Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buan
aidiacht
seasmhach; seasta; síoraí; síoraíocht nó seasamh a bheith i rud; fada, crua.
+
'Is beag an rud nach buaine ná an duine'; 'Is fánach an rud is buaine ná an duine' (seanfhocal) — seasann go leor rudaí beaga fánacha níos faide ná é
Arú inné a bhí sé ag caint ar láí nua a cheannacht, ag ceapadh nach mbainfeadh sé an t-earrach as an tseanláí sin. Féacha fhéin gur beag an rud is buaine ná an duine.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an cheapfadh go gcuirfeadh an seanfhear é, ach ar chuala tú ariamh: ní bheadh a fhios agat cé is túisce craiceann na seanchaorach nó craiceann na caor óige ar an bhfraigh, agus m'anam gur hiomaí rud is buaine ná an duine.
Cá'il an rud a mbreathnóidh tú air nach buaine ná an duine?
+
B'fhéidir anois dhá dhonacht é, gur buaine a bheadh sé ná muid fhéin
Ní raibh duine ar bith den dream sin buan — ní raibh duine ar bith den mhuirín sin saolach; d'fhaighidís bás óg
TUILLEADH (5) ▼
Ní bheidh sé buan, má tá i ndán is go bhfuil an cailín siúd (.i. an eitinn) ag plé leis.
Ní bhíonn tréan buan (seanfhocal)
Ní bhíonn dathúil buan (seanfhocal — ní mhaireann an duine dathúil i bhfad)
Ní raibh an fear ar fónamh buan ariamh — níor mhair sé i bhfad
Níl tada buan ar an saol seo, ach grásta Dé
+
Níl an t-éadach sin sách buan (crua)
Ní thabharfaidh sé aon chaitheamh uaidh mar níl sé sách buan.
TUILLEADH (3) ▼
B'fhéidir gur éadach breá é, ach níl sé buan.
Níor mhiste liom céard a dhéanfadh an bhreáichte dá mbeadh sé buan.
Tá sé go deas ach níl sé buan mar a bheadh éadach, ach ar ndóigh bainfidh tú scaitheamh as.
+
Tagann an-lasair ar an móin sin ach níl sí buan chor ar bith. Mionnaíonn sí ina luaith ar an bpointe.
Móin mhaith bhuan í, cé is moite gur deacair í a lasadh.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhíormhóin sin an-bhuan. Bhainfeá lá go n-oíche as bord an chléibh dhi.
Breá ó cheannaigh sibh móin nár cheannaigh sibh móin mhaith bhuan a mbainfeadh duine achar eicínt aisti. Ní mór dhuit a bheith dhá caitheamh sin síos chuile phointe.
·
Tá an bháisteach buan inniu — is síoraí an lá báistí é
Is cith buan í — tá an múr an-fhada ar siúl (deirtear i gConamara gur mar seo a fuair Muintir Chiobuain (Gibbons) a sloinne. Dúirt duine acu lá le linn múir fhadálaigh báistí: "is cith buan í": baisteadh ciothbuan (ciobuain = giobúin) ansin air fhéin agus a dtáinig ar a chine. Ní Giobúin ach Ciobúin a tugtar ar an sloinne seo bunáite chuile áit faoi Chonamara. Is dóigh nach bhfuil sa méid sin ach bunscéal!)
+
Is buan an píosa bóthair é ó Throscadh na gCapall go barr an Spidéal — tá sé fada nó meallta; ní shílfeá go mbeadh sé chomh fada go dtéiteá ar a shiúl
Is bóthar an-bhuan é Bóthar Mhaigh Cuilinn
TUILLEADH (4) ▼
An bhfeiceann tú an t-airdín siúd amuigh? Shílfeá nach bhfuil sé achar ar bith as seo, ach deirimse leatsa gur buan an píosa bóthair é ina dhiaidh sin — le breathnú air, dar leat fhéin nach mbeadh sé achar ar bith, ach is buan an stróic bhóthair é ina dhiaidh sin
Is faide an t-aistear é ná cheapfá. Tá sé an-bhuan.
D'airigh mé chomh fada leis an saol an geábh sin. Bealach an-bhuan é
Tá sé deich míle fhichead ar an bhfarraige as seo go hÁrainn. Is buaine í an fharraige go mór ná an talamh ar an gcaoi sin
+
Is maith buan an réim chladaigh atá aige thiar ansiúd
Is buan an píosa cuir é sin, deirimse leat.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhreathnaíonn an gort sin mór, ach tá sé an-bhuan ina dhiaidh sin lena siúl
Is buan an stróic shléibhe í sin ina dhiaidh sin. Tá sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile
+
"Buachaillín suairc mé atá ar uaisle mo chine sa tír; Agus bíonn daoine dhá lua liom nach go buan a bhíonns grá fir ag mnaoi" (sliocht as Buachaillín Caol Ard é mo Ghrá.)
"A ógánaigh óig an chúil chlannaigh; Nach ródheas mar leaganns tú an tsúil; Má bhíonn tú go buan fré do Dhaidí; Bí cinnte gur agam a bheas tú" (sliocht as Neilí)
TUILLEADH (2) ▼
"Is tú an pabhsae nach féidir a mhealladh; Mo bheannacht go buan ort a ghrá" (sliocht as Neilí)
Mo mhallacht go buan air, maidin is tráthnóna! (eascainí)

