Cuisneach
—aidiacht.
—baintear leas as in' aonraic nó i gcuideacht le "cruadh" i.e. "cruadh cuisneach".
—
cruadh; cruadh chúiseach; roighin; deacair ar a chlaoidheadh
+–
M'anam gur maith an mhaise dhó é! Aindeoin go bhfuil na cheithre scóir caithte aige, 'sé atá cuisneach fós.
Beainín chuisneach í, mara bhfuil a' téagar fhéin innte.
TUILLEADH (11) ▼
Dheamhan lán do ghlaice ann, ach tá sé an-chuisneach.
Marach chomh cuisneach a's tá sé, ní bheadh se indon an cruadhtan seo a mharuidheacht. InDomhnach tá sé a' tabhairt a ndíol do dhaoine atá sáthach urradhanta fhéin.
Is diabhluidhe cuisneach é, a's é 'bheith indon seasamh mar seo ar aghaidh na rithteachta a's na doininne. Ach dhá chuisnighe é, má fhaghann a' scéird siúd seachtmhain eile air, giorrócha sí leis.
Putaichín cuisneach é in' aois.
Frompáinín de bhean a bhí sa máthair, ach má badh eadh fhéin, ní chasfaidhe aon-bhean in do shiubhal ionnsuighe ort, ba cuisnighe ná í. Bhí a shliocht uirre: aindeoin a bhfuair si d'anró a's de sclábhuidheacht, mhair sí go raibh sí go h-árd le cois na cheithre scóir.
InDomhnach níor b'fh'lár do ghasúr a bheith cuisneach go maith le na chur 'un scoile a's an aimsir atá ann. Chonnaic mé deoruidhe beag de ghasúr atá ag M. Mh. a' dul anoir indé, a's é 'na ghuróirín leis a' bhfuacht. Nár agruighe Dia air a dhul a' cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht a's faoi dheallradh!
D'fhan sé sin beo th'éis an áil ar fad a chailleadh. Bhí sé cuisneach thar a' gcuid eile.
Dheamhan mórán ordú air, ach cheal beathú atá dhá dheanamh sin. Marach chomh cuisneach a's bhí sé, ní bheadh sé beo chor a' bith a's laghad a's fuair sé le n-ithe. Ughdar maith gamhnach é déarfainn.
Bhuail a' tinneas céadna ar cailleadh an chuid eile leis, an coileaichín riabhach sin amuigh, ach bhí sé sáthach cuisneach le na chuir (chur) dhó.
M'anam aon-tseanfhear atá indon seasamh a' déanamh bóthair ar a' ngairbhshion seo, nach mór dhó a bheith cuisneach. Dá ba cruadhtan a bheadh ann, ní aireochthá é, ach a bheith clúduighthe, ach dheamhan maith in aon-chlúdadh ar a' rithteacht siúd. Ní bheidh duine uair a' chluig, nuair a bheidheas chuile shnáth ar a chraiceann ina líbín.
Leath-cheann cúpla an t-uainín sin. Bhí sé an-mheirbh nuair a rugadh é, aindeoin go raibh an t-uan eile cuisneach go leor.
·
Barrann a' bith nach bhfuil cuisneach anois, tiubharfa an ropadh seo faoi na creatalaigh di é = mar a bhfuil dasachaí (gasanna) na bhfataí láidir a's cruadh, brisfe an farradh gaoithe seo iad.
Is maith cuisneach nach mór do'n chur a bheith ag a' sioc sin. 'Bhfaca tú sioc chomh fada amach seo sa mbliadhain ariamh! InDomhnach tá faitchíos orm go bhful a' sean-chur ar fad dóighte.
+–
Tá sé cruadh cuisneach, a's gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán = tá sé cruadhchúiseach roighin, a's ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
Tá sí cruadh cuisneach, agus cráidhte = bean a bhí cruadh, roighin a's in a cneagaire.
TUILLEADH (8) ▼
Marach chomh cruadh chomh cuisneach a's tá sé, phréachfadh a' fuacht é. (D)ar ndoigh ní hé an t-éadach atá air, atá a' déanamh aon-teas' dó! Tá sé chomh scagach a's go bhfeicfeá na beithidhigh thríd.
D'fhan sé in aon-mhúnla amháin mar siúd ariamh — cruadh cuisneach a's beo ar a chois.
Tá clann chruadh chuisneach aige, a's inDomhnach ní mór dhóib sin, a's a bhfuil de sclábhuigheacht orra. Ní bhíonn cois thirm aca(b) aon-lá sa mbliadhain
Sean-fhear a' bith nach bhfuil cruadh cuisneach ar an aimsir seo, is gearr gur fód a bheidheas dhá bualadh air.
Níl siad cruadh cuisneach chor a' bith, mar bheadh éanachaí: a's shílfeá nach bhfuil cheal ar bith orra(b).
Ní mharbhóchadh a' saoghal a' cnáduidhe sin 'na dheidh sin. Tá sé chomh cruadh chomh cuisneach le na bhfaca tú ariamh.
Ní thiocfadh slaghdán a' bith in a ghoire siúd, tá sé chomh cruadh cuisneach sin.
Imthigheann a leithide sin tobann igcomhnuidhe. Duine a' bith atá cruadh cuisneach mar sin, ní fhaghann sé ionbhadh a' bith. Scuabtar é d'aon-iarraidh = faghann sé bás de léim.
Cuisneach in iontrálacha eile (3)
→
cuideáin
Ní casfaidhe aon-éan coideáin síos ar do chuid cearc. D'imthigh ceann de'n ál orm dhá lá ó shoin, a's feicthear dhom go raibh sí ro-chuisneach ro-neartuighthe ag na franncaigh le na marbhú.
Shílfeá le breathnú air nach bhfuil díriúch ar bith is mí-fholláine ná é, ach is beag a mhairg air sin in a dhiaidh sin. Sé atá cruadh cuisneach
→
donacht
Is iomdha donacht a bhí ariamh air, agus m'anam má bhí féin gurb é atá cruadh cuisneach fós