Deas
—/d′as/, /d′æs/
—aidiacht
1.
breagh, scéimhiúil, slachtar, dathúil agus rl.
a.
+–
Tá sí go deas
Bean deas í
TUILLEADH (23) ▼
Áit dheas é
Curach an-deas í
Meastú cé's deise do chapallsa ná mo chapallsa?
Amhrán deas é sin
Sin é an teach is deise ar an mbaile
'Sé an fear is deise clann inghean san tír é
'Sé an áit is deise teach é ó Gh. anoir
'Sé an fear is deise guth in do thír é
Ba é an té ba deise craiceann dhá raibh annseo ariamh é
Tá sí cho deas le nuallóig (fc. nuallóig)
Is deas liom í. Déarfainn go mbeadh sí an-leitheadach
Is fearr beag deas í ná mór gránna (bean)
Cailín deas í
"Ólfaidh mé agus tú sláinte chúil áluinn mo chailín deas" (líne as amhrán)
Is deas an aimsir í, (lá, oíche, cruach mhóna, bád agus rl.)
Madadh deas socair é
Bean deas chonscluithe í
Tá "tae-pot" deas buí aice, agus ceann gorm
Feairín deas ruadh é, bail agus beannú air
Tá sé ag iarraidh é fhéin a dhéanamh go deas leis an mbearradh sin
Is lághach deas an fear é
Is mín deas an sórt bean í
Cailín bán-deas í
b.
+–
Is deas a d'imir sé ort
Is deas a bhuail sé isteach ar an smut é
TUILLEADH (15) ▼
Is deas a thug sé an bord sin leis isteach (bád)
Is deas uaidh amhrán a rádh
Is deas atá sé ag fáil na h-oibre leis
Nach deas a deirigh sí leat. Tá mise ag tóraíocht speile le mí, agus chinn sé dubh agus dubh orm aon-cheann a fháil
Is deas a d'eirigh posta glan fiuntach leis faoi dheireadh thiar thall
Tá sé ag tabhairt taobh an tí anoir go deas leis
"Nach deas adúirt plandóigín na gcíocha míne bán; Ar fháisciú (fáisceadh) a dhá láimhin agus barrú a cúig méar; Ag cur scáth ar an gcás len a raibh sí ann i bpéin; Scéal cráite air, is láidir an snaoisín é" (ó Bheartla Ruadh Ó Fhlaithbheartaigh, Camas. Nuair a tháinic Tomás Láidir 'Ac Coistealbha isteach ag athair Úna Bhán dhá h-iarraidh fuair sé ag gol roimhe í. Bhí fear eile istigh dhá h-iarraidh. D'iarr an t-athair uirre sláinte an té ba mheasa léithe faoi'n domhain a ól, agus dúirt sí go mba é Tomás Láidir 'Ac Coistealbha é. Nuair a dúirt sí sin buaileann an t-athair iarraidh ar an mbéal uirre, agus thosuigh sí ag gol. Ach nuair a cheisnigh Tomás í faoi fhá a guil, dúirt sí go mba pinse snaoisín ba chiontsiocair leis. Annsin rinne Tomás giota de'n amhrán)
Nach deas a shíl sé fir a fháil a chúnamh dhó!
Is deas a thug mé néal chodlata liom th'éis mo dhinnéir inniu
Nach deas a gheobhadh sé bean agus gan slí gan fáltas aige
Nach deas uait magadh a dhéanamh! Diabhal bréag!
Is deas a chodlóinn píosa anois, dhá síninn ar an leabaidh
Is deas a d'ólfadh sé gloine fuisce anois agus bíodh sí aige
Is deas a dhaimhseóinn puirt anois dhá gcastaí dhom é
Má theigheann tú dhó go deas, b'fhéidir go bhfuightheá uaidh é
c.
+–
Tá sí deas caointineach (bean. Is minic a cuirtear deas mar aidiacht tacaíochta le aidiacht nó aidiacht-bhriathar eile leis an aidiacht eile a neartú)
Is deas mór an gamhain atá aige anois
TUILLEADH (24) ▼
Is deas déanta an staic de mhac é sin aige, bail ó Dhia air!
Ba deas meabhrach an gasúr é ag eirghe suas dó
Is deas gleoite an cailín í
Is deas leigthe an capall í
Is deas cuíbheamhail an fear é
Is breagh deas an chulaith éadaigh atá air
Is deas tóigthe atá an claidhe sin aige
Is deas óg an fear a fuair sí aindeoin bun-aois mhaith a bheith aice féin
Ba deas fáilí an mhaise dhó é, 'mo choinsias, agus gan aithne ar bith aige ort
Is deas reamhar atá sé ag coinneál i gcomhnaí
Is deas croíthiúil an sórt duine é i gcomhluadar ar bith
Is deas tobann a bhuail sé é
Is deas sciobtha uaidh a thiomáilt (thiomáint)
Ba deas éascaidh uaidh obair a dhéanamh go ndéanaidh Dia grásta air
Is deas stuama an sórt duine é
Is deas gangaideach an trathnóna é = gangaideach go maith
Tá sé deas fliuch anois agaibh le dhul amach
Is deas meanmnach a tháinig sé anoir an bóthar trathnóna, agus é ar a bhog-mheisce
Nach deas tráthúil adubhairt tú é!
Ba deas puínteáilte a chuir sé isteach an chloch sin
Is deas tóigthe an dá ghamhainín iad sin
Ba deas spéiriúil an bromach a bhí annsin an lá ar cheannuigh sé é
Nach deas roighin uaidh siúl!
Nach deas bladarach a shíl sé an chluain a chur orm. Ach ní dheachaidh leis
·
Má chuireann tú aighneas air go deas mín, tiúrfaidh sé toradh ort
Is mian leis obair a dhéanamh dhó i gcomhnaí go deas slachtar. Níl aon-ghnatha ag putrálaí in a ghoire
2.
+–
Is deas thú! = níl aon-chuma ort féin (ar do chuid éadaí, ar do cheann aghaidh, ar do chuid oibre, ar do chuid cainte agus rl.)
Is deas é, mo choinsias má's ag imeacht ag ól faoi agus thairis atá sé anois
TUILLEADH (5) ▼
'Deimhin is deas thú! Tuige a mbíonn tú ag gráiscínteacht mar sin i gcomhnaí
Is deas é, má's sin é an chaoi a bhfuil sé indon pláistéaracht a dhéanamh faoi dheireadh
Is deas thú anois dhá bhfeictheá thú fhéin!
Is deas í dar fiadh, má sin é a béas!
Is deas é gan bhréig gan mhagadh! Ag imeacht ag sioscadh bréag mar sin!
+–
Is deas é "m'fhear fataí" muis! M'anam má tá gur ag imeacht in a spailpín atá sé! = ní fear fataí é chor ar bith, ná baol air. Is spailpín é (Is iondúil go gcuireann an cainteoir "mo" isteach i gcomhnaí le leagan de'n tsórt seo cé nach mbíonn baint ar bith aige leis an duine a bhíos i gceist, nó is annamh a bhíos. Is ionann an leagan agus "mo chreach an máistir scoile (sagart agus rl.) a dhéanfas an duine sin")
Is deas é mo shagart muis! M'anam gur ag imeacht ag reathach indiaidh gearrchaileadha 'chuile oíche ar na bóithrí é! Deamhan a chos siúd a bhéas in a shagart fhad agus a bhéas Peadar i gcathaoir
TUILLEADH (5) ▼
Is deas é mo mháistir scoile muis! Dubhairt sé go raibh sí le máistir scoile a dhéanamh de. M'anam gurb í an scoil atá anois aige, thuas ag réabadh móin uicht annsiúd thuas gach lá
Is deas iad mo dheich bpunt muis. Fuair mé h-ocht bpunt gan leithphighinn aige ná uaidh = shamhluigh an fear eile leis go bhfuair sé deich bpunt ar an mbeitheach
Is deas é mo dhá "phíosa" fataí! An bhfuil "píosa" fhéin ann?
Is deas iad mo shé pholl. Bhí an gairéad ariamh aige. Caithfidh sé an comhaireamh a bheith aige i gcomhnaí. Níl trí poll maith fataí ag gabhail leis
Ba deas í mo cheird muis, ag brú sean-chaillí thart i gcáirrín! Dhá mbeinn gan aon-bhuille oibre a fháil le mo ló, ní dhéanfainn é
+–
Is deas an chaoi é go deimhin! Iasacht na n-iasacht. Ise ag fáil bainne uainne, agus dhá thabhairt uaithe aríst
Is deas an bhail a chuir sé ort: a raibh agad a mhealladh uait
TUILLEADH (11) ▼
Is deas an scéal é: fear leath-choise ag dul ag pósadh
Is deas an deis atá air anois: gan fód móna ag gabhail leis nach bhfuil díolta aige
Is deas an cleas a rinne sé! Shílfeá gur beag an dochar dhó náire a bheith air
Is deas an rath ar a' (ar) gcuid coirce é: asail na tíre dhá thaltú
Is deas an obair atá ort: ag caitheamh smugairlí le na daoine. Béidh a shliocht ort ach a dteagaidh t'athair. Gheobhaidh tú garbh é
Is deas é t'fhaisean; is deas sin. Dheamhan ceó a bhí le déanamh leat ach dhá leith a dhéanamh de do dhruim
Nach deas an béas a thug tú faoi deara dhuit féin: a dhul ag aithléamh ar na daoine. Tá an diabhal ag cur chathaí ort
Is deas an bealach atá len a leithide de chailín óg, dá mbeadh a fhios aice é! An chaile bhradach, ó's ise í
Is deas an tógáil atá sí a thabhairt ar a cuid páistí! Is cinniúint uirre é, nó beidh siad in a gcneámhairí cho mór léithe féin
Is deas an aire atá a chuid laoghantaí a fháil uaidh. Diabhal bréag nach deas! A scaoileadh siar annsin siar 'sna breaclachaí raithní sin, nó go gcáilltear leis an ocras iad. Annsin tosaí ag rá nach mbíonn siad ag dul dó
Is deas an chóir atá air anois: gan fata ná meacan de bhlá bliana aige
3.
+–
Déanfaidh sé é. 'Sé atá deas air! = tá sé go maith dhá dhéanamh; is aige atá a fhios len a dhéanamh; tá fonn a dhéanta air. Tosaíonn an leagan seo i gcomhnaí le "is" nó i ráití coibhneasta le "tá" .i. "Is fear é Seán atá deas ar an obair sin a dhéanamh." Ach is annamh a bhíos an leagan coibhneasta seo féin ann, agus níor chuala mé an leagan neamhspleách ariamh .i. "Tá Seán deas ar a dhéanamh." Bíonn sé go minic ag ath-chainteoir san am a n-abróchadh an chéad duine: "Déanfaidh sé obair anois" (Freagra ó'n ath-chainteoir: "'Sé atá deas air")
Bainfidh sé móin anois agus 'sé atá deas air bail ó Dhia air! Ach tobac a choinneál leis!
TUILLEADH (10) ▼
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon-ghiorranála air, mar chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar "turn" an deoch a sheasamh. "Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól" adeireadh an cneagaire. "Airighim giorranála ag teacht orm fhéin"
'Sé Seán atá deas ar iomramh. Is mór an spóirt i gcura(igh) é. Níl fear a bhárrtha annseo anois
Dar príosta má's é féin sé atá deas air! Breathnuigh ar an déanamh atá ar an teach sin. Gobáin iad na Beartlaíochaí ar a ghualainn.
Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort, má thograíonn tú a dhéanamh. Thug tusa an damhsa ó bhuaile leat! Amach leat agus déan geábh
'Sé a bheadh deas air, dhá bhfaghadh sé a shá len ithe. Ach sin é an buille! Céard a choinneochadh a shá len ithe leis. D'íosfadh sé siúd an tsá mhuimhneach (an tsá bhuidhneach?)
Deasóidh S. G. dhuit iad! Sé atá deas air! Dheamhan gréasaí déanta inchinnte air!
'Sé an mac atá deas air! Níl aon-ríochan leis! Níl aon-cheird amuigh nach bhfuil aige.
Is muid atá deas air! Tugaighidh aríst anois é, má's breágh lib é, agus gheobhaidh sib failm eile! (cártaí)
Nach h-é atá deas air a mhic ó. Dheamhan duine dhá bhfuighidh sé siúd iarraidh air nach fear é a mbeidh suan air. Siúd é an buachaill aca!
Nár lagaidh Dia thú! Is tú atá deas air! Faoi do chois é a fhleascaigh! Faoi do chois é!
