diogáil (giogáil)
—briathar
—fuaim: g tosaigh is mó a bhíos le farraige. d tosaigh faoi na sléibhte: Maigh Cuilinn agus Gnó Mhór agus isteach le Loch Coirib
—
rud a dhéanamh suas go deas, a fheistiú, a réiteach, a phointeáil, a sceacháil, a bhearradh, a shlíocadh, a chíoradh, a dhéanamh slachtmhar, a dheisiú; making it tidy and neat.
a.
+–
Giogáil (diogáil) amach thú féin le aghaidh na bainse — feistigh; réitigh amach thú féin. Cuir do chuid éadaigh sa gcruth nach mbeidh siad liopastach ar bhealach ar bith. Ná bíodh bunchleite isteach ná barrchleite amach iontu. Ní chiallaíonn sé, pé acu sin é, gur call don éadach a bheith galánta ná ar fónamh, ach é a bheith pointeáilte mar atá sé
Ní fhaca tú a leithide de dhiogáil ar phóilí ariamh agus a bhí air sin ag imeacht dó. Bhí scoilte chomh díreach le gró ina chuid gruaige agus mura raibh sé bearrtha, ní lá go maidin é. Agus an glass a bhí ina bhróga, bhainfeadh sé an t-amharc as do shúile. Níor ba thaise lena dhrad óir é ach oiread
TUILLEADH (8) ▼
Caitheann na saighdiúir sin an-ghiogáil a choinneáil ar a gcuid éadaigh i gcónaí. Breathnaítear orthu chuile mhaidin, agus má bhíonn bunchleite isteach ná barrchleite amach iontu, faigheann siad garbh é. Níl aon fhear in do thír nárb é a leas seal a chaitheamh san arm. Bhainfeadh sé an místuamacht astu ar chuma ar bith, baineadh sé tada eile astu nó ná baineadh
Tháinig fear amach chugam as botháinín — bráicín beag — a bhí ann agus é chomh giogáilte bearrtha le easpag. Fhóbair mé a fhiafraí dhó (dhe) cén chaoi ar ghiogáil sé é féin chomh maith ina leithide de bhotháinín, ach lig mé tharam é. Déarfainn go mba fear é a thabharfadh cnap do dhuine sách gasta
Ar chuala tú ariamh faoin gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá diogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirthi a bhíos uirthi tráthnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luaith bhuí na seachtaine a chur den teallach ná bacadh lena cuid cóirí catha agus coatyarms (coat of arms). Dhá fheabhas dá saothraíonn sí é, tá sé ag cinnt uirthi aon fhear a fháil ina dhiaidh sin
Más leat fanacht leis sin tá faitíos orm go mbeidh an deireanas ort. Nach bhfuil a fhios agat cé hé sin. Caithfidh sé an lá dhá dhiogáil agus dhá shlíocadh féin. Nuair a bheas uair d'oíche ann feicfidh tú é ag teacht amach agat (chugat) ina phéacóig
Bearrfaidh sé agus slíocfaidh sé agus giogálfaidh sé é féin seacht n-uaire shul má thiocfas sé amach ag an aifreann. Níorbh fholáir dó an tseachtain ar fad le é féin a dhéanamh suas. Ach ar ndóigh caitheann sé an tseachtain leis ar scáth eile a ndéanann sé
Is deas an phlandóigín d'inín atá aici nuair a ghiogálas sí amach í féin. Níl aon mhéid inti, ach mura bhfuil féin tá an téagar agus an deiseacht inti. Is fearr beag deas ná mór gránna
Tá sí sin chomh leitheadach, chomh suimiúil, le cat a mbeadh póca air. Caitheann sí uair an chloig ag giogáil agus ag bruiseáil (brusheáil) na clainne chuile mhaidin roimh an scoil. Dhá bhfeictheá an suachmán siúd a mbíonn an coiléar air, thoir ar an mbóthar lá i mbliana, agus gasúr le M. Ph. Sh. dhá phlancadh. Is gearr nach geal a bhí an coiléar ach dearg — dearg lena chuid fola. Chuaigh sí féin ag an scoil, agus ag an mbeairic faoi, lá arna mhárach
Tabhair giogáil bheag ar do chuid gruaige agus ná bíodh an cloigeann stoithneach sin agat ag dul amach in aon áit. Céard adéarfas an tír ach gur sraoill thú agus beidh sé le rá acu
+–
Ní bréag Doll a thabhairt air agus chomh giogáilte agus a bhíos sé i gcónaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo den lá ar bhaist M. i dtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigean do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an boss a fuair an spóirt air nuair a chuala sé é
D'fhéadfá a rá gurb é atá giogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcónaí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaigh ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garraí air mar atá ar thuilleadh, mise i mbannaí dhuit gur beag an diogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feictear don díomhaointeas arsa tusa
