Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deáscéal
ainmfhocal fireann
scéal maith; scéal freagrach.
+
Sin deá scéal ar chaoi ar bith
Ní minic leat an deáscéal a bheith ag teacht leat
TUILLEADH (1) ▼
Beidh gorta ann an bhliain seo chugainn! Níor mhinic leat an deáscéal a bheith agad! Is goire cabhair Dé ná an doras
+
Deá scéal ó Dhia againn! = dá gcloistheá deáscéal nó scéal ar fónamh eicínt agus gan aon-tsúil agad leis
Deáscéal ó Dhia againn. Slán an scéalaí! Beidh biseach ar an tae an tseachtain seo chugad, adeir tú! M'anam nach miste! Bhí na daoine tolgtha ag an gcaifí
TUILLEADH (1) ▼
Deáscéal ó Dhia againn muis! Is mór an saothrú a thiúrfas sin fhéin do na daoine dar príosta

Féach freisin

Deáscéal in iontrálacha eile (1)

 
Deir siad nach feárr deáscéal(aí) i dtír ná droch-scéal(aí) = ní theagann síon idtír nach fearrde duine eicínt í; más olc maith rud, buachann duine eicínt air, aindeoin daoine eile a bheith síos leis