Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dealá
ainm-fhocal, fireann
lá maith; lá breá, lá cóiriúil do cheann oibre áirid; lá a mbeadh cothrom gaoithe ann do bhádóirí, agus rl.
+
"Calm agus dealá do t'anam, a dhaidí", adeir an t-iascaire, nuair a fuair an sean-dhaidí bás = ba shin é guidhe an iascaire; "May there be no moaning of the bar when you put out to sea"
Deálá féir é. Ní tada eile é
TUILLEADH (4) ▼
Déanfaidh sé deálá anois
Deálá iascach é. Níl sé tada ro-gheal, ná níl an iomarca gairbheadais ann ach oiread
Dhá dtugadh sé deálá ar bith uaidh, bhuailfinn an slaimín féir sin thiar ar a chéile
Níl aon-mhaith do dhuine an rith fada a thiúirt (thiubhairt) air féin gan deálá

Féach freisin