Deas in iontrálacha eile (50+)
→
fara
Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
→
fearacht
Ní hé m'fhearacht T. J. Thapaigh sé sin a ghnatha. Sé a bhí deas air = ní hé mo leath-cheannsa é; níl sé ag dul i gcosúlacht liomsa
→
feart
Pádraig a chuir na hollphéiste agus na nathrachaí nimhe as Éirinn. Sé a bhí deas air: Pádraig na bhFeart
+
→
fios
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
TUILLEADH (2) ▼
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh aca: ag sciotráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
Sén chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
+
→
focal
Níl aon-chaibhnsiléara istigh inGaillimh indon breith ar fhocal uirre siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" (As "William Reilly")
+
→
foirm
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
TUILLEADH (1) ▼
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nachar chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. Sé atá deas air
→
freagair
Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle? Tá an "tube" ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
+
→
froigisí
Chuirtí fruigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh a bhfus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na sean-fhruigisí ann i gcomhnaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin indon a ndéanamh. Sí atá deas air!
TUILLEADH (4) ▼
Gúna fruigisí a bhí uirri. Ba deas é
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonnaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa annseo fadó, agus chuir sé an oiread frugaisí air, agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar annsin san seomra. Bhí sé ro-dheas le dhul ag strachailleacht leis
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidre(amh) an deis atá air = shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe indiaidh a chinn roimhe ón mbaile
+
→
fág ar
Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort, mara bhfá tú deis thar an scian sin in a n-éadan
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
→
fág
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is in a sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu marach a cuid airgid sin
+
→
fáinne
Fáinne óir ort a Bhreathnaigh! Is deas gasta a d'eirigh an góraí sin leat! = duine ag breathnú ar chluiche peile
TUILLEADH (2) ▼
Fáinne óir ort a Churraoinigh! Nar lagtar do láimh! Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort! = le fear ag imirt báire binne
Meastú a ngabhfainnse ar páighe aige-sin. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseóige. Ba deas í mo cheird
→
fálach
Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
→
fánach
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
→
féar
Tá tusa ar dhruim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chómhrádh
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
→
cab
Mara dteighe [tú] dhó go deas anois, dóirtfe tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal a' tsoithigh.
Is deas an áit a rachthá i gcoinne uisce té — síos go dtí an tobar brocach sin, atá faoi chaile mhineoig as éadan.
→
carracán
Tá snáth deas feamuinne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurrchadha.
+
→
ceal 1
Ní dhéanfa tú aon-dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breagh nach gcuireann tú fios ar uirnis síos tigh J.?
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a' baoghal a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar a' méir is fuide, marach cheal gan aon-deis iomchuir agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiubhal.
Tá claon-fhéachaint i leath-shúil leis — an ceann deas sílim — ach tá'n tsúil eile ceart.
→
cleite
Ní cleite deas é sin, le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abró(chth)á fiú's a's ''gcead do'n chomhluadar', a's fios aghad na daoine gnaoidheamhla a bhí ann!
Ní shin é an chaoi le cloich-neart a chaitheamh ó'n ngualainn chor a' bith. Níl tusa a' cur deis a' bith ort fhéin léithe. Ar a' láimh atá tú a' cur an stró ar fad, i leaba, é 'chuir ar a' ngualainn a's ar a' slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú a' cur cosamhlacht chaithte eicínt ort fhéin!
→
coirigh
Choireochadh sé orm — 'sé a choireochadh — dhá bhfaghadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtiubhra an deis dhó.
+
→
comaoin
Ba deas an chumaoin orm, th'éis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, a's do mo mhartrughadh, mar rinne sé!
TUILLEADH (1) ▼
Is deas a' chumaoin ort é, inDomhnach, indiaidh teine a choinneál ar a theallach i gcaith(eamh) na bliadhna, gan oiread a's tú a iarraidh chuig an eirghe-amach.
B'éigean dom béilidhe cosnochtaighthe a ithe. Is deas a' chaoi ar thalmhaidhe é sin, th'éis a lá oibre.
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
Is deas an áit a deirigh léithe as a dheire. Tá'n baile siúd an-choimhneasach. Féadfa sí sciorradh isteach do'n bhaile mhór dhá cheann de ló.
+
→
abhaile
Is deas a' tráth teacht abhaile é, anois.
TUILLEADH (1) ▼
Is deas a' chaoi orm é anois, marcuidheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile.
+
→
baile
'Is deas an baile an baile seo;Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile 'chuile bhaile; Ach Claidhneach glas na bhFaochan' (ceathramha d'amhrán)
TUILLEADH (2) ▼
Is deas a' coisméig ó bhaile anois é.
Cá'id ó bhaile a bhí tú, nuair a tháinic an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar a' bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo a's an Chloich Mhóir ó bhaile etc.