Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díol as
malrait a dhéanamh; rud a chur uait. Nuair a bheadh robáil i mbun a cúig déag, cúig fichead, deich fichead, cúig is dhá fhichead agus deich is céad, nó sa scuaibín, agus go dtógfadh cearrbhach nó imreoir an mámh cinn, chaithfeadh sé díol as — díol as an mámh cinn .i. drámh beag gan aon mhaith a leagan béal faoi ar an mbord nó sa bpaca. Bíonn robáil le aon i chuile áit, ach ní mar a chéile na cártaí a mbíonn iontú orthu i chuile áit. Ní féidir rí a thógáil in áiteacha ach is féidir in áiteacha eile.
+
Ar dhíol tú as chor ar bith. Sin é an fáth a bhfuil sé chárta agat. Caithfidh athimirt a dhul ar an mbun sin
B'éigean dom mámh a dhíol as. Ba in í an láimh agat! Tháinig an-chóisir mhámhasaí agam i dteannta a chéile an uair sin. Sin é an chaoi a mbíonn siad: uair bheag agus uair mhór
TUILLEADH (8) ▼
Ar dhíol tú as an aon chor ar bith … Níor mhór duit. Murach go raibh díolta agat aisti shular thóg tú cúig do láimhe dhéanta, bheadh do láimh i bpaca. Tá imirt rómhaolscríobach ar na cártaí anseo ar fad. Dhá mbeifeá ag bord le daoine eile, is beag den tsleamchúis sin a bheadh ag siúl leat. D'imreofá na cártaí mar is ceart nó ghabhfadh do láimh i bpaca ar an toirt
Céard a dhíol tú as … Dó triuf. Sin é an áit ar chac tú ar na huibheachaí. Dhá gcoinníteá an triuf agus an muileata a dhíol as, bhí a gcosa nite. Ní mór duit a bheith chomh maith san airdeall ar do chuid drámhasaí agus a bheas tú ar do chuid mámhasaí idir ceathrar
Fhóbair mé gan díol as chor ar bith. Tá mearbhall eicínt orm anocht. Droch-chearrbhach arsa tusa
Tuige a bhfuil tú ag díol as … Cá'il an robáil? Nach bhfeiceann tú gur hairt atá iompaithe?
Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhom a bheith díolta as, ag ceapadh go raibh robáil agam. Tá trí aon chaocha agam, ach ar ndóigh mo léan níl an aon cheart agam
Breá nach mbreathnaíonn tú ar do chuid cártaí. Dhíol tú mámh as ansin agus thú sách feidheartha mar a bhí tú. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú … Na cúlchearrbhachaí atá ag déanamh ball séire dhíot, i dteannta chaon tsórt
Tá sibh ina gcíor thuaifil cheart anois. Níl agat ach cheithre chárta. Tá sé chárta agatsa. Dhíol tusa as, agus tá ceann le cois agat. Caithigí suas iad agus roinnidh aríst iad
Tuige nach é an dó beag a dhíol tú as i leaba an sé? Ná bí chomh siléigeach sin, a dhuine sin

Féach freisin

as