Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúltaigh
briathar
an gnáthfhocal Gaillmheach ar refuse, "eiteach" (eiteachtáil) nó "cur suas do … "
1.
cur suas do … ; éirí as … ; gan do phlé a bheith le … ; renounce. Tabhair faoi deara gur renunciation agus nach "eiteach" (nó refusal) atá sna samplaí seo ar fad.
a.
+
Dhiúltaigh mé é ar fad cé go raibh mé mór leis — d'éirigh mé as a bheith mór leis, chuir mé suas dá bheith mór leis. Tabhair faoi deara go bhfuil an briathar aistríoch mar seo, agus nach refusal atá i gceist
Dhiúltaigh sé iad féin agus a dteach ar fad. Ach ní dhearna sé in am é. Cúig bhliana roimhe sin a bhí aige a dhéanamh. Dhá ndéanadh, ní bheadh drochrath ar a chuid mar atá. Ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
TUILLEADH (3) ▼
Dhá ndiúltaíodh sé an bhratainn bhradach sin, b'fhéidir dó bun a dhéanamh fós, ach ní dhiúltóidh, ná níl cuimhne ar bith féin aige air. Tá an oiread den dallach dubh acu siúd air agus nach mbíonn iamh ná foras air mura mbeidh sé ina mbail. Bíonn buannaíocht eicínt ag cuid de na daoine le go mbíonn siad in ann daoine eile a mhealladh mar sin
Chaith sé ceathair nó cúig de bhlianta ag dul in éindí leis an mbean sin, agus dhiúltaigh sé í ina dhiaidh sin. Bhí an-fhaitíos ar a mhuintir go bpósfadh sé í. M'anam dhá bpósadh fhéin, nár mhiste dhó sin — go raibh sí sách maith aige
Bhí sé sin an-santach i dtosach, ach tá sé an-tsiléigeach anois. Níor fhan tóir mhór ar bith aige ar an obair
+
Dhiúltaigh sé an t-airgead ar fad — níl aon suim fanta aige ann. Chuir sé suas don tóir a bhí aige air
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an tobac uileag. M'anam go bhfuil mé féin ag brath ar an rud céanna a dhéanamh, ach tá faitíos orm go gcinnfidh orm. Théis chomh fada agus ab éigean dom troscadh ansin an lá cheana, bhí a sheacht n-oiread dúile agam ann nuair a d'éirigh liom gráinne a fháil aríst. Bhí, agus a sheacht n-oiread goine orm dhá chaitheamh ó shin. Má théann sé chun gainneacht aríst, dar lomlán an leabhair, éireoidh mé as. Éireoidh a mh'anam. Níl caoi ar dhuine ar bith atá ag plé leis an tobac céanna …
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim go bhfuil sé théis an tae a dhiúltú ar fad. Ar ndóigh diúltaithe atá sé ag na daoine scáth a bhfuil le fáil dhe. An méid sin féin muis bíonn muid dúlaí aige … Bhí an-tóir aigesean air muis. Ní raibh ann ach "caith síos dhá bhlogam tae" chuile ré solais
+
Ar chuala tú faoin Naomh Pól? Chuala, chomh maith liomsa. Bhí tú ag éisteacht leis an sagart dhá rá. Dhiúltaigh an Naomh Pól an peaca, ainneoin nach raibh fear ar bith ba mheasa ná é roimhe sin. Ach d'fhoilsigh Dia é féin air …
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. Chuile uair dhá n-ithim iad, cuireann siad múisiam eicínt orm. Airím chomh trom ar mo chroí iad. Agus tá an-tóir go deo agam orthu. Is cosúil nach bhfeileann siad dom ina dhiaidh sin
TUILLEADH (10) ▼
