Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
daingean
aidiacht, do-bhriathar.
Fuaim — daingean Iarthair na Gaillimhe; daighean (g séimhighthe, "ai" ar fhuaim "adh" in "Tadhg") ar an Achréidh
1.
docht, cruadh.
+
Tá giall daingean (carbad daingean, cnámha daingeana, cosa daingeana, druim daingean agus rl.) ag an mbuachaill úd
An t-alt is daingne in do chorp lúbfadh sé h-idir a ladhraicín agus mac an pheata é. Ní raibh cinneadh go deo leis an spreacadh a bhí in a mhéarachaí
TUILLEADH (2) ▼
Cad ar chad, cad as cionn cad agus cad idir dhá chad agus sliogán eistre in a mhuirtéal orra: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon-bhallaí faoi'n domhan ba daighne ná iad
A bhfuil de gheanntrachaí in Éirinn ní scoiltfeadh í sin. Tá sí ro-dhaingean
2.
do-scaoilte; do-bhainte amach, diongmhálta, teann tacamhail, spreacamhail, dubhshlánach, dingthe.
a.
+
An bhfuil an dorus daingean?
Tá an dorus sin cho daingean le geata an phríosúin
TUILLEADH (9) ▼
Tá an áit sin cho daingean le príosún
Tá sé daingean docht (no docht daingean) annsin anois
Cuir isteach go daingean é nó tiocfaidh sé amach aríst
Sin é a bhí daingean. B'éigin an bosca a bhriseadh shul (dh)ár féadadh an glas a bhaint
Tá sí sin ro-dhaingean i dtalamh len a baint le gróití. Púdar nach mór do'n chailín sin (aill)
Má's leat í sin a dhéanamh sáthach daingean, (a cur isteach sáthach daingean, a fáscadh sáthach daingean agus rl.) ní mór duit ord a fháil agus a dhul ag ordlaidheacht uirre. Is gearr le dhul do mhaoilín casúir ar an daigéad sin
Dhá mbeadh sé cho daingean ann i dtalamh le Carraig an Mh., bhainfidís siúd í le teann fórsa. 'Siad a bheadh deas air!
Nach daingean ins an diabhal a chuir sib isteach é, le nach mbainfeadh do chumhachta amach é
Tá sé ingreamús ann sáthach daingean ar chuma ar bith le nach mbainfidh buille fánach mar sin as greim é.
+
Nach diabhaltaí daingean a cuireadh an claibín ar an mbuidéal ola a bhí annsin an lá cheana, agus go mb'éigin dúinn pionsúr a thógáil in a éadan
Nach tú a chuir an glas-shnaoidhm (snaidhm) daingean uirre. Tá faitíos orm go gcaithfidh tú an scian a thabhairt di
TUILLEADH (12) ▼
Tá greim daingean ar an gcloich sin, léis (taréis) go bhfuil sí ar bogadh le do láimh a leagan uirre
Is ar an lann atá an greim daingean istigh ins an bhfeirc, aindeoin gur beag an rud í
Tá breith daingean ag na clocha isteach ar a chéile. Is maith a cuireadh ar an scair iad, gan bhréig gan mhagadh
Tá cnoth dhaingean air
Tá glas daingean ar an dorus
Tá slabhra daingean ar an ualach sin
Tá dúnadh daingean ar an dorus
Tá géibheann daingean ar an splíota sin anois — istigh ar thóin an phriosúin. Coinneochaidh an áit siúd é feicfidh tú féin
Tá tathú daingean ar an tlú sin.
Tá cur-isteach daingean ar an láighe = an feac curtha ins an iarann igcruth agus nach dtiocfaidh sé amach
Tá deisiú daingean ar an mbróig sin anois. Ní scóthfaidh tú an crudh sin deirimse leat
Tá fastú daingean air anois. Ní thiocfaidh sé i mbradghail níos mó (bulán ar cuireadh longchaird air)
b.
+
Tá Debheléra istigh go daingean anois. Cuirigidh amach é feiceamuist
Tá na Sasanaigh istigh sáthach daingean ar na Gearmánaigh le rud le déanamh a thabhairt dóib a gcur amach
TUILLEADH (4) ▼
Tá na Ghiúdaigh sin cho daingean anois ins an tír seo agus nach féidir a mbaint as greim.
Bhí na Sasanaigh céadna an-daingean is 'chuile cheaird de'n domhan
Tá sé sin anois cho daingean istigh ins an mbaile sin agus a bheadh sean-chrann i gcoill. Tá fréimhreachaí amuigh aige is 'chuile áit, agus chaithfeá 'chuile cheann aca a bhriseadh, shul á d'fhéadfá a chur de dhruim seoil
Sin gaothtaireacht creid mé dhuit ann. Tá sé siúd anois cho daingean istigh ins an talamh sin, agus go gcaithfidís lán laidhre len a chur as seilbh, má's féidir a chur as seilbh. D'fhéachfadh sé a bhfuil istigh agus amuigh aca cailleadh leis an dlí
