buail roimh
1.
ag bualadh chuile dhuine is túisce agat i gcruinniú, i dtroid srl.
+–
Má thosaím, buailfidh mé romham — buailfidh mé chuile dhuine is túisce agam
Bhuail sé roimhe ar fud an tí agus níl aon iarraidh dhár thug sé uaidh nár fhága sé fear ar lár
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé an-uafásach i dtroid. Ní fhanann staidéar ar bith ann agus séard a dhéananns sé, tosaí ag bualadh roimhe.
Má chuireann sin aon olc orm anois, ionsóidh mé ag bualadh romham agus buailfidh mé an fear abhus faoin bhfear thall agus ní chónóidh mé go ndéana mé carnáin dá gcloigne, dá gcolainneachaí, agus dá gcosa
2.
cleas nó ábhailleacht a bhíonns ar siúl amantaí ag scorachaí. Buaileann duine acu fadhb ar an duine lena ais agus deireann sé buail romhat. Buailfidh an dara duine an tríú duine ansin agus dhá réir sin go deireadh. Ní dóigh cleas dóibh as a dheireadh ná achrann dáiríre a theacht eatarthu as.
3.
imeacht nó rámhóireacht i ndiaidh do chinn romhat.
+–
Bhuail sé roimhe an bóthar gur casadh chuig cóngar na gceithre ród é
"Bhuail sé roimhe nó go raibh neoin bheag agus deireadh lae ann, an capall ag gabháil ar scáth na copóige, agus an chopóg ag gabháil don Domhan Soir. Chonaic sé i bhfad uaidh agus ní i ngar dó; botháinín beag nach raibh bunchleite isteach ná barrchleite amach air, ach aon chleite amháin ag déanamh foscaidh agus dídin dó" (as seanscéal — An Fear Gearr Glas)
TUILLEADH (4) ▼
Bhuail sé roimhe siar an duirling gan thú ná mé a rá le aon duine.
Bhuail sé roimhe agus gan fhios aige cá raibh sé ag gabháil.
Buailfidh mé romham agus gheobhaidh mé dídean na hoíche in áit éicint. Is fhearr dhom é ná a bheith reicthe ag paicle istigh anseo nach dtabharfaidh aon suaimhneas dom maidin ná tráthnóna.
Dhá mbeadh breith as dá roghain agam air, b'fhearr liom bualadh romham agus shaothróinn mo bheatha in áit eicínt, arae tá an áit seo ag gabháil i m'aghaidh ar fad, ní ceasacht ar Dhia é. Ach níl aon ghair agam corraí i ngeall ar an tseanbhean.
buail roimh in iontrálacha eile (39)
→
baile
Ba baile socair suaimhneach é seo roimhe seo. Ach dheamhan iamh ar bith anois orthub (.i. ar mhuintir an bhaile) ach in éadan a chéile, hé brí cén cat mara a bhuail chor ar bith iad le gairid.
Ní áit buaile ná seanbhaile dhomsa an teallach seo agus a bhfuil de chruóig amach romham.
+
→
buail ar
Bíonn an-ghairm roimhe tigh N., ach níl néal ar bith orthu sin. Is fear tí agus urláir é, agus tá bean mhaith aráin agus snathaide le bualadh ag N. ar dhuine eicínt.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá n-éiríodh Dia liom an sláimín féir sin a bheith buailte ar a chéile agam roimh an mbáisteach, bheadh liom.
Is suarach an t-ionadh é a bheith buailte suas agus a bhfuair sé de fhliuchán agus de chruatan ariamh. An té a gheobhas an fliuchán tiocfaidh sé roimhe uair eicínt, luath nó mall.
+
→
buail
'Breá nach mbuailfeá ar cuairt chugainn corruair, nó leisce atá ort roimh an aistir?
TUILLEADH (3) ▼
Má bhuail scanradh fhéin í, bhí ceart aici air, agus sonda mar sin a fheiceáil i mbéal an bhealaigh roimpi.
Chuala mé an ghuth i bhfad roimhe sin, ach níor bhuail an scanradh críochnaithe mé go bhfaca mé an toirt romham i mbéal an tseoil.
Tá an cosán buailte síos romhat ar an gceannfhearainn, agus tá maolbhearnaí sna claíochaí lena dhul tharstu
→
buille
Is dalbaí an buille ar an tír seo go bhfuil Meiriceá buailte suas sa saothrú. Airíonn cuid mhaith é a d'fhaigheadh lán laidhre chuile Nollaig roimhe seo.
Tá Pádraicín buailte amach ag an scoil aige, ainneoin é a bheith tosaithe i bhfad roimhe.
