diúltach
—aidiacht.
—
mí-thaithneamhach; doicheallach; daighceamhail; bundúnach; stainceamhail; dorrdha dúr igcosamhlacht; neamh-fháilidhe.
+–
Chuaidh sí siar trathnóna agus éadan an-diúltach uirre. Ní raibh sé de mhisneach agam beannú di le faitíos gurb é an chaoi a n-ionnsóchadh sí mé ar bhall na h-áite
Tá sí an-tslachtar, ach mar sin féin bíonn a dreach an-diúltach scaithtí. Is annamh a chuirim aighneas ar bith uirre. Ní bheadh a fhios ag duine nach hé a ionnsuighe bog te a dhéanfadh sí. Bíonn daolannaí ag dul thríthe go minic
TUILLEADH (5) ▼
Staiceallach mhaith í sin. Is aice atá an t-éadan diúltach. Déarfainn gur deacair í a bhearradh
Bundún bradach! Ghabhfadh sé thart ar an mbóthar agus ceannaghaidh cho diúltach air agus go mbeadh faitíos ort beannú dhó. Is minic a chasas sé liomsa agus teigheann muid thar a chéile, ionann agus dá mbeadh gan aithne ar bith a bheith againn ar a chéile. Dar príosta ní bhfuighinn ó mo chlaonta beannú dhó scaithtí chor ar bith. Is breagh an rud duine a bhéas conscluighthe fáilidhe an uair a chasas sé leat
Is diúltach an leagan-éadain atá ag an mbean sin aige. Cuireann sí aghaidh uirre féin amanntaí a d'ionntóchadh sochraide. Tá a fhios ag mo chroidhe nach mórán éadála do dhuine a bheith ag breathnú ar an stiúir siúd ó mhaidin go faoithin, agus ó oíche go maidin
Má bhíonn an seachadadh-amach ann, beidh sé fáilidhe agus an-ghairm aige romhat. Ach má's ag iarraidh cáirde a bhéas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air.
Bhí sé ag siubhal soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnuthán a bhí sé go gcasfaí aon-chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéaracht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfuigheadh. 'Ar ndú' sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht annsin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-iongnadh go mbíonn sé ag cur dhó 'chuile Dhomhnach. Faghann sé a údar.
·
Tá an t-aer sin thiar sáthach diúltach igcosamhlacht. Ná bac leis ó a chuaidh sé ar an gclaochmú seo. Ní fheicfidh tú aon-lá ar foghnamh aríst i mbliana. Tá tú réidh leis
Dar mo choinsias níor mhaith liom cur 'un fairrge indiu. Tá gothadh an-diúltach uirre, agus feicthear dhom go bhfuil sí ag dul 'un callóide. Ach is beag an chlóic atá ar lucht na ngliomach. Tá sé in araidheacht a dhul amach aca sin mara mbeidh sé an-mhór críochnuighthe
diúltach in iontrálacha eile (16)
+
Dhiúltaigh mé é ar fad cé go raibh mé mór leis. = d'eirigh mé as a bheith mór leis, chuir mé suas dá bheith mór leis (tabhair faoi deara go bhfuil an briathar Aistrigheach mar seo, agus nach "refusal" atá igceist)
TUILLEADH (13) ▼
Dhiúltaigh sé iad féin agus a dteach ar fad. Ach ní dhearna sé in am é. Cúig bhliana roimhe sin a bhí aige a dhéanamh. Dhá ndéanadh, ní bheadh droch-rath ar a chuid mar atá. Ach in a dhiaidh a feicthear do'n Éireannach a leas.
