, lé'r bhuail siad air, ach ba chuma sin. Bheadh sé in a choileaichín aríst lá ar na bháireach, agus é faoi dhó cho líomhtha aca agus a bhí sé roimhe sin. Spreag sé na daoine in a n-aghaidh cho mór sin, agus nach raibh goir aca léine ghorm a fheiceál ar thom féin nach ndéanfaidís míle píosa dhi. An gceapfá choidhchin le breathnú air anois go mbeadh an oiread sin díocais ann. Is corr-dhuine a cheapfadh
 
Bhuail mé soir aige annseo uair nach raibh aon-ghráinne "diúain" (guano) agam, ná a luach. Bhí sé istigh romham ins an siopa. "An dtiubharfá céad "diúain" dom a Mhister F." arsa mise, "go ndíolaidh mé na muca." Thosuigh sé ag mungailt faoin a fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinic beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosuigh sé ag dradaireacht leo, agus choinnigh sé ag caint iad an fhad agus a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhuigh sé aníos mé fhéin, nó go dtáinic cuisliméara eicínt eile. "Go bráth aríst" arsa mise liom fhéin, "ní bhfuighidh tú an deis druim-dhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dteighinn a chodladh in mo throscadh." Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor sheas mise istigh in a theach, ná níor fhága mé luach na cianóige aige
 
Tuiteann déidín le gortú freisin. 'Bhfeiceann tú mac Th. G. annsin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorruigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas do'n bhás agus gan súil ar bith len a theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil, dar diaguí shrian sé as faoi dheire. Sílim nach dteagann sé roimhe, ná a dhath
 
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon-Chríostuidhe beo indiu. Ach dheamhan a dhath drugail aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonnaic mise é sin ag imeacht oícheanntaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá cho fada le ceann an sconnsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon-mhaith é a bhacadh in a dheidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá shéirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mbadh í an oíche í ar ith Ceile na bradáin ghreadfadh leis abhaile
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
díol 2
Níl cúntanás ar bith ag na cléireachaí "dole" sin d'aonduine. Thug mé páipéar isteach aca uair. Rug cléireach air. Bhreathnuigh sé air, ar éigin. Chaith sé uaidh é, agus bhuail sé cic air. Thug sé chuile dhíol orm an uair nach dtáinig mé isteach aige an lá roimhe sin leis. Agus gan dlúthas ar bith leis an bpáipéar go ceann míosa dá dtogruighinn é!
 
Mara mbuailtear an balla sin dheamhan an mbeidh sé díonmhar go bráth. 'Séard a bhí agad a dhéanamh anois, cupla mála aoil a cheannacht agus láthair mhuirtéil a dhéanamh, agus an áit sin a bhualadh, shul a chuirfeas tú beithidheach ar bith isteach ann. Ní bheidh sé romhat aríst
 
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
 
dóirt
Bhí muid creinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scathamh maith. Ach an uair a tháinic sí teann (an ghaoth) agus as sin in a gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fánaidh roimhe, in a cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
 
Bhí bliain annseo agus ní raibh oiread leithphighne beo d'aon-bharrainn ag gabhail liom lá 'Eil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhuail sé an taobh faoi de'n das cho maith leis an taobh as a chíonn. Ní raibh méid dubh na h-iongan ins na spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroidhe thú, ní raibh dhá lá go raibh an sean-chur fréna chéile in a aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirm níor chás é, ach d'fhastuigh sé na fataí féin cho maith leis an mbarrainn … "Sprae" a chur orru! Beannacht Dé dhuit! Ó a aimsigheas an dubhachan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae
 
Bhí sé imbéal an tseoil romhainn, agus a sheaicéad buailte faoi'n mbóthar aige, ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar "fair-play". "Cé'n chaoi a bhfuil an ghealach" a deir B. Sh. Th. "Diabhal mé gur shíl mé nach sheo(d) é an t-am de bhliain a dteigheadh na madraí le dúchas chor ar bith"
 
Tá an geadamán céadna an-dúlaidhe ag achrann. Sílim go mb'fhearr leis ag cothuigheacht troda ná ag ithe an bhéilí is fhearr a leagadh chuige ariamh. Ach leig sé faoi go mór ó a bhuail P. C. an bhliain cheana é. Mhúin sin é. Tá a fhios aige ó shoin nach bhféadfaidh sé eirghe i mullach na ndaoine mar a ghníodh sé roimhe seo
 
Tá a chuid féin de dhúnárus Chloinn Mhac Confhaola ag siubhal leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Sola féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige, cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaithtí ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeitheá, agus scaithtí eile dheamhan fear is laetheamhla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — in a dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaol a mhainge, seacht míle bealaigh le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é annsiúd imbéal an tseoil, ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scathamh thíos ann. An uair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe, agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thuit sé chuig P. Anonn leis go gcraitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile do'n diabhal é féin agus a láimh. 'D'eile céard a dhéanfadh sé
 
D'imthigh sí as dúthruach eicínt a bhuail í, agus dheamhan comhnuighe a rinne sí nó gur sheas sí thiar ar shráid Sh. Mhac C. i mB. — an fear ar cheannuigh sé uaidh í. Ní hé Fáilte na Gé "ó'n bhféar go dtí an t-uisce" a bhí aige sin roimpe. B'fhearr leis ball ar bith in a shráid ar maidin ná í de bharr an chaoi a raibh sí ag dul ó laogh air féin roimhe sin. Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach a tiomáilt (tiomáint) aniar ar ais aríst gur fhága sé istigh ins an tsráid ag M. B. í timpeall agus an ceathair a chlog an lá sin. Hébrí (pé'r bith) cé'n dúthruach a bhí uirre ag dul siar chuir sé siúd a dhá oiread dúthruach uirre aniar
 
Má airigheann tú rud ar bith ag dul duit, is fhearr duit a dhul roimhe in am. Mara dtapuighidh duine rud de'n tsórt sin, níl aon-mhaith dhó a bheith ag bualadh an mhilleán thall ar dhuine eicínt eile aríst.
 
Mara bhfuil a dhul uaidh agad, buail faoi ar an bpuinte agus bíodh sé dhíot, cho luath in Éirinn agus a fhéadfas tú. Níl maith ar bith duit a dhul 'un drugaill ná a bheith idir dhá chomhairle, má's rud é atá romhat.