→
imigh
B'fhearr dhuit go fada ag bualadh cloch ar do cheirteachaí nó ag imeacht i ndiaidh do chinn romhat, ná faoi mheirse ag leasmháthair
→
iontas
Bhuail iontas mé, agus tabhair iontas air, nuair a chonaic mé an toirt romham i lár an chosáin — tháinig an-iontas orm nuair a chonaic mé meall nó sonda nó cumraíocht eicín in mo bhealach {{(fc. bhuail)
→
fuaraigh
Breá ar bhac tú leis dubh ná dath agus d'fhuaródh sé sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann roimhe sin. Bhuail tusa foracún air agus beidh sé de shásamh aige ort go bhféadfaidh sé thú a thabhairt chun cúirte. Ara bheinnse dhá lá mo shaoil ag éisteacht lena chuid dodaireacht sin agus ní ligfinn orm fhéin go gcloisfinn chor ar bith é. Air fhéin a bhíos an t-anró
→
fáiméad
banrach, nó pionna nó gabhann a bhíodh sna buailtí. Cúinne nó limistéar é a sháinnítí le claí a dhéanamh. Chuirtí na laontaí isteach ann lena gcoisceadh ón máthair a dhiúl. Is ann a thugtaí an bainne dóibh thar éis an bhleáin. D'fheicfeá claíochaí na bhfáiméad fós ar thamhnachaí nó in áiteachaí a mbíodh buailtí ar sliabh roimhe seo. Tá an focal fáiméad sa gciall seo ag seargadh sa gcaint. Ach in áiteachaí a bhfuil cuimhne fós ar na buailtí baintear leas as i gcomhair pionna nó banraí ar bith a dhéanfaí le haghaidh uain a locadh, nó gamhna, nó a leithide
D'fheicinnse deileadóirí ar na haontaí roimhe seo ag díol tuirní agus rothaí tuirní ach ní fhaca mé aon duine dhá ndíol anois leis an tsíoraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aici le breith ar thuirne agus próiste a shníomh. Tointe fada na hóinsí a bheadh ina diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi
Bhí deireanas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóraigh muid go híseal agus go hard ina ndiaidh, ach chinn orainn aon amharc a fháil orthu. 'Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo níos faide a Ph.,' adeirim fhéin. 'Cá bhfios nach romhainn sa mbaile a bheidís sin.' Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
→
diúltú
Bhí diúltú aige roimh an aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorú claíochaí a bhuailfeadh sé ar uair an aifrinn, sé sin chomhuain is a bhí sé de rath air aon bhuille mhaitheasa a dhéanamh
→
dochrach
Tuige nach mba dochraí an cancer ná an eitinn. Leigheastar cuid mhaith daoine as an eitinn anois, má théann duine roimpi in am, ach maidir le cancer, níl aon leigheas ina chionn má bhuaileann sé duine. Deir siad go mbíodh seandaoine dhá leigheas fadó le luibh eicínt ach ní maith go gcreidim é sin. Bhídís ag leigheas chuile shórt má b'fhíor dóibh féin. Is mór an t-ionadh go bhfaigheadh duine ar bith bás an uair sin!
Go ndéana Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mba é an fear ab fhaide amach uaidh in Éirinn é, ní ligfeadh sé amach é gan an chomaoin chéanna a chur air agus a chuirfeadh sé ar a dheartháir. Níor fhéad aon fhear ariamh a rá gur fhága sé tí M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
→
dris
An dris fhireann fhéin níl sí chomh crosta leis, nuair a bhuaileas an óinsiúlacht é, agus buailfidh sí sin é chuile uair a gcuirfear treampán ar bith air féin … Nach bhfaca tú anuraidh nuair a chuaigh an baile ag baint na feamainne duibhe ar an Oileán. Bhí sí faoina mhullóig aigesean le ceathair nó cúig de bhlianta roimhe sin, ach ní raibh aon bhaint aige di ach an oiread leis an té nár rugadh, ach nach raibh aon duine ag dul ina barr air. Ach ar an dá luath is a ndeachaigh an baile fré chéile dhá baint, bhí sé i gcruth a cheangal a mhic ó
→
droim
Sin é a chuir na Blueshirts de dhroim seoil anseo. Mharaigh siad é le ar bhuail siad air, ach ba chuma sin. Bheadh sé ina choileachín aríst lá arna mhárach, agus é faoi dhó chomh líofa acu agus a bhí sé roimhe sin. Spreag sé na daoine ina n-aghaidh chomh mór sin agus nach raibh gair acu léine ghorm a fheiceáil ar thom féin nach ndéanfaidís míle píosa dhi. An gceapfá choíchin le breathnú air anois go mbeadh an oiread sin díocais ann. Is corrdhuine a cheapfadh
Bhuail mé soir aige anseo uair nach raibh aon ghráinne diúain (guano) agam ná a luach. Bhí sé istigh romham sa siopa. 'An dtabharfá céad diúain dom a Mhister F.,' arsa mise, 'go ndíola mé na muca.' Thosaigh sé ag mungailt faoina fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinig beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosaigh sé ag dradaireacht leo agus choinnigh sé ag caint iad an fhad is a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhaigh sé aníos mé fhéin nó go dtáinig cuisliméara eicínt eile. 'Go brách aríst,' arsa mise liom fhéin, 'ní bhfaighidh tú an deis droimdhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dtéinn a chodladh in mo throscadh.' Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor sheas mise istigh ina theach ná níor fhága mé luach na cianóige aige
→
droinnín
Bhí an droinnín beag sin thiar ag G. Mh. A. ann, agus má bhí féin, bhí cóirí catha aige. Diabhal aithne a bhí air nach é féin a bhuail an bully leis an ngaotaireacht a bhí aige faoi. Agus ní bhuailfeadh sé míoltóig, ní hé amháin a mhalrait. Níl gnaoi ar bith agam ar an gceann céanna. Níl áit ar bith thar baile amach dhá gcastar mé le gairid nach é an chéad bhall a fheicim romham é, ag dradaireacht
→
déidín
Titeann déidín le gortú freisin. An bhfeiceann tú mac Th. G. ansin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorraigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas don bhás agus gan súil ar bith lena theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil; dar diagaí, shrian sé as faoi dheireadh. Sílim nach dteagann sé roimhe ná a dhath
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
→
díleá
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
→
díol 2
Níl cuntanós ar bith ag na cléireachaí dole sin d'aon duine. Thug mé páipéar isteach acu uair. Rug cléireach air. Bhreathnaigh sé air, ar éigean. Chaith sé uaidh é agus bhuail sé cic air. Thug sé chuile dhíol orm nuair nach dtáinig mé isteach aige an lá roimhe sin leis. Agus gan dlús ar bith leis an bpáipéar go ceann míosa dá dtograínn é!
→
díonmhar
Mura mbuailtear an balla sin dheamhan a mbeidh sé díonmhar go brách. Séard a bhí agat a dhéanamh anois, cupla mála aoil a cheannacht agus láthair mhoirtéil a dhéanamh agus an áit sin a bhualadh shula chuirfeas tú beithíoch ar bith isteach ann. Ní bheidh sé romhat aríst
→
dóirt
Bhí muid crinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scaitheamh maith. Ach nuair a tháinig sí teann (an ghaoth) agus as sin ina gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fána roimhe, ina cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
→
dúchan
Bhí bliain anseo agus ní raibh oiread leithphínne beo d'aon bharrainn ag gabháil liom Lá Fhéil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhuail sé an taobh faoi den das chomh maith leis an taobh os a chionn. Ní raibh méid dubh na hiongan sna spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroí thú, ní raibh dhá lá go raibh an seanchur fréna chéile ina aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirim níor chás é, ach d'fhostaigh sé na fataí féin chomh maith leis an mbarainn … Sprae a chur orthu! Beannacht Dé dhuit! Ó aimsíos an dúchan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae
→
dúchas
Bhí sé i mbéal an tseoil romhainn, agus a sheaicéad buailte faoin mbóthar aige, ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play. 'Cén chaoi a bhfuil an ghealach,' adeir B. Sh. Th. 'Diabhal mé gur shíl mé nach eo(d) é an t-am de bhliain a dtéadh na madraí le dúchas chor ar bith'
→
dúlaí
Tá an giodamán céanna an-dúlaí ag achrann. Sílim go mb'fhearr leis ag cothaíocht troda ná ag ithe an bhéilí is fhearr a leagadh chuige ariamh. Ach lig sé faoi go mór ó bhuail P. C. an bhliain cheana é. Mhúin sin é. Tá a fhios aige ó shin nach bhféadfaidh sé éirí i mullach na ndaoine mar a ghníodh sé roimhe seo
→
dúnáras
Tá a chuid féin de dhúnáras Chlainn Mhac Confhaola ag siúl leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Solamh féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaití ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeifeá, agus scaití eile, dheamhan fear is laethúla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — ina dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaoil a mhainge, seacht míle bealaigh, le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é ansiúd i mbéal an tseoil ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scaitheamh thíos ann. Nuair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thit sé chuig P. Anonn leis go gcroitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile don diabhal é féin agus a láimh. Deile céard a dhéanfadh sé
→
dúrúch
D'imigh sí as dúrúch eicínt a bhuail í, agus dheamhan cónaí a rinne sí nó gur sheas sí thiar ar shráid Sh. Mhac C. i mB. — an fear ar cheannaigh sé uaidh í. Ní hé Fáilte na Gé "ón bhféar go dtí an t-uisce" a bhí aige sin roimpi. B'fhearr leis ball ar bith ina shráid ar maidin ná í de bharr an chaoi a raibh sí ag dul ó lao air féin roimhe sin. Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach a tiomáilt (tiomáint) aniar ar ais aríst gur fhága sé istigh sa tsráid ag M. B. í timpeall is an ceathair a chlog an lá sin. Hé brí (pé ar bith) cén dúrúch a bhí uirthi ag dul siar, chuir sé siúd a dhá oiread dúrúch uirthi aniar
→
téigh do
Má airíonn tú rud ar bith ag dul duit, is fhearr duit a dhul roimhe in am. Mura dtapaí duine rud den tsórt sin, níl aon mhaith dhó a bheith ag bualadh an mhilleán thall ar dhuine eicínt eile aríst
→
téigh ó
Mura bhfuil a dhul uaidh agat, buail faoi ar an bpointe agus bíodh sé dhíot chomh luath in Éirinn agus a fhéadfas tú. Níl maith ar bith duit a dhul chun drogaill, ná a bheith idir dhá chomhairle, más rud é atá romhat