dalladh púicín
—ainmfhocal, fireann
1.
an t-éadach a cuirtear ar cheann nó ar shúile duine nuair a bhítear ag déanamh púicín, ach níl mórán den chiall seo sa gcaint anois.
·
Tá tú ag cur dalladh púicín air — éadach an phúicín
2.
dallamullóg, dallach dubh, ciméar, slám, mearbhall srl.
+–
Cuirfidh sí sin dalladh púicín ar na súile dhó — ciméar, ortha an dul amú
Ní raibh aon duine ar an bhfeadhain acu sin nár chuir dalladh púicín ar fhear eicínt. Fuair siad an scoth freisin. Bhí buannaíocht eicínt acu, agus níorbh í an bhreácha í
TUILLEADH (4) ▼
Cén sórt dalladh púicín atá ort? Nach bhfeiceann tú go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot. Breá a dtaobhaíonn tú iad
Bhí dalladh púicín eicínt air nuair a cheannaigh sé an bhodóig sin. Níl aon fhear faoin mbogha bán a thabharfadh deich bpunt uirthi ach é féin
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léir dó fúithi le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Más léir, tá faitíos orm nach léir d'aon duine eile é ar chaoi ar bith
Chuirfeá dalladh púicín ormsa anois, dá liginn duit, ach ní ligfidh. Faigh duine eicínt le dhul ag magadh faoi tharamsa
Féach freisin
→
púicín
dalladh púicín in iontrálacha eile (2)
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
→
deo
Go deo nó go bhfana sé sin as an teach sin, ní bheidh lá foráis air. Tá dalladh púicín dhá chur air as éadan ansin