+
Ná bíodh imní ar bith ort. Tá tú istigh go daingean innte fós. Ach má eirigheann geábh eile cho maith leis an ngeábh deire leis an dream seo, scilling spurtha a bhéas innte = scilling in imirt chártaí, agus dream ag imirt innte
Is maith daingean atá tú istigh i gcreatlaigh an phísín (sé pighne) fós. Féach le fanacht annsin má fhéadann tú. Ná cuireadh tada aiste thú = páirtidhe ag maoidheachtáil len a cho-pháirtidhe i gcártaí
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé i ngreamús go daingean in do phíosa fós. Deich bpighne atá mé istigh sílim
Táir a mh'anam, agus go daingean. Coinnigh greim an fhir bháidhte anois uirre. Imir do chuid cártaí go staidéarach, agus scuabfaidh muid an "tyre" cairr (leath-choróin) fós
·
Tá greim cho daingean sin aige ar an tír anois agus nach mbuailfeadh an saoghal é.
Tá cosa idteannta air annsiúd cho daingean agus nach gcuirfeadh tonna púdair — tada leis — as é
c.
+
Tá sé ag sioc go daingean = go tréan, teann, láidir
Dar príosta tá sé ag sioc go daingean agus cupla iomaire "mhangals" annsiúd thíos agam gan clúdú, ná a dhath. Is dathamhail an chaoi a bhéas orra ar maidin
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé ag cur sheaca cho daingean anois, agus nach mbeadh sé ionrásta ag duine ná ag beithidheach an bóthar a shiubhal ar maidin
Siúd í an oíche a raibh sé ag sioc go daingean ar chaoi ar bith. Ghabhfadh sé thrí chlár daraighe
Tá sé ag báisteach go daingean ("go daighean" Achréidh)
Ar chuala tú ariamh an scéal faoi'n sagart agus faoi'n mbuachaill. Tháinic an buachaill isteach agus é in a líbín. "Tá sé ag báisteach go dainghean" adeir an sagart. "Tá, agus deich míle taebh thiar de Dhaingean" adeir an buachaill, "mar tá mise th'éis a theacht as, ar mo chapall anois (Magadh focal atá ins an scéal seo. Is áit i gConamara é an Daingean. Tá sé idir Anach Mheodhain agus paráiste an Chillín. Tá eolus ar an scéal seo ar an Achréidh freisin ach "Daighean" adeirtear i leabaidh "Daingean")
Tá sé ag báisteach go daighean indiu.
Bhí sé ag báisteach go daighean orm ag teacht aniar. Báitheadh go craiceann mé
Bhí sé ag báisteach 'chuile orlach cho daingean ó mhaidin annseo agus atá sé anois. Ní dhearna sé aon-aithdeal ó thosuigh sé ag an deich a chlog. Is síorruidhe an lá báistighe é míle buidheachas le Dia
·
Tá tú ag caint go daingean anois = diongmhálta, cinnte, teann; ar bhealach a dtiubharfá len a innseacht go raibh fút an rud a bhí tú a rádh a dhéanamh, nó go ndéanfá maith de do rún
'Sé a labhair go daingean. Bhí a fhios agam ar an bpuínte nach dtiocfadh aon-athrú intinne dó ó'n gcaoi ar labhair sé

daingean in iontrálacha eile (7)

 
Tá an dá bhealach ann: an Daingean agus an Ceann = d'fhéadfadh bádóirí a dhul go Rosmuc tímpeall Cheann Gólaim, nó suas an Daingean; tá dhá chaoi le rud a dhéanamh agus rl.
 
do- 2
Tá an doras sin do-shníomhtha a mhic ó. Beir air go bhfeicidh tú cho daingean agus atá sé
+
docht 2
Doras docht dubhshlánach é; doras docht daingean é (cuirtear cuingir ar na focla sin mar sin go minic)
TUILLEADH (1) ▼
Nach docht daingean a cuireadh é sin annsin. Do dhubhshlán anois a bhaint as th'éis do chuid gaisce
 
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé'n píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na h-anála.
 
droim
Meastú cá'id go dteighidh druim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh, nó an ngabhfaidh go bráth. Is fusa é a rádh ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh cho geanntáilte sin ann, agus go dtóigfidh sé aimsir a gcur de dhruim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rúmhánaigh (Rómhánaigh = Caitlicigh) thíos ann, nach ndéanann. Ó tá rútaí Chromail go daingean annsin fós
 
Nach diabhlaí daingean é agus doras dúbalta leis