Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diuicín, giuicín
ainm-fhocal, buineann.
guróir; duine a mbeadh dioc (gioc) ag imeacht air; duine a mbeadh creathadh air, nó a bheadh cruptha nó cromta, nó buailte ar a chéile ag an bhfuacht, ag an aois, ag an donacht nó a leithide; driúcaidhe. (Tugtar diuicín, giuicín, go h-áirid ar ghasúir nó ar dhaoine nach mbeadh aon rath bisigh fútha)
+
Tá tú deallruighthe a dhiuicín. Deasuighidh suas agus leigidh áit ag an teine aige. Tá tusa ro-lag le bheith ag imeacht ag "routáil" ar bhóithrí
Cé leis an ghiuicín beag a raibh fuar nimhe in a lámha … B'fhurast' aithinte. Ba fuar an éadáil é a athair féin 'chuile lá ariamh. An uair a mbíodh muid ag déanamh claidhtheachaí fadó, ní thagadh iabh air ar feadh an lae, ach ag cur séideogaí faoi na bosa
TUILLEADH (1) ▼
Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe ar an té atá taobh leis an diuicín de ghasúr sin. Tá a cuid fataí ar iarraidh, má tá sí in a chleitheamhnas-siúd len a gcur. Dheamhan caolóid a bheadh curtha aige go dtí oíche Nodlag.

Féach freisin