TUILLEADH (4) ▼
Is dóibh is furasta a bheith diogáilte. Ní comórtas ar bith dhuitse máistrí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an deargmhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon tuiseal ginideach ar an gcuingirfhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar is a bheith dhá dhiogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach is dálach. Má fheileann, ní don talmhaí é
Bhí mé ag breathnú istigh ag an aifreann inniu air. Tá a chloigeann chomh bearrtha chomh diogáilte aige. Agus tá plait in uain a chinn, agus na cupla ribe fada atá ar chaon taobh di slíoctha sall (anonn) ar an bplait i riocht is nach mbeadh sí le feiceáil. 'Sé atá deisithe go deas aige
Diabhal mé mura mbeidh bean anois ach ag dul siar chomh fada leis an siopa ag iarraidh unsa tobac, go mbeidh sí chomh giogáilte agus a bheadh an bhean a bheadh ag dul amach dhá pósadh roimhe seo. Is beag is ionann é. An iomarca díomhaontais atá ar mhná an tsaoil. Níl blas ar a n-aire ach a bheith ina gcuaillí ansin ó mhaidin go faoithin dhá ndéanamh féin suas. Deirimse leat dá mbaintí siar astu é mar bhaintí roimhe seo go (gur) beag den cheird sin a bheadh orthu
Bhí a fhios agam go raibh an bás air an lá a bhfaca mé ag dul soir tharam anseo é, gafa gléasta giogáilte suas. Dheamhan amach thar an doras a chuir sé a chois leis an tsíoraíocht roimhe sin. 'Tá luadar eicínt fút a bhuachaill,' adeirimse. D'ól sé an-fheadhnach fuisce an lá sin. An chéad rud eile a chuala mé féin go raibh sé ar na maidí. Rámhailltí an bháis a thug amach an lá sin é. Dheamhan a athrú!
+–
Níl fear ar bith is pointeáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá diogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bunchleite isteach ná barrchleite amach inti! 'Sé a chuaigh le P. Ch. ceart. Séard a bhí a dhéanamh anois nuair a bheadh sé réidh agus na claíochaí biorraithe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach inti. Bheadh athobair air ansin ag diogáil aríst
Tuíodóir mar siúd! Giogálann sé ceart go leor an tuí. Ná hiarr ina dhiaidh é. Ach cé mhéad stráca a chuireas sé sa ló. Sin rud eile
TUILLEADH (11) ▼
Beidh sé leis an tuí sin anois dhá diogáil agus dhá bearradh agus dhá cíoradh nó go mbeidh sí ar deil aige
Caithfidh mé a dhul ag giogáil cupla baibín le cur i gcíor an tí. Tá báisteach anuas díreach le hais an mhaide mullaigh
Is maith a dhiogáil sé an coca féir údan aige théis dhá lá a chaitheamh leis! Tá leadhbanna agus straoilleoga agus soip amach as i chuile áit. Shílfeá gur cearc é a mbeadh an galra cleiteach uirthi
Ní mór daoibh an buinín féir sin thiar a dhiogáil as láimh agus cupla súgán a chur faoina mhullach. Beidh sé ina dhórtadh roimhe thráthnóna
Ní dhéanann sé a dhath ariamh anois ach ag giotamáil timpeall an tí agus ag giogáil na bhfálta siúd aige le deimheas. Níl a fhios agam an bhfuil an duine bocht in araíocht mórán thairis a dhéanamh. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh sílim
Tá siad ag diogáil an tí ar an aimsir seo faoi chomhair an tsagairt. Is ann a bheas sé i mbliana. Chuir sé féin stróic mhór thuí ar an teach an tseachtain seo caite. Tá siad le spiarradh nua a chur istigh ann freisin agus leis an simléar caolaigh a chaitheamh anuas an áit nach bhfuil tarraingt ar bith ann le gairid … ní gan uí gan ó sagart a chur amach as teach ach oiread
An bhfuil a fhios agat an áit deiridh a bhfaca mé é féin agus a chuid cóitíní: thuas i mullach carr féir agus é dhá ghiogáil thoir ar an bhFaiche Mhóir. Bhí mo choinsias, agus 'sé a bhí cruógach. D'fheicfeá a ioscadaí agus a mhásaí leathmhíle uait, an áit a raibh stolladh maith ann. Bail an diabhail air nach gcaithfeadh na streachláin siúd dó (de) agus feisteas gnaíúil eicínt a chur air féin
