Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúltach
aidiacht
 míthaitneamhach; doicheallach; daidhciúil; bundúnach; stainciúil; dorrga dúr i gcosúlacht; neamhfháilí.
+
Chuaigh sí siar tráthnóna agus éadan an-diúltach uirthi. Ní raibh sé de mhisneach agam beannú di le faitíos gurb é an chaoi a n-ionsódh sí mé ar bhall na háite
Tá sí an-tslachtmhar, ach mar sin féin bíonn a dreach an-diúltach scaití. Is annamh a chuirim aighneas ar bith uirthi. Ní bheadh a fhios ag duine nach é a ionsaí bog te a dhéanfadh sí. Bíonn daolannaí ag dul thríthi go minic
TUILLEADH (5) ▼
Staicealach mhaith í sin. Is aici atá an t-éadan diúltach. Déarfainn gur deacair í a bhearradh
Bundún bradach! Ghabhfadh sé thart ar an mbóthar agus ceannaghaidh chomh diúltach air agus go mbeadh faitíos ort beannú dhó. Is minic a chasas sé liomsa agus téann muid thar a chéile, ionann is dá mbeadh gan aithne ar bith a bheith againn ar a chéile. Dar príosta, ní bhfaighinn ó mo chlaonta beannú dhó scaití chor ar bith. Is breá an rud duine a bheas cúnsclaí fáilí nuair a chasas sé leat
Is diúltach an leagan éadain atá ag an mbean sin aige. Cuireann sí aghaidh uirthi féin amantaí a d'iontódh sochraide. Tá a fhios ag mo chroí nach mórán éadála do dhuine a bheith ag breathnú ar an stiúir siúd ó mhaidin go faoithin, agus ó oíche go maidin
Má bhíonn an seachadadh amach ann, beidh sé fáilí agus an-ghairm aige romhat. Ach más ag iarraidh cairde a bheas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air
Bhí sé ag siúl soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnúthán a bhí sé go gcasfaí aon chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéireacht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfaigheadh. Ar ndóigh sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht ansin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-ionadh go mbíonn sé ag cur dhó chuile Dhomhnach. Faigheann sé a údar
·
Tá an t-aer sin thiar sách diúltach i gcosúlacht. Ná bac leis ó chuaigh sé ar an gclaochmú seo. Ní fheicfidh tú aon lá ar fónamh aríst i mbliana. Tá tú réidh leis
Dar mo choinsias, níor mhaith liom cur chun farraige inniu. Tá gotha an-diúltach uirthi, agus feictear dhom go bhfuil sí ag dul chun callóide. Ach is beag an chlóic atá ar lucht na ngliomach. Tá sé in araíocht a dhul amach acu sin mura mbeidh sé an-mhór críochnaithe

diúltach in iontrálacha eile (31)

