Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dealbh
briathar
ní theagann aon-chlaochlódh aimsire air, arae ní feasach dom é bheith in aon-leagan eile ach ins an leagan seo amháin. dhár dhealbh an ghrian = bíonn an méid sin seasta ann i gcomhnuí, agus faoi laethanta oícheannta, maidineacha agus rl. is mó a baintear leas as, cé go mbíonn sé i ráidhtí eile scaithtí, i gcosamhlacht leo sin b'fhéidir.
chruthuigh, chum, dheilbh, rinne, shnuigh, mhúnlaigh, dheallruigh.
+
Níl aon-lá dhár dhealbh an ghrian nach dteagann sé againn uair eicínt. B'fhéidir gurb é an uair a bheadh muid ag dul a chodladh ins an oíche a casfí (casfaí) isteach ar a chuairt é = níl aon lá dá n-eirigheann air agus rl.; níl aon lá dá n-eirigheann ar a shúil agus rl.; níl aon-lá ins an aer (aon-lá beo, aon-lá dá dteagann) agus rl.
Dheamhan maidin dhar dhealbh an ghrian nach bhfeicfeá ag dul soir é, taca an am chéadna 'chuile mhaidin — ar phuintí an deich — le gloine fuisce a ól. Sin é a chuid óil aríst go dtí an t-am céadna an mhaidin dár gcíonn
TUILLEADH (7) ▼
Theagadh sé thíos againne 'chuile oíche dhár dhealbh an ghrian, nó gur buaileadh suas as na cosa é faoi dheireadh, agus go mb'éigin dó fanacht istigh. Má ba fliuch fuar an oíche, theagadh sé. Sílim nar loic sé an oíche féin ar feadh scór blianta …
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian, nach mbuaileadh sé féin amach shul' theigheadh sé a chodladh go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabhail faighte ag na beithidhigh, agus ag an gcapall. Dhá dteigheadh a raibh ins an teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon-tsástuigheacht aige ann in a dheidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orra. Duine imnídhtheach a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-eirigheann sé 'chuile oíche thiar ins an roillig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh., gan an geata a dhúnadh!
Níl aon-tSatharn dhár dhealbh an ghrian nach dteigheadh sí G., an fhad agus a mhair sí. Ní raibh lá dhá dheannachtaighe indon a coinneál istigh. Is minic a chonnaic mé ag teacht abhaile trathnóna í, agus an sruth as a cuid éadaigh. Dheamhan ruaig shlaghdáin a tholg sí ariamh as in a dheidh sin. Bhí an follántas mór ag imeacht leo sin ar fad
Níl Domhnach dhár dhealbh an ghrian nach mbíonn sé ag an gCéad-Aifreann, aindeoin na deich mbliana agus cheithre fichid a bheith bailighthe go h-árd aige. Má tá féin, tá an oiread lúid ann fós agus a bhí an chéad lá ar thosuigh sé ag tarraint an phinsean.
Aon-ghreím dhár dhealbh an ghrian, ní dheachaidh ar a bhéal le seachtain
Ní dhéanann sé nídh dhár dhealbh an ghrian anois, ach gróigthe ar an sconnsa beag údaidh, ag cur carra chainte ar an bhfear anoir agus ar an bhfear aniar. Go deimhin 's go dearbhtha, is aige atá saoghal an duine uasail
Ní bhfuair mé aon-tuigarette (cigarette) dhár dhealbh an ghrian le dhá lá. Tá mé thart dhá bhfuireasbhaidh.

dealbh in iontrálacha eile (15)

 
dealg
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus droighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le bruic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réidhteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí annsiúd réidhtighthe faoi cheann deich mbliana
 
deara
Ní thiubharfaidh an t-athair aon-nídh dhár dhealbh an ghrian faoi deara, má ghníonn tusa do ghnatha go cuí(bh)eamhail. Ach tárrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na druinne má bhrathann sé thú
+
Diabhal mé go mb'fhiuntaighe dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl nídh dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rithte ag an gcomharsa ag "Begéaracht" 'chuile ré soluis
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad ag déanamh tighthe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a' comhnuidhe ionnta ach ag forcabhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scuir — poilitéaraí — ar fad atá ionnta. Diabhal mé gob (gurb) orra atá meas uiliog anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhfadh duine aca bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
 
Bhí an crann deilbhe deisighthe aice ar m'aghaidh isteach indiu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraidhe í, go dteigheann sí ag deilbh fós
 
Coinnigheann an dream atá i Meiriocá corr-dheoladh léithe ach má choinnigheann féin, tá sí ag fáil fuighleach le déanamh ó'n saoghal. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin aca anois, gur sáthach righte a theigheas sé leo, ní áirighim ise nach bhfuil nidh dhár dhealbh an ghrian aice, ach an "trifle" beag sin a fhaghas na daill
 
