Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daighean
ainmfhocal
Fuaim — daingean Iarthair na Gaillimhe; daighean (g séimhighthe, "ai" ar fhuaim "adh" in "Tadhg") ar an Achréidh
+
'Sé Baile an Daighin é, má theigheann sé ann (leagan Achréidh) = is iongantas é má theigheann sé ann; is diabhaltaí an rud é ma theigheann sé ann
Ní rachaidh sé ar an aonach ambáireach leis an dá luichín siúd. 'Sé Baile an Daighin é má theigheann. Dheamhan chúig phunt a rachaidís
TUILLEADH (4) ▼
'Sé Baile an Daighin é má cheannuigheann sé clog eili. Nach bhfuil an teach aige treannach ar tigh F. cheana le cluig. Ach ní feasach dó, ach an oiread le duine cé an chóir chaithte a chuirfeas sé ar a chuid airgid
'Sé Baile an Daighin é má dheanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint de'n duine bocht. Ní fhéadfaidís a dheanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneamhairí ar na h-ailt na dligheadóirí. 'Ar ndú ní dadaí eili iad
'Sé Baile an Daighin é má's féidir leis éirghe i mullach na ndaoine ar an gcóir sin. Bhfuighidh (gheobhaidh) sé maide dhá mheadh féin fós, nó is mór atá mise ag dul amú. Ach bíodh a lear air féin. An té a dheanas an t-olc is maith an aghaidh air a bhfuighidh sé féin dhe
'Sé Baile an Daighin é mura bhfuil tú indon chúig chárta a imirt. An oiread céadna atá ugainn (againn) uiliog, agus féachann muid len a n-imirt. Cé'n sórt amparán de dhuine thú féin thar agus cearrbhach ar bith eili?

Féach freisin

daighean in iontrálacha eile (5)

+
Tá sé ag báisteach go daighean indiu.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag báisteach go daighean orm ag teacht aniar. Báitheadh go craiceann mé
 
Is deacair le na h-araingeachaí sin dealú amach le creatlachaí duine. Is minic a bhain siad mí asamsa. Daighean mé go mbaineadh. Agus níl aon-leigheas ó fhlaithis go talamh orra, ach cead aca a seal a thabhairt
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimneas ar bith ach ag diúgaireacht leis igcomhnuí. Dar brigh an leabhair chuirfeadh sé carghaos ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aice féin ann. Dubhairt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. "Dheamhan dochtúr muis" adeir sí "ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis annsin agus a chead sin aige. An uair a thogróchas sé stopadh stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste ins an tír a fuair a aire sin; ach aon-mhaith amháin dom é." Dheamhan cás ar bith aice ann. 'Sí nach bhfuil an scruball innte. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí guthamhail go bhfuigheadh aon-duine caidéis do'n pháiste, agus níl aon-duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireacht' na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
Is dóigh go bhfuil dualgais an tsagairt íoctha ugadsa. Caithfidh tusa a n-íoc go puinteáilte. Is máistir scoile thú. Daighean (dheamhan) ar íoc mise fós daobhtha