Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cóisir
ainm-fhocal, baininscneach
gein. aonda — cóisreach
uimhir iolraidh — cóisreacha, cóisreachaí
"córsach", "cósrachaí" adéarfaidhe
1.
a.
scuaidrín nó mathshluagh daoine, ag damhsa, ag sochraide, bainis, tórraimh etc.
+
Bhí an-chóisir bainse ann = go leor daoine ag an mbainis; go leor carranna crannóige, marcach, gluaisteán nó eile.
Badh diabhaltaidhe an chóisir a bhí ar a' mbainis. Shíl mé nar thug siad an oiread sin cuiridheachaí chor a' bith.
TUILLEADH (8) ▼
Nuair a theighea(nn)s siad dhá dhéanamh déanann siad an-fhlaisc. Badh mhór a' chóisir bainse a bhí ar an inghin.
Badh mhór a' chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus (d)ar ndú (ndóigh) mo léan, bhí J. i dtosach cóisreach. Dheamhan gna(ithe) a dhéanfaidhe dhá uireasbha.
Badh mhór a' chóisir de shochraide a bhí uirre, 'ndéana Dia grásta uirre. Ach ba mhaith an aghaidh sin uirre: sochraideach maith a bhí innte fhéin.
Ná bac le cóisir sochraide! Bhí tír a's talamh ann.
Tá an-chóisir ag dul chuig an damhsa anocht.
Bhí cóisir mhór thórra(imhe) air.
B'áidhbhéil a' chóisir aonaigh a bhí thoir annseo indiu. Bhí an t-oireachtas daoine ann.
Bhí cóisir mhór ag an mbáire indé, adeir siad.
b.
cnuasach mhór, nó iomadamhlacht daoine, cártaí etc.
+
Bhí an-chóisir daoine ann = mathshluagh mór daoine; broscán maith daoine.
Bíonn an-chóisir ar cuairt ann 'chuile oidhche.
TUILLEADH (5) ▼
Is míllteach a' chóisir pháistí atá ag (d)ul chuig an scoil sin thoir anois. Shílfeá nach sílfidís (dtuillfidís) ar fad istigh innte.
Tá an-chóisir cailíní ag ceann a' bhóthair ann indiu. Agus níl uathab ach 'buailim ort' a rádh. Beidh siad chugad ar sheol na braiche.
Chreidim go bhfuil cóisir mhór Ghaedhilgeoirí aige imbliadhna. 'S aige atá an ghna(ithe) dhíob freisin. Coinneocha sé neart nathuidheachta leo(b).
Tá an-chóisir cloinne aige, go leige Dia slán na daoine!
Is mór a' cóisir ban rioghalta atá annsin thoir anois. Casadh triúr nó ceathar aca(b) orm annsin thíos, a' lá faoi dheire, a's má seadh fhéin, is blasta an Ghaedhilge atá ag cuid aca(b).
+
Is diabhaltaidhe an chóisir mhámhasaí a bhí agad an babhta seo = bhí go leor mámhasaí in do láimh chártaí.
Chuir tú scailp nó rud eicínt is na cartaí, nó marach buadhannaigheacht eicínt a bheith agad, ní eireochadh cóisir mhámhasaí leat mar sin chuile phuinnte.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí cóisir mhór dhrámhasaí istigh an 'turn' seo.
Ba mhór a' chóisir righ-chártaí a bhí agam, ach go mbadh drámhasaí uileag iad, cé's moite de'n bhainríoghan.
Is tú a chuir an chóisir triufasaí chugam! Triufasaí go tóin iad.
Tá cóisir mhór spéireataí istigh an babhta seo.
Nach diabhaltaidhe an chóisir acab atá ann! (heairteasaí)
+
Fuair tú an chóisir leitreachaí indiu, shílfeá. Ní raibh aon-cheo ar foghnamh (airgead) in aon-cheann aca(b)?
Tá cóisir mhór cruacha móna ar a' gcnocán siúd, ach seans go bhfuil a' baile uileag fúithe = is leis a' mbaile fré chéile an mhóin.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' chóisir 'bicycles' atá annseo. Chaithfeadh sé go bhfuil daoine thar bhaile isteach ag a' 'time' ('time' = céilidhe, spóirt)
c.
+
Tá sé 'teacht a's a chóisir leis = leibide nó duine adhartha a mbeadh dream ar a thí nó a' cothú na coise aige de ghrádh grinn; duine a leanfadh plód é ingeall ar rud ar bith.
Má thagann sé sin ar cuairt anocht, beidh a chóisir a' teacht leis = buachaillí báire.
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá nach dteigheann tú in áit ar bith gan do chóisir a thabhairt leat.
Níl goir aige a dhul in aon-áit gan a chóisir a thoidheacht leis.
M'anam gur suaimhnighe a bheadh muid d'uireasbha a chuid cuartaidheachta chor a' bith. Ní bheadh doithcheall a' bith roimhe fhéin, ach a' chóisir a thiocfas leis!
Tá'n teach sáthach cumhang ag a bhfuil againn fhéin ann, a's gan é sin a's a chóisir a theacht.
Is maith nach bhféadfadh sé 'theacht gan a' chóisir a bheith dhá thiodlacan = ní fhéadfadh sé a theacht aonraic.
Seo é isteach é, a's a chóisir dhá thíodlacan.
Ní fhéadann sé a dhul ar cuairt in aon-áit, nach mbíonn a chóisir dhá thíodlacan. Is mór a' chuideachta é, in áit a' bith.
Is mór a' cóisir atá in a chosamar = tá go leor daoine in a theannta.
+
Ní theastuigheann a' cut ná a chóisir uaimse chor a' bith (cut a's pisíní aige. Bhí páiste dhá shíneadh chuig a mháthair).
Ná tarraing isteach anois í fhéin ná a cóisir (cearc a bhí gasúr a mhealladh isteach. Dhá dteagadh sí isteach, dhéanfadh na cearca eile cách ar aithris).
TUILLEADH (6) ▼
Fanadh sí fhéin a's a cóisir thuas 'san áit a bhfuil sí. Níl guth 'bith againne uirre, anuas = duine a bhí in ainm's a theacht ar cuairt ó áit eile. Dhá dteagadh an duine sin, bheadh tuilleadh in a teannta a' teacht.
Fáilte an diabhail roimhe fhéin a's a chóisir!
Ní duine dhá cóisir mé = ní bhím in a comhluadar; ní bhím ab uil sí, nó in áit ar bith in éindigh léithe.
Anois b'fhéidir! Seo é isteach an coileach a's a chóisir! Tabhair rud eicínt le n-ithe dóibh (do na cearca) nó sceannfa siad istigh sa teach muid.
Ní bhfaightheá duine ar chóisir mar é = tá bealach áithrid eicínt leis.
Cuirfe mé geall a' bith, nach raibh a leithide eile ar a' gcóisir.
+
'An áit a mbíonn an óinseach bíonn a cóisir ann' (sean-fhocal) = bailigheann go leor daoine timcheall óinsighe le bheith séideadh fúithe, nó a' déanamh grinn di. Is minic gurb é a leithide eile fhéin a bhío(nn)s na diaidh. (Amanntaí ciall gháirseamhail a bhíos leis).
Dheamhan áit dhá mbíonn sé nach mbíonn plód cruinnuighthe air. 'An áit a mbíonn an óinseach, dar ndoigh bíonn a cóisir ann'.
TUILLEADH (2) ▼
A' faghail cuideachta air atá an mathshluagh sin. 'An áit a mbíonn an óinseach, is iondamhail dá cóisir a bheith ann'.
Airigheann siad buille bog 'san oinseoigín bhoicht. Marach sin, ní bheadh an saoghal bruigheanach 'na diaidh. 'An áit a mbíonn an óinseach, bíonn a cóisir ann.
·
Ní bhíonn cóisir ar bith gan amadán (leath-fhocal) = ní bhíonn mathshluagh nó áit ar bith nach mbíonn leath-cheann ann, a bhfaghann a' chuid eile sugradh air.
2.
cóisir shamhraidh — eirghe amach nó itheachán faoi'n aer sa samhradh. Is minic a bhíos cóisir shamhraidh faoi'n tuaith ag lucht na mbailtí mór.

Cóisir in iontrálacha eile (10)

 
Cheannuigh sí cóisir bheitheach, agus níl ceó faoin saol len ithe aca anois, ach dúrúch orra ar fud an bhaile ag foghlú chuile shórt. Dheamhan a bhfuighidh sí a cuid fhéin go deó orra, ná cuid d'fháil
 
An bhfuil a fhios agad cá raibh cóisir bheitheach an fhir seo thíos inniu, nó gur chuir mise amach as iad?: istigh san bhfásach féir atá agad i nGarraí an Bhóthair. Chuir siad caraos orm, agus cho fada agus atá sé coisnithe agad. Breá san diabhal nach ndíolann sé iad, mara bhfuil aon-ghreim aige dóibh.
 
imir
Bhí an-chóisir mámhaisí agad, ach níor chuir tú cuma ar bith imeartha orra = bhí go leor mámh agad, ach níor thug tú imirt na muice orra.
 
abair
Abair! I gceann mar atá na h-asail, tá cóisir bheithidheach annsin aice agus gan scioltar orra leis an ocras
 
dris
Mara ndeacha tú faoi dhris tá easarluigheacht eicínt agad le na cártaí. Cé'n t-ádh atá ort go dteagann cóisir mhámhasaí agad i gcomhnuí agus 'chuile dhuine eile feidheartha. Bí ins an áirdeall air annsin a Sh. faitíos a gcuirfeadh sé scailp ionnta. Puc amach iad
 
Is mise a bhí drilleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí annseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaoighis phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá th'éis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas 'sa teach aige ag críochnú [an] tsearróigín a d'fhan d'fhuighleach ó'n oíche roimhe sin. Chuaidh mé síos trathnóna deireannach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé in a oíche dhubh orm ag Áirdín an Fh. Diabhal mé gur thosuigh na claidheachaí ag teacht amach rómham ar an mbóthar, agus go raibh 'chuile shonda dhá raibh mé a fheiceál ag baint geit asam. Tabhair fear drilleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shul a bhí mé agam féin ceart
 
drámh
Níl a dhath ag gabhail liom ach sean-drámhasaí brocach. Dheamhan a leithide de chóisir aca!
 
B'éigin dom mámh a dhíol as. Ba shin í an láimh agad! Tháinig an-chóisir mhámhasaí agam i dteannta a chéile an uair sin. Sin é an chaoi a mbíonn siad: uair bheag agus uair mhór.
 
díol 2
An uair a bhí sé sin ag eirigh suas ní raibh aon-díol magaidh ins an tír a sháróchadh é. Cineál leath-phleota a bhí ann, agus áit ar bith dhá mbeadh sé d'fheicfeá plód cruinnighthe air. An áit a mbíonn an óinseach a deir siad, bíonn a cóisir ann. Sin é an chaoi a bhí air muis nó gur phós sé. Ach feacha an gna (gno) a rinne sé ó shoin. Cuirfidh mé geall leat gur beag a fheicfeas tú bailighthe air anois …
 
Níl ginnín féar tirm aice anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheitheach annsiúd aice agus a gcnámha thrín a gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rómpa. Nach uirre a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad