Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deasgabháil
/d′asɡïwāl′/
Ainm-fhocal; buineann
geineamhnach uathaidh: deasgabhála
deich lá ó Dhiardaoin Deasgabhála go dtí Domhnach Cingcíse; turgabháil nó gabhail suas Chríosta ar Neamh.
+
Ní sheod Cingcís ar bith fós. Seo í an Deasgabháil. Tá seachtain eile ar an gCingcís má's leat urchar iascaigh a chaitheamh roimpe
Níl muid fós ach sa Deasgabháil. Ní bheidh an Chingcís ann nó go bhfeicidh tú an Domhnach.
TUILLEADH (3) ▼
Diardaoin Deasgabhála tosach Deasgabhála. Tá saoire air.
Sílim féin nach mbíodh ar Dhiardaoin Deasgabhála fadó ach breac-shaoire. Chuir siad an tsaoire aríst air, agus bhain siad de lá eicínt eile í. 'Ar ndú leath na laetheantaí a mbíodh saoire orra fadó níl saoire ar bith fanta orra anois. Mara dteighidh tú ach síos Gaillimh agus is gearr uait é, agus níl saoire ar lá ar bith ach ar Lá Nodlag agus ar an Domhnach
Sin é an lá a raibh Deasgabháil Chríosta ann: chuaidh Sé suas ar neamh an lá sin. Shílfeá gur dona atá do chuid agusc (teagasc) Críostaidhe agad, th'éis cho fada ag dul ag an scoil thú!