Diabhlaí
—/d′əulī/
—aidiacht as diabhal
—diabhaltach (/d′əultəx/), diabhaltaí, deamhnaí, deamhantach (Tá siad uilig an-tréan, ach is minice an chuid eile i gcaint ná deamhnaí)
—
íontach, aisteach; cumasach, mór, corónta.
a.
+–
Is diabhlaí an mheabhair atá aige thar 'chuile dhuine eile!
Ba diabhlaí an iarraidh a fuair sé
TUILLEADH (9) ▼
Is diabhlaí go deo uaithe cabhailíní a dhéanamh
Ba diabhlaí mar a chuaidh an oíche 'un feóthain.
Nach diabhlaí nach dteagann sé = nach mór an t-íona
Is diabhlaí nachar casadh leat é!
Is diabhlaí má tá aon-ghortú ar a láimh, go bhfuil sé indon ceart ar bith a bhaint de'n láighe
Is diabhlaí agus é a bheith in a oíche nachar fhága sé go maidin é
Is diabhlaí an fear é = fear mór cumasach; fear láidir, fear doscúch; fear aisteach agus rl.
Is diabhlaí an duine é (déarfaí seo dá mbeadh cáilíocht áirid go suntasach induine)
Is diabhlaí (deamhnaí, deamhantaí, diabhaltach, diabhaltaí) an oíche í = garbh; fliuch, dubh, fuar, agus rl.
b.
go h-an-mhaith, go h-an-dona, go h-an-mhór, go h-an-olc, go h-an-gharbh, go h-an-mheabhrach, agus rl., Mar dho-bhriathar le aidiachta.
+–
Is diabhlaí dalba (is diabhlaí damanta, is diabhlaí mór, agus rl.) an cur atá déanta agaibh bail ó Dhia oraibh ó mhaidin!
Is an-diabhlaí éascaidh fearg a chuir air
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhlaí maith an mhaise dhó é
Nach diabhlaí breá uait magadh a dhéanamh
Nach diabhlaí sciobtha a tháinic sé
Is maith diabhlaí réidh leis rud a dhéanamh = síleann sé go bhfuil sé furasta rud a dhéanamh
Tá sé rí-dhiabhlaí trom len a iompar (sáthach diabhlaí trom, fíor-dhiabhlaí trom, dubh-dhiabhlaí trom, dubh-dhiabhlaí trom go deo agus rl.)
Diabhlaí in iontrálacha eile (50+)
+
Is diabhlaí an t-earasbar a bhí agam, agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig aca ag baint fearasbár dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aice leigean fúithi dhá mba é toil Dé é
Is diabhlaí an feánach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aice siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirri!
→
fear
Má fhaghann siad an uachta sin fearfaidh sí orra fhéin, agus ar chlann a gcloinne. Is diabhlaí go héag an slam é! Chúig mhíle punt
Is diabhlaí follasach atá tithe Bh. inniu. D'fheicfeá na cearca istigh ar an urlár ionta!
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an sean-teach ag tuitim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
→
frídeoir
Níl ann ach frídeóir de dhuine agus in a dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deó an gníomh atá ann. M'anam mara bhfuil gabhail na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
→
fág
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do shean-chaipín. 'Ar ndó' níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear fáitear é, adeir siad, agus scéal cinnte nar goideadh do shean-chaipín-sa. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
→
fáideog
Tá mé faoi fháideógaí fuara ar fad, in áit a raibh mé sínte san gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabhail léithe
+
→
failic
Is diabhlaí an fhailic a rinne sib ar an móin le cupla lá. Dheamhan dhá chaorán ann anois, th'éis gur Dé Luain a bhí mé i gcoinne aistir. Is suarach an t-íonadh nach ndíolann sib aon-fhód, agus a bhfuil sib a dhóghadh
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig dhá ghalún déag fuisce, agus nach diabhlaí an fhailic a rinneadh air, agus nach raibh deóir ann ag an sé maidin Déardaoin. Dheamhan an sdriog. Ach ba deacair dhó: roinneadh in a channaí é, agus a raibh san teach tuithe
→
feamainn
Is diabhlaí an sraith feamainne — feamainn reatha — a chonnaic mé amach ó charraig Bh. T. inné agus mé ag tógáil na bpotaí
Is diabhlaí feidheartha an chaoi atá ag imeacht air. Shílfeá go gcuirfeadh sé balcaisí eicínt éadaigh air fhéin, agus gan é a bheith 'sna ciomachaí siúd.
→
flaisc
Ní bheidh aon-dos bearna agad mara mbainfidh tú as a flaisc í. Is diabhlaí breá an sceach í
→
forbhás
An bhfeiceann tú an gruadhán mór cloiche atá ar formhás annsin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nachar bhain aonduine aon-chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
Má tá aon-bhraon fuisce ann nach diabhlaí an fhosaíocht atá orra leis nach roinneann amach é. Beidh lucht na tórra(imhe) imithe ar ball, agus gan duine ar bith len ól
→
fostaigh
Nach diabhlaí an mhisneach a bhí ag C. D'éaluigh sé ar mhádaruisc san gcladach. Ná raibh ann mara bhfastuíonn sé é, agus buaileann sé a chloigeann faoi chloich, agus diabhal deóir a d'fhága sé ann
→
fraigh
Tá an fhrogh (frogh na cruaiche) scarha. Is diabhlaí nach mbeitheá indon gníomh a chur thairis sin
Nach diabhlaí an frith-gháire a bhíos ort i gcomhnaí thar dhuine ar bith. Béidh a shliocht ort: brisfidh duine eicínt an smaois agad dhá fhad go dtí é
→
fuagair
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aice. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagruíos sí, ná cuid d'fhios
+
→
fáiteall
Ar fháiteall na habhann atá a theacht suas. Is diabhlaí atá ag rith leis. Chaith na báirseóirí an bhliain anuiridh ag forcamhás air, ach diabhal mé go dtug sé na haobha leis dhá mbuíochas
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh siad (beithigh) fátall eicínt a dhéanamh, nuair nach bhfuil aon-tseamaide ar a chuid féin. Tá na Barra Garbha siúd thuas ite isteach go grinneal anois aca. Is diabhlaí an rud beithigh a cheannacht mar sin agus gan gionnóid (dionnóid) len ithe agad le tabhairt dóibh
→
féith 1
Is diabhlaí an plíoma fir é an mac sin aige. Tá féith ón tsinsir ann bail ó Dhia air. An bhfaca tú na cnámha atá aige?
→
féithigh
Féithíonn a chuid talúna siar ó thuaidh de chuid an bhaile se'aghainne: siar amach go dtí cuid Bh. Bh. Is diabhlaí an réimse atá aige ann
→
fínigh
M'anam muise má tá na míoltógaí ag lonnú uirre go bhfuil sí ag déanamh fíniú. Nach diabhlaí nachar bhruth sib í le dhá lá. Tá sí ó mhaith anois
→
paiteoil
Is deas í! Paitfheóil! Dhá mbeadh leasú cruaighe ar do chuid fiacla ní fhéadfá a cangailt. Nach diabhlaí nach dtiúrfadh sib bruith eicínt don rud a chuireas sib síos. Ag diomallú beatha: sin é a bhfuil sib a dhéanamh
+
→
fasair
Is diabhlaí an fhasair fhataí atá ar urlár an chró sin amuigh fós, dhá mbeidís cruinnithe idteannta a chéile in aon-chlúid amháin
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an fhasair phínneachaí atá agam. Shíl mé nach raibh ann, ach má bhí sé pínne
→
fia
Tá tú ag imeacht ag fálróid a bhithiúna(igh) (cearc). Nach diabhlaí an chaoi atá ort nach ndéanfá comhnaí in aon-áit. Luighe fia ort!
→
fiagaí
Is diabhlaí an fiagaí é an madadh sin! Ag forcamhás ar mhíoltógaí a bhíos sé i gcomhnaí. Deis ar bith dhá bhfaighidh sé ar cheann aca sluigfidh sé í
+
Is diabhlaí an fleascach fir atá sé a dhéanamh le goirid
TUILLEADH (2) ▼
Nach diabhlaí an fleascach d'asal é má tá sé leighe leis fhéin aríst.
Is tú an fleascach! Nach diabhlaí nach ndéanfá é, má tá do láimh ann, agus gan a bheith ag putráil leis mar sin. Tá tú cho místuama agus a bheadh bó imbuidéal!
→
foighid
Is diabhlaí an fhoighid atá agad le na doigheachaí bail ó Dhia ort = a bhfulaint gan aon-fhuasaoid
Nach diabhlaí an forcamhás atá air! Dheamhan greim a d'ith sé ó mhaidin ach ag breathnú síos thar claidhe ingarraí J. Síleann sé go bhfuil maith ar chuid na comharsan thar a chuid fhéin = asal ag breathnú go beóphianta thar claidhe
Is diabhlaí fulannach ar mhagadh atá P. Tá éisteacht an tsaoil aige. Fear ar bith eile a mbeithí ag séideadh faoi mar bhíodhadh annsin anocht, d'eireódh sé agus speirfeadh sé duine eicínt. Ach dheamhan cor ann
→
fóidín
Nach diabhlaí an fóidín mearadh atá air, gurb é an teach ósta a gheobhfas sé amach i gcomhnaí, agus nach hé teach an phobail!
+
→
fiacail
Nach diabhlaí an deis atá ort: ag tarraint do chomharsanaí thrí t'fhiacla mar sin. Shílfeá go mb'fhearr duit a dhul agus do ghnatha a dhéanamh go mór
TUILLEADH (2) ▼
Nach diabhlaí a chruthuigh an dream bhí ann roimhe seo, agus snáth a choinneál faoin bhfiacail chor ar bith, agus gan iad ag fáil dada ach a raibh in a gcnámha. Ní raibh "dole" ná pinsean ná airgead gasúir ann.
Is diabhlaí an taoille a bhí ann anocht. Bhí an chéibh go fiacail aice = bhí sí aníos cab ar chab le urlár na céibhe