deas
—/d′as/, /d′æs/
—
a.
            
an taobh deiseall.
+–
Fan ar an taobh ó dheas (bíonn ó leis seo i gcomhnaí.  Ní abróchaí an taobh theas)
Tá sé ar an taobh ó dheas de'n bhóthar = south side
        
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Caithfidh tú a dhul ó dheas
"Ar an taobh ó dheas de chéibh New York 'seadh a "landáilfeas" sé thall (as lúibín "Hóra mhóra mhóra")
Tá an ghaoth buille ó dheas anois
b.
            
·
Gaoth andeas atá ann (gaoth aniar-ndeas agus rl.)
c.
            
taobh na láimhe deise.
+–
    An láimh dheas (an chois dheas, an chluais dheas, an ordóg dheas agus rl.)
Bhí sé ar an taobh deas de'n bhóthar; ar thaobh na láimhe deise de'n bhóthar = ar thaobh na deasóige
        
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Torm (tabhair dhom) do láimh dheas = torm do dheasóg
Coinnigh ar thaobh na láimhe deise i gcomhnaí
Mo chois clí nó dheas ní chuirfidh mé isteach ann le mo mharainn aríst = ní ghabhfaidh mé isteach ann
deas in iontrálacha eile (50+)
                    →
                    fara 
                  
                  
                    Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh.  Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
                    
                    →
                    fearacht 
                  
                  
                    Ní hé m'fhearacht T. J.  Thapaigh sé sin a ghnatha.  Sé a bhí deas air = ní hé mo leath-cheannsa é; níl sé ag dul i gcosúlacht liomsa
                    
                    →
                    feart 
                  
                  
                    Pádraig a chuir na hollphéiste agus na nathrachaí nimhe as Éirinn.  Sé a bhí deas air: Pádraig na bhFeart
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fios 
                  
                  
                    Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin!  Ba deas an scéal a tharraing tú anuas!  Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh aca: ag sciotráil gháirí faoin gcorp.  Is deas an chaoi é sin
                    Sén chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    focal 
                  
                  
                    Níl aon-chaibhnsiléara istigh inGaillimh indon breith ar fhocal uirre siúd.  Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air.  Diabhal bréag nach bhfuil!  Ach cá bhfágfadh sí é?  Inín Ú. Bh.  Níor fhága sí dual ná slis amuigh
                    "Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" (As "William Reilly")
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    foirm 
                  
                  
                    Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat!  Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht …  Eiriceach a bhí san té adúirt é sin.  Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin.  Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm.  Má tá, cén chiall nachar chuala muid cheana í.  Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin.  Sé atá deas air
                    
                    →
                    freagair 
                  
                  
                    Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle?  Tá an "tube" ag freagairt ann.  Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air.  Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    froigisí 
                  
                  
                    Chuirtí fruigisí breá ar na léinteachaí fadó.  Bhídís faoi phléataí anuas ar fad ar an taobh a bhfus ach sleamhain atá siad uilig anois, mar is léinteachaí siopa is mó atá ann.  D'fheicfeá na sean-fhruigisí ann i gcomhnaí ar léine T. Mh.  Tá a bhean sin indon a ndéanamh.  Sí atá deas air!
                    
                        TUILLEADH (4) ▼
                      
                    
                  
                    Gúna fruigisí a bhí uirri.  Ba deas é
                    Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith.  Dheamhan cóta gibíneach a chonnaic mé le mo chuimhne.  Ba dheas iad na gibíní
                    Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit?  …  Ba deas a rinne sí iad.  Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di.  Bhí na Catháin uilig amhlaidh
                    Sin é an ciseadóir!  Rinne sé ciseán domsa annseo fadó, agus chuir sé an oiread frugaisí air, agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann!  B'fhada a chaith sé thiar annsin san seomra.  Bhí sé ro-dheas le dhul ag strachailleacht leis
                    Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidre(amh) an deis atá air = shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe indiaidh a chinn roimhe ón mbaile
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fág ar 
                  
                  
                    Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort, mara bhfá tú deis thar an scian sin in a n-éadan
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Céard a d'fhága an deis siúd air?  …  Na mná!  Na mná fhéin!  Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
                    