Shílfeá agus cho díocasach agus atá sé chuig iascach go bhfuigheadh sé deis. Níl dorugha, snúda, glionnda ná ní dhár dhealbh an ghrian aige ach igcleitheamhnas 'chuile dhuine eile, agus gur minic a chaitheas an fear sin fanacht istigh (gan a dhul ag iasgach) an uair a bhíos a dheis imighthe amach aige-san
 
Chonnaic tú annsin thiar é Mac Mh. Ch. Bean ar bith a shamhlóchadh an t-athair leis, ní raibh aon-mhaith innte. Bhí mná maithe faighte aige dhó, ach ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeidís. Annsin dubhairt an t-athair leis a dhul agus bean a fháil é féin. Chuaidh. Inghean T. Sh. sliseog chaithte chaillte, nach raibh cianóg ruadh ar a faghaltas. Reic sí an tsean-bhean a bhí ins an teach. Níor fhága sí nidh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe nar árduigh sí soir abhaile. Sin é an fear a rinne an droch-phósadh. Ach ar chuala tú ariamh é: tabhair a roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha
+
díol 2
Tá S. Ó. D. annsin thoir anois in a dhíol trócaire cho mór agus atá ins an tír, agus gan é ag fáil faice — "dole", airgead páistí, pinsean caoch, ná nídh dhár dhealbh an ghrian — ach ag mianadóireacht annsiúd idir dhá leic ag iarraidh cupla fata a shaothrú. Ach ní taise le fear ar bith istigh in a bhaile é. Níl slí do choise de thalamh aca frén a chéile.
TUILLEADH (1) ▼
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tiubharfaidh mé 'chuile dhíol air faoi nar thug sé agam an pisín cuit a gheall sé dom. Tá an teach beo beithidheach le luchain. Ní fhágfaidh siad nídh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe. Mara dteightear romhab (fuaim — rúb = rompa) go gairid
 
A muise a mhuirnín, má theigheann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brughadh ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathramhadh cloch fhataí a bhí aige th'éis soláthar trí lá, agus in a cheann sin goideadh an "sádar" (solder) uaidh. Nach gann a chuaidh an saoghal orra, go mb'éigin dóib a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cé'n neart a bhí aca air. 'Ar ndú níl nidh dhá'r dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
 
Ba bheag an bheann a bheadh aca sin ar an saoghal marach cho drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa annsin thoir ag a n-athair agus níl nídh dhar dhealbh an ghrian nach bhfuightheá istigh faoin a chaolachaí. Thug sé scoil agus foghluim dóibh. Bhánuigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag árd-scoileannaí. Chuaidh siad 'un dreabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoghail ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geirthe dhó, agus chaith siad 'chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis aca. An uair a bhí a n-athair de dhruim tighe aca, b'éigin an áit a dhíol, agus bhí siad-san in a gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, an uair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siad-san gan pighinn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thiubharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios [cé] aca de'n bheirt — é féin nó a bhean ba dhrabhlásaighe a bhí. 'Ar ndú mo léan chuaidh sé i gcuingir leis an gceann ceart — inghean L. Uí C.
 
Beannacht Dé dhuit! Ab é Baile an Ch. Deir tú liom go bhfuil an-phriobáin talmhana ann. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann, a stór — ceo ar bith — ach feidheallanna madraí — agus na dranndail nochttha aca, ag forcabhás ar fháiteall eicínt a strachlóchaidís thrí dhriseachaí an bhaile
 
droim
Thug na Black and Tans leo é ins na lorries agus gan falach dhár dhealbh an ghrian air, ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chomhnuigh siad gur fhága siad ar thráigh an L. Bh. é agus an snáth feamainne in a mhullach. D'fhuagair siad annsin air eirghe agus rith. 'Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht ins an méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach ins an mbearraic é, agus thosuigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cé'n spídeamhlacht a thug siad dó. Tháinic sé amach as an mbearraic sin uair eicínt leis an dearg-mhaidin, agus gan aon-ribe dubh in a cheann de dhruim na h-oíche … Is mór a chonnaic é. Nachar bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dteighidís thríd an oiread sin
 
dúd
Shílfeá nach mbeadh sé indon aon-cheo dhár dhealbh an ghrian a thógáil, ach dar fiadh ní raibh neach an aoin ag dul go dtí an áit sin thoir a chinnfeadh air ag tógáil rud ar bith. Dubhairt an máistir fhéin sin. Dúd é a dhearbhráthair ó. Dúd!