Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deascabháil
/d′asɡïwāl′/
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: deascabhála
deich lá ó Dhéardaoin Deascabhála go dtí Domhnach Cincíse; turgbháil nó gabháil suas Chríosta ar neamh.
+
Ní heod Cincís ar bith fós. Seo í an deascabháil. Tá seachtain eile ar an gCincís más leat urchar iascaigh a chaitheamh roimpi
Níl muid fós ach sa deascabháil. Ní bheidh an Chincís ann nó go bhfeice tú an Domhnach.
TUILLEADH (3) ▼
Déardaoin Deascabhála tosach Deascabhála. Tá saoire air
Sílim féin nach mbíodh ar Dhéardaoin Deascabhála fadó ach breacshaoire. Chuir siad an tsaoire aríst air, agus bhain siad de lá eicínt eile í. Ar ndóigh leath na laethantaí a mbíodh saoire orthu fadó, níl saoire ar bith fanta orthu anois. Mura dté tú ach síos Gaillimh, agus is gearr uait é, agus níl saoire ar lá ar bith ach ar Lá Nollag agus ar an Domhnach
Sin é an lá a raibh deascabháil Chríosta ann: chuaigh sé suas ar neamh an lá sin. Shílfeá gur dona atá do chuid agusc (teagasc) Críostaí agat, théis chomh fada ag dul ag an scoil thú!

deascabháil in iontrálacha eile (1)

 
dia 2
Déardaoin Deascabhála, Déardaoin Chorp Críost (dhá lá saoire sa samhradh)