diabhlaí
—/d′əulī/
—aidiacht as diabhal
—diabhaltach /d′əultəx/, diabhaltaí, deamhnaí, deamhantaí: tá siad uilig an-tréan, ach is minice an chuid eile i gcaint ná deamhnaí
—
iontach, aisteach; cumasach, mór, corónta.
a.
+–
Is diabhlaí an mheabhair atá aige thar chuile dhuine eile!
Ba diabhlaí an iarraidh a fuair sé
TUILLEADH (9) ▼
Is diabhlaí go deo uaithi cabhailíní a dhéanamh
Ba diabhlaí mar a chuaigh an oíche chun feothain
Nach diabhlaí nach dteagann sé — nach mór an t-ionadh
Is diabhlaí nár casadh leat é!
Is diabhlaí má tá aon ghortú ar a láimh, go bhfuil sé in ann ceart ar bith a bhaint den láí
Is diabhlaí agus é a bheith ina oíche nár fhága sé go maidin é
Is diabhlaí an fear é — fear mór cumasach; fear láidir, fear doscúch; fear aisteach srl.
Is diabhlaí an duine é (déarfaí seo dá mbeadh cáilíocht áirid go suntasach i nduine)
Is diabhlaí (deamhnaí, deamhantaí, diabhaltach, diabhaltaí) an oíche í — garbh; fliuch, dubh, fuar, srl.
b.
(mar dhobhriathar le aidiachtaí) go han-mhaith, go han-dona, go han-mhór, go han-olc, go han-gharbh, go han-mheabhrach, srl.
+–
Is diabhlaí dalba (is diabhlaí damanta, is diabhlaí mór, srl.) an cur atá déanta agaibh bail ó Dhia oraibh, ó mhaidin!
Is an-diabhlaí éasca fearg a chur air
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhlaí maith an mhaise dhó é
Nach diabhlaí breá uait magadh a dhéanamh
Nach diabhlaí sciobtha a tháinig sé
Is maith diabhlaí réidh leis rud a dhéanamh — síleann sé go bhfuil sé furasta rud a dhéanamh
Tá sé rídhiabhlaí trom lena iompar (sách diabhlaí trom, fíordhiabhlaí trom, dubh-dhiabhlaí trom, dubh-dhiabhlaí trom go deo srl.)
diabhlaí in iontrálacha eile (50+)
+
Is diabhlaí an t-earasbarr a bhí agam agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig acu ag baint farasbarr dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aici ligean fúithi dhá mba é toil Dé é
Is diabhlaí an feadhnach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aici siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirthi!
→
fear
Má fhaigheann siad an uachta sin fearfaidh sí orthu fhéin agus ar chlann a gclainne. Is diabhlaí go héag an slám é! Chúig mhíle punt
Is diabhlaí follasach atá tithe Bh. inniu. D'fheicfeá na cearca istigh ar an urlár iontu!
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an seanteach ag titim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
→
frídeoir
Níl ann ach frídeoir de dhuine, agus ina dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deo an gníomh atá ann. M'anam mura bhfuil gabháil na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
→
fág
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do sheanchaipín. Ar ndóigh níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear faightear é, adeir siad, agus scéal cinnte nár goideadh do sheanchaipínse. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
→
fáideog
Tá mé faoi fháideogaí fuara ar fad an áit a raibh mé sínte sa gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabháil léithe
+
→
carcair
Is diabhlaí an charcair sceach atá ann. Chuaigh sé rite liom mo bhealach a dhéanamh ann chor ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an charcair é — ard mór
→
catóg
Is diabhlaí an stolladh atá ann inniu. Dá gcuirteá na braillíní ar na catógaí ar maidin, i leaba iad a chur ar tuar, bheidís tirim agat tráthnóna.
→
cuideáin
Chuir mé an madadh sa gcaora chuideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheireadh, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. inniu í. Tá sí ag loiceadóireacht thart ansin le seachtain, agus is diabhlaí mór an t-ionadh nach dtagann aon tóir uirthi feasta.
→
coiric
Ní fhanann cor ar bith ann má bhíonn aon bhraon sa gcoiricín aige. Is diabhlaí aisteach a théanns an t-ól do dhaoine thar a chéile.
Is diabhlaí cuisneach é agus é a bheith in ann seasamh mar seo ar aghaidh na riteachta agus na doininne. Ach dhá chuisní é, má fhaigheann an sceird siúd seachtain eile air, giorróidh sí leis.
→
beo 2
A Thiarna, nach diabhlaí beag an tsuim atá ina bheo ná ina mharbh ag an ngasúr sin, a dhul ag marcaíocht ar an mbromach agus gan fhios aige nach tosaí ar gabháil dá tóin in airde a dhéanfadh sí agus é a chaitheamh anuas.
Is diabhlaí an bhrachlainn éisc atá aige — adéarfá nuair a d'fheicfeá an strapa nó an máilín éisc caite amach ar an gcarraig, ar an talamh, nó sa mbád ag iascaire.
→
bruach
Chuala mé m'athair ag rá go raibh siad ag iascach lá ansin amuigh ar an meath mhóir agus go raibh colmóirí acub tráthnóna bruach ar bhruach leis an seas deiridh — bád iomartha a bhí acub. Nach diabhlaí an cúl a thug an t-iasc don chaoláire ó shin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheofá anois ann
→
adhartha
Is diabhlaí adhartha an duine thú a dhul ag seasamh óil do na súdairí sin agus nach mbeidís ach ag magadh fút taobh thiar de do chúl.
Níor thóg sé achar ar bith air é a chur anuas, théis gur diabhlaí an spliota d'fhear é — chuir sé in aer é (leag sé é) gan moill ar bith, ainneoin gur fear mór é
+
→
failic
Is diabhlaí an fhailic a rinne sibh ar an móin le cupla lá. Dheamhan dhá chaorán ann anois, théis gur Dé Luain a bhí mé i gcoinne aistir. Is suarach an t-ionadh nach ndíolann sibh aon fhód agus a bhfuil sibh a dhó
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig dhá ghalún déag fuisce, agus nach diabhlaí an fhailic a rinneadh air, agus nach raibh deoir ann ag an sé maidin Déardaoin. Dheamhan an striog. Ach ba deacair dhó: roinneadh ina channaí é, agus a raibh sa teach tite
→
feamainn
Is diabhlaí an sraith feamainne — feamainn reatha — a chonaic mé amach ó charraig Bh. T. inné agus mé ag tógáil na bpotaí
Is diabhlaí feidheartha an chaoi atá ag imeacht air. Shílfeá go gcuirfeadh sé balcaisí eicínt éadaigh air fhéin, agus gan é a bheith sna ceamachaí siúd.
→
flaisc
Ní bheidh aon dos bearna agat mura mbainfidh tú as a flaisc í. Is diabhlaí breá an sceach í
→
forbhás
An bhfeiceann tú an gruán mór cloiche atá ar forbhás ansin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nár bhain aon duine aon chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
Má tá aon bhraon fuisce ann, nach diabhlaí an fhosaíocht atá orthu leis nach roinneann amach é. Beidh lucht na tórra imithe ar ball, agus gan duine ar bith le n-ól
→
fostaigh
Nach diabhlaí an mhisneach a bhí ag C. D'éalaigh sé ar mhadra uisce sa gcladach. Ná raibh ann mura bhfostaíonn sé é agus buaileann sé a chloigeann faoi chloich, agus diabhal deoir a d'fhága sé ann
→
fraigh
Tá an fhraigh (fraigh na cruaiche) scartha. Is diabhlaí nach mbeifeá in ann gníomh a chur thairis sin
Nach diabhlaí an frithgháire a bhíos ort i gcónaí thar dhuine ar bith. Beidh a shliocht ort: brisfidh duine eicínt an smaois agat dhá fhad go dtí é
→
fuagair
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aici. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagraíos sí, ná cuid d'fhios
→
fáiteall
Ar fháiteall na habhann atá a theacht suas. Is diabhlaí atá ag rith leis. Chaith na báirseoirí an bhliain anuraidh ag forcamhás air, ach diabhal mé go dtug sé na haobha leis dhá mbuíochas