Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dalladh púicín
ainm-fhocal, fireann
1.
 an t-éadach a cuirtear ar cheann nó ar shúile duine nuair a bhítear ag déanamh púicín, ach níl mórán de'n chiall seo sa gcaint anois.
·
Tá tú ag cur dalladh púicín air = éadach an phúicín
2.
 Is ionann dalladh púicín agus dalladh mullóg, dallach dubh, ciméar, slám, mearbhall agus eile.
+
Cuirfidh sí sin dalladh púicín ar na súile dhó = ciméar, artha an dul amú
Ní raibh aonduine ar an bhfeadhain aca sin nachar chuir dalladh púicín ar fhear eicínt. Fuair siad an scoth freisin. Bhí buadhannaidheacht eicínt aca, agus níorbh í an bhreaghcha í
TUILLEADH (4) ▼
Cé'n sórt dalladh púicín atá ort? Nach bhfeiceann tú go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot. Breagh a dtaobhuigheann tú iad
Bhí dalladh púicín eicínt air nuair a cheannuigh sé an bhudóig sin. Níl aon-fhear faoi'n mbogha bán a thiubharfadh deich bpunt uirre ach é féin
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léar dó fúithe le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Má's léar, tá faitíos orm nach léar d'aonduine eile é, ar chaoi ar bith
Chuirfeá dalladh púicín ormsa anois, dá leiginn duit ach ní leigfidh. Fagh duine eicínt le dhul ag magadh faoi tharmsa

Féach freisin