Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deas
/d′as/, /d′æs/
deis (cluiche fc. deis).
·
Tugaigidh deas dhom

Féach freisin

deis

deas in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
 
Ní hé m'fhearacht T. J. Thapaigh sé sin a ghnatha. Sé a bhí deas air = ní hé mo leath-cheannsa é; níl sé ag dul i gcosúlacht liomsa
 
feart
Pádraig a chuir na hollphéiste agus na nathrachaí nimhe as Éirinn. Sé a bhí deas air: Pádraig na bhFeart
+
fios
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
TUILLEADH (2) ▼
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh aca: ag sciotráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
Sén chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
+
focal
Níl aon-chaibhnsiléara istigh inGaillimh indon breith ar fhocal uirre siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" (As "William Reilly")
+
foirm
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
TUILLEADH (1) ▼
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nachar chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. Sé atá deas air
 
Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle? Tá an "tube" ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Is deas an freagra é sin le tabhairt ar dhuine ar bith
+
Chuirtí fruigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh a bhfus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na sean-fhruigisí ann i gcomhnaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin indon a ndéanamh. Sí atá deas air!
TUILLEADH (4) ▼
Gúna fruigisí a bhí uirri. Ba deas é
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonnaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa annseo fadó, agus chuir sé an oiread frugaisí air, agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar annsin san seomra. Bhí sé ro-dheas le dhul ag strachailleacht leis
 
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidre(amh) an deis atá air = shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe indiaidh a chinn roimhe ón mbaile
+
Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort, mara bhfá tú deis thar an scian sin in a n-éadan
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
 
fág
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is in a sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu marach a cuid airgid sin
 
Is deas fáinneach atá a cúl cóirithe aice hébrí cé hí fhéin
+
Fáinne óir ort a Bhreathnaigh! Is deas gasta a d'eirigh an góraí sin leat! = duine ag breathnú ar chluiche peile
TUILLEADH (2) ▼
Fáinne óir ort a Churraoinigh! Nar lagtar do láimh! Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort! = le fear ag imirt báire binne
Meastú a ngabhfainnse ar páighe aige-sin. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseóige. Ba deas í mo cheird
 
Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
 
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
féar
Tá tusa ar dhruim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chómhrádh
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
 
cab
Mara dteighe [tú] dhó go deas anois, dóirtfe tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal a' tsoithigh.
 
Nach deas a' caibín atá ar a' malra cháit fhéin! = bruaisín.
 
Is deas an áit a rachthá i gcoinne uisce té — síos go dtí an tobar brocach sin, atá faoi chaile mhineoig as éadan.
 
Tá snáth deas feamuinne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurrchadha.
+
ceal 1
Ní dhéanfa tú aon-dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breagh nach gcuireann tú fios ar uirnis síos tigh J.?
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a' baoghal a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar a' méir is fuide, marach cheal gan aon-deis iomchuir agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiubhal.
 
Tá claon-fhéachaint i leath-shúil leis — an ceann deas sílim — ach tá'n tsúil eile ceart.
 
cleite
Ní cleite deas é sin, le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abró(chth)á fiú's a's ''gcead do'n chomhluadar', a's fios aghad na daoine gnaoidheamhla a bhí ann!
 
Ní shin é an chaoi le cloich-neart a chaitheamh ó'n ngualainn chor a' bith. Níl tusa a' cur deis a' bith ort fhéin léithe. Ar a' láimh atá tú a' cur an stró ar fad, i leaba, é 'chuir ar a' ngualainn a's ar a' slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú a' cur cosamhlacht chaithte eicínt ort fhéin!
 
Choireochadh sé orm — 'sé a choireochadh — dhá bhfaghadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtiubhra an deis dhó.
+
Ba deas an chumaoin orm, th'éis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, a's do mo mhartrughadh, mar rinne sé!
TUILLEADH (1) ▼
Is deas a' chumaoin ort é, inDomhnach, indiaidh teine a choinneál ar a theallach i gcaith(eamh) na bliadhna, gan oiread a's tú a iarraidh chuig an eirghe-amach.
 
B'éigean dom béilidhe cosnochtaighthe a ithe. Is deas a' chaoi ar thalmhaidhe é sin, th'éis a lá oibre.
 
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
 
Is deas an áit a deirigh léithe as a dheire. Tá'n baile siúd an-choimhneasach. Féadfa sí sciorradh isteach do'n bhaile mhór dhá cheann de ló.
+
Is deas a' tráth teacht abhaile é, anois.
TUILLEADH (1) ▼
Is deas a' chaoi orm é anois, marcuidheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile.
+
baile
'Is deas an baile an baile seo;Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile 'chuile bhaile; Ach Claidhneach glas na bhFaochan' (ceathramha d'amhrán)
TUILLEADH (2) ▼
Is deas a' coisméig ó bhaile anois é.
Cá'id ó bhaile a bhí tú, nuair a tháinic an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar a' bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo a's an Chloich Mhóir ó bhaile etc.