—
talamh nach bhfásfadh tada ann ach salachar goirt; talamh a bheadh ina shalachar fré chéile; cur a bheadh ina shalachar; cur nó talamh cuir a bheadh ite le salachar.
+–
Dheamhan tada ansiúd thíos aige ach curásach fré chéile.
Is le bheith d'uireasa talamh cuir dhó a bheith i gcleithiúnas an churásaigh sin thíos.
TUILLEADH (13) ▼
Ní fiú deich triuf a bhfuil aige fré chéile. Céard é fhéin ach talamh curásach agus crígheannaí as éadan a chéile.
Shílfeá nach bhféadfadh an cúl sin curfhásach a dhéanamh mar a rinne sé agus a ndeachaigh de leasú air. Agus bhí sé seanleasaithe freisin. Ach 'sé an chaoi a bhfuil sé, tá an talamh maraithe ag feamainn dearg.
Ní bhuachfaidh aon duine mórán ar a bhfuil de choirce i nGarraí an Fhóidín i mbliana, arae tá curásach déanta aige as cnáimh éadain.
Mura bhfuil de thalamh aige ach an churásach ghránna siúd atá síos le íochtar, dheamhan mórán is fiú é.
Is beag an dochar don gharraí sin a bheith ina churásach agus gan é ag tabhairt scíthe ar bith dhó ach dhá chur chuile bhliain i mbéal a chéile. Tá sé spíonta aige.
An fheamainn dearg a rinne curásach den áit sin — an fheamainn dearg, agus gan leasú ar bith eile a chur ina haice
Más leat a dhul ag gortghlanadh ansiúd, dar mo choinsias, ní bheidh tú gan anró. Curásach ar fad é.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul isteach i gCoill Mhóir na Creatlaí le dhul isteach sa gcurásach siúd. Ní féidir das (gas) ar bith a fheiceáil ann le neart salachair.
Bhí sé chomh maith dhó a dhul ag deargadh ar easca chriathraigh le dul ag deargadh ar an gcurásach siúd. Níl an tabhairt ann.
An bhfeiceann tú ina churásach as éadan cheana é agus an bharrann folcaithe ag sop is salachar?
Muise is beag an áirge dhó gach is a bhfuil de thalamh i gciumhais an bhóthair aige. Talamh bradach curásach é.
Breá nach ligeann sé den churásach sin síos le cladach agus an talamh bán atá aige i mbarr an bhaile a ionsaí. Ach is mór leis a bhfaigheadh sé d'anró dhá leasú sin.
Tá muid meata chuile bhliain ag gortghlanadh curásaigh agus ní fiú an tairbhe an trioblóid ina dhiaidh sin.