Chaith sé ceathair nó cúig de bhlianta ag dul in éindigh leis an mbean sin, agus dhiúltaigh sé í in a dheidh sin. Bhí an-fhaitíos ar a mhuíntir go bpósfadh sé í. M'anam dhá bpósadh fhéin nar mhiste dhó sin — go raibh sí sáthach maith aige
Dhiúltaigh sé an t-airgead ar fad = níl aon-suim fanta aige ann. Chuir sé suas do'n tóir a bhí aige air
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an tobac uiliog. M'anam go bhfuil mé féin ag brath ar an rud céadna a dhéanamh, ach tá faitíos orm go gcinnfidh orm. Th'éis cho fada agus ab éigin dom troisceadh annsin an lá cheana, bhí a sheacht n-oiread dúil' agam ann an uair a d'eirigh liom gráinne a fháil aríst. Bhí, agus a sheacht n-oiread goin' orm dhá chaitheamh ó shoin. Má theigheann sé 'un gainneacht aríst dar lom-lán an leabhair eireochaidh mé as. Eireochaidh a mh'anam. Níl caoi ar dhuine ar bith atá ag pléidh leis an tobac céadna …
Ar chuala tú faoi'n Naomh Pól? Chuala, cho maith liomsa. Bhí tú ag éisteacht leis an sagart dhá rádh. Dhiúltaigh an Naomh Pól an peacadh, aindeoin nach raibh fear ar bith ba mheasa ná é roimhe sin. Ach d'fhoillsigh Dia É féin air …
Shílfeá gur dhiúltaigh sé "na cumainn" (cumann de pheáirtí poilitidheachta) amach agus amach. 'Ar ndú mo léan dhiúltaigh, an uair nar fhéad sé uisce a tharraint ag a mhuileann féin. Mise imbannaí nach ndiúltóchadh, dá mbeadh aon-bhrabach aige orra, ach chinn air an sean-bhóithrín siúd siar ag a chuid talmhana a fháil. Sin é a thug is "na cumainn" an chéad-lá ariamh é
Ar an dá luath agus ar thosuigh sé ag dul indiaidh na gcailíní, dhiúltaigh sé an scoil. D'eireochadh dhó. Nach hé a rinne a leitheid ariamh. Tá na mná indon ciméar a chuir ar an té is críonna a rugadh ariamh. Chuir siad ar Shola féin é, agus ba chríonna an fear é
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an fiadhach ar fad th'éis a raibh de thóir agad air. Ab iad na coin a chuaidh in t'aghaidh nó ab é an tapa atá ag imeacht asad … D'eireochadh dhuit feasta choidhchin. Is furasta cur agad anois, ach an oiread liom féin
Is iongantas agus cho taithighthe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. 'Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheacha sé ann beag ná mór anuiridh, ná i mbliana fós …
Má dhiúltaigh sé sin na "fags" muise agus a gcaitheadh sé aca, diúltóchaidh duine ar bith iad
"Dhiúltaigh sé an t-ór buidhe agus an choróin a bhí ann". (An Naomh Joseph in amhrán diadha)
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon-nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuímne a bhéas ar na "pledgeannaí" sin ar an dá luath agus a dtairgfear aríst dhóib é. Aithrighe thoirnighe a bhí ins an aithrighe sin thiar. An uair a thosuigh sé sin ag díbliú agus ag scaimhléaracht chuir sé scanradh ar 'chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
Dhiúltaigh sé an "blast" a chur amach nó go mbeadh an ráig caithte = d'eitigh sé (Feic diúltú. De réir mar atá sé annsin, is mó atá sé san gcaint, ach tá an chiall "d'eitigh (eiteach)" leis freisin; ach is beag é.)
Scaithtí bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus 'chuile shórt tarraingthe anuas aice, agus shílfeá go mbadh leat ar fad í. Ach ar ionntú do bhoise aríst, bíonn sí cho dúnárusach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luath-intinneach mar sin atá sí. Chonnaic mé ag dul siar trathnóna í, agus gothadh an-diúltach uirre. Ba bheag le gur bheannuigh sí dom. Sáthach deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach béidh a shliocht uirre, fanóchaidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirre.
→
téigh do
Níor ól mé aon-deor le fada. Ní theigheadh sé go maith dhom, agus dhiúltaigh mé uiliog é. D'eirigheadh sé in mo cheann, agus ní bhínn ar mo chóir fhéin in a dhiaidh go ceann míosa aríst. Tá an té ann a bhfeileann an t-ól dó, agus an té nach bhfeileann