                    →
                    fág 
                  
                  
                    Sin í an bhean a chuir smais air.  Más thíos a fuair sí é is in a sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é).  Ba bheag an deis a bheadh aige inniu marach a cuid airgid sin
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fáinne 
                  
                  
                    Fáinne óir ort a Bhreathnaigh!  Is deas gasta a d'eirigh an góraí sin leat! = duine ag breathnú ar chluiche peile
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Fáinne óir ort a Churraoinigh!  Nar lagtar do láimh!  Is tú atá deas air, bail ó Dhia ort! = le fear ag imirt báire binne
                    Meastú a ngabhfainnse ar páighe aige-sin.  Ghabhfadh muise!  Le bheith in mo shuí le fáinne na fuiseóige.  Ba deas í mo cheird
                    
                    →
                    fálach 
                  
                  
                    Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas.  Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas.  Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
                    
                    →
                    fánach 
                  
                  
                    Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    féar 
                  
                  
                    Tá tusa ar dhruim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile.  Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar!  M'anam gur deas é do chómhrádh
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin.  Níl aon-ghoir aige air.  Ní bheathuíonn an féar an phis.  Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige.  Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
                    
                    →
                    cab 
                  
                  
                    Mara dteighe [tú] dhó go deas anois, dóirtfe tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal a' tsoithigh.
                    Is deas an áit a rachthá i gcoinne uisce té — síos go dtí an tobar brocach sin, atá faoi chaile mhineoig as éadan.
                    
                    →
                    carracán 
                  
                  
                    Tá snáth deas feamuinne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurrchadha.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    ceal 1
                  
                  
                    Ní dhéanfa tú aon-dul ar aghaidh leis, cheal deis.  Breagh nach gcuireann tú fios ar uirnis síos tigh J.?
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Is beag a' baoghal a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar a' méir is fuide, marach cheal gan aon-deis iomchuir agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiubhal.
                    Tá claon-fhéachaint i leath-shúil leis — an ceann deas sílim — ach tá'n tsúil eile ceart.
                    
                    →
                    cleite 
                  
                  
                    Ní cleite deas é sin, le tarraingt anuas i láthair comhluadair.  Agus ní abró(chth)á fiú's a's ''gcead do'n chomhluadar', a's fios aghad na daoine gnaoidheamhla a bhí ann!
                    Ní shin é an chaoi le cloich-neart a chaitheamh ó'n ngualainn chor a' bith.  Níl tusa a' cur deis a' bith ort fhéin léithe.  Ar a' láimh atá tú a' cur an stró ar fad, i leaba, é 'chuir ar a' ngualainn a's ar a' slinneán.  Anois b'fhéidir!  Tá tú a' cur cosamhlacht chaithte eicínt ort fhéin!
                    
                    →
                    coirigh 
                  
                  
                    Choireochadh sé orm — 'sé a choireochadh — dhá bhfaghadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtiubhra an deis dhó.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    comaoin 
                  
                  
                    Ba deas an chumaoin orm, th'éis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, a's do mo mhartrughadh, mar rinne sé!
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Is deas a' chumaoin ort é, inDomhnach, indiaidh teine a choinneál ar a theallach i gcaith(eamh) na bliadhna, gan oiread a's tú a iarraidh chuig an eirghe-amach.
                    B'éigean dom béilidhe cosnochtaighthe a ithe.  Is deas a' chaoi ar thalmhaidhe é sin, th'éis a lá oibre.
                    Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt.  Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta.  Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
                    Is deas an áit a deirigh léithe as a dheire.  Tá'n baile siúd an-choimhneasach.  Féadfa sí sciorradh isteach do'n bhaile mhór dhá cheann de ló.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    abhaile 
                  
                  
                    Is deas a' tráth teacht abhaile é, anois.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Is deas a' chaoi orm é anois, marcuidheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            
                    →
                    baile 
                  
                  
                    'Is deas an baile an baile seo;Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile 'chuile bhaile; Ach Claidhneach glas na bhFaochan' (ceathramha d'amhrán)
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Is deas a' coisméig ó bhaile anois é.
                    Cá'id ó bhaile a bhí tú, nuair a tháinic an bháisteach ort?  Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar a' bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo a's an Chloich Mhóir ó bhaile etc.