Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diabhlóireacht
ainm-fhocal teibí as diabhal.
a bheith ag luadh mionnaí móra, nó ag eascainí.
+
Leig de do chuid diabhlóireacht anois, nó leigfidh tú dhi ar ball agus aiféala ort.
Dheamhan lascainí a thug sé do'n sagart ach an oiread agus dhá mba fear do'n bhaile é, ach ag diabhlóireacht leis. Má bhí féin, ní chuige ná uaidh a chuir an sagart
TUILLEADH (1) ▼
Dhá ndéanadh diabhlóireacht dó é, is fadó a bhí mé leaighte aige, ach míle buíochas le Dia nach bhfuil sé ag fáil aon-toradh

Diabhlóireacht in iontrálacha eile (2)

 
Diabhlóir ceart í sin. Ní theagann iadhadh ar a béal ach ag diabhlóireacht
 
Má's cúrsaí drisíneacht' é, níl duine ar bith cho drisíneach leis an amhalóir de ghasúr atá aice féin. Chloisfeá thiar adtuaidh ag screadach amanntaí é. Amanntaí eile, tosuigheann sé ag diabhlóireacht, agus do pháiste cho h-óg, dar príosta 'sé atá deas air.