Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Curásach curfhásach?
ainm-fhocal, firinscneach
geineamhnach = curfhásaigh.
talamh nach bhfásfadh tada ann ach salachar guirt; talamh a bheadh in a shalachar fré chéile; cur a bheadh in a shalachar; cur nó talamh cuir a bheadh ithte le salachar.
+
Dheamhan tada annsiúd thíos aige, ach curásach fré chéile.
Is le bheith d'uireasbha talamh cuir dhó, a bheith igcleitheamhnas an churása(igh) sin thíos.
TUILLEADH (13) ▼
Ní fiú deich triuf a bhfuil aige fré chéile. Céard é fhéin ach talamh curásach, a's crícheannaí as éadan a chéile.
Shílfeá nach bhféadfadh an cúl sin, curfhásach a dhéanamh mar rinne sé, a's a ndeacha de leasú air. A's bhí sé sean-leasuighthe freisin. Ach sé'n chaoi 'bhfuil sé, tá'n talamh marbhuighthe ag feamuinn dearg.
Ní bhuachfa (bhuaidhfe) aon-duine mórán ar a bhfuil de choirce inGarrdha an Fhóidín, imbliadhna arae tá curásach déanta aige as cnáimh-éadain.
Mara bhfuil de thalamh aige ach an churásach ghránda siúd, atá síos le íochtar, dheamhan mórán is fiú é.
Is beag a' dochar de'n gharrdha sin a bheith in a churásach, a's gan é 'tabhairt scíthe a' bith dhó, ach dhá chur 'chuile bhliadhain imbéal a chéile. Tá sé spíonta aige.
An fheamuinn dearg a rinne curásach de'n áit sin — an fheamuinn dearg, a's gan leasú a' bith eile a chur in a h-a[ice]
Má's leat a dhul a' gort-ghlanadh annsiúd, dar mo choinsias, [ní] bheidh tú gan anró. Curásach ar fad é.
Bhí sé chomh mait[h] dhuit a dhul isteach i gCoill Mhóir na Creatalaighe le dhul istea[ch] sa gcurásach siúd. Ní féidir das (gas) a' bith 'fheiceál an[n] le neart salachair.
Bhí sé chomh maith dhó a dhul a' deargadh ar easca chriathraigh le dul a' deargadh ar a' gcurásach siúd. Níl a' tabhairt ann.
'Bhfeiceann tú in a churásach as éadan cheana é, a's an bharrann folcuighthe ag sop a's salachar?
Muise is beag an áirge dhó, gach's a bhfuil de thalamh i gciumhais an bhóthair aige. Talamh bradach curásach é.
'Breagh nach leigeann sé de'n churásach sin síos le cladach, a's an talamh bán atá aige imbárr a' bhaile a ionnsuighe. Ach is mór leis a bhfaigheadh sé d'anró dhá leasú sin.
Tá muid meathta 'chuile bhliadhain a' gort-ghlanadh curásaigh, a's ní fiú an tairbhe an trioblóid, in a dheidh sin.

Curásach in iontrálacha eile (1)

 
Níor fhága an curásach sin gráinne coirce san ngarraí sin thiar agam