Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díol as
malrait a dhéanamh; rud a chur uait. An uair a bheadh rubáil i mbun a cúig déag, cúig fichead, deich fichead, cúig agus dhá fhichead agus deich agus céad, nó ins an scuaibín, agus go dtóigfeadh cearrbhach nó imreoir an mámh cinn chaithfeadh sé díol as — díol as an mámh cinn .i. drámh beag gan aon-mhaith a leagan béal faoi ar an mbord nó ins an bpaca. Bíonn rubáil le aon is chuile áit ach ní mara chéile na cártaí a mbíonn ionntú orra is 'chuile áit. Ní féidir rí a thógáil in áiteacha ach is féidir in áiteacha eile /
+
Ar dhíol tú as chor ar bith. Sin é an fáth a bhfuil sé chárta agad. Caithfidh aith-imirt a dhul ar an mbun sin
B'éigin dom mámh a dhíol as. Ba shin í an láimh agad! Tháinig an-chóisir mhámhasaí agam i dteannta a chéile an uair sin. Sin é an chaoi a mbíonn siad: uair bheag agus uair mhór.
TUILLEADH (8) ▼
Ar dhíol tú as an aon chor ar bith … Níor mhór duit. Marach go raibh díolta agad aiste shul ar thóig tú cúig do láimhe dhéanta, bheadh do láimh i bpaca. Tá imirt ro-mhaoilscríobach ar na cártaí annseo ar fad. Dhá mbeitheá ag bord le daoine eile, is beag de'n tsleamchúis sin a bheadh ag siubhal leat. D'imreochthá na cártaí mar is ceart nó ghabhfadh do láimh i bpaca ar an toirt
Céard a dhíol tú as … Dó triuf. Sin é an áit ar chac tú ar na h-uibheachaí. Dhá gcoinnightheá an triuf agus an muileata a dhíol as, bhí a gcosa nighte. Ní mór duit a bheith cho maith ins an áirdeall ar do chuid drámhasaí agus a bhéas tú ar do chuid mámhasaí idir ceathrar
Fhobair mé gan díol as chor ar bith. Tá mearbhall eicínt orm anocht. Droch-chearrbhach arsa tusa
Tuige a bhfuil tú ag díol as … Cá'il an rubáil? Nach bhfeiceann tú gur hairt atá iompuighthe?
Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhom a bheith díolta as, ag ceapadh go raibh rubáil agam. Tá trí aon chaocha agam, ach 'ar ndú mo léan níl an aon cheart agam
Breagh nach mbreathnuigheann tú ar do chuid cártaí. Dhíol tú mámh as annsin agus thú sáthach feidheartha mar a bhí tú. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú … Na cúl-chearrbhachaí atá ag déanamh ballséire dhíot, idteannta 'chaon tsórt
Tá sib in a gcíorthuaithbhill cheart anois. Níl agad ach cheithre chárta. Tá sé chárta agadsa. Dhíol tusa as, agus tá ceann le cois agad. Caithigidh suas iad agus roinnighidh aríst iad
Tuige nach hé an dó beag a dhíol tú as i leabaidh an sé? Ná bí cho siléigeach sin, a dhuine sin

Féach freisin

as