Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deas
/d′as/, /d′æs/
deis (cluiche, fc. deis).
·
Tugaigí deas dhom

Féach freisin

deis

deas in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
 
Ní hé m'fhearacht T. J. Thapaigh sé sin a ghnaithe. 'Sé a bhí deas air — ní hé mo leathcheannsa é; níl sé ag dul i gcosúlacht liomsa
 
feart
Pádraig a chuir na hollphéiste agus na nathrachaí nimhe as Éirinn. 'Sé a bhí deas air: Pádraig na bhfeart
+
fios
Níl aon bhlas d'fhios do labhartha agat ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
TUILLEADH (2) ▼
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh acu: ag sciotaráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
'Sé an chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
+
focal
Níl aon chabhnsailéara istigh i nGaillimh in ann breith ar fhocal uirthi siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" As William Reilly
+
foirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
TUILLEADH (1) ▼
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nár chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. 'Sé atá deas air
 
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Is deas an freagra é sin le tabhairt ar dhuine ar bith
+
Chuirtí froigisí breá ar na léinteachaí fadó. Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh abhus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann. D'fheicfeá na seanfhroigisí ann i gcónaí ar léine T. Mh. Tá a bhean sin in ann a ndéanamh. 'Sí atá deas air!
TUILLEADH (3) ▼
Gúna froigisí a bhí uirthi. Ba deas é
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
 
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidreamh an deis atá air — shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe i ndiaidh a chinn roimhe ón mbaile
+
Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort mura bhfaighe tú deis thar an scian sin ina n-éadan
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
 
fág
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is ina sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu murach a cuid airgid sin
 
Is deas fáinneach atá a cúl cóirithe aici hé brí cé hí fhéin
+
Fáinne óir ort a Bhreathnaigh! Is deas gasta a d'éirigh an góraí sin leat! — duine ag breathnú ar chluiche peile
TUILLEADH (2) ▼
Fáinne óir ort a Churraoinigh! Nár lagtar do láimh! Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort! — le fear ag imirt báire binne
Meas tú an ngabhfainnse ar páí aigesean. Ghabhfadh muise! Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseoige. Ba deas í mo cheird
 
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
 
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
féar
Tá tusa ar dhroim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chomhrá
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
 
cab
Mura dté (tú) dhó go deas anois, dóirtfidh tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal an tsoithigh.
 
Nach deas an caibín atá ar an malrach Cháit fhéin! — bruaisín
 
Is deas an áit a rachfá i gcoinne uisce te — síos go dtí an tobar brocach sin atá faoi chailimhineoig as éadan.
 
Tá snáth deas feamainne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurchaidh.
+
ceal 1
Ní dhéanfaidh tú aon dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breá nach gcuireann tú fios ar oirnis síos tigh J.?
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an baol a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar an méir is faide, murach cheal gan aon deis iompair agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiúl.
 
Tá claonfhéachaint i leathshúil leis — an ceann deas sílim — ach tá an tsúil eile ceart.
 
cleite
Ní cleite deas é sin le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abrófá fiú is i gcead don chomhluadar, agus fios agat na daoine gnaíúla a bhí ann!
 
Ní hin é an chaoi le clochneart a chaitheamh ón ngualainn chor ar bith. Níl tusa ag cur deis ar bith ort fhéin léithe. Ar an láimh atá tú ag cur an stró ar fad, i leaba é a chur ar an ngualainn agus ar an slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú ag cur cosúlacht chaite eicínt ort fhéin!
 
Choireodh sé orm — 'sé a choireodh — dhá bhfaigheadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtabharfaidh an deis dhó.
+
Ba deas an chomaoin orm, théis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, agus do mo mhartrú mar a rinne sé!
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an chomaoin ort é, i nDomhnach, i ndiaidh tine a choinneáil ar a theallach i gcaitheamh na bliana gan oiread is tú a iarraidh chuig an éirí amach.
 
B'éigean dom béilí cosnochtaithe a ithe. Is deas an chaoi ar thalmhaí é sin théis a lá oibre.
 
Níor bheo é sin mura mbeadh sé ag déanamh círéabachaí de rud eicínt. Níl bileog fágtha ina leabhar aige nach bhfuil stróicthe stiallta. Is deas an chaoi é sin agus a ghairdeacht agus ó cheannaigh sé an leabhar sin.
 
Is deas an áit a d'éirigh léithe as a dheireadh. Tá an baile siúd an-chóineasach. Féadfaidh sí sciorradh isteach don bhaile mhór dhá cheann de ló.
+
Is deas an tráth teacht abhaile é anois.
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an chaoi orm é anois, marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile.
+
baile
"Is deas an baile an baile seo; Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile chuile bhaile; Ach Cladhnach glas na bhFaochan" (ceathrú d'amhrán)
TUILLEADH (3) ▼
Is deas an coisméig ó bhaile anois é.
Cáid ó bhaile a bhí tú nuair a tháinig an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar ar bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo agus an Chloich Mhóir ó bhaile srl.
'Bail ó Dhia ort, a Sheáin; Is deas a d'íosfá ceaile'; 'D'íosfainn maith go leor; Dhá mbeadh mo bhean sa mbaile' (rann adeirtear do pháistí)