Shílfeá gur dhiúltaigh sé na cumainn (cumann de pháirtí polaitíochta) amach is amach. Ar ndóigh mo léan dhiúltaigh, nuair nár fhéad sé uisce a tharraingt ag a mhuileann féin. Mise i mbannaí nach ndiúltódh dá mbeadh aon bhrabach aige orthu, ach chinn air an seanbhóithrín siúd siar ag a chuid talúna a fháil. Sin é a thug sna cumainn an chéad lá ariamh é
Ar an dá luath is ar thosaigh sé ag dul i ndiaidh na gcailíní, dhiúltaigh sé an scoil. D'éireodh dhó. Nach é a rinne a leithéid ariamh. Tá na mná in ann ciméar a chur ar an té is críonna a rugadh ariamh. Chuir siad ar Sholamh féin é, agus ba chríonna an fear é
Sílim go ndiúltóidh an fear seo thiar na capaill ar fad uaidh seo amach. Rith an bromach air an lá faoi dheireadh ag teacht ón gceardcha, agus tá scáth air a cur faoi charr ar bith anois. Déarfá gur mó an bhrath atá aige a díol ar fad. Bhí sé ag rá inné go raibh caiple thrí lasadh ar an aonach cheana …
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an fiach ar fad théis a raibh de thóir agat air. Ab iad na coin a chuaigh in t'aghaidh, nó ab é an tapa atá ag imeacht asat … D'éireodh dhuit feasta choíchin. Is furasta cur agat anois, ach an oiread liom féin
Ó anocht amach le cúnamh Dé, diúltóidh mise an chuartaíocht. Séard a dhéanfas mé feasta, síneadh siar ó chluais go rioball ar an teallach, na bróga a bhaint díom, na boinn a chur le tine, mo dhíol tobac a chaitheamh, agus neart cabaireachta a thabhairt do dhuine ar bith a chasfar isteach
Is iontas agus chomh taithithe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheachaigh sé ann beag ná mór anuraidh, ná i mbliana fós …
Is beag a bhéarfadh orm an dole céanna a dhiúltú ar fad, scáth a thairbhe. Chuir mé dhá lá oibre amú leis an tseachtain seo caite: lá ag dul go G. agus lá ag dul go beairic. Nár nuachaí Dia dhóibh, murab acu atá na cóirí catha faoi.
Má dhiúltaigh sé sin na fags muise, agus a gcaitheadh sé acu, diúltóidh duine ar bith iad
"Dhiúltaigh sé an t-ór buí agus an choróin a bhí ann". (An Naomh Joseph in amhrán diaga)
D'iarr sé ar a raibh ann an poitín a dhiúltú, agus dhiúltaigh — faoi láthair ar aon nós. Ach tá faitíos orm nach mórán cuimhne a bheas ar na pledgeannaí sin ar an dá luath is a dtairgfear aríst dhóibh é. Aithrí thoirní a bhí san aithrí sin thiar. Nuair a thosaigh sé sin ag díbliú agus ag scamhailéireacht chuir sé scanradh ar chuile dhuine, ach ní bhíonn an scanradh sin buan faraor!
+
Tá an lá ag diúltú den (dá) tsolas — tá an oíche ag titim; tá an contráth ann
Níor tháinig sé go raibh an lá ag diúltú den tsolas, ainneoin gur cuireadh parúl air a bheith anseo ó ló mhór. Ach mo chreach mhaidne, bhí maith ann go deimhin!
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an lá ag diúltú dhá sholas inniu nuair a chuaigh an bus thart. Ach chreidim gur suarach an t-ionadh sin agus muid ar ghearrógaí dubha na Nollag. Ba mhór ab fhiú é dhá mbeadh an lá casta féin. Dheamhan a n-aireodh duine síneadh ag teacht air aríst
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léir duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholas cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholas, níor chás dúinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spadalach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiúl oíche!
