cuisneach
—aidiacht
—baintear leas as ina aonraic nó i gcuideacht le crua .i. crua cuisneach
—
crua; cruachúiseach; righin; deacair ar a chloí.
+–
M'anam gur maith an mhaise dhó é! Ainneoin go bhfuil na cheithre scóir caite aige, 'sé atá cuisneach fós.
Beainín chuisneach í, mura bhfuil an téagar fhéin inti.
TUILLEADH (11) ▼
Dheamhan lán do ghlaice ann, ach tá sé an-chuisneach.
Murach chomh cuisneach agus atá sé, ní bheadh sé in ann an cruatan seo a mharaíocht. I nDomhnach tá sé ag tabhairt a ndíol do dhaoine atá sách urrúnta fhéin.
Is diabhlaí cuisneach é agus é a bheith in ann seasamh mar seo ar aghaidh na riteachta agus na doininne. Ach dhá chuisní é, má fhaigheann an sceird siúd seachtain eile air, giorróidh sí leis.
Putachín cuisneach é ina aois.
Frompáinín de bhean a bhí sa máthair, ach má ba ea fhéin, ní chasfaí aon bhean in do shiúl ionsaí ort ba cuisní ná í. Bhí a shliocht uirthi: ainneoin a bhfuair sí d'anró agus de sclábhaíocht, mhair sí go raibh sí go hard le cois na cheithre scóir.
I nDomhnach níorbh fholáir do ghasúr a bheith cuisneach go maith lena chur chun scoile agus an aimsir atá ann. Chonaic mé deoraí beag de ghasúr atá ag M. Mh. ag dul anoir inné, agus é ina ghoróirín leis an bhfuacht. Nár agraí Dia air a dhul ag cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht agus faoi dheallradh!
D'fhan sé sin beo théis an áil ar fad a chailleadh. Bhí sé cuisneach thar an gcuid eile.
Dheamhan mórán ordú air, ach cheal beathú atá dhá dhéanamh sin. Murach chomh cuisneach agus a bhí sé, ní bheadh sé beo chor ar bith agus laghad is a fuair sé le n-ithe. Údar maith gamhnach é déarfainn.
Bhuail an tinneas céanna ar cailleadh an chuid eile leis an coileachín riabhach sin amuigh, ach bhí sé sách cuisneach lena chur dhó.
M'anam aon tseanfhear atá in ann seasamh ag déanamh bóthair ar an ngairfean seo, nach mór dhó a bheith cuisneach. Dá ba cruatan a bheadh ann, ní aireofá é ach a bheith clúdaithe, ach dheamhan maith in aon chlúdú ar an riteacht siúd. Ní bheidh duine uair an chloig nuair a bheas chuile shnáth ar a chraiceann ina líbín.
Leathcheann cúpla an t-uainín sin. Bhí sé an-mheirbh nuair a rugadh é, ainneoin go raibh an t-uan eile cuisneach go leor.
·
Barrann ar bith nach bhfuil cuisneach anois, tabharfaidh an ropadh seo faoi na creatlaigh di é — mura bhfuil dasachaí (gasanna) na bhfataí láidir agus crua, brisfidh an farra gaoithe seo iad.
Is maith cuisneach nach mór don chur a bheith ag an sioc sin. An bhfaca tú sioc chomh fada amach seo sa mbliain ariamh! I nDomhnach tá faitíos orm go bhful an seanchur ar fad dóite.
+–
Tá sé crua cuisneach, agus gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán — tá sé cruachúiseach righin, agus ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
Tá sí crua cuisneach agus cráite — bean a bhí crua, righin agus ina creagaire.
TUILLEADH (8) ▼
Murach chomh crua, chomh cuisneach agus atá sé, phréachfadh an fuacht é. Ar ndóigh ní hé an t-éadach atá air atá ag déanamh aon teasa dó! Tá sé chomh scagach agus go bhfeicfeá na beithígh thríd.
D'fhan sé in aon mhúnla amháin mar siúd ariamh — crua cuisneach agus beo ar a chois.
Tá clann chrua chuisneach aige, agus i nDomhnach, ní mór dhóibh sin agus a bhfuil de sclábhaíocht orthu. Ní bhíonn cois thirim acub aon lá sa mbliain
Seanfhear ar bith nach bhfuil crua cuisneach ar an aimsir seo, is gearr gur fód a bheas dhá bualadh air.
Níl siad crua cuisneach chor ar bith mar a bheadh éanachaí: agus shílfeá nach bhfuil cheal ar bith orthub.
Ní mharódh an saol an cnádaí sin ina dhiaidh sin. Tá sé chomh crua chomh cuisneach lena bhfaca tú ariamh.
Ní thiocfadh slaghdán ar bith ina ghaire siúd, tá sé chomh crua cuisneach sin.
Imíonn a leithide sin tobann i gcónaí. Duine ar bith atá crua cuisneach mar sin, ní fhaigheann sé ionú ar bith. Scuabtar é d'aon iarraidh — faigheann sé bás de léim.
cuisneach in iontrálacha eile (2)
Shílfeá le breathnú air nach bhfuil díthriúch ar bith is mífholláine ná é, ach is beag a mhairg air sin ina dhiaidh sin. 'Sé atá crua cuisneach