1.
a.
scuaidrín nó mathshlua daoine, ag damhsa, ag sochraide, bainis, tórramh srl.
+–
Bhí an-chóisir bainse ann — go leor daoine ag an mbainis; go leor carranna crannóige, marcach, gluaisteán nó eile.
Ba diabhaltaí an chóisir a bhí ar an mbainis. Shíl mé nár thug siad an oiread sin cuiríochaí chor ar bith.
TUILLEADH (8) ▼
Nuair a théanns siad dhá dhéanamh, déanann siad an-fhlaisc. Ba mhór an chóisir bainse a bhí ar an inín.
Ba mhór an chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an Aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus ar ndóigh mo léan, bhí J. i dtosach cóisireach. Dheamhan gnaithe a dhéanfaí dhá uireasa.
Ba mhór an chóisir de shochraide a bhí uirthi, go ndéana Dia grásta uirthi. Ach ba mhaith an oidhe sin uirthi: sochraideach maith a bhí inti fhéin.
Ná bac le cóisir sochraide! Bhí tír is talamh ann.
Tá an-chóisir ag dul chuig an damhsa anocht.
Bhí cóisir mhór thórraimh air.
B'áibhéil an chóisir aonaigh a bhí thoir anseo inniu. Bhí an t-oireachtas daoine ann.
Bhí cóisir mhór ag an mbáire inné, adeir siad.
b.
cnuasach mhór, nó iomadúlacht daoine, cártaí srl.
+–
Bhí an-chóisir daoine ann — mathshlua mór daoine; bruscán maith daoine.
Bíonn an-chóisir ar cuairt ann chuile oíche.
TUILLEADH (5) ▼
Is millteach an chóisir pháistí atá ag dul chuig an scoil sin thoir anois. Shílfeá nach sílfidís (dtoillfidís) ar fad istigh inti.
Tá an-chóisir cailíní ag ceann an bhóthair ann inniu. Agus níl uathub ach 'buailim ort' a rá. Beidh siad chugat ar sheol na braiche.
Chreidim go bhfuil cóisir mhór Ghaeilgeoirí aige i mbliana. Is aige atá an ghnaithe dhíobh freisin. Coinneoidh sé neart nathaíochta leob.
Tá an-chóisir clainne aige, go lige Dia slán na daoine!
Is mór an cóisir ban rialta atá ansin thoir anois. Casadh triúr nó ceathar acub orm ansin thíos an lá faoi dheireadh, agus más ea fhéin, is blasta an Ghaeilge atá ag cuid acub.
+–
Is diabhaltaí an chóisir mhámhasaí a bhí agat an babhta seo — bhí go leor mámhasaí in do láimh chártaí.
Chuir tú scailp nó rud eicínt sna cartaí, nó murach buannaíocht eicínt a bheith agat, ní éireodh cóisir mhámhasaí leat mar sin chuile phointe.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí cóisir mhór dhrámhasaí istigh an turn seo.
Ba mhór an chóisir ríchártaí a bhí agam ach go mba drámhasaí uileag iad, cé is moite den bhanríon.
Is tú a chuir an chóisir triufasaí chugam! Triufasaí go tóin iad.
Tá cóisir mhór spéireataí istigh an babhta seo.
Nach diabhaltaí an chóisir acub atá ann! (hairteasaí)
+–
Fuair tú an chóisir litreachaí inniu, shílfeá. Ní raibh aon cheo ar fónamh (airgead) in aon cheann acub?
Tá cóisir mhór cruacha móna ar an gcnocán siúd, ach seans go bhfuil an baile uileag fúithi — is leis an mbaile fré chéile an mhóin.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an chóisir bicycles atá anseo. Chaithfeadh sé go bhfuil daoine thar bhaile isteach ag an time (céilí, spóirt)
c.
+–
Tá sé ag teacht agus a chóisir leis — leibide nó duine adhartha a mbeadh dream ar a thí nó ag cothú na coise aige de ghrá grinn; duine a leanfadh plód é i ngeall ar rud ar bith.
Má thagann sé sin ar cuairt anocht, beidh a chóisir ag teacht leis — buachaillí báire.
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá nach dtéann tú in áit ar bith gan do chóisir a thabhairt leat.
Níl gair aige a dhul in aon áit gan a chóisir a theacht leis.
M'anam gur suaimhní a bheadh muid d'uireasa a chuid cuartaíochta chor ar bith. Ní bheadh doicheall ar bith roimhe fhéin, ach an chóisir a thiocfas leis!
Tá an teach sách cúng ag a bhfuil againn fhéin ann agus gan é sin agus a chóisir a theacht.
Is maith nach bhféadfadh sé a theacht gan an chóisir a bheith dhá thíolacan — ní fhéadfadh sé a theacht aonraic.
Seo é isteach é agus a chóisir dhá thíolacan.
Ní fhéadann sé a dhul ar cuairt in aon áit nach mbíonn a chóisir dhá thíodlacan. Is mór an chuideachta é in áit ar bith.