An ceathair a chlog! Ní féidir! I nDomhnach, chreidim gur fíor dhuit é. Tá an lá ag diúltú den tsolas
Is gearr le dhul an lá anois. Tá an ghrian ag diúltú dhá solas. Dheamhan a fhios agamsa nach bhfuil sí i dtalamh
Corraigh amach. Ní mór dúinn an easca a bheith bailithe againn shul má théann an ghealach faoi. Tá sí ag diúltú dá solas anois féin. Is contúirt é an criathrach seo le cíocraí agus caochphoill. Fuair mé mo dhóthain cheana dhó …
Mura bhfuil lampa agat níl aon ghnaithe amach anois agat. Beidh an oíche chomh dubh leis an bpúca gan mórán achair. Tá an ghealach ag diúltú dhá solas. Níl ann ach sceallóigín gealaí fós, agus is gearr go dté sí faoi. Déanfaidh sí fíor-dhrochoíche freisin …
Tá an lá ag diúltú dhá sholas, muran duifean báistí é. Ní mheasaim go bhféadfadh sé a bheith chomh fada siar sa lá agus go mbeadh an oíche ag titim. Ársóidh sé amach aríst b'fhéidir, ar ball
b.
+
Diúltaímid dó! — séanann muid é; ní mian linn aon phlé a bheith againn leis; tá muid dár gcrosadh féin gan a bheith ina pháirt
An diabhal — diúltaí muide dhó! — a rinne é. Murab é, ní hé Dia
TUILLEADH (25) ▼
Deir siad gurb é M. D. a mharaigh í — diúltaí muide dhó. Hé brí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirthi — an díthreabhach bocht!
Diúltaímid dó sin. Ná bacaidh chor ar bith leis. Bíonn anam duine air sin scaití
T. Sh.! É sin! Diúltaímid dó. Thabharfadh sé sin sá scine dhuit ar iontú an tsoip. Is air nach mbeadh an mhairg a Thiarna! Bhraithfeá é amantaí do do dhearcadh i ngan fhios agus scéin ann. Sin é "Dia aithnítear"
Sceanadóirí bradacha nach mbeadh lá carghais orthu an tsúil a bhaint amach as do cheann! Fan uathu má tá do leas ar Dhia, nó, mura bhfana, beidh scéal agat air!
Diúltaímid do na háibhirseoirí sin ar fad, agus mo chomhairle dhuitse diúltú dóibh freisin, shula bheas aiféala ort!
Hector ceart í sin. Maidir le goid a dheartháir mo chroí thú, ghoidfeadh sí an ubh ón gcorr agus an chorr ina diaidh. Ach thiocfá ón ngoid féin murach an teanga atá aici. Sciollfadh sí thú go dtí an cnáimh. Diúltaímid di agus do chuile dhuine dhá cineál
Súmaire bradach é. Ní bhfaightheá focal den chaint uaidh dhá lá do shaoil. Ach dar mo choinsias, tá an bundún ann — bundún agus drochmhúineadh. Diúltaímid dó, ós é atá againn a rá leis
M. seo thiar a bhí tugtha síos léithe, ach cá bhfios dúinn. Diúltaí muide dhóibh thrína chéile
Tá an fiabhras ansin go sábhála Dia sinn! Fanadh chuile dhuine as. D'ordaigh Dia an anachain a sheachaint adeir siad. Diúltaímid dóibh
Cá bhfios domsa cé a rinne é ach gur déanadh é. Diúltaímid dó
Deir siad go bhfuil sé sna Freemasons, diúltaímid dó. Ar ndóigh, tá sé ráite le mo chuimhne go raibh sé sin ag fáilt airgid uathu i nGaillimh. Ach bíodh aige. Beatha do dhuine a thoil. Má tá, beidh a fhios aige ar ball é, ní ag tabhairt bhreithe air é
Ní seafóid ar bith é muis. Chomh siúráilte agus atá tusa in do shuí ansin, tá sé sna daoine maithe. Diúltaímid dó