buan in iontrálacha eile (29)

 
Ní bheidh earasbarr ar bith agat pé ar bith céard a dhéanfas tú le easpa. Is mór an lear feamainne nach foláir don gharraí siúd. Tá sé buan
 
An raibh feadhnach mór sa trá inniu? … D'éireodh dhóibh. Ba é an lá é. Bhí trá lom bhuan ann.
 
"Díogha gach síon sioc más buan; díogha na coille iúr agus fearnóg; díogha na ndaoine drochbhean", srl.
 
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
 
Níl údar tine ar bith is fhearr ná is buaine ach an oiread, ná carcair mhaith ghiúsaí. Nár bhreá í ar an aimsir seo, tharas a bheith i gcleithiúnas na seanspairtigh sin nach bhfuil sponc ná teas inti!
 
baile
Baile an-scaipthe é. Is buan an píosa é ó íochtar an bhaile go huachtar an bhaile.
 
crinn
M'anam go dtabharfaidh sé cnámh le crinneadh dhó an garraí a bheith críochnaithe amach aige i ndeireadh na seachtaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge ar bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan ina dhiaidh sin fhéin.
 
B'fhéidir go nglanfadh sé suas as an gcramhar báistí sin as seo go tráthnóna. Ní bhíonn a leithide sin buan.
 
beo 1
Dheamhan éadach beo is buaine ná an ceanneasna, agus ina dhiaidh sin fhéin, nach beag an mheas atá anois air?
 
fraigh
Chroch mé sa bhfraigh (/frəi/) í (speal). Bainfidh mé bliain eile aisti más beo buan na daoine
 
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith is de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad, agus ní den abhras an chéad shnáth
+
fuar 2
Más leat (más mian leat) a bheith buan, caith fuar agus te — más leat a bheith folláin nó fad saoil a fháil, caith gach cineál beatha: beatha fhuar agus beatha the chomh maith le chéile
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go dtéann tusa chuile shórt. Chuala mé ariamh é: más le duine a bheith buan, caitheadh sé fuar agus te
 
abair
Is iomaí rud is buaine ná an duine, mar adúirt an té adúirt é — is minic leagan mar seo dhá chur ar sheanfhocla, ar ghiotaí d'amhráin agus de scéalta, ar leathfhocla, ar dheilíní, ná ar chaint ar bith a bhíos i mbéal daoine go minic
 
Más libh imeacht cuirigí crú ina thosach nó beidh sé an damhadh réag san oíche shula mbeidh sibh ar ais. Is buan an t-aistir as seo é go G.
 
Bíodh ciall agat agus caith rud eicínt. Is maith buan an píosa bóthair atá romhat go mbí tú sa mbaile. Níl anseo ach deoladh beag. Ní taobh leis an teirgéis seo a chuirfinn thú murach gur shíl mé go bhfanófá go maidin
 
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuimhne a bheas ar na pledgeannaí sin ar an dá luath is a dtairgfear aríst dhóibh é. Aithrí thoirní a bhí san aithrí sin thiar. Nuair a thosaigh sé sin ag díbliú agus ag scamhailéireacht chuir sé scanradh ar chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
 
Más leat a bheith buan, adeir siad, caith fuar agus te, ach is aon chás amháin domsa céard a chaithfeas mé. Bíonn an donacht ag siocadh liom i gcónaí. Aithníonn an donacht a duine féin
 
droim
D'imídís as seo fadó leis an gcontráth agus bhídís i mB. L. R. de dhroim oíche. Ba mhinic a dhéan m'athair é go ndéana Dia trócaire air. Dar príosta ba mhaith buan an giota bóthair é freisin, ach bhí na boinn ar fónamh ag an dream a bhí ann an uair sin, ní hé sin don dream atá ann anois
 
dubh 2
Ní raibh mé réidh nó go raibh an dubh ar an oíche, théis gur shíl mé go mbeinn críochnaithe ó ló mhór. Ach is píosa buan é ina dhiaidh sin
 
Théis mo dhíchill, gabhfaidh sé rite liom a bheith críochnaithe an tseachtain seo. B'fhéidir dhá mbeadh freastal agam i gcónaí go mbeadh iarracht mhaith air, ach nuair a chaithim fhéin chaon dara súileoig a scaradh, is deacair dhom mórán dúchain a dhéanamh. Tá an cúl siúd leis an gclaí thiar sách buan freisin
 
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó bhí mé ar A. Th., níor airigh mé an chuid eile. Ar ndóigh fánán anuas uileag é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine den bhóthar sin. Ó chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile
+
Is diabhaltaí an dúchan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé chomh maith dhom a rá nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndearna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur buan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach ar ndóigh níl déantús maitheasa ar bith sa scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléireacht!
TUILLEADH (1) ▼
Tá dúchan Achréidh aige seo thíos i dT. na M. Bíonn an-uafás air i gcónaí i dtús bliana, ach níl cur leis ar bith ann. Deir siad nach mbíonn tréan buan (dúchan Achréidh — deargadh nó cur mór mar a d'fheicfeá ar an Achréidh. Bheadh an-tsaothar déanta ansin lá, de bharr na n-acraí atá acu — céachtaí agus eile)
+
"Is buan duine ina dhúiche fhéin" (seanfhocal) — faigheann sé fad saoil ann; bíonn sé ar a nádúr féin i measc a mhuintire fhéin, agus fágann sin nach mbíonn brón ná cumha ná treampán air agus go mbíonn a mhuintir féin i gcónaí aige le seasamh dhó
TUILLEADH (3) ▼
Is fhearr dhuit fanacht sa mbaile anois ó tá riar agat. Is deise dhuit é ná an tabhairt sin a thabhairt ort féin aríst. Is buan duine ina dhúiche féin, adeir siad
Mharaigh an cumha í i gcónaí i Meiriceá. Ní raibh aon luí aici leis ariamh. B'fhurasta di sin muis a theacht abhaile agus áit mhaith a fháil, mar bhí na pínneachaí aici. Ach ina leaba sin phós sí, agus bhí sí réidh leis an mbaile ansin. Sin é a thug bás di chomh hóg sin. Is buan duine ina dhúiche fhéin i gcónaí
'Sé an áit is cineálta dhó a theacht anseo anois agus teach a dhéanamh ann ó tá sé éirithe as an scoil. Is ann is fhearr a gheobhadh sé a shláinte, agus bheadh a mhuintir fhéin faoi is thairis i gcónaí le bheith ag freastal air. Is buan duine, adeir siad, ina dhúiche féin
 
Tá sé achar is faide ná sin cheapfainn. Sílimse go bhfuil sé ag dul chun deich míle. Is maith buan an choisméig é ar aon chor. Cuimhním gur shiúil mé lá é …