Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buan
aidiacht
seasmhach; seasta; síorruidhe; siorruidheacht nó seasamh a bheith i rud; fada, cruadh.
+
'Is beag a' rud nach buaine ná'n duine'; 'Is fánach a' rud is buaine ná'n duine' (sean-fhocal) = seasann go leor rudaí beaga fánacha níos fuide ná é.
Arbhú indé a bhí sé a' cainnt ar láighe nuaidh a cheannacht, a' ceapadh nach mbainfeadh sé an t-Earrach as a' tsean-láighe sin. Feacha fhéin gur 'beag a' rud is buaine ná'n duine'.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag a' cheapfadh go gcuirfeadh a' sean-fhear é, ach ar chuala tú ariamh, 'ní bheadh fhios agad cé's túisce craiceann na sean-chaorach nó craiceann na caor' óige ar a' bhfragh', a's m'anam gur h-iomdha rud is buaine ná'n duine.
Cá'il a' rud a mbreathnócha tú air, nach buaine ná'n duine?
+
B'fhéidir anois dhá dhonacht é, gur buaine 'bheadh sé ná muid fhéin.
Ní raibh duine ar bith de'n dream sin buan = ní raibh duine ar bith de'n mhuirghín sin saoghlach; d'fhaghaidís bás óg.
TUILLEADH (5) ▼
Ní bheidh sé buan, má tá indán's go bhfuil a' cailín siúd (i.e. an eitinn) a' pléidheadh leis.
'Ní bhíonn tréan buan' (sean-fhocal)
'Ní bhíonn dathamhail buan' (sean-fhocal — ní mhaireann a' duine dathamhail i bhfad).
Ní raibh an fear ar foghnamh buan ariamh = níor mhair sé i bhfad.
Níl tada buan ar a' saoghal seo, ach grásta Dé.
+
Níl a' t-éadach sin sáthach buan (cruadh).
Ní thiubharfa sé aon-chaitheamh uaidh, mar níl sé sáthach buan.
TUILLEADH (3) ▼
B'fhéidir gur éadach breagh é, ach níl sé buan.
Níor mhiste liom céard a dhéanfadh an bhreaghaichte, dá mbeadh sé buan.
Tá sé go deas, ach níl sé buan mar bheadh éadach, ach (dh)ar ndú' bainfe tú scathamh as.
+
Tagann an-lasair ar a' móin sin, ach níl sí buan chor a' bith. Mionnuigheann sí in a luaith ar a' bpuínnte.
Móin mhaith bhuan í, cé's moite gur deacair í 'lasadh.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhíor-mhóin sin an-bhuan. Bhainfeá lá go n-oidhche as bord a' chléibh dhi.
Breagh ó cheannuigh sib móin, nar cheannuigh sib móin mhaith bhuan, a mbainfeadh duine achar eicínt aisti. Ní mór dhuit a bheith dhá caith(eamh) sin síos chuile phuínnte.
·
Tá'n bháisteach buan indiu = is síorruidhe an lá báistighe é.
Is cioth buan í = tá an múr an-fhada ar siubhal (deirtear i gConamara gur mar seo a fuair Muinntear Chiobuain (Gibbons) a sloinne. Dubhairt duine aca lá le linn múir fhadálaigh báistighe: "is cioth buan í": baisteadh ciothbuan (ciobuain = giobúin) annsin air fhéin a's a dtáinic ar a chine. Ní Giobúin ach Ciobúin a tugtar ar a' sloinne seo bunáite 'chuile áit faoi Chonamara. Is dóigh nach bhfuil sa méid sin ach bun-scéal!).
+
Is buan a' píosa bóthair é, ó Throscadh na gCapall go bárr a' Spidéal = tá sé fada nó meallta; ní shílfeá go mbeadh sé chomh fada go dteightheá ar a shiubhal.
Is bóthar an-bhuan é Bóthar Mhuigh Cuilinn.
TUILLEADH (4) ▼
'Bhfeiceann tú an t-áirdín siúd amuigh? Shílfeá nach bhfuil sé achar a' bith as seo, ach deirimse leatsa gur buan a' píosa bóthair é 'na dheidh sin = le breathnú air, dar leat fhéin, nach mbeadh sé achar a' bith, ach is buan a' stróic bhóthair é 'na dheidh sin.
Is fuide an t-aistear é ná cheapfá. Tá sé an-bhuan.
D'airigh mé chomh fada leis a' saoghal an geábh sin. Bealach an-bhuan é.
Tá sé deich míle fhichead ar a' bhfairrge as seo go h-Árainn. Is buaine í an fhairrge go mór ná'n talamh, ar a' gcaoi sin.
+
Is maith buan a' réim chladaigh atá aige thiar annsiúd
Is buan a' píosa cuir é sin, deirimse leat.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhreathnuigheann a' gort sin mór, ach tá sé an-bhuan in a dheidh sin, le na siubhal.
Is buan a' stróic shléibhe í sin, in a dheidh sin. Tá sí fhéin a's a cosamhlacht in aghaidh a chéile.
+
'Buachaillín suairc mé atá ar uaisle mo chine sa tír; A's bíonn daoine dhá luadh liom, nach go buan a bhío(nn)s grádh fir ag mnaoi' (sliocht as "Buachaillín Caol Árd é mo Ghrádh.")
'A ógánaigh óig an chúil chlannaigh; Nach ró-dheas mar leaga(nn)s tú an tsúil; Má bhíonn tú go buan fré do Dhaidí; Bí cinnte gur agham a bheidheas tú' (sliocht as "Neilí")
TUILLEADH (2) ▼
'Is tú an pabhsae nach féidir a mhealladh; Mo bheannacht go buan ort a ghrádh' (sliocht as "Neilí")
Mo mhallacht go buan air maidin a's trathnóna! (eascainidhe).

