Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diocín, giocín
ainmfhocal, baineann
 goróir; duine a mbeadh dioc (gioc) ag imeacht air; duine a mbeadh creathadh air, nó a bheadh craptha nó cromtha, nó buailte ar a chéile ag an bhfuacht, ag an aois, ag an donacht nó a leithide; driúcaí. Tugtar diocín (giocín), go háirid ar ghasúir nó ar dhaoine nach mbeadh aon rath bisigh fúthu.
+
Tá tú deallraithe a dhiocín. Deasaidh suas agus ligidh áit ag an tine aige. Tá tusa rólag le bheith ag imeacht ag rabhaiteáil ar bhóithrí
Cé leis an ghiocín beag a raibh fuar nimhe ina lámha … B'fhurasta a aithinte. Ba fuar an éadáil é a athair féin chuile lá ariamh. An uair a mbíodh muid ag déanamh claíochaí fadó, ní thagadh iamh air ar feadh an lae, ach ag cur séideogaí faoi na bosa
TUILLEADH (1) ▼
Go bhféacha an tAthair Síoraí ar an té atá taobh leis an diocín de ghasúr sin. Tá a cuid fataí ar iarraidh, má tá sí ina chleithiúnas siúd lena gcur. Dheamhan caolóid a bheadh curtha aige go dtí oíche Nollag

Féach freisin