 
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
 
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
+
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
díol 2
Ba díol náire a bheith ag breathnú orthu, síos faoi chladaí ansin anuraidh. Iad ag imeacht chomh míchuibhiúil agus ina luí ina srathrúchaí i chuile áit. Más siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó más iad na béasaí a fheiceas muid acu anseo a bhíos acu i mBaile Átha Cliath, diúltaí muide dhó
+
Dhiúltaigh mé é ar fad cé go raibh mé mór leis — d'éirigh mé as a bheith mór leis, chuir mé suas dá bheith mór leis. Tabhair faoi deara go bhfuil an briathar aistríoch mar seo, agus nach refusal atá i gceist
TUILLEADH (19) ▼
Dhiúltaigh sé iad féin agus a dteach ar fad. Ach ní dhearna sé in am é. Cúig bhliana roimhe sin a bhí aige a dhéanamh. Dhá ndéanadh, ní bheadh drochrath ar a chuid mar atá. Ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
Chaith sé ceathair nó cúig de bhlianta ag dul in éindí leis an mbean sin, agus dhiúltaigh sé í ina dhiaidh sin. Bhí an-fhaitíos ar a mhuintir go bpósfadh sé í. M'anam dhá bpósadh fhéin, nár mhiste dhó sin — go raibh sí sách maith aige
Dhiúltaigh sé an t-airgead ar fad — níl aon suim fanta aige ann. Chuir sé suas don tóir a bhí aige air
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an tobac uileag. M'anam go bhfuil mé féin ag brath ar an rud céanna a dhéanamh, ach tá faitíos orm go gcinnfidh orm. Théis chomh fada agus ab éigean dom troscadh ansin an lá cheana, bhí a sheacht n-oiread dúile agam ann nuair a d'éirigh liom gráinne a fháil aríst. Bhí, agus a sheacht n-oiread goine orm dhá chaitheamh ó shin. Má théann sé chun gainneacht aríst, dar lomlán an leabhair, éireoidh mé as. Éireoidh a mh'anam. Níl caoi ar dhuine ar bith atá ag plé leis an tobac céanna …
Ar chuala tú faoin Naomh Pól? Chuala, chomh maith liomsa. Bhí tú ag éisteacht leis an sagart dhá rá. Dhiúltaigh an Naomh Pól an peaca, ainneoin nach raibh fear ar bith ba mheasa ná é roimhe sin. Ach d'fhoilsigh Dia é féin air …
Shílfeá gur dhiúltaigh sé na cumainn (cumann de pháirtí polaitíochta) amach is amach. Ar ndóigh mo léan dhiúltaigh, nuair nár fhéad sé uisce a tharraingt ag a mhuileann féin. Mise i mbannaí nach ndiúltódh dá mbeadh aon bhrabach aige orthu, ach chinn air an seanbhóithrín siúd siar ag a chuid talúna a fháil. Sin é a thug sna cumainn an chéad lá ariamh é
Ar an dá luath is ar thosaigh sé ag dul i ndiaidh na gcailíní, dhiúltaigh sé an scoil. D'éireodh dhó. Nach é a rinne a leithéid ariamh. Tá na mná in ann ciméar a chur ar an té is críonna a rugadh ariamh. Chuir siad ar Sholamh féin é, agus ba chríonna an fear é
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an fiach ar fad théis a raibh de thóir agat air. Ab iad na coin a chuaigh in t'aghaidh, nó ab é an tapa atá ag imeacht asat … D'éireodh dhuit feasta choíchin. Is furasta cur agat anois, ach an oiread liom féin
Is iontas agus chomh taithithe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheachaigh sé ann beag ná mór anuraidh, ná i mbliana fós …
Má dhiúltaigh sé sin na fags muise, agus a gcaitheadh sé acu, diúltóidh duine ar bith iad
"Dhiúltaigh sé an t-ór buí agus an choróin a bhí ann". (An Naomh Joseph in amhrán diaga)
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuimhne a bheas ar na pledgeannaí sin ar an dá luath is a dtairgfear aríst dhóibh é. Aithrí thoirní a bhí san aithrí sin thiar. Nuair a thosaigh sé sin ag díbliú agus ag scamhailéireacht chuir sé scanradh ar chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
An diabhal — diúltaí muide dhó! — a rinne é. Murab é, ní hé Dia
Deir siad gurb é M. D. a mharaigh í — diúltaí muide dhó. Hé brí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirthi — an díthreabhach bocht!
M. seo thiar a bhí tugtha síos léithe, ach cá bhfios dúinn. Diúltaí muide dhóibh thrína chéile
Ar ndóigh deirtear go bhfuil bruín sa gcnocán sin, diúltaí muide dhó. Diabhal lá ariamh ar aon chor nach raibh cáil shíúil air. Is iomaí duine nach dtaitneodh leo a dhul thairis san oíche astu féin
Na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu — a thug a bhean sin leo. Ba in í an chaint a bhí ag dul thart ar aon nós. Ar ndóigh chaon darna duine dhá n-imíodh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imíonn an duine, tá sé imithe agus sin é a bhfuil ina thimpeall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
Níl a fhios agam ar mharaigh sí an páiste chor ar bith — diúltaí muide di — ní maith liom a bheith ag cur bhréag uirthi; ní mian linne a gníomh a bheith orainn fhéin
Dhiúltaigh sé an blast a chur amach nó go mbeadh an ráig caite — d'eitigh sé (fc. diúltaigh ciall 1. De réir mar atá sé ansin, is mó atá sé sa gcaint, ach tá an chiall "d'eitigh (eiteach)" leis freisin; ach is beag é)
 
dóigh 1
Is gránna an chaoi dhuit a bheith ag déanamh dóigh de do bharúil mar sin. Cá bhfios duitse an raibh aon láimh aige sa bhfear ariamh. Ní fhaca tusa é. Agus an dream a bhí in ainm is é a fheiceáil, ní raibh a gcuid cainte i gclár ná i bhfoirm nuair a ceisníodh iad. Níl a fhios againne cé a mharaigh é. Diúltaí muide dhó!
 
Diúltaí muide dhó. Ní fhéadfainn a rá leisce na bréige, inniu ná an lá sin, ab é a rinne é, ainneoin go raibh sé leagtha air. Ach chuaigh sé go daor ormsa ar aon nós. 'Hé brí cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' mar adeir an fear fadó
 
duine
Tá daoine adéarfadh leat nach é a rinne chor ar bith é. Ar ndóigh diúltaí muide dhó!
 
Scaití bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus chuile shórt tarraingthe anuas aici, agus shílfeá go mba leat ar fad í. Ach ar iontú do bhoise aríst, bíonn sí chomh dúnárasach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luathintinneach mar sin atá sí. Chonaic mé ag dul siar tráthnóna í agus gotha an-diúltach uirthi. Ba bheag le gur bheannaigh sí dom. Sách deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach beidh a shliocht uirthi, fanóidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirthi
 
Níor ól mé aon deoir le fada. Ní théadh sé go maith dhom agus dhiúltaigh mé uileag é. D'éiríodh sé in mo cheann, agus ní bhínn ar mo chóir fhéin ina dhiaidh go ceann míosa aríst. Tá an té ann a bhfeileann an t-ól dó, agus an té nach bhfeileann
 
A Rí na ngrásta anocht! An bhfuil ní ar bith faoin saol ag dul uathu; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraí iontu, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh ina dhiaidh sin. Nach mallaithe an intreacht í sin. An t-áibhirseoir fhéin — diúltaí muide dhó! — atá ina bpáirt