Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deas
/d′as/, /d′æs/
aidiacht
1.
breá, scéimhiúil, slachtmhar, dathúil srl.
a.
+
Tá sí go deas
Bean deas í
TUILLEADH (23) ▼
Áit dheas é
Curach an-deas í
Meas tú cé is deise do chapallsa ná mo chapallsa?
Amhrán deas é sin
Sin é an teach is deise ar an mbaile
'Sé an fear is deise clann iníon sa tír é
'Sé an áit is deise teach é ó Gh. anoir
'Sé an fear is deise guth in do thír é
Ba é an té ba deise craiceann dhá raibh anseo ariamh é
Tá sí chomh deas le nuallóig (fc. nuallóig)
Is deas liom í. Déarfainn go mbeadh sí an-leitheadach
Is fearr beag deas í ná mór gránna (bean)
Cailín deas í
"Ólfaidh mé agus tú sláinte chúil álainn mo chailín deas" (líne as amhrán)
Is deas an aimsir í (lá, oíche, cruach mhóna, bád srl.)
Madadh deas socair é
Bean deas chúnsclaí í
Tá taepot deas buí aici, agus ceann gorm
Feairín deas rua é, bail agus beannú air
Tá sé ag iarraidh é fhéin a dhéanamh go deas leis an mbearradh sin
Is lách deas an fear é
Is mín deas an sórt bean í
Cailín bán-deas í
b.
+
Is deas a d'imir sé ort
Is deas a bhuail sé isteach ar an smut é
TUILLEADH (15) ▼
Is deas a thug sé an bord sin leis isteach (bád)
Is deas uaidh amhrán a rá
Is deas atá sé ag fáil na hoibre leis
Nach deas a d'éirigh sí leat. Tá mise ag tóraíocht speile le mí, agus chinn sé dubh is dubh orm aon cheann a fháil
Is deas a d'éirigh posta glan fiúntach leis faoi dheireadh thiar thall
Tá sé ag tabhairt taobh an tí anoir go deas leis
"Nach deas adúirt plandóigín na gcíocha míne bán; Ar fháisciú (fáscadh) a dhá láimhín agus barrú a cúig méar; Ag cur scáth ar an gcás lena raibh sí ann i bpéin; Scéal cráite air, is láidir an snaoisín é" (ó Bheartla Rua Ó Flaithbheartaigh, Camas. Nuair a tháinig Tomás Láidir 'Ac Coistealbha isteach ag athair Úna Bhán dhá hiarraidh fuair sé ag gol roimhe í. Bhí fear eile istigh dhá hiarraidh. D'iarr an t-athair uirthi sláinte an té ba mheasa léithe faoin domhain a ól, agus dúirt sí go mba é Tomás Láidir 'Ac Coistealbha é. Nuair adúirt sí sin, buaileann an t-athair iarraidh ar an mbéal uirthi, agus thosaigh sí ag gol. Ach nuair a cheisnigh Tomás í faoi fháth a goil, dúirt sí go mba pinse snaoisín ba chiontsiocair leis. Ansin rinne Tomás giota den amhrán)
Nach deas a shíl sé fir a fháil a chúnamh dhó!
Is deas a thug mé néal chodlata liom théis mo dhinnéir inniu
Nach deas a gheobhadh sé bean agus gan slí gan fáltas aige
Nach deas uait magadh a dhéanamh! Diabhal bréag!
Is deas a chodlóinn píosa anois, dhá síninn ar an leaba
Is deas a d'ólfadh sé gloine fuisce anois agus bíodh sí aige
Is deas a dhamhsóinn poirt anois dhá gcastaí dhom é
Má théann tú dhó go deas, b'fhéidir go bhfaightheá uaidh é
c.
+
Tá sí deas caointíneach (bean) — is minic a cuirtear deas mar aidiacht tacaíochta le aidiacht nó aidiacht bhriathartha eile leis an aidiacht eile a neartú)
Is deas mór an gamhain atá aige anois
TUILLEADH (24) ▼
Is deas déanta an staic de mhac é sin aige, bail ó Dhia air!
Ba deas meabhrach an gasúr é ag éirí suas dó
Is deas gleoite an cailín í
Is deas ligthe an capall í
Is deas cuibhiúil an fear é
Is breá deas an chulaith éadaigh atá air
Is deas tógtha atá an claí sin aige
Is deas óg an fear a fuair sí ainneoin bunaois mhaith a bheith aici féin
Ba deas fáilí an mhaise dhó é, mo choinsias, agus gan aithne ar bith aige ort
Is deas ramhar atá sé ag coinneáil i gcónaí
Is deas croíúil an sórt duine é i gcomhluadar ar bith
Is deas tobann a bhuail sé é
Is deas sciobtha uaidh a thiomáilt (thiomáint)
Ba deas éasca uaidh obair a dhéanamh go ndéana Dia grásta air
Is deas stuama an sórt duine é
Is deas gangaideach an tráthnóna é — gangaideach go maith
Tá sé deas fliuch anois agaibh le dhul amach
Is deas meanmnach a tháinig sé anoir an bóthar tráthnóna agus é ar a bhogmheisce
Nach deas tráthúil adúirt tú é!
Ba deas pointeáilte a chuir sé isteach an chloch sin
Is deas tógtha an dá ghamhainín iad sin
Ba deas spéiriúil an bromach a bhí ansin an lá ar cheannaigh sé é
Nach deas righin uaidh siúl!
Nach deas bladrach a shíl sé an chluain a chur orm. Ach ní dheachaigh leis
·
Má chuireann tú aighneas air go deas mín, tabharfaidh sé toradh ort
Is mian leis obair a dhéanamh dhó i gcónaí go deas slachtmhar. Níl aon ghnaithe ag potrálaí ina ghaire
2.
+
Is deas thú! — níl aon chuma ort féin (ar do chuid éadaí, ar do cheann aghaidh, ar do chuid oibre, ar do chuid cainte srl.)
Is deas é, mo choinsias, más ag imeacht ag ól faoi is thairis atá sé anois
TUILLEADH (5) ▼
Deimhin is deas thú! Tuige a mbíonn tú ag gráiscínteacht mar sin i gcónaí
Is deas é, más sin é an chaoi a bhfuil sé in ann pláistéireacht a dhéanamh faoi dheireadh
Is deas thú anois dhá bhfeictheá thú fhéin!
Is deas í dar fia, más in é a béas!
Is deas é gan bhréig gan mhagadh! Ag imeacht ag sioscadh bréag mar sin!
+
Is deas é m'fhear fataí muis! M'anam má tá gur ag imeacht ina spailpín atá sé! — ní fear fataí é chor ar bith, ná baol air. Is spailpín é. Is iondúil go gcuireann an cainteoir mo isteach i gcónaí le leagan den tsórt seo cé nach mbíonn baint ar bith aige leis an duine a bhíos i gceist, nó is annamh a bhíos. Is ionann an leagan agus mo chreach an máistir scoile (sagart srl.) a dhéanfas an duine sin
Is deas é mo shagart muis! M'anam gur ag imeacht ag reathach i ndiaidh gearrchailí chuile oíche ar na bóithrí é! Deamhan a chos siúd a bheas ina shagart fhad is a bheas Peadar i gcathaoir
TUILLEADH (5) ▼
Is deas é mo mháistir scoile muis! Dúirt sé go raibh sí le máistir scoile a dhéanamh de. M'anam gurb í an scoil atá anois aige, thuas ag réabadh móin uicht ansiúd thuas gach lá
Is deas iad mo dheich bpunt muis. Fuair mé hocht bpunt gan leithphínn aige ná uaidh — shamhlaigh an fear eile leis go bhfuair sé deich bpunt ar an mbeathach
Is deas é mo dhá phíosa fataí! An bhfuil píosa fhéin ann?
Is deas iad mo shé pholl. Bhí an gairéad ariamh aige. Caithfidh sé an comhaireamh a bheith aige i gcónaí. Níl trí poll maith fataí ag gabháil leis
Ba deas í mo cheird muis, ag brú seanchaillí thart i gcairrín! Dhá mbeinn gan aon bhuille oibre a fháil le mo ló, ní dhéanfainn é
+
Is deas an chaoi é go deimhin! Iasacht na n-iasacht. Ise ag fáil bainne uainne, agus dhá thabhairt uaithi aríst
Is deas an bhail a chuir sé ort: a raibh agat a mhealladh uait
TUILLEADH (11) ▼
Is deas an scéal é: fear leathchoise ag dul ag pósadh
Is deas an deis atá air anois: gan fód móna ag gabháil leis nach bhfuil díolta aige
Is deas an cleas a rinne sé! Shílfeá gur beag an dochar dhó náire a bheith air
Is deas an rath ar a (ár) gcuid coirce é: asail na tíre dhá thaltú
Is deas an obair atá ort: ag caitheamh smugairlí le na daoine. Beidh a shliocht ort ach a dteaga t'athair. Gheobhaidh tú garbh é
Is deas é t'fhaisean; is deas sin. Dheamhan ceo a bhí le déanamh leat ach dhá leith a dhéanamh de do dhroim
Nach deas an béas a thug tú faoi deara dhuit féin: a dhul ag athléamh ar na daoine. Tá an diabhal ag cur chathaithe ort
Is deas an bealach atá lena leithide de chailín óg, dá mbeadh a fhios aici é! An chaile bhradach, ós ise í
Is deas an tógáil atá sí a thabhairt ar a cuid páistí! Is cinniúint uirthi é nó beidh siad ina gcneámhairí chomh mór léithe féin
Is deas an aire atá a chuid laontaí a fháil uaidh. Diabhal bréag nach deas! A scaoileadh siar ansin siar sna breaclachaí raithní sin nó go gcailltear leis an ocras iad. Ansin tosaí ag rá nach mbíonn siad ag dul dó
Is deas an chóir atá air anois: gan fata ná meacan de bhláth bliana aige
3.
+
Déanfaidh sé é. 'Sé atá deas air! — tá sé go maith dhá dhéanamh; is aige atá a fhios lena dhéanamh; tá fonn a dhéanta air. Tosaíonn an leagan seo i gcónaí le is nó i ráití coibhneasta le .i. Is fear é Seán atá deas ar an obair sin a dhéanamh. Ach is annamh a bhíos an leagan coibhneasta seo féin ann, agus níor chuala mé an leagan neamhspleách ariamh .i. Tá Seán deas ar a dhéanamh. Bíonn sé go minic ag athchainteoir san am a n-abródh an chéad duine: Déanfaidh sé obair anois (Freagra ón athchainteoir: 'Sé atá deas air)
Bainfidh sé móin anois agus 'sé atá deas air bail ó Dhia air! Ach tobac a choinneáil leis!
TUILLEADH (10) ▼
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon ghearranála air, mar a chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar turn an deoch a sheasamh. 'Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól,' adeireadh an creagaire. 'Airím giorra anála ag teacht orm fhéin'
'Sé Seán atá deas ar iomramh. Is mór an spóirt i gcuraigh é. Níl fear a bharrtha anseo anois
Dar príosta más é féin, sé atá deas air! Breathnaigh ar an déanamh atá ar an teach sin. Gobáin iad na Beartlaíochaí ar a ghualainn.
Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort, má thograíonn tú a dhéanamh. Thug tusa an damhsa ó bhuaile leat! Amach leat agus déan geábh
'Sé a bheadh deas air, dhá bhfaigheadh sé a sháith le n-ithe. Ach sin é an buille! Céard a choinneodh a sháith le n-ithe leis. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
Deasóidh S. G. dhuit iad! 'Sé atá deas air! Dheamhan gréasaí déanta inchinnte air!
'Sé an mac atá deas air! Níl aon ríochan leis! Níl aon cheird amuigh nach bhfuil aige.
Is muid atá deas air! Tugaidh aríst anois é, más breá libh é, agus gheobhaidh sibh failm eile! (cártaí)
Nach é atá deas air a mhic ó. Dheamhan duine dhá bhfaighidh sé siúd iarraidh air nach fear é a mbeidh suan air. Siúd é an buachaill acu!
Nár laga Dia thú! Is tú atá deas air! Faoi do chois é a fhleascaigh! Faoi do chois é!

Féach freisin

deis

deas in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
 
Ní hé m'fhearacht T. J. Thapaigh sé sin a ghnaithe. 'Sé a bhí deas air — ní hé mo leathcheannsa é; níl sé ag dul i gcosúlacht liomsa
 
feart
Pádraig a chuir na hollphéiste agus na nathrachaí nimhe as Éirinn. 'Sé a bhí deas air: Pádraig na bhfeart
+
fios
Níl aon bhlas d'fhios do labhartha agat ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
TUILLEADH (2) ▼
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh acu: ag sciotaráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
'Sé an chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
+
focal
Níl aon chabhnsailéara istigh i nGaillimh in ann breith ar fhocal uirthi siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" As William Reilly
+
foirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
TUILLEADH (1) ▼
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nár chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. 'Sé atá deas air
 
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Is deas an freagra é sin le tabhairt ar dhuine ar bith
+
Chuirtí froigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh abhus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na seanfhroigisí ann i gcónaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin in ann a ndéanamh. 'Sí atá deas air!
TUILLEADH (3) ▼
Gúna froigisí a bhí uirthi. Ba deas é
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
 
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidreamh an deis atá air — shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe i ndiaidh a chinn roimhe ón mbaile
+
Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort mura bhfaighe tú deis thar an scian sin ina n-éadan
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
 
fág
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is ina sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu murach a cuid airgid sin
 
Is deas fáinneach atá a cúl cóirithe aici hé brí cé hí fhéin
+
Fáinne óir ort a Bhreathnaigh! Is deas gasta a d'éirigh an góraí sin leat! — duine ag breathnú ar chluiche peile
TUILLEADH (2) ▼
Fáinne óir ort a Churraoinigh! Nár lagtar do láimh! Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort! — le fear ag imirt báire binne
Meas tú an ngabhfainnse ar páí aigesean. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseoige. Ba deas í mo cheird
 
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
 
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
féar
Tá tusa ar dhroim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chomhrá
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
 
cab
Mura dté (tú) dhó go deas anois, dóirtfidh tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal an tsoithigh.
 
Nach deas an caibín atá ar an malrach Cháit fhéin! — bruaisín
 
Is deas an áit a rachfá i gcoinne uisce te — síos go dtí an tobar brocach sin atá faoi chailimhineoig as éadan.
 
Tá snáth deas feamainne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurchaidh.
+
ceal 1
Ní dhéanfaidh tú aon dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breá nach gcuireann tú fios ar oirnis síos tigh J.?
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an baol a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar an méir is faide, murach cheal gan aon deis iompair agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiúl.
 
Tá claonfhéachaint i leathshúil leis — an ceann deas sílim — ach tá an tsúil eile ceart.
 
cleite
Ní cleite deas é sin le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abrófá fiú is i gcead don chomhluadar, agus fios agat na daoine gnaíúla a bhí ann!
 
Ní hin é an chaoi le clochneart a chaitheamh ón ngualainn chor ar bith. Níl tusa ag cur deis ar bith ort fhéin léithe. Ar an láimh atá tú ag cur an stró ar fad, i leaba é a chur ar an ngualainn agus ar an slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú ag cur cosúlacht chaite eicínt ort fhéin!
 
Choireodh sé orm — 'sé a choireodh — dhá bhfaigheadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtabharfaidh an deis dhó.
+
Ba deas an chomaoin orm, théis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, agus do mo mhartrú mar a rinne sé!
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an chomaoin ort é, i nDomhnach, i ndiaidh tine a choinneáil ar a theallach i gcaitheamh na bliana gan oiread is tú a iarraidh chuig an éirí amach.
 
B'éigean dom béilí cosnochtaithe a ithe. Is deas an chaoi ar thalmhaí é sin théis a lá oibre.
 
Níor bheo é sin mura mbeadh sé ag déanamh círéabachaí de rud eicínt. Níl bileog fágtha ina leabhar aige nach bhfuil stróicthe stiallta. Is deas an chaoi é sin agus a ghairdeacht agus ó cheannaigh sé an leabhar sin.
 
Is deas an áit a d'éirigh léithe as a dheireadh. Tá an baile siúd an-chóineasach. Féadfaidh sí sciorradh isteach don bhaile mhór dhá cheann de ló.
+
Is deas an tráth teacht abhaile é anois.
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an chaoi orm é anois, marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile.
+
baile
"Is deas an baile an baile seo; Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile chuile bhaile; Ach Cladhnach glas na bhFaochan" (ceathrú d'amhrán)
TUILLEADH (3) ▼
Is deas an coisméig ó bhaile anois é.
Cáid ó bhaile a bhí tú nuair a tháinig an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar ar bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo agus an Chloich Mhóir ó bhaile srl.
'Bail ó Dhia ort, a Sheáin; Is deas a d'íosfá ceaile'; 'D'íosfainn maith go leor; Dhá mbeadh mo bhean sa mbaile' (rann adeirtear do pháistí)