Diúltaímid di. Sin rálach. Ní tada eile í, ní dhá roinnt léithe é.
Tuige a dtiocfainnse isteach ina leithide d'áit. Diúltaímid dó. Ní thiocfadh duine ar bith in áit den tsórt sin, ach deargscabhaitéara. Tuige a dtiocfadh?
Tá drocheascainí aici sin — eascainí baintrí. Ná cuir aici ná uaithi. Diúltaímid di
Cá mbeadh do chosa do do thabhairt. Isteach i dteach a bhfuil an galra eile sin ann — an typhus — i bhfad uainn an anachain! Ní ag cur aithne ort atá mé, ach ba cheart go mbeadh an oiread sin de thuiscint ionat féin — nach dtiocfá ag brú ar an anachain. Diúltaímid dó!
Is measa é sin ná teach na n-amhas atá sé mhíle taobh thiar d'Uachtar Ard. Mo chois ná mo chnáimh ní chuirfidh mé isteach ann le mo mharthain aríst. Diúltaímid dó!
Ar ndóigh deirtear go bhfuil bruín sa gcnocán sin, diúltaí muide dhó. Diabhal lá ariamh ar aon chor nach raibh cáil shíúil air. Is iomaí duine nach dtaitneodh leo a dhul thairis san oíche astu féin
Na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu — a thug a bhean sin leo. Ba in í an chaint a bhí ag dul thart ar aon nós. Ar ndóigh chaon darna duine dhá n-imíodh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imíonn an duine, tá sé imithe agus sin é a bhfuil ina thimpeall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
Deir siad gur thug an slua sí — diúltaímid dóibh — é sin isteach sa mbruín, deireadh oíche agus é ag dul Gaillimh. Níor bhlais sé de bhia ná de dheoch ann. Níor mhór dó féin nár bhlais. Dá mblaiseadh bhí a chnaipe déanta
Crosbhóthar Dh. Fh. diúltaímid dó. Ná taobhaíodh aon duine an áit sin. Níor lig sé a shláinte le aon fhear ariamh. Is ann a fuair an tincéara mór féin an iarraidh a ghiorraigh leis
Ná bac le cuid den dream sin a bhí i Sasana! Diúltaímid dóibh! Is maith na húdair iad, go mba leo féin uainne é!
Diúltaímid don áit sin! Ní ghabhfainn ag aon damhsa ann go díreach, go dtéinn síos agus go mbáfainn mé féin i dtosach. Damhsaí gnaíúla go deimhin! Is cuma leis an ngnaíúlacht cé leis a ndéantar a samhailt, más in damhsaí gnaíúla. Bhí siad ar siúl ariamh ariamh nó gur stop siad chuile dhamhsa eile. Anois tá a bhfuil de phínneachaí dá bhfuil ar liobarna sa tír ag dul síos ina bpócaí féin. Tá faitíos orm nach rithfidh leo i gcónaí!
Deir siad muise go raibh sagart san áit seo a rinne an cleas sin. Diúltaímid dóibh. Ní dream ar bith iad na sagairt le cur in t'aghaidh. Tabhair a chuid dó, agus ná déan mór ná beag leis thairis sin … Eascainí sagairt adeir siad is ciontaí leis an teach sin freisin. Ach diúltaímid dó. Cá bhfios dúinne an ndearna sé aon eascainí ariamh air
Níl a fhios agam ar mharaigh sí an páiste chor ar bith — diúltaí muide di — ní maith liom a bheith ag cur bhréag uirthi; ní mian linne a gníomh a bheith orainn fhéin
2.
·
Dhiúltaigh sé an blast a chur amach nó go mbeadh an ráig caite — d'eitigh sé (fc. diúltaigh ciall 1. De réir mar atá sé ansin, is mó atá sé sa gcaint, ach tá an chiall "d'eitigh (eiteach)" leis freisin; ach is beag é)

diúltaigh in iontrálacha eile (22)

 
abair
Sin é, adeir siad. Ach cá bhfios dúinne é. Diúltaímid dhó
 
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
 
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
 
daor 1
Bhí mé ag ól scaitheamh inniu, agus is daor dochrach an cheird sin ar an saol seo. Tá an fuisce as compás ar fad: scilling agus dhá phínn ar leathghloinín ghágach. É a dhiúltú uileag a bhí a dhéanamh anois, agus ní hé an uair a bhí an misinéara dhá rá linn
 
de
Ní dhiúltóidh sé d'abhainn nó go mbeirtear air he won't renounce rivers(river-poaching) srl.
 
diabhal 2
An diabhal féin — diúltaímid dó! — atá ag siocadh leat (do do shaighdeadh, ag spochadh leat, ag plé leat srl.)
+
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
+
díol 2
Ba díol náire a bheith ag breathnú orthu, síos faoi chladaí ansin anuraidh. Iad ag imeacht chomh míchuibhiúil agus ina luí ina srathrúchaí i chuile áit. Más siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó más iad na béasaí a fheiceas muid acu anseo a bhíos acu i mBaile Átha Cliath, diúltaí muide dhó
TUILLEADH (1) ▼
Diúltaímid dóibh sin. Ná tarraing orainn aríst iad ó tá siad suaimhnithe. Shíl sé féin mise a mharú cheana le iarraidh chorrán, agus ar ndóigh dheamhan díol faoin domhan nár thug an bhean orainn. Bhíodh sí anseo amuigh chuile lá agus stiúir uirthi ag cur di. Ní thugadh muid aird ar bith uirthi. Nach raibh sé chomh maith dhúinn. An té a thabharfadh aird uirthi, dhéanfadh sí ceann chomh dona léithe féin dó
+
Tá diúltú aige roimh an áit soir — ní mian leis a dhul soir chor ar bith (he has renounced it; it is anathema to him); is treise é ná tá drogall aige roimh an áit soir
TUILLEADH (2) ▼
Tá diúltú aige roimh an gcladach. In aghaidh a chos críochnaithe a ghabhfas sé ann
Bhí diúltú aige roimh an aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorú claíochaí a bhuailfeadh sé ar uair an aifrinn, sé sin chomh uain is a bhí sé de rath air aon bhuille mhaitheasa a dhéanamh
 
dóigh 1
Is gránna an chaoi dhuit a bheith ag déanamh dóigh de do bharúil mar sin. Cá bhfios duitse an raibh aon láimh aige sa bhfear ariamh. Ní fhaca tusa é. Agus an dream a bhí in ainm is é a fheiceáil, ní raibh a gcuid cainte i gclár ná i bhfoirm nuair a ceisníodh iad. Níl a fhios againne cé a mharaigh é. Diúltaí muide dhó!
 
Diúltaí muide dhó. Ní fhéadfainn a rá leisce na bréige, inniu ná an lá sin, ab é a rinne é, ainneoin go raibh sé leagtha air. Ach chuaigh sé go daor ormsa ar aon nós. 'Hé brí cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' mar adeir an fear fadó
+
droim
Ná bac le na Ghiúdaigh! Chonaic mise i Meiriceá iad. Dhéanfaidís brabach ar dhroim an diabhail, ach chreidim gurb air a dhroim a ghníos siad é — diúltaímid dhó féin agus dóibh féin!
TUILLEADH (1) ▼
Má shánn sí siúd a liodán ann, cuirfidh sí de dhroim tí agus talúna é. An bhfaca tú cheana nuair a chuir sí dlí ar Sh. T. Céard a bhí dhá barr aige. Bhí, é a bheith bochtaithe ó shin. Níor íoc a raibh istigh is amuigh aige costas na cúirte dhó an uair sin. Is fiú í siúd a sheachaint. Úll na haithne í, diúltaímid di
 
duán
Ná bac le na Poncáin sin. Diúltaímid dóibh! Chuirfeadh cuid acu an chluain Mhuimhneach ar naomh. D'éireodh dhóibh, agus a gcuid eochrachaí ar fad ar bharr an duáin acu
 
Níl aon lá ariamh féin nach mbéarfadh dubhchrónach na hoíche air ar bhóithrí R. an Mh. Ach tá diúltú aige roimh a dhul siar ar fad le gairid. Go dtí an geábh sin fhéin anois, níor facthas siar é le saol is aimsir
 
duine
Tá daoine adéarfadh leat nach é a rinne chor ar bith é. Ar ndóigh diúltaí muide dhó!
 
Níor ól mé aon deoir le fada. Ní théadh sé go maith dhom agus dhiúltaigh mé uileag é. D'éiríodh sé in mo cheann, agus ní bhínn ar mo chóir fhéin ina dhiaidh go ceann míosa aríst. Tá an té ann a bhfeileann an t-ól dó, agus an té nach bhfeileann
 
A Rí na ngrásta anocht! An bhfuil ní ar bith faoin saol ag dul uathu; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraí iontu, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh ina dhiaidh sin. Nach mallaithe an intreacht í sin. An t-áibhirseoir fhéin — diúltaí muide dhó! — atá ina bpáirt