Buan in iontrálacha eile (26)

 
Ní bheidh earasbár ar bith agad pér bith céard a dhéanfas tú le easbaidh. Is mór an lear feamainne nach fuláir don gharraí siúd. Tá sé buan
 
An raibh feánach mór san tráigh inniu? … D'eireódh dhóibh. Ba é an lá é. Bhí tráigh lom bhuan ann.
 
"Díogha gach síon sioc más buan; díogha na coille iubhar agus feárnóg; díogha na ndaoine droch-bhean", agus rl.
 
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
 
Níl ughdar teine a' bith is fhearr ná's buaine ach an oiread, ná carcair mhaith ghiumhasaighe. Nar bhreagh í ar an aimsir seo, fharras a bheith i gcleitheamhnas na sean-spairtighe sin, nach bhfuil sponnc ná teas innte!
 
baile
Baile an-scaipthe é. Is buan a' píosa é, ó íochtar a' bhaile go h-uachtar a' bhaile.
 
crinn
M'anam go dtiubharfa sé cnámh le crinneadh dhó, an garrdha a bheith críochnuighthe amach aige indeire na seachtmhaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge 'bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan 'na dheidh sin fhéin.
 
B'fhéidir go nglanfadh sé suas as an gcramhar báistighe sin, as seo, go trathnóna. Ní bhíonn a leithide sin buan.
 
beo 1
Dheamhan éadach beo is buaine ná'n ceann-asna, a's in a dhiaidh sin fhéin, nach beag a' mheas atá anois air?
 
fraigh
Chroch mé san bhfraigh (/frəi/) í (speal). Bainfidh mé bliain eile aisti más beó buan na daoine
 
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad-iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith agus de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad agus ní den abhras an chéad-shnáth
+
fuar 2
Más leat (más mian leat) a bheith buan, caith fuar agus te = más leat a bheith folláin nó fad saoil a fháil, caith gach cineál beatha: beatha fhuar agus beatha the cho maith le chéile
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go dtéann tusa chuile shórt. Chuala mé ariamh é: más le duine a bheith buan, caitheadh sé fuar agus te
 
abair
Is iomdha rud is buaine ná an duine, mar adubhairt an té adubhairt é = is minic leagan mar seo dhá chur ar shean-fhocla, ar ghiotaí d'amhráin agus de scéalta, ar leath-fhocla, ar dheilíní, ná ar chaint ar bith a bhíos i mbéal daoine go minic
 
Má's lib imeacht cuirigidh crudh in a thosach, nó beidh sé an damhadh réag ins an oíche shul dhá mbeidh sib ar ais. Is buan an t-aistir as seo é go G.
 