Bhí sé chomh maith dhuit anois go díreach a dhul siar agus an chrígh dhriseachaí sin thiar a dhiogáil leis an gcruaich sin. Beidh sí ina traisearlach ag asail faoi cheann dhá lá, pébrí (pé ar bith) cén smál atá orainn thar an tír go bhfuil cion ag chuile rud ar a (ár) gcuid
Tá an coca sin sách diogáilte anois. Níl tú ach ag cur anró ort féin dhá dhiogáil sin, arae is gearr gur ina phlaicín gabhair a bheas sé mar a bhí sé anuraidh. Ní bheadh aon mhaith dhuit ag caitheamh do theanga leis an muintir atá anseo. D'éireoidís i mullach a bhfuil d'fhéar ag M. M. T. Uí R. agus bíodh sé acu. Sin é a gcuid sleamchúise
Tá sé giogáilte pointeáilte aige, ach is beag an dochar dhó. 'Sé an coca feamainne sin maith a sheachtaine
Téirigh suas 'na phortaigh agus bíodh na goigíní agus na dúcháin siúd a thóg muid an lá faoi dheireadh giogáilte suas agat ach a sroiche mé féin suas amach sa lá. Bhí beithígh Sh. ag ruatharúch ann le teaspach inné agus nach bhfuil a fhios agat go maith gur chuir siad cuid acu in aer
+–
B'éigean dom na cearca fré chéile a dhiogáil inné. Ba mhór an ghráin iad timpeall tí agus chomh cuileach agus a bhí siad
Deir siad muis go bhfaigheadh sé seo thuas an prize ar an teach is deise murach coileach mór rua cuileach le T. Ph. a bhí ag bordáil timpeall an tí aige agus an bhean a bhí ag meas ann. Ó bhí faisean ag an gcoileach bordáil anuas ar a chuid cearc, is dona a chruthaigh sé nár ghiogáil freisin é i dteannta a chuid féin … Ar ndóigh dhá ndéanadh, sháfadh T. Ph. é. 'Sé a chuir as a chuid airgid é
TUILLEADH (3) ▼
Istigh ag bearradh agus ag diogáil chearc a bhí sí romham. 'Sí atá pointeáilte más fíor di féin. Bheadh chuile chleite ag gabháil leo ar sliobarna ar an gcuid s'againne, agus dheamhan diogáil a dhéanfaí orthu muis
Tá mná thuas againn muise in éadan turkeys: dhá ngiogáil amach le haghaidh an mhargaidh amárach. Deir siad go bhfuil siad tite i mbliana agus gur beag an bhlaoch atá chor ar bith orthu
Ní choinneodh a dtáinig ariamh na cearca céanna giogáilte. Is mór an chéim iad. Ní túisce galra cleiteach dhaob (díobh) ná orthu aríst. Agus bíonn siad i bhfostós i ndriseachaí agus sna crígheannaí sin siar chuile ré solais. Dheamhan mo chos-sa a bhacas leo chor ar bith anois: cead acu fanacht gan diogáil. Chiapfaidís an té a thabharfadh aird orthu
+–
Tá sé chomh diogáilte (giogáilte) le eireoig; tá sé chomh giogáilte le ubh eireoige — déanta suas, pointeáilte, sceacháilte mar a bheadh sicín bliana nó a hubh. Bíonn an eireog mín sceacháilte as a cuid cleitiúcha agus as a cuid clúmhaigh. Ní bhíonn an galra cleiteach uirthi
Bhí sé dhá bhearradh agus dhá dheisiú féin nó go raibh sé chomh giogáilte le eireoig
TUILLEADH (4) ▼
An bhfaca tú fear ar bith a bhíos chomh diogáilte leis nuair a bhuaileas sé amach? Bíonn sé chomh diogáilte leis an eireoig
Chonaic mé an saighdiúirín seo thoir ag M. ag dul siar inniu agus é chomh giogáilte le eireoig. 'Sé a shaol atá ann. Ó thosaigh an Local (L.S.F) tá daoine ag imeacht giogáilte deirimse leat. Feicim na cultacha ag imeacht ar dhaoine anois nár facthas amach as an luaith ariamh
Is deas teolaí an teach atá aige anois. Tá brat nua díon aige air, agus an tuí chomh diogáilte le eireoig air. Déanann sé ionú ceart lena chuid oibre, agus bíonn a shliocht air: bíonn sí slachtmhar ina dhiaidh hé brí céard a dhéanas an mhoill
Bhí sé ag brath ar bhualadh faoi bhaintreach óg atá thoir i mB. agus í chomh giogáilte amach agus a bheadh eireoig ar a céad uibh. Chonaic sé lá i nG. í, agus chaith sé leathuair ag breathnú uirthi. Bhíomar thiar ag ól deoch tigh Mh. Ph. tráthnóna; 'céard adéarfá leis an mbaintrigh,' adeirimse. 'M'anam go sílim go bhfillfidh mé ar cheann gan chíoradh,' adeir sé. Chuir an bhaintreach scáth air
b.
·
Bhí sé giogáilte ag dul siar adeir tú … Tabharfaidh S. Ph. Ph. giogáil air deirimse leat má bheireann sé siar thar Ard na gC. air. Sin é an buachaill aige. Ach ní bhaileoidh sé Ard na gC. Tá a fhios aige féin go maith céard atá thiar roimhe. Diabhal cos an fhir thiar nach ngiorródh leis, dhá bhfaigheadh sé ligean ar bith air
Féach freisin
→
giogáil