dea-lá
—ainmfhocal, fireann
—
lá maith; lá breá, lá cóiriúil do cheann oibre áirid; lá a mbeadh cothrom gaoithe ann do bhádóirí, srl.
+–
'Calm agus dea-lá do t'anam, a dhaidí,' adeir an t-iascaire nuair a fuair an seandhaidí bás — ba in é guí an iascaire; may there be no moaning of the bar when you put out to sea
Dea-lá féir é. Ní tada eile é
TUILLEADH (4) ▼
Déanfaidh sé dea-lá anois
Dea-lá iascach é. Níl sé tada rógheal, ná níl an iomarca garbhadais ann ach oiread
Dhá dtugadh sé dea-lá ar bith uaidh, bhuailfinn an sláimín féir sin thiar ar a chéile
Níl aon mhaith do dhuine an rith fada a thabhairt air féin gan dea-lá
Féach freisin
→
lá
dea-lá in iontrálacha eile (14)
+
→
calm
Calm agus dea-lá go bhfaighe sibh! (beannacht ar bhádóirí)
TUILLEADH (1) ▼
"Calm agus dea-lá go bhfaighe t'anam, a dhaidí,' adeir an t-iascaire agus an t-athair ag saothrú báis" (as scéal magúil faoi iascairí cladach Teampuill Mhuire)
Níor tháinig aon earrach go hiomaí, is coimhthí ná é. Dheamhan earrach ar bith nach dtiocfadh cuid mhaith breacaimsire, ach níl sé ag tabhairt lá ar bith uaidh i mbliana. Ach ar chuala tú ariamh: seachain earrach an dea-gheimhridh. Níor tháinig aon gheimhreadh le mo chuimhnese ba bhreátha ná é.
→
cíos
Meas tú an bhfuil cuimhne ar bith ag lucht an chíosa aon lascainí a thabhairt do na daoine. Is fadó an lá a gheall siad é, ach sin é fhéin an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh
→
féithigh
Bhí sruth is gaoth leis go dtí an lá sin, ach ón lá sin anuas, níl an saol ag féithiú leis. Is olc an rud a dhul in aghaidh dea-chomhairle
Bíonn sí ag síor-rá léithe mar sin, ach a chead sin a bheith aici. Is duine an-dea-chroíúil ina dhiaidh sin í. Beidh sí agat lá an anó ar chaoi ar bith
→
dia 1
"Dea-scéal ó Dhia againn agus gan é a bheith fliuch, agus cuid an lae amárach go ndéana sé inniu" (leathfhocal)
→
diaidh
Ní raibh aon lá ó rugadh an chéad fhear acu, nach raibh an dea-chaint i ndiaidh na nÉamainn sin. Ar chuala tú aon nathaíodóir beo mar Joe sin. Bhuel ní raibh tada dhá thais ag Pádraig, agus, ar ndóigh seanÉamann féin, deir an dream a chonaic é nach raibh cinneadh go deo leis
→
díleá
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
→
díobháil
Níl aon lá le mo chuimhne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála ansin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dhiaidh sin ann, théis go bhfuil mo theanga caite agam dhá iarraidh orthu. An dea-ghealladh, agus an droch-chomhlíonadh, deile
Tá sé ag dul chun ráithe ó gheall sé go dtiocfadh sé lá liom ag caoladóireacht agus go dtabharfadh sé beairtín slat agam as a shail féin ag teacht dó. Ní fhaca mé aon amharc air fhéin ná ar an mbeairtín ó shin, agus ní fheicfidh ach oiread chreidim. Sin é an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Tá na cléibh gan déanamh fós