Bíodh ciall agad agus caith rud eicínt. Is maith buan an píosa bóthair atá rómhat go mbí tú ins an mbaile. Níl annseo ach deoladh beag. Ní taobh leis an teirgéis seo a chuirfinn thú marach gur shíl mé go bhfanóchthá go maidin
 
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon-nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuímne a bhéas ar na "pledgeannaí" sin ar an dá luath agus a dtairgfear aríst dhóib é. Aithrighe thoirnighe a bhí ins an aithrighe sin thiar. An uair a thosuigh sé sin ag díbliú agus ag scaimhléaracht chuir sé scanradh ar 'chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
 
Má's leat a bheith buan, adeir siad caith fuar agus te, ach is aon-chás amháin domsa céard a chaithfeas mé. Bíonn an donacht ag siocadh liom i gcomhnaí. Aithníonn an donacht a duine féin
 
droim
D'imighidís as seo fadó leis an gcontráth, agus bhídís i mB. L. R. de dhruim oíche. Ba mhinic a dhean m'athair é go ndéanaidh Dia trócaire air. Dar príosta ba mhaith buan an giota bóthair é freisin, ach bhí na buinn ar foghnamh ag an dream a bhí ann an uair sin, ní hé sin do'n dream atá ann anois.
 
dubh 2
Ní raibh mé réidh nó go raibh an dubh ar an oíche, th'éis gur shíl mé go mbeinn críochnuithe ó ló mhór. Ach is píosa buan é in a dheidh sin
 
Th'éis mo dhichill, gabhfaidh sé righte liom a bheith críochnuighthe an tseachtain seo. B'fhéidir dhá mbeadh freastal agam i gcomhnaí go mbeadh iarracht mhaith air, ach nuair a chaithim fhéin 'chaon dara súileoig a scaradh, is deacair dhom mórán dubhachain a dhéanamh. Tá an cúl siúd leis an gclaidhe thiar sáthach buan freisin.
 
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó a bhí mé ar Á. Th. níor airigh mé an chuid eile. 'Ar ndú' fánán anuas uiliog é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine de'n bhóthar sin. Ó a chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile.
+
"Is buan duine in a dhúithche fhéin" (sean-fhocal) = faghann sé fad saoghail ann; bíonn sé ar a nádúr féin imeasc a mhuintire fhéin, agus fágann sin nach mbíonn brón ná cumha ná treampán air, agus go mbíonn a mhuintir féin i gcomhnaí aige le seasamh dhó
TUILLEADH (3) ▼
Is fhearr dhuit fanacht sa mbaile anois ó atá riar agad. Is deise dhuit é ná an tabhairt sin a thabhairt ort féin aríst. Is buan duine in a dhúithche féin, adeir siad
Mharbhuigh an cumha í i gcomhnaí i Meiriocá. Ní raibh aon-luighe aice leis ariamh. B'fhurasta di sin muis a theacht abhaile agus áit mhaith a fháil, mar bhí na pighneachaí aice. Ach ina leabaidh sin phós sí, agus bhí sí réidh leis an mbaile annsin. Sin é a thug bás di cho h-óg sin. Is buan duine in a dhúithche fhéin i gcomhnaí
Sé'n áit is cineálta dhó a theacht annseo anois, agus teach a dhéanamh ann, ó a tá sé eirighthe as an scoil. Is ann is fhearr a gheobhadh sé a shláinte, agus bheadh a mhuintir fhéin faoi agus thairis i gcomhnaí, le bheith ag freastal air. Is buan duine adeir siad in a dhúithche féin