Is mór an cóisir atá ina chosamar — tá go leor daoine ina theannta
+–
Ní theastaíonn an cat ná a chóisir uaimse chor ar bith (cut agus pisíní aige. Bhí páiste dhá shíneadh chuig a mháthair)
Ná tarraing isteach anois í fhéin ná a cóisir (cearc a bhí gasúr a mhealladh isteach. Dhá dteagadh sí isteach, dhéanfadh na cearca eile cách ar aithris)
TUILLEADH (6) ▼
Fanadh sí fhéin agus a cóisir thuas san áit a bhfuil sí. Níl guth ar bith againne uirthi anuas — duine a bhí in ainm is a theacht ar cuairt ó áit eile. Dhá dteagadh an duine sin, bheadh tuilleadh ina teannta ag teacht.
Fáilte an diabhail roimhe fhéin agus a chóisir!
Ní duine dhá cóisir mé — ní bhím ina comhluadar; ní bhím abuil sí, nó in áit ar bith in éindí léithe.
Anois b'fhéidir! Seo é isteach an coileach agus a chóisir! Tabhair rud eicínt le n-ithe dóibh (do na cearca), nó sceanfaidh siad istigh sa teach muid.
Ní bhfaightheá duine ar chóisir mar é — tá bealach áirid eicínt leis.
Cuirfidh mé geall ar bith, nach raibh a leithide eile ar an gcóisir.
+–
"An áit a mbíonn an óinseach, bíonn a cóisir ann" (seanfhocal) — bailíonn go leor daoine timpeall óinsí le bheith ag séideadh fúithi, nó ag déanamh grinn di. Is minic gurb é a leithide eile fhéin a bhíonns na diaidh. (Amantaí ciall gháirsiúil a bhíos leis)
Dheamhan áit dhá mbíonn sé nach mbíonn plód cruinnaithe air. An áit a mbíonn an óinseach, dar ndoigh, bíonn a cóisir ann.
TUILLEADH (2) ▼
Ag fáil cuideachta air atá an mathshlua sin. An áit a mbíonn an óinseach, is iondúil dá cóisir a bheith ann.
Airíonn siad buille bog san oinseoigín bhoicht. Murach sin, ní bheadh an saol bruíonach ina diaidh. An áit a mbíonn an óinseach, bíonn a cóisir ann.
·
Ní bhíonn cóisir ar bith gan amadán (leathfhocal) — ní bhíonn mathshlua nó áit ar bith nach mbíonn leathcheann ann, a bhfaigheann an chuid eile súgradh air.
2.
cóisir shamhraidh: éirí amach nó itheachán faoin aer sa samhradh. Is minic a bhíos cóisir shamhraidh faoin tuaith ag lucht na mbailtí mór.
cóisir in iontrálacha eile (10)
Cheannaigh sí cóisir bheathach agus níl ceo faoin saol le n-ithe acu anois ach dúrúch orthu ar fud an bhaile ag foghlú chuile shórt. Dheamhan a bhfaighidh sí a cuid fhéin go deo orthu, ná cuid d'fháil
→
fásach
An bhfuil a fhios agat cá raibh cóisir bheathach an fhir seo thíos inniu nó gur chuir mise amach as iad? Istigh sa bhfásach féir atá agat i nGarraí an Bhóthair. Chuir siad carghas orm agus chomh fada agus atá sé cosnaithe agat. Breá sa diabhal nach ndíolann sé iad mura bhfuil aon ghreim aige dóibh.
→
imir
Bhí an-chóisir mámhaisí agat ach níor chuir tú cuma ar bith imeartha orthu — bhí go leor mámh agat ach níor thug tú imirt na muice orthu
→
abair
Abair! I gceann mar atá na hasail, tá cóisir bheithíoch ansin aici agus gan scioltar orthu leis an ocras
→
dris
Mura ndeachaigh tú faoi dhris tá asarlaíocht eicínt agat le na cártaí. Cén t-ádh atá ort go dteagann cóisir mhámhasaí agat i gcónaí agus chuile dhuine eile feidheartha. Bí san airdeall air ansin a Sh. faitíos a gcuirfeadh sé scailp iontu. Poc amach iad
Is mise a bhí drithleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí anseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaos phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá théis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas sa teach aige ag críochnú an tsearróigín a d'fhan d'fhuílleach ón oíche roimhe sin. Chuaigh mé síos tráthnóna deireanach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé ina oíche dhubh orm ag Airdín an Fh. Diabhal mé gur thosaigh na claíochaí ag teacht amach romham ar an mbóthar, agus go raibh chuile shonda dhá raibh mé a fheiceáil ag baint geit asam. Tabhair fear drithleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shula bhí mé agam féin ceart
→
díol as
B'éigean dom mámh a dhíol as. Ba in í an láimh agat! Tháinig an-chóisir mhámhasaí agam i dteannta a chéile an uair sin. Sin é an chaoi a mbíonn siad: uair bheag agus uair mhór
→
díol 2
Nuair a bhí sé sin ag éirí suas ní raibh aon díol magaidh sa tír a sháródh é. Cineál leathphleota a bhí ann agus áit ar bith dhá mbeadh sé, d'fheicfeá plód cruinnithe air. An áit a mbíonn an óinseach adeir siad, bíonn a cóisir ann. Sin é an chaoi a bhí air muis nó gur phós sé. Ach féacha an gnaithe (gnó) a rinne sé ó shin. Cuirfidh mé geall leat gur beag a fheicfeas tú bailithe air anois …
→
gionnóid
Níl ginnín féar tirim aici anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheathach ansiúd aici agus a gcnámha thrína gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rompu. Nach uirthi a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad