Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díogáil (gíogáil)
briathar.
Díogáilte (gíogáilte freisin) an t-aidiacht-bhriathar as díogáil.
Fuaim g tosuigh is mó a bhíos le fairrge. d tosuigh faoi na sléibhte — Muigh Cuilinn agus Gnó Mhór agus isteach le Loch Coirib
rud a dhéanamh suas go deas, a fheistiú, a réidhteach, a phuinteáil, a sceacháil, a bhearradh, a shlíocadh, a chíoradh, a dhéanamh slachtar, a dheisiú; "making it tidy and neat".
a.
+
Gíogáil (díogáil) amach thú féin l'aghaidh (le h-aghaidh) na bainse = feistigh; réidhtigh amach thú féin. Cuir do chuid éadaigh ins an gcruth nach mbeidh siad liopastach ar bhealach ar bith. Ná bíodh bunchleite isteach ná barr-chleite amach ionnta. Ní chialluigheann sé, pé acu sin é, gur call do'n éadach a bheith galánta ná ar foghnamh, ach é a bheith puinteáilte mar atá sé
Ní fhaca tú a leithide de dhíogáil ar phóilí ariamh agus a bhí air sin ag imeacht dó. Bhí scoilte cho díreach le gró in a chuid gruaige agus mara raibh sé bearrtha, ní lá go maidin é. Agus an "glass" a bhí in a bhróga, bhainfeadh sé an t-amharc as do shúile. Níor ba thaise len a dhrad óir é ach oiread.
TUILLEADH (8) ▼
Caitheann na saighdiúir sin an-ghíogáil a choinneál ar a gcuid éadaigh i gcomhnuí. Breathnuighthear orra 'chuile mhaidin, agus má bhíonn bun-chleite isteach ná barr-chleite amach ionnta, faghann siad garbh é. Níl aon-fhear in do thír narb é a leas seal a chaitheamh ins an arm. Bhainfeadh sé an mío-stuamacht asta ar chuma ar bith, baineadh sé tada eile asta nó ná baineadh
Tháinic fear amach chugam as botháinín — bráicín beag — a bhí ann agus é cho gíogáilte bearrtha le easbog. Fhobair mé a fhiafruighe dhó (dhe) cé'n chaoi ar ghíogáil sé é féin cho maith in a leithide de bhotháinín, ach leig mé tharm é. Déarfainn go mbadh fear é a thiubharfadh cnap de dhuine sáthach gasta
Ar chuala tú ariamh faoi'n gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá díogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirre a bhíos uirre trathnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luath bhuidhe na seachtaine a chur de'n teallach ná bacadh len a cuid cóirí catha agus "coatyárms" (coat of arms). Dhá fheabhas dá saothruigheann sí é, tá sé ag cínnt uirthe aon-fhear a fháil in a dheidh sin
Má's leat fanacht leis sin tá faitíos orm go mbeidh an deireannas ort. Nach bhfuil fhios agad cé hé sin. Caithfidh sé an lá dhá dhíogáil agus dhá shlíocadh féin. An uair a bheidheas uair d'oíche ann feicfidh tú é ag teacht amach agad (chugad) in a phéacóig.
Bearrfaidh sé agus slíocfaidh sé agus gíogálfaidh sé é féin seacht n-uaire shul má thiocfas sé amach ag an Aifreann. Níor bhfuláir dó an tseachtain ar fad le é féin a dhéanamh suas. Ach 'ar ndú' caitheann sé an tseachtain leis ar scáth eile a ndéanann sé
Is deas an phlanndóigín d'inghin atá aice an uair a ghíogálas sí amach í féin. Níl aon-mhéid innte, ach mara bhfuil féin tá an téagar agus an deiseacht innte. Is fearr beag deas ná mór gránna
Tá sí sin cho leitheadach, cho suimeamhail le cut a mbeadh póca air. Caitheann sí uair an chluig ag gíogáil agus ag "bruiseáil" ("brusheáil") na cloinne 'chuile mhaidin roimh an scoil. Dhá bhfeictheá an suachmánn siúd a mbíonn an coiléar air, thoir ar an mbóthar lá imbliana, agus gasúr le M. Ph. Sh. dhá phlionncadh. Is gearr nach geal a bhí an coiléar ach dearg — dearg len a chuid fola. Chuaidh sí féin ag an scoil, agus ag an mbearraic faoi, lá'r na bháireach
Tabhair gíogáil bheag ar do chuid gruaige agus ná bíodh an cloigeann stuithneach sin agad ag dul amach in aon-áit. Céard adéarfas an tír ach gur sraoill thú agus beidh sé le rádh aca
+
Ní bréag "Doll" a thabhairt air agus cho gíogáilte agus a bhíos sé i gcomhnuí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo de'n lá ar bhaist M. idtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigin do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an "boss" a fuair an spóirt air, an uair a chuala sé é
D'fhéadfá a rádh gurb é atá gíogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcomhnuí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaighe ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garrdha air mar atá air thuille mise 'mbannaí dhuit gur beag an díogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feicthear do'n diomhaointeas arsa tusa
TUILLEADH (4) ▼
Is dóibh is furasta a bheith díogáilte. Ní comártas (comórtas) ar bith dhuitse máistirí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an dearg-mhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon-tuiseal geineamhnach ar an gcuingir fhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar agus a bheith dhá dhíogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach agus dálach. Má fheileann, ní do'n talmhuidhe é
Bhí mé ag breathnú istigh ag an Aifreann indiu air. Tá a chloigeann cho bearrtha cho díogáilte aige. Agus tá plait in uain a chinn, agus na cupla ribe fada atá ar 'chaon taobh di slíochta sall (anonn) ar an bplait i riocht agus nach mbeadh sí le feiceál. 'Sé atá deisighthe go deas aige.
Diabhal mé mara mbeidh bean anois ach ag dul siar cho fada leis an siopa ag iarraidh únsa tobac, go mbeidh sí cho gíogáilte agus a bheadh an bhean a bheadh ag dul amach dhá pósadh roimhe seo. Is beag is ionann é. An iomarca díomhaontais atá ar mhná an tsaoghail. Níl blas ar a n-aire ach a bheith in a gcuaillí annsin ó mhaidin go faoithin dhá ndéanamh féin suas. Deirimse leat dá mbaintí siar asta é mar bhaintí roimhe seo go (gur) beag de'n cheird sin a bheadh orra
Bhí a fhios agam go raibh an bás air an lá a bhfaca mé ag dul soir tharm annseo é, gabhtha gléasta gíogáilte suas. Dheamhan amach thar an dorus a chuir sé a chois leis an tsíorruidheacht roimhe sin. "Tá luadar eicínt fút a bhuachaill" adeirimse. D'ól sé an-fheánnach fuisce an lá sin. An chéad rud eile a chuala mé féin go raibh sé ar na maidí. Rámhailltí an bháis a thug amach an lá sin é. Dheamhan a athrú!
+
Níl fear ar bith is puinnteáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá díogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach innte! Sé a chuaidh le P. Ch. ceart. 'Séard a bhí a dhéanamh anois an uair a bheadh sé réidh agus na claidhtheachaí biorruighthe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach innte. Bheadh ath-obair air annsin ag díogáil aríst
Tuigheadóir mar siúd! Gíogálann sé ceart go leor an tuighe. Ná h-iarr in a dhiaidh é. Ach cé mhéad stráca a chuireas sé ins an ló. Sin rud eile
TUILLEADH (11) ▼
Beidh sé leis an tuighe sin anois dhá díogáil agus dhá bearradh agus dhá cíoradh nó go mbeidh sí ar deil aige
Caithfidh mé a dhul ag gíogáil cupla baibín le cur i gcíor an tighe. Tá báisteach anuas díreach le h-ais an mhaide mullaigh.
Is maith a dhíogáil sé an coca féir údan aige th'éis dhá lá a chaitheamh leis! Tá leidhbeanna agus straoilleoga agus suip amach as is 'chuile áit. Shílfeá gur cearc é a mbeadh an galra cleiteach uirre.
Ní mór daoib an buinín féir sin thiar a dhíogáil as láimh agus cupla súgán a chur faoin a mhullach. Beidh sé in a dhórtadh roimhe thrathnóna
Ní dhéanann sé a dhath ariamh anois ach ag giotamáil timcheall an tighe agus ag gíogáil na bhfálta siúd aige le deimheas. Níl a fhios agam an bhfuil an duine bocht in araidheacht mórán thairis a dhéanamh. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh sílim
Tá siad ag díogáil an tighe ar an aimsir seo faoi chomhair an tsagairt. Is ann a bhéas sé imbliana. Chuir sé féin stróic mhór thuighe ar an teach an tseachtain seo caithte. Tá siad le spiarradh nua a chur istigh ann freisin agus leis an simléar caolaigh a chaitheamh anuas in áit nach bhfuil tarraint ar bith ann le goirid … ní gan uí gan ó sagart a chur amach as teach ach oiread
An bhfuil a fhios agad an áit deire a bhfaca mé é féin agus a chuid cóitíní: thuas i mullach carr féir agus é dhá ghíogáil thoir ar an bhFaithche Mhóir. Bhí mo choinsias, agus 'sé a bhí cruadhógach. D'fheicfeá a ioscadaí agus a mhásaí leath-mhíle uait, in áit a raibh stolladh maith ann. Bail an diabhail air nach gcaithfeadh na striochláin (streachláin) siúd dó (de) agus feisteas gnaoidheamhail eicínt a chur air féin
Bhí sé cho maith dhuit anois go díreach a dhul siar agus an chrích dhriseachaí sin thiar a dhíogáil, leis an gcruaich sin. Beidh sí in a trasarlach ag asail faoi cheann dhá lá pébrí (pé'r bith) cé'n smál atá orainn thar an tír, go bhfuil cion ag 'chuile rud ar 'u' (ar) gcuid
Tá an coca sin sáthach díogáilte anois. Níl tú ach ag cur anró ort féin dhá dhíogáil sin, arae is gearr gur in a phlaicín gabhair a bhéas sé mar a bhí sé anuiridh. Ní bheadh aon-mhaith dhuit ag caitheamh do theanga leis an muintir atá annseo. D'eireochaidís i mullach a bhfuil d'fhéar ag M. M. T. Uí R. agus bíodh sé aca. Sin é a gcuid sleamchúise
Tá sé gíogáilte puinteáilte aige, ach is beag an dochar dhó. 'Sé an coca feamainne sin maith a sheachtaine.
Teirigh suas 'na phortaigh agus bíodh na guigíní agus na dubhacháin siúd a thóig muid an lá faoi dheire gíogáilte suas agad ach a sroichidh mé féin suas amach ins an lá. Bhí beithidhigh Sh. ag ruadhruach ann le teasbach indé agus nach bhfuil a fhios agad go maith gur chuir siad cuid aca in aer.
+
B'éigin dom na cearca fré chéile a dhíogáil indé. Ba mhór an ghráin iad timcheall tighe agus cho cuiltheach agus a bhí siad.
Deir siad muis go bhfuigheadh sé seo thuas an "pradhas" ar an teach is deise marach coileach mór ruadh cuiltheach le T. Ph. a bhí ag bordáil timcheall an tighe aige agus an bhean a bhí ag meas ann. Ó a bhí faisean ag an gcoileach bordáil anuas ar a chuid cearc, is dona a chruthuigh sé nar ghíogáil freisin é i dteannta a chuid féin … 'Ar ndú' dhá ndéanadh, sháithfeadh T. Ph. é. 'Sé a chuir as a chuid airgid é
TUILLEADH (3) ▼
Istigh ag bearradh agus ag díogáil chearc a bhí sí romham. 'Sí atá puinteáilte má's fíor di féin. Bheadh 'chuile chleite ag gabhail leo ar sliobarna ar an gcuid se'aghainne, agus dheamhan díogáil a dhéan(f)aí orra muis
Tá mná thuas againn muise in éadan "turkeys": dhá ngíogáil amach le h-aghaidh an mhargaidh amáireach. Deir siad go bhfuil siad tuithte imbliana agus gur beag an bhlaodhach atá chor ar bith orra.
Ní choinneochadh a dtáinig ariamh na cearca céadna giogáilte. Is mór an chéim iad. Ní túisce galra cleiteach dhaob (díob) ná orra aríst. Agus bíonn siad i bhfastós indriseachaí agus ins na crígheannaí sin siar 'chuile ré soluis. Dheamhan mo chos-sa a bhacas leo chor ar bith anois: cead aca fanacht gan díogáil. Chiapfaidís an té a thiubharfadh áird orra
+
Tá sé cho díogáilte (giogáilte) le eireoig; tá sé cho gíogáilte le ubh eireoige = déanta suas, puinteáilte, sceacháilte mar a bheadh sicín bliana nó a h-ubh. Bíonn an eireog mín sceacháilte as a cuid cleiteadhacha agus as a cuid clúmhaighe. Ní bhíonn an galra cleiteach uirre
Bhí sé dhá bhearradh agus dhá dheisiú féin nó go raibh sé cho gíogáilte le eireoig
TUILLEADH (4) ▼
An bhfaca tú fear ar bith a bhíos cho díogáilte leis, an uair a bhuaileas sé amach? Bíonn sé cho díogáilte leis an eireoig
Chonnaic mé an saighdiúirín seo thoir ag M. ag dul siar indiu agus é cho gíogáilte le eireoig. 'Sé a shaoghal atá ann. Ó thosuigh an "Local" (L.S.F) tá daoine ag imeacht gíogáilte deirimse leat. Feicim na cultacha ag imeacht ar dhaoine anois, nach(ar) facthas amach as an luaith ariamh
Is deas teoluidhe an teach atá aige anois. Tá brat nua díon aige air agus an tuighe cho diogáilte le eireoig air. Déanann sé ionú (ionbhadh) ceart len a chuid oibre, agus bíonn a shliocht air: bíonn sí slachtar in a dhiaidh hébrí céard a dhéanas an mhoill
Bhí sé ag brath air bualadh faoi bhaintreach óg atá thoir i mB. agus í cho gíogáilte amach agus a bheadh eireoig ar a céad uibh. Chonnaic sé lá i nG. í, agus chaith sé leath-uair ag breathnú uirre. Bhíomar thiar ag ól deoch tigh Mh. Ph. trathnóna "Céard déarfá leis an mbaintri(gh)" adeirimse. "M'anam go sílim go bhfillfidh mé ar cheann gan chíoradh" adeir sé. Chuir an bhaintreach scáth air
b.
·
Bhí sé gíogáilte ag dul siar adeir tú … Tiubharfaidh S. Ph. Ph. gíogáil air deirimse leat má bheireann sé siar thar Árd na gC. air. Sin é an buachaill aige. Ach ní bhaileochaidh sé Árd na gC. Tá a fhios aige féin go maith céard atá thiar roimhe. Diabhal cos an fhir thiar nach ngiorróchadh leis, dhá bhfuigheadh sé leigean